Tá ábhar an churaclaim thíreolaíochta leagtha amach ag ceithre leibhéal: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6. Tá an t-ábhar roinnte in dhá roinn éagsúla ag gach leibhéal:
- roinn scileanna agus coincheap ina gcuirtear síos ar:
Tuiscint d'áit agus do spás
Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha
Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha - líon áirithe snáitheanna ina rianaítear an t-ábhar ar féidir é a chuimsiú sa chlár tíreolaíochta:
Imshaoil dhaonna
Imshaoil nádúrtha
Feasacht agus cúram imshaoil.
Cuimsíonn gach snáithe a lán snáithaonad agus is iad sin bunchodanna an ábhair a mhúinfear.