Primary Schools

Tíreolaíocht: tuiscint don domhan

Staidéar ar an Domhan, ar a áitritheoirí agus na comhghaolta atá eatarthu i gcomhthéacs áite, spáis agus imshaoil is ea an tíreolaíocht. Baineann sí le nádúr, dáileadh agus idirghníomhú gnéithe daonna agus nádúrtha ar dhromchla an Domhain, leis na próisis a chruthaíonn, a chothaíonn nó a athraíonn na gnéithe sin, agus leis an tionchar a bhíonn acu ar nádúr sainiúil áiteanna.

Cabhraíonn an tíreolaíocht le páistí ciall a bhaint as a dtimpeallacht agus as an domhan mór. Trí staidéar a dhéanamh ar a n-imshaol áitiúil agus ar cheantair eile foghlaimíonn páistí faoi dhaoine, faoi áiteanna agus faoi na comhghaolta atá eatarthu. Éiríonn leo tuiscint a fháil ar na próisis agus na patrúin, idir nádúrtha agus dhaonna, atá le fáil sna himshaoil seo, agus tig leo léirthuiscint ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí atá idir áiteanna a fhorbairt. Soláthraíonn an tíreolaíocht freisin deiseanna chun raon scileanna imscrúdaithe, grafacha agus eile a shealbhú.

Gríosaíonn an tíreolaíocht páistí chun léirthuiscint a bheith acu ar conas a bhraitheann daoine aonair, grúpaí agus pobail ar a chéile. Cuireann sí chun cinn tuiscint agus meas ar chultúir agus ar shlite maireachtála daoine ar fud an domhain agus cothaíonn sí aireachtáil eolach i ndaoine aonair agus i bpobail faoin bhfreagracht atá orthu as cúram na timpeallachta.

An curaclam tíreolaíochta

Nádúr na tíreolaíochta sa churaclam

Baineann oideachas tíreolaíoch go bunúsach le forbairt chiallú agus léirthuiscint an pháiste ar an domhan ina maireann sé/sí. Uime sin, iniúchann an páiste na timpeallachtaí nádúrtha agus daonna a dteagmhaíonn sé/sí leo agus foghlaimíonn sé/sí fúthu, agus ag an am céanna forbraíonn sé/sí feasacht faoi phatrúin spásúlacha agus úsáideann sé/sí raon scileanna imscrúdaithe agus cumarsáide.

Cumadh an curaclam tíreolaíochta d'fhonn ilghnéitheacht an ábhair a léiriú, d'fhonn cothromaíocht a chothú idir sealbhú scileanna agus eolais, agus d'fhonn aird a dhíriú ar na luachanna agus an dearcadh tábhachtach atá i dtreis sa tíreolaíocht.

Ábhar an churaclaim thíreolaíochta

Tá ábhar an churaclaim thíreolaíochta leagtha amach ina thrí shnáithe:

  • Imshaoil dhaonna
  • Imshaoil nádúrtha
  • Feasacht agus cúram imshaoil.

Imshaoil dhaonna

I gcás a lán páistí, is iad na himshaoil is tábhachtaí acu ná na cinn a cruthaíodh go hiomlán nó d'fhormhór de bharr gníomhaíochta daonna. Gníomhartha daoine agus a n-idirghníomhú le himshaoil nádurtha is ea a mhúnlaigh nó a chruthaigh tithe na bpáistí, na hachair timpeall orthu, a gcuid scoileanna agus a n-ionaid súgartha, maille le bóithre, sráideanna, ballaí, claíocha agus talamh feirme. Cuidíonn eolas ar na gnéithe seo leis an bpáiste struchtúr a chur ar a t(h)aithí ar an domhan.

Tá na daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sna himshaoil seo agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl iontu níos tábhachtaí fós: na bealaí ina n-idirghníomhaíonn daoine le daoine aonair agus le grúpaí agus mar a ghluaiseann siad timpeall, mar a oibríonn agus mar a imríonn siad agus mar a fhreagraíonn siad do thosca fisiceacha. Cuidíonn na rudaí seo go léir le cuid de na gnéithe a fhoirgníonn daoine a mhíniú agus sonraíonn siad meon áite chomh cumasach céanna le haon ghnéithe nádúrtha den tírdhreach.

Bunphrionsabal den churaclam tíreolaíochta (agus de na curaclaim eile san OSIE) is ea go bhfaigheadh páistí tuiscint ar an domhan trí thaithí agus ghníomhaíocht dhíreach. Mar sin moltar sa churaclam go mbunófaí an t-iniúchadh ar imshaoil dhaonna go dlúth i ngarthimpeallacht an pháiste ag gach leibhéal sa bhunscoil, agus go leathnófaí é d'dfhonn samplaí as raon méadaitheach d'imshaoil a chuimsiú.

Ba chóir go gcothódh na staidéir seo gnéithe tábhachtacha d'fhorás sóisialta an pháiste agus dá f(h)orás ó thaobh dearcaidh. Trí bheatha daoine sa dúiche máguaird agus i gcomhthéacsanna níos fairsinge a iniúchadh, ba cheart go n-éireodh le páistí meas a bheith acu ar a bhfuil déanta ag daoine a bhfuil cúlraí cultúrtha, eitneacha, sóisialta agus reiligiúnacha difriúla acu. Ba chóir ciallú agus léirthuiscint páistí ar a gcéannacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a chothú agus ba chóir go bhforbróidís feasacht ar a saoránacht, idir Eorpach agus dhomhanda. Is féidir spleáchas daoine ar a chéile a chur ar a s(h)úile don pháiste agus é/í ag déanamh staidéir ar idirghníomhú sóisialta agus eacnamaíoch daoine, ní hamháin an spleáchas atá idir daoine san imshaol áitiúil ach idir daoine i suímh uirbeacha agus tuaithe agus idir daoine in Éirinn agus thar lear. Go sonrach, nuair a chuimsítear aonaid ar shaincheisteanna forbartha do na hardranganna cuirtear deiseanna ar fáil do na páistí iniúchadh a dhéanamh ar conas atá saolta agus gníomhartha daoine i dtíortha forbartha agus i dtíortha atá ag forbairt gaolta lena chéile.

Imshaoil nádúrtha

Ceann de mhórchúraimí tíreolaithe i gcónaí ba ea gnéithe nádúrtha an Domhain a iniúchadh, a thuairisciú, a mhíniú agus a thaifeadadh. Is iad na gnéithe seo -- na sléibhte, na cnoic, na hísealchríocha agus tírghnéithe nach iad, na farraigí, na haigéin, na córais aimsire agus an aeráid -- a bhronnann a saincháilíochtaí ar áiteanna. Gné thábhachtach d'fheasacht mhéadaitheach leanúnach páistí faoina n-imshaol is ea eolas a chur ar na gnéithe seo agus an gaol atá acu lena chéile. Cúram eile atá ar thíreolaithe agus ar oideachas tíreolaíoch is ea scrúdú a dhéanamh ar conas a deilbhíodh na gnéithe seo de thoradh próiseas agus fórsaí fisiceacha -- mar shampla téamh, fuarú, creimeadh, sil-leagan, corraíl screamh an Domhain -- agus conas a idirghníomhaíonn plandaí agus ainmhithe leo.

Mar is amhlaidh i gcás imshaol daonna, riarann an curaclam ar iniúchadh gnéithe agus próiseas nádúrtha san imshaol áitiúil agus ar fhorbairt scileanna faisnéise agus cláraithe aimsire ag gach leibhéal den bhunscoil. Nuair a fhorbraítear tuiscint na bpáistí ar na gnéithe agus na próisis trí shamplaí áitiúla, is féidir ansin an t-eolas seo a chur i bhfeidhm i
gcomhthéacsanna atá níos fairsinge agus moltar sa churaclam go bhfaigheadh páistí níos sine taithí ar roinnt gnéithe ó shuímh réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus domhanda. I ndeireadh na dála, tugann staidéar ar imshaoil nádúrtha buneolas do pháistí ar chomhthéacs níos leithne den Domhan sa ghrianchóras agus sa spás, réimse eolais a bhfuil coincheapa an-teibí i gceist ann ach a dtig leis daoine fásta agus páistí araon a chur faoi dhraíocht.

Feasacht agus cúram imshaoil

Ní hamháin go mbaineann an tíreolaíocht le nádúr imshaol a thuiscint agus a mhíniú ach caithfidh sí cásmhaireacht eolach faoi na himshaoil seo a chothú chomh maith. Beidh sé ina bhunghné den churaclam tíreolaíochta (agus de OSIE i gcoitinne) léirthuiscint ar na himshaoil a dtagann sé/sí orthu a mhúscailt sa pháiste maille le mothálacht maidir leis an éifeacht a bhíonn ag athruithe agus ag gníomhartha daonna ar cháilíocht na n-imshaol seo.

De thoradh na haireachtála treisithe seo i dtaca le himshaoil agus le hathrú imshaoil, ba chóir go bhforbrófaí an tuiscint go bhfuil idir dhaoine aonair agus phobail freagrach as a n-imshaoil agus go gcothófaí an nóisean gur caomhnóirí an Domhain iad na daoine do na glúine atá le teacht. Cuireann an snáithe Feasacht agus cúram imshaoil deiseanna ar fáil don pháiste scileanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le go gcuideoidh sé/sí ar bhealach ciallmhar le saincheisteanna faoin imshaol a phlé agus a réiteach. Beidh raon na saincheisteanna seo ag imeacht ó chúrsaí atá i dtreis go háitiúil go dtí fadhbanna domhanda mar gheall ar an imshaol, agus tiocfaidh a lán díobh i gceist de thoradh an staidéir a dhéanann na páistí ar imshaoil shainiúla nádúrtha agus daonna sa dá shnáithe thosaigh den churaclam.

Glacann an tíreolaíocht agus an eolaíocht páirteanna comhlántacha i bhforbairt fheasacht an pháiste ar a thimpeallacht. Ar an ábhar sin athdhéantar an snáithe i ngach ceann de na curaclaim seo agus ba chóir é a fhorbairt mar mhórthéama traschuraclaim i rith bhlianta na
bunscolaíochta.

Forbairt scileanna agus coincheap sa churaclam tíreolaíochta

De réir mar a shealbhaíonn páistí eolas agus tuiscint ar imshaoil dhaonna agus nádúrtha ba chóir deiseanna a bheith acu freisin coincheapa agus scileanna tábhachtacha tíreolaíocha a fhorbairt. Déantar cur síos orthu seo i mír dar teideal Forbairt scileanna agus coincheap ag tosach an ábhair do gach leibhéal agus is é an chaoi is éifeachtaí le hiad a chothú ná trí ghníomhaíocht agus taithí i leith raonta imshaol.

Tuiscint d'áit agus do spás

Roinnt de na coincheapa is bunúsaí atá le sealbhú ag an bpáiste is ea na cinn a bhaineann le Tuiscint d'áit agus do spás. Tagraíonn tuiscint d'áit an pháiste dá t(h)uiscint ar bhuncháilíocht áiteanna difriúla agus don bhá a bhíonn aige/aici leo: tuiscint ar conas a deilbhíodh agus a múnlaíodh tírdhreacha trí idirghníomhú próiseas nádúrtha agus gníomhaíochta daonna, agus léirthuiscint ar an ionchur faoi leith a bhí ag inspreagadh, creidimh, luachanna agus dearcadh daoine. Cuireann tuiscint d'áit ar chumas an pháiste nádúr uathúil áite a aithint agus léirthuiscint a bheith aige/aici ar cén saghas saoil a bheadh aige/aici inti. Déanann an curaclam cur síos ar conas a thagann forás ar thuiscint d'áit an pháiste den chéad uair sa bhaile agus sa dúiche máguaird agus mar a thagann forbairt uirthi ansin de réir mar a bhíonn raon cothrom d'imshaoil á iniúchadh aige/aici i gcomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tagraíonn tuiscint do spás do thuiscint an pháiste ar shuíomh áiteanna agus ar conas a bhíonn siad comhghaolta. De réir mar a iniúchann an páiste a thimpeallacht cnuasaíonn sé/sí eolas faoi cá bhfuil áiteanna agus nithe suite. De réir a chéile tógann sé/sí coincheap faoin gcaoi agus faoin bhfáth a bhfuil na háiteanna agus na nithe seo gaolta lena chéile. Nuair a bhíonn sé seo ar siúl ag an bpáiste, bíonn eolas suímh agus feasacht spásúil á sealbhú aige/aici agus bíonn a m(h)eabhair-íomhá (a léarscáil chognaíoch) den domhan á tabhairt chun míneadais aige/aici. Rianaíonn an curaclam conas a mhínítear léarscáil chognaíoch an pháiste trí iniúchadh agus staidéar ar imshaoil dhaonna agus nádúrtha. Mura ndéantar ach ainmneacha gnéithe fisiceacha, bailte móra agus contaetha a chur de ghlanmheabhair, is beag a chuidíonn sé leis an bpróiseas foghlama seo a bhaineann le scil thíreolaíoch atá an-suntasach a fhorbairt.

Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha

Scil an-suntasach eile atá le forbairt sa churaclam tíreolaíochta is ea clárú, cur in iúl agus ciallú eolais spásúlaigh trí léarscáileanna, pleananna, léaráidí, grianghraif, mionsamhlacha, cruinneoga agus dóigheanna eile a úsáid. Braitheann tuiscint agus úsáid léarscáileanna agus léirithe eile ar chiall do pheirspictíocht, go háirithe do pheirspictíocht aerga. Sa churaclam rianaítear sraith gníomhaíochtaí a threiseoidh feasacht páistí ar pheirspictíocht, agus ba chóir go gcuideodh siad leis an bpáiste raon fairsing de shlite grafacha ina léirítear sonraí (.i. slite neamhbhriathartha neamhuimhriúla) a úsáid agus a thuiscint. Bainfear feidhm as gnáthmheáin agus as meáin leictreonacha nuair a bhíonn na teicníochtaí grafacha seo á n-úsáid agus eolas tíreolaíoch á chur in iúl sa téacs.

Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha

Tagann roinnt de na scileanna a úsáidtear in imscrúduithe tíreolaíocha i gceist in achair eile den churaclam, mar shampla scileanna litearthachta, uimhearthachta, cláraithe agus cumarsáide. Cothófar scileanna comhair agus obair ghrúpa le linn imscrúduithe chomh maith. Gné thábhachtach de shaothar a lán tíreolaithe, áfach, is ea scileanna agus eolas eolaíoch a chur i bhfeidhm ar imscrúdú feiniméan tíreolaíoch. Na scileanna a rianaítear in Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha, ar a n-áirítear ceistiú, breathnú, tuar, imscrúdú, meas, tomhas, agus anailísiú, freagraíonn siad do na scileanna a chuimsítear sa churaclam eolaíochta faoin teideal Ag obair go heolaíoch. Léiríonn a gcuimsiú sa churaclam tíreolaíochta ní hamháin gur cóir go n-úsáidfidh páistí cur chuige criticiúil turgnamhach ina n-imscrúduithe ar an imshaol ach gur féidir gnéithe tábhachtacha den churaclam eolaíochta a chur i gcrích trí mheán topaicí tíreolaíocha.

An tíreolaíocht agus an curaclam comhtháite

An tíreolaíocht agus achair eile den OSIE

Cé go gcuidíonn an tíreolaíocht ar bhealach tábhachtach suntasach le forás an pháiste, déanann sí forbairt a c(h)uid foghlama sa stair agus san eolaíocht a chomhlánú freisin. Cuidíonn na trí ábhar le hoideachas sóisialta agus imshaoil an pháiste a leathnú agus léireofar a bpáirteanna comhlántacha in eagrú na foghlama. I rith na bunscolaíochta, agus go háirithe sna blianta tosaigh, déanfar a lán den fhoghlaim sa tíreolaíocht, san eolaíocht agus sa stair trí mheán na dtéamaí nó na dtopaicí comhtháite a úsáideann múinteoirí chun a gcuid oibre a eagrú. Tiocfaidh a lán de na topaicí seo i gceist toisc go dteastaíonn ón bpáiste a g(h)arimshaol agus an pobal áitiúil a imscrúdú agus a thuiscint. Rianaíonn an curaclam agus na treoirlínte a ghabhann leis conas a rachaidh forbairt ar na gnéithe tíreolaíocha luachmhara, scileanna, coincheapa agus dearcadh de réir mar a iniúchtar na topaicí seo.

An tíreolaíocht agus achair eile den churaclam

Tá an tíreolaíocht nasctha go dlúth lena lán achar eile den churaclam. Déantar cur síos níos iomláine sna treoirlínte do mhúinteoirí a ghabhann leis seo ar conas comhtháthú a úsáid mar theicníocht teagaisc, ach is fiú aird a dhíriú ar na naisc le dhá achar faoi leith. An staidéar ar imshaoil dhaonna agus ar na pobail a chruthaíonn iad, tabharfaidh siad ar an bpáiste ciallú agus léirthuiscint a ghnóthú ar ilghnéitheacht agus comhspleáchas daoine i suímh áitiúla agus i suímh eile agus ullmhóidh siad é/í chun páirt iomlán a ghlacadh i saol a p(h)obal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda. Cé go soláthróidh topaicí an churaclaim thíreolaíochta a lán de na comhthéacsanna ina ndéanfar an fhoghlaim seo, tá cuntas iomlán tugtha ar aonaid a rianaíonn an forás a thagann ar chiall an pháiste don tsaoránaíocht sa churaclam in oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS), agus ar an ábhar sin níl siad athráite sa churaclam tíreolaíochta seo. Braithfidh forbairt a lán scileanna tíreolaíocha, go háirithe na cinn a bhaineann le feasacht ar spásúlacht, grafacht agus mapáil, ar fhás a bheith ag teacht ar thuiscint mhatamaiticiúil an pháiste agus comlánfaidh siad an fás céanna.

Teanga agus an tíreolaíocht

Cuireann teanga anáil fhorleatach faoin bpróiseas teagaisc agus foghlama. Mar sin, cé go bhfuil cásanna ina bhféadfaí an tíreolaíocht a chomhtháthú le hábhair eile luaite sa ráiteas curaclaim agus sna treoirlínte, ní thugtar samplaí den chaoi a bhféadfaí éifeacht a bhaint as teanga. Cuidíonn oideachas tíreolaíoch áfach, ar bhealach cinntitheach le forbairt teanga an pháiste: tá forás thuiscint thíreolaíoch an pháiste agus sealbhú scileanna teanga spleách ar a chéile agus saibhríonn siad a chéile chomh maith. Is trí mheán teanga den chuid is mó a dhéanann páistí a dtaithí a insint agus a chiallú, a eagraíonn siad a gcuid smaointeoireachta agus a fhéachann siad le meabhair a bhaint as an domhan atá ina dtimpeall. Tabharfaidh gníomhaíochtaí sa churaclam tíreolaíochta ar an bpáiste bheith gafa i gcur síos a dhéanamh ar raon fairsing gníomhaíochtaí daonna ar raon imshaol agus ar raon próiseas. Ceapfar agus pléifear hipitéisí, tiocfar ar thátail, tabharfar breitheanna agus déanfar iad a fhógairt. Soláthraíonn na gníomhaíochtaí seo uile
flúirse deiseanna chun teanga na bpáistí a shaibhriú agus a fhairsingiú.

Cuirtear leis an litearthacht freisin trí oideachas tíreolaíoch. De réir mar a bheidh páistí ag iniúchadh topaicí tíreolaíochta bainfidh siad leas as raon fairsing ábhar agus cláróidh siad na torthaí i bhfoirmeacha éagsúla. Spreagfaidh a lán díobh seo, mar léarscáileanna, cairteacha, leabhair, comharthaí san imshaol, leathanaigh sa ghréasán domhanda agus feidhmeanna ríomhaire eile, forbairt scileanna sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht.

Tá teanga dá cuid féin ag an tíreolaíocht chomh maith. Nuair a thugtar tuiscint ar théarmaí tíreolaíochta de réir a chéile do pháistí cuirtear ar a gcumas cur síos agus plé níos cruinne a dhéanamh ar ghnéithe san imshaol agus bíonn ceangal cinntitheach idir forbairt thuiscint na bpáistí ar théarmaí suímh agus treo-aimsitheacha agus an tuiscint a bhíonn acu d'áit maille lena bhfeasacht ar spásúlacht. Ar an ábhar sin, ba chóir deimhin a dhéanamh de i gcónaí go mbíonn teanga ina dlúthchuid den phróiseas teagaisc agus foghlama nuair a bhíonn an curaclam tíreolaíochta á phleanáil agus á chur i bhfeidhm.

Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide

Cuireann an tíreolaíocht a lán deiseanna ar fáil chun scileanna a bhaineann le teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a shaothrú agus a chur i bhfeidhm agus moltar sa churaclam go n-úsáidfí TEC chun coincheapa agus scileanna tíreolaíocha páistí a fhorbairt. Is féidir a lán gnéithe den chlár tíreolaíocha a shaibhriú trí chláir ilmheánacha a úsáid. Mar shampla, cuid acu sin léireoidís próisis thíreolaíocha, sholáthróidís eolas mar gheall ar áiteanna agus chineálacha daoine agus thabharfaidís deis do pháistí na hiarmhairtí imshaoil a d'fhéadfadh teacht de ghníomhartha áirithe a imscrúdú. Tig le meáin leictreonacha amhail dlúthdhioscaí agus an t-idirlíon a chur ar chumas páistí teacht ar raon ollmhór d'fhoinsí pictiúrtha, de scannáin agus d'fhoinsí eile ar féidir leo tuiscint thíreolaíoch páistí a shaibhriú go mór. Go sonrach, tá a lán léarscáileanna agus atlas úsáideach ar fáil ar dhlúthdhioscaí.

Is féidir teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid freisin mar uirlis le linn imscrúduithe tíreolaíocha a dhéanamh agus chun cuidiú le páistí a bhfionnachtana tíreolaíocha féin a chur i láthair. Is féidir cláir ríomhaire a úsáid chun torthaí imscrúduithe a anailísiú agus a chur i láthair sa chaoi go n-aithneofar patrúin agus próisis. Is féidir eolas a mhalartú le daoine eile, rud a chuirfidh ar chumas daoine cosúlachtaí agus difríochtaí mínitheacha a iniúchadh, agus is féidir cuntais scríofa, amharc-chuntais agus closchuntais a chumadh agus a chur in eagar go héasca. Ina theannta sin, is féidir na cuntais agus na tuairiscí ar áiteanna a chumann páistí a chur in iúl go héasca ní hamháin do pháistí eile sa scoil ach do lucht féachana níos fairsinge ar fud na hÉireann agus in áiteanna eile sa domhan.

Measúnú

Is dlúthchuid de theagasc agus d'fhoghlaim na tíreolaíochta é an measúnú, amhail in achair eile den churaclam. Rianaíonn an mhír ar mheasúnú conas is féidir le raon teicníochtaí measúnaithe, iad neamhfhoirmiúil agus scothfhoirmiúil, cuidiú le taithí fhoghlama an pháiste a shaibhriú agus eolas úsáideach a sholáthar do dhaltaí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine nach iad.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna na tíreolaíochta ná

  • eolas agus tuiscint a fhorbairt ar imshaoil áitiúla agus réigiúnacha agus ar chinn níos fairsinge agus ar a gcomhghaolta
  • ciallú agus léirthuiscint ar ilghnéitheacht dálaí nádúrtha agus daonna sa Domhan a spreagadh
  • ionbhá le daoine as imshaoil ilghnéitheacha maille le tuiscint ar chomhspleáchas daoine a fhorbairt
  • cumas a fhorbairt ar raon de mhodhanna cumarsáide a úsáid, go háirithe na cinn a bhaineann le forbairt grafachta (mapáil agus bealaí neamhbhriathartha neamhuimhriúla eile chun sonraí a léiriú)
  • cuidiú le forbairt a theacht ar thuiscint d'áit agus ar fheasacht ar spásúlacht
  • forbairt dearctha chásmhair agus iompair stuama i leith an imshaoil mar aon le páirtíocht in aithint, plé agus réiteach nó seachaint fadhbanna imshaoil a spreagadh
  • tuiscint ar choincheapa tíreolaíocha cuí a fhorbairt.

Cuspóirí leathana

Nuair a thugtar aird chuí ar chumais intreacha agus ar thosca malartacha, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam tíreolaíochta ar chumas an pháiste

  • eolas agus tuiscint a fhorbairt ar imshaoil nádúrtha agus daonna sa dúiche máguaird, sa réigiún, in Éirinn, san Eoraip agus sa domhan
  • roinnt de na próisis nádúrtha, shóisialta nó eacnamaíocha a chruthaíonn, a chothaíonn nó a athraíonn imshaoil a thuiscint
  • staidéar a dhéanamh ar thionchar tosca imshaoil ar shaol daoine sa dúiche máguaird agus i gceantair eile, i dtreo go n-éireodh leis/léi tuiscint a fháil ar roinnt de na bealaí ina n-úsáideann, ina modhnaíonn agus ina dtéann daoine i gcion ar a n-imshaoil
  • tabhairt faoi iniúchadh gníomhach an imshaoil áitiúil agus imshaol eile mar ghné intreach den fhoghlaim
  • cumas a shealbhú ar mhodhanna cuí imscrúdaithe a úsáid agus a thuiscint agus staidéar á dhéanamh ar ghnéithe agus ar fheiniméin nádúrtha agus daonna in imshaoil áitiúla agus i gcinn eile
  • tuiscint d'áit a fhorbairt: ciallú agus léirthuiscint ar phríomhthréithe áiteanna difriúla
  • tuiscint do spás a fhorbairt: tuiscint ar conas atá gnéithe nádúrtha agus daonna suite agus dáilte in imshaoil áitiúla agus in imshaoil eile agus ar an gcomhghaol atá eatarthu agus an fáth atá leis sin
  • léarscáil chognaíoch chuí den cheantar áitiúil a fhorbairt agus an próiseas a leathnú amach go dtí suímh thíreolaíocha níos fairsinge
  • cumas a shealbhú ar raon forásach pleananna, léarscáileanna agus cruinneog a thuiscint, a fhorbairt agus a úsáid
  • cumas a fhorbairt ar eolas tíreolaíoch a shealbhú, a anailísiú agus a chur in iúl agus feidhm á baint as foinsí an-ilghnéitheacha ar a n-áireofar foirmeacha béil, scríofa agus grafacha, mionsamhlacha agus cruinneoga, teicneolaíocht an eolais agus meáin eile
  • scileanna ealaíne, scileanna teanga agus scileanna matamaitice a leathnú, a thabhairt chun míneadais agus a chur i bhfeidhm
  • a fhoghlaim gur gá do dhaoine acmhainní nádúrtha agus daonna an Domhain a roinnt lena chéile, a úsáid go tuisceanach agus a chaomhnú má tá an bheatha le bheith ann go buan
  • mothálacht aeistéitiúil a fhorbairt i leith gnéithe nádúrtha agus daonna an imshaoil agus i leith na dtorthaí a leanann gníomhartha ndaonna
  • foghlaim faoin ilghnéitheacht atá in Éirinn agus ar fud an domhain ó thaobh pobal, cultúr agus sochaithe agus meas a chothú uirthi; feasacht faoi chomhspleáchas daonna a ghnóthú agus ionbhá a chothú le daoine eile
  • smaointeoireacht chruthaitheach nuálach a úsáid nuair a bhíonn saincheisteanna daonna agus imshaoil á n-iniúchadh nó á bhfuascailt, agus meas a chothú uirthi.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie