Struchtúr
Tá ábhar an churaclaim thíreolaíochta do ranganna 1 agus 2 curtha i
láthair in dhá mhír:
- mír scileanna agus coincheap ina gcuirtear síos ar na scileanna agus ar na coincheapa tíreolaíocha ar chóir do na páistí iad a shaothrú de réir mar a phléann siad le topaicí sa churaclam
- líon áirithe snáitheanna a rianaíonn na topaicí atá le cuimsiú sa churaclam tíreolaíochta. Snáithaonaid a thugtar ar na topaicí atá i ngach snáithe. Taispeántar eiseamláirí agus moltaí i gcló iodálach ar fud na míreanna ábhair.
Is é cuspóir an ábhair a chuirtear i láthair sa dá mhír seo ná cuidiú leis
na múinteoirí pleanáil a dhéanamh d'fhorbairt scileanna, dearcaidh agus
coincheap tábhachtach le linn d'eolas agus do thuiscint ar thopaicí
tíreolaíocha bheith á sealbhú.
Scileanna agus coincheapa sa tíreolaíocht
Tá na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha a rianaítear ag an leibhéal seo eagraithe faoi thrí cheannteideal:
- Tuiscint d'áit agus do spás, a chuireann síos ar fhorás fheasacht an pháiste ar shaintréithe áiteanna, ar a (h)eolas ar shuíomh agus ar a c(h)umas mapála cognaithí sa gharthimpeallacht
- Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha, a chuireann síos ar conas is féidir le líníochtaí de shuímh aithnidiúla agus imscrúdú imlínte agus pleananna cuidiú le forás scileanna mapála an pháiste
- Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha, a rianaíonn conas is féidir scileanna imscrúdaithe eolaíocha simplí a fhorbairt trí shaothar tíreolaíoch.
Soláthróidh na snáithaonaid atá sna trí shnáithe thíos an comhthéacs ina
bhforbrófar formhór na scileanna agus na gcoincheap seo.
Snáitheanna an churaclaim thíreolaíochta
Cuireann snáitheanna an churaclaim na topaicí tíreolaíocha i láthair a
iniúchfaidh na páistí trí staidéar a dhéanamh ar
- Imshaoil dhaonna, a thugann ar an bpáiste bheith páirteach i bhfoghlaim faoi bhailte móra agus faoi áiteanna tábhachtacha eile in imshaoil fhoirgnithe sa dúiche máguaird agus i gcéin uaithi agus faoi na daoine a chónaíonn agus a oibríonn sna háiteanna seo
- Imshaoil nádúrtha, a bhaineann le heolas forásach an pháiste faoi imshaoil nádúrtha áitiúla, faoin aimsir agus faoi ghnéithe nádúrtha eile
- Feasacht agus cúram imshaoil, a rianaíonn conas is féidir le tíreolaíocht agus eolaíocht léirthuiscint an pháiste ar imshaoil a chothú chomh maith le tuiscint go bhfuil freagracht air/uirthi féin iad a chaomhnú agus a fheabhsú. Is cuid é an snáithe seo de na curaclaim thíreolaíochta agus eolaíochta araon agus beidh sé ina phríomhnasc traschuraclaim.
Soláthraíonn raon na moltaí atá in aonaid na snáitheanna seo an-chuid
solúbthachta do scoileanna agus do mhúinteoirí agus ábhar á roghnú
acu.
Cur chuige bíseach
Tá an curaclam bunaithe ar chur chuige bíseach, is é sin gur féidir topaicí tíreolaíocha áirithe a iniúchadh ag roinnt leibhéal ranga ach an cur chuige bheith ag éirí níos doimhne. Mar shampla, na gníomhaíochtaí a bpléifear leo san aonad 'Daoine ag obair' ag an leibhéal seo, díreoidh siad ar shaolta 'daoine a chabhraíonn linn' agus soláthróidh siad bunús tábhachtach don staidéar a dhéanfar ar sheirbhísí agus ar thionscal amach anseo. Cuideoidh an phleanáil a dhéanann scoileanna agus múinteoirí le deimhin a dhéanamh de go mbeidh leanúnachas agus forchéimniú tríd síos sa chlár tíreolaíochta a mhúinfear do na páistí agus go seachnófar athrá gan gá agus bearnaí suntasacha.
An t-imshaol áitiúil
Ba chóir gníomhaíochtaí tíreolaíocha a bhunú ar an imshaol áitiúil agus ba chóir deiseanna bheith ag na daltaí go léir an t-imshaol a iniúchadh agus a imscrúdú go rianúil agus go críochnúil. Ba chóir coincheapa agus scileanna tíreolaíocha a fhorbairt trí iniúchadh a dhéanamh sa gharthimpeallacht uair ar bith is féidir.
Leithead agus doimhneacht i gcuraclam roghchláir
Cinnteofar, ach an curaclam bheith leathan cothrom, go mbeidh teacht ag na páistí ar raon cuimsitheach cothrom d'idéanna agus de choincheapa tíreolaíocha a bhaineann le himshaoil ilghnéitheacha agus ag an am céanna go gcuirfear deiseanna chun scileanna a fhorbairt ar fáil trí imscrúduithe praiticiúla sa dúiche máguaird. Níltear ag súil go dtabharfaidh na páistí gach cuspóir nó gach gníomhaíocht a mholtar sna snáithaonaid chun críche; is amhlaidh a bhainfidh idir mhúinteoirí agus scoileanna rogha as na cuspóirí ábhair agus as na heiseamláirí atá rianaithe.
Nascadh agus comhtháthú
Tá an t-ábhar don OSIE curtha i láthair i dtrí cháipéis churaclaim: stair, tíreolaíocht agus eolaíocht. Is fearr, áfach, tabhairt faoin OSIE ar bhealach iomlánaíoch i gcás páistí óga. Téann na snáitheanna agus na snáithaonaid den ábhar atá sna trí churaclam isteach ina chéile go mór chun gur féidir cur chuige comhtháite de réir topaicí nó téamaí a úsáid i ranganna 1 agus 2.
Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go bpléitear ar bhealach níos iomláine sa churaclam OSPS le gníomhaíochtaí arb é a n-aidhm tuiscint an pháiste ar shaoránaíocht, ar phobal, ar chomhspleáchas agus ar ghaolmhaireacht daonna a fhorbairt.
Laistigh de na míreanna ábhair déantar moltaí sna nótaí laistíos de na snáithaonaid faoi roinnt de na cásanna ina bhféadfaí feidhm a bhaint as nascadh (.i. comhtháthú laistigh den churaclam tíreolaíochta) agus comhtháthú (.i. ceangail thraschuraclaim).