Primary Schools

Ábhar

Forbairt scileanna agus coincheap do ranganna 1 agus 2

Forbrófar na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha thíos de réir mar a thugtar snáitheanna agus snáithaonaid an churaclaim chun críche

Tuiscint d'áit agus do spás


De thoradh snáithaonaid an churaclaim thíreolaíochta a chomhlánú ba chóir go gcuirfí ar chumas

Tuiscint d'áit

  • roinnt de shainghnéithe daonna agus nádúrtha na dúiche máguaird a iniúchadh agus eolas ceart a chur orthu
  • daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar
  • bailte agus foirgnimh eile, gnéithe nádúrtha
  • feasacht ar dhaoine agus ar áiteanna i gceantair eile a fhorbairt

Tuiscint do spás

  • suíomh daonna agus nádúrtha i leith a chéile sa dúiche máguaird a phlé agus a chlárú
    i gcaint shimplí (m.sh. in aice, os comhair, ag an gcoirnéal)
    trí líníochtaí, pleananna, léarscáileanna agus mionsamhlacha simplí
  • turais shimplí chuig áiteanna agus ar ais uathu sa gharthimpeallacht agus lasmuigh di a phlé agus a chlárú
    an baile, bailte gaolta agus cairde
    spásanna súgartha, siopaí agus foirgnimh thábhachtacha eile
    ceantar uirbeach, páirc imeartha, ionaid saoire

  • treoracha simplí chuig áiteanna sa gharthimpeallacht a thabhairt agus a leanúint
    áiteanna sa scoil agus sa chlós.

Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha


De thoradh snáithaonaid an churaclaim thíreolaíochta a chomhlánú ba chóir go gcuirfí

ar chumas an pháiste

Ag úsáid pictiúr, léarscáileanna agus cruinneog

  • ceantair sa gharthimpeallacht agus áiteanna a luaitear i scéalta a chlárú agus feidhm á baint as léarscáileanna pictiúrtha simplí, as mionsamhlacha agus as modhanna eile
    mo sheomra, mo bhaile, a chomharsanacht
    mo bhealach chun na scoile agus chun na siopaí
    ceantair shamhailteacha (m.sh. an bealach i scéal leithéid 'Cochaillín Dearg')

  • imlínte agus pleananna rudaí beaga coitianta a iniúchadh
    nithe beaga mar chás peann luaidhe nó bosca
    mionsamhlacha d'fhoirgnimh a bhaineann le feirm nó traein bhréige
  • roinnt feasachta a fhorbairt faoi léarscáileanna d'achair theoranta sa
    dúiche máguaird agus faoi ghriangraif aerga díobh dá mb'fhéidir sin
  • treonna a iniúchadh sa seomra ranga agus feidhm á baint as léarscáileanna
    treochomharthaí simplí
  • talamh agus farraige a aithint ar léarscáileanna agus ar chruinneoga
  • léarscáileanna d'Éirinn agus an chruinneog a úsáid chun feasacht faoi
    áiteanna eile a shaothrú.

Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha


De thoradh snáithaonaid an churaclaim thíreolaíochta a chomhlánú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Ag ceistiú

  • ceisteanna a chur faoi ghnéithe nádúrtha agus daonna sa gharthimpeallacht
    Cad iad na haimmhithe agus na plandaí a mhaireann anseo?
    Cad tá athraithe ó bhí mé anseo cheana?

Ag breathnú

  • gnéithe nádúrtha agus daonna san imshaol áitiúil a bhreathnú, a chur i gcomparáid agus a phlé
    dathanna agus uigeacht san imshaol
    plandaí foirgnithe agus ainmhithe difriúla in imshaoil chodarsnacha

Ag tuar

  • tuairim, agus í bunaithe ar bhreathnóireacht, a chaitheamh faoi thoradh imscrúdaithe tuairim a chaitheamh faoi cathain a bheidh uisce na habhann láibeach

Ag imscrúdú agus ag tástáil

  • imscrúduithe simplí a dhéanamh agus eolas a bhailiú ó fhoinsí ilghnéitheach
    breathnóireacht dhíreach san imshaol
    imscrúduithe sa seomra ranga
    leabhair, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide, meáin eile

Ag meas agus ag tomhas

  • tosú ar mhodhanna simplí a úsáid chun torthaí breathnóireachta a mheas, a thomhas agus a chur i gcomparáid
    aonaid neamhchaighdeánacha fhaid a úsáid chun achair shlí a thomhas
    meá a úsáid chun meáchain samplaí a bailíodh a chur i gcomparáid

Ag anailísiú

  • daoine, gnéithe, eachtraí agus feiniméin nádúrtha a shórtáil agus a ghrúpáil na daoine a oibríonn i siopaí, in oifigí nó i monarchana dúile beo ar an gcladach, ar an bhfeirm nó sa pháirc
  • tosú ar phatrúin agus ar ghaolmhaireacht a chuardach agus a aithint sa timpeallacht an bhaint atá idir scamaill dhorcha agus báisteach na naisc atá idir bailte daoine agus an aeráid
  • teacht ar thátail de thoradh imscrúduithe simplí

Ag clárú agus ag cur in iúl

  • cur síos agus plé ó bhéal a dhéanamh ar thorthaí breathnóireachta agus feidhm á baint as stór forásach focal
  • torthaí a léiriú i bhfoirm phictiúrtha nó trí mheáin eile a úsáid
    fríosanna, picteagraim, teicneolaíocht eolais agus cumarsáide.

Snáithe: Imshaoil dhaonna

Snáithaonad: Ag maireachtáil sa phobal áitiúil


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Mo theaghlach agus mo

  • phobal a p(h)áirt agus páirt daoine eile sa teaghlach, sa scoil agus sa phobal áitiúil a iniúchadh agus a phlé
  • éirí feasach ar ilghnéitheacht na ndaoine a chónaíonn sa phobal áitiúil agus ar an ionchur a dhéanann siad, agus meas ar a luach sin a chothú
    tosú ar chomhspleáchas daoine aonair agus grúpaí sa phobal áitiúil a aithint
    daoine a mbraithimid orthu chun bia agus rudaí eile a sholáthar dúinn
    bealaí inar féidir linn cabhrú le daoine eile sa phobal
  • roinnt feasachta a shaothrú faoi dhaoine a
  • chónaíonn i gceantair eile agus faoi na
  • naisc atá eatarthu agus an pobal áitiúil
    daoine a gcuirtear aithne orthu i scéalta, i bpictiúir agus ar an teilifís

Bailte agus foscadh

  • a aithint go gcónaíonn daoine in áitribh ilghnéitheacha
  • cur síos ar a b(h)aile féin, a shuíomh agus a chomharsanacht
  • roinnt de na gnéithe seo a chlárú agus feidhm á baint as líníochtaí, pleananna, léirithe, mionsamhlacha agus sceitsí simplí
  • na hábhair a úsáidtear chun tithe a thógáil a imscrúdú agus ábhair a táirgeadh go háitiúil a aithint
  • turais chuig bailte móra agus ar ais uathu a phlé agus a chlárú go simplí
  • feasacht agus léirthuiscint a shaothrú faoi shaghsanna éagsúla áitreabh sa chomharsanacht agus i gceantair eile
    tithe, tithe feirme, iostáin, árasáin, carbháin, leantóirí, tithe so-aistrithe, bailte seantán
  • feasacht a fhorbairt faoi dhaoine nach bhfuil dídean tí acu

Daoine i mbun oibre

  • obair daoine i raon suíomh sa dúiche timpeall a imscrúdú
    an baile, scoileanna, clubanna óige siopaí, oifigí, monarchana, feirmeacha stáisiún an Gharda, ospidéal, lárionad sláinte
    tithe ósta, bialanna, lárionaid do chuairteoirí
  • obair daoine atá páirteach i seirbhísí iompair agus cumarsáide a imscrúdú
  • na foirgnimh agus na háiteanna ina mbíonn daoine ag obair, go háirithe iad sin sa gharthimpeallacht, a phlé agus a chlárú go simplí
  • turais chuig láithreacha oibre a phlé agus a chlárú go simplí
  • éirí feasach ar obair daoine i gceantair eile a sholáthraíonn bia agus táirgí eile dúinn

Daoine ag súgradh

  • - páirt daoine a chuidíonn leis/léi agus é/í ag imirt a léirthuiscint
    baill a t(h)eaghlaigh agus a c(h)airde múinteoirí damhsa agus múinteoirí drámaíochta
    coimeádaithe páirce, freastalaithe
    ceannairí óige agus oiliúnóirí lúthchleasaíochta
  • cur síos ar shuíomh agus ar shaintréithe spásanna súgartha
    sa bhaile, ar scoil, sa chomharsanacht agus in áiteanna eile
  • turais chuig spásanna súgartha agus ar ais uathu a phlé agus a chlárú go simplí.

Snáithaonad: Daoine agus áiteanna i gceantair eile


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éirí feasach ar roinnt gnéithe den saol a chaitheann daoine, go háirithe páistí, in Éirinn, san Eoraip agus i gceantair eile
    ciníocha agus pobail
    an gá atá ag daoine le bia, le foscadh agus le héadach
    an scoil, ag súgradh agus ag obair
    cluichí, amhráin agus nósanna, féilte agus féastaí
    na himshaoil ina maireann daoine
    ag oiriúniú d'imshaoil
    úsáid ábhar áitiúil tógála (m.sh. tuí, slinn, cloch i mballaí, i ndromchlaí bóithre srl.)
  • na bealaí ina mbraitheann daoine i gceantair dhifriúla ar a chéile agus ar dhaoine a mhaireann i gcodanna eile den domhan a léirthuiscint.

Snáithe: Imshaoil nádúrtha

Snáithaonad: An t-imshaol nádúrtha áitiúil


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tréithe de roinnt príomhghnéithe nádúrtha san imshaol áitiúil a aithint, a iniúchadh agus a phlé
    tréithe mar
    ainmneacha, suíomh, cuma, flóra agus fána
    de ghnéithe mar
    cnoc, sliabh, portach, móinteán, abhainn, loch, bá, trá, nó ceann tíre
  • uisce sa chomharsanacht a bhreathnú, a phlé agus a imscrúdú
    an bhaint atá idir fliuchras, locháin, draenacha agus srutháin a bhreathnú agus a chlárú
    mar is féidir le huisce ábhair atá difriúil ó thaobh méid agus meáchain a bhogadh a imscrúdú i dturgnaimh shimplí, i srutháin agus cois farraige
    foghlaim faoi uisce agus a chuid úsáidí
  • ábhair nádúrtha ilghnéitheacha san imshaol áitiúil a bhreathnú, a bhailiú agus a imscrúdú
    ithir, láib, gaineamh, púróga, clocha agus carraigeacha a bhailiú agus a scrúdú
    samplaí a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht agus a ghrúpáil ina mórthacair
    (m.sh. gaineamh, clocha, ábhar plandúil)
    cáilíochtaí ábhar a imscrúdú (m.sh. crua nó bog, dath, uigeacht, fliuch nó tirim)
    a aithint gur gnáthóga iad ithreacha agus carraigeacha do dhúile beo mar phéisteanna, léicin, bhairnigh
  • eispéiris agus torthaí breathnóireachta a chlárú agus a chur in iúl agus feidhm á baint as líníochtaí, pleananna, léirithe, mionsamhlacha agus sceitsí simplí.

Snáithaonad: An aimsir


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an aimsir a bhreathnú agus a chlárú agus feidhm á baint as stór oiriúnach focal agus as fearas simplí
  • tosú ar néalbhrat agus dálaí eile a shamhlú le saghsanna éagsúla aimsire
  • tosú ar fháistiní simplí a cheapadh faoin aimsir agus iad a thástáil
  • bealaí ina dtéann an aimsir i bhfeidhm ar bheatha dhaoine a aithint
    éadach, bailte, cluichí, feirmeoireacht agus obair eile, taisteal
  • na tionchair a bhíonn ag an aimsir agus ag athruithe séasúracha eile ar dhaoine, ar ainmhithe agus ar phlandaí sa dúiche máguaird a bhreathnú agus a chlárú
  • an aimsir sa dúiche máguaird a chur i gcodarsnacht leis an aimsir i gceantair eile.

Snáithaonad: Pláinéad an Domhain sa spás


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an ghrian a aithint mar fhoinse teasa agus solais
  • an ghrian, an ghealach, na réaltaí, lá agus oíche a aithint
  • cur amach ar nádúr sféarúil an Domhain a fhorbairt.

Snáithe: Feasacht agus cúram imshaoil

Ag tabhairt aire don dúiche timpeall orm


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • gnéithe nádúrtha agus daonna an imshaoil áitiúil a aithint, a phlé agus a léirthuiscint
  • dúile beo i raon gnáthóg in imshaoil áitiúla agus in imshaoil níos fairsinge a bhreathnú agus feasacht orthu a fhorbairt
  • cosúlachtaí agus difríochtaí idir plandaí agus idir ainmhithe i ngnáthóga áitiúla difriúla a bhreathnú
  • feasacht a fhorbairt faoi aer, uisce, ithir, rudaí beo agus rudaí neamhbheo a bheith riachtanach don imshaol
  • dul i mbun tuisceana go mbraitheann daoine, ainmhithe agus plandaí ar a chéile
  • a thuiscint go cruinn go bhfuil freagracht ar an duine aonair agus ar an bpobal araon as aire a thabhairt don imshaol
  • straitéisí simplí chun an t-imshaol a fheabhsú agus aire a thabhairt dó a aithint, a phlé agus a fheidhmiú
    aire a thabhairt d'éadach, do bhréagáin, agus d'áirgí eile
    aire a thabhairt do dhúile beo sa dúiche máguaird
    an baile, an seomra ranga, an scoil agus
    spásanna súgartha a choinneáil glan néata slán
  • straitéisí simplí chun an t-imshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú a aithint agus cuidiú lena gcur i bhfeidhm
    crainn agus bláthanna a chur gairdín scoile a shaothrú
    bheith páirteach i bhfeachtais i gcoinne
    bruscair
  • éirí feasach ar bhealaí inar féidir ant-imshaol a thruailliú nó dochar a
    dhéanamh dó
    bruscar, truailliú, loitiméireacht.
Nascadh

Gnóthófar a lán de chuspóirí an tsnáithe seo de réir mar a thugann páistí obair i snáitheanna eile den churaclam tíreolaíochta chun críche.

Comhtháthú

Snáithe traschuraclaim is ea Feasacht agus cúram imshaoil ar cuid é de na curaclaim thíreolaíochta agus eolaíochta araon.
OSPS: Mise agus an domhan mór
Corpoideachas: Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie