Cuireann oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) deiseanna ar fáil don pháiste na diminsiúin nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha den imshaol áitiúil agus d'imshaoil níos fairsinge a iniúchadh agus a imscrúdú agus tuiscint orthu a shaothrú; raon leathan scileanna a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus dearcadh oscailte criticiúil freagrach a ghnóthú. Cuireann OSIE ar chumas an pháiste maireachtáil mar bhall eolach cásmhar den phobal áitiúil agus de phobail níos fairsinge.
Bíonn OSIE ar siúl laistigh dá lán achar den churaclam, agus saibhríonn sé iad uile. Ar an mbealach sin téann sé chun leasa go suntasach dá lán gnéithe d'fhorbairt an pháiste. Sa churaclam seo tá OSIE leagtha amach faoi thrí cheannteideal: stair, tíreolaíocht agus eolaíocht. Comhlíonann gach ceann de na réimsí seo páirt leithleach a chuireann ar chumas an pháiste na himshaoil nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha ina gcónaíonn sé/sí a iniúchadh agus a thuiscint.
An curaclam OSIE
An téarma 'imshaol' a thuiscint
Tá tuiscint ar an téarma 'imshaol' mar chuid bhunúsach d'aon tuiscint ar an oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta. Sa churaclam seo úsáidtear an focal 'imshaol' chun an timpeallacht nó na dálaí seachtracha a n-idirghníomhaíonn an rud aonair (pé acu daonnaí nó orgánach beo eile) nó pobal leo a chur in iúl.
Is féidir imshaoil a roinnt in dhá ghrúpa leathana. Cumtar na himshaoil nádúrtha den chuid is mó de thoradh idirghníomhú ghnéithe agus phróisis fhisiceacha an domhain, a phlandaí agus a ainmhithe. Samplaí d'imshaoil nádúrtha is ea foraois bháistí thrópaiceach, móinteach nó cladach carraigeach.
In Éirinn tá an tírdhreach modhnaithe agus athraithe go mór ag gníomhaíocht dhaonna i gcaitheamh na mílte bliain. Imshaoil dhaonna a thugtar ar imshaoil a modhnaíodh sa tslí seo. Ceantair a ndeachaidh athrú orthu trí láithreacht daoine, ghníomhaíochtaí feirmeoireachta, thochailt mianach, sholáthar bóithre agus nasc cumarsáide eile agus
thógáil foirgneamh, is samplaí iad go léir d'imshaoil dhaonna.
Déantúis daoine thar aon rud eile a bhíonn i roinnt imshaol daonna, amhail ceantair uirbeacha, agus imshaoil fhoirgnithe a thugtar orthu seo. Fásann imshaoil dhaonna eile de thoradh gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha, agus is daoine a chruthaíonn iad seo go hiomlán. De réir mar a bhíonn daoine ina gcónaí agus ag obair le chéile, tagann patrúin shóisialta, gaolmhaireacht, córais agus institiúidí chun cinn agus déantar eispéireas daonna, eolas, luachanna agus creidimh a chur in iúl, a fhorbairt agus a bhuanú trí raon gníomhaíochtaí cultúrtha. Gnéithe d'imshaoil shóisialta is ea patrúin iompraíochta daonna, na hinstitiúidí sóisialta atá saothraithe ag daoine agus na córais pholaitíochta agus eacnamaíochta a úsáideann siad; gnéithe d'imshaoil chultúrtha is ea gníomhaíochtaí ealaíonta, reiligiúnacha, eitneacha, eolaíocha, teicneolaíocha agus caithimh aimsire.
Iniúchadh agus imscrúdú
Saintréith bhunúsach den fhoghlaim a dhéantar in OSIE is ea an páiste a bheith páirteach in iniúchadh agus imscrúdú gníomhach na n-imshaol seo go léir.
In oideachas tíreolaíoch iniúchann páistí gnéithe i dtimpeallachtaí nádúrtha agus daonna agus cuireann siad eolas orthu, go háirithe ar na gnéithe atá sa gharchomharsanacht. Imscrúdaíonn siad na próisis a chruthaíonn, a chothaíonn nó a athraíonn, idir ghnéithe fisiceacha an imshaoil agus idirghníomhú daoine lena chéile agus lena n-imshaoil sa
chomharsanacht agus i gcomhthéacsanna níos fairsinge.
Treisíonn oideachas eolaíochta eolas agus tuiscint na bpáistí orthu féin agus ar an domhan ina maireann siad. Tugann sé ar na páistí bheith gníomhach i dtógáil a dtuisceana féin. Athraíonn an tuiscint seo de réir mar a thagann forbairt ar eispéireas na bpáistí. Cothaíonn cur chuige eolaíoch i leith imscrúduithe forbairt scileanna, coincheap agus eolais -- rudaí a bhfuil tábhacht leo agus trínar féidir le páistí dúile beo agus a n-imshaoil, ábhair, fórsaí, eachtraí agus fadhbanna coitianta a bhreathnú, a cheistiú, a imscrúdú agus a thuiscint agus smaoineamh orthu go loighciúil. Is féidir an t-eolas agus na scileanna a ghnóthaítear a chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí deartha agus déanta, gníomhaíochtaí inar léir do na páistí an gá le gnéithe dá n-imshaoil a chruthú nó a mhodhnú.
Cuireann oideachas staire ar chumas páistí eachtraí tábhachtacha sa saol atá díreach caite acu féin, sa saol atá caite ag a dteaghlaigh agus ag pobail áitiúla agus eachtraí i stair daoine in Éirinn agus i gcodanna eile den domhan a imscrúdú agus a bhreathnú go criticiúil. Forbraíonn an stair tuiscint ar ghníomhartha, ar chreidimh agus ar inspreagadh daoine san am atá thart, agus tá sí fíor-riachtanach chun go mbeadh léirthuiscint eolach ag an duine ar an tsochaí chomhaimseartha agus ar imshaoil an lae inniu.
Luachanna, dearcadh agus freagrachtaí
Baineann OSIE freisin le luachanna tábhachtacha agus dearcadh tábhachtach a bheith á gcothú. Cothaíonn sé léirthuiscint ar na comhghaolta atá idir na dúile beo uile agus a n-imshaoil agus gríosaíonn sé páistí chun bheith ina ngníomhaithe feidhmiúla agus imshaoil á gcaomhnú do na glúine atá le teacht. Trí mheán a n-imscrúduithe saothraíonn páistí léargas eolach criticiúil eolaíoch a aithníonn a thábhachtaí atá sé aird a bheith acu ar fhíorais, ar chruinneas agus ar réasún agus iad ag teacht ar bhreithiúnais. Féachann OSIE le léirthuiscint ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an oidhreacht stairiúil a ghiniúint agus cothaíonn sé aerbhrat don chomhionnanas agus don deis, ina mbíonn meas agus luach ar fhir agus mhná araon, ar ilghnéitheacht chultúrtha, ar mhionlaigh agus ar riachtanais speisialta. Cuirtear in aghaidh claontachta agus leithcheala agus cothaítear meas agus comhthuiscint.
Comhtháthú
I rith bhlianta na bunscolaíochta, soláthraíonn imshaoil an pháiste, go háirithe na cinn áitiúla, comhthéacsanna den scoth agus spreagthach áititheach do chomhtháthú na foghlama. Úsáidtear na ceannscríbhinní ábhar stair, tíreolaíocht agus eolaíocht chun cur i láthair an churaclaim a éascú, agus is cuid thábhachtach d'oidhreacht chultúrtha agus intleachtúil an pháiste bheith feasach fúthu. Tugann gach ábhar dearcadh leithleach ar an domhan agus soláthraíonn sé raon sainiúil scileanna do pháistí. Ní ceart, áfach, go dtiocfadh roinnt seo na n-ábhar salach ar chur i bhfeidhm éifeachtach curaclaim chomhtháite. Beidh páirt thábhachtach le comhlíonadh ag modhanna dea-phleanáilte comhtháite laistigh de OSIE agus idir OSIE agus achair churaclaim eile araon, nuair a bhíonn an curaclam bunscoile á fheidhmiú ag gach leibhéal. Is féidir le topaicí deaphleanáilte comhtháite comhthéacsanna a sholáthar inar féidir eolas agus scileanna a fhorbairt i raon achar. Is féidir a lán gnéithe de na curaclaim sa stair, san eolaíocht agus sa tíreolaíocht a iniúchadh ag an am céanna, agus cuideoidh go leor den obair a dhéanfar le teanga ó bhéal, litearthacht, uimhearthacht, feasacht aeistéitiúil, léiriú cruthaitheach
agus scileanna cumarsáide a fhorbairt.
Tá roinnt gnéithe comhshnaidhmthe sa churaclam d'fhonn comhtháthú éifeachtach a éascú. I gcás páistí óga is fearr tabhairt faoi OSIE ar bhealach iomlánaíoch, toisc go luíonn sé seo leis an dearcadh neamhroinnte a bhíonn acu ar an domhan. Dá réir sin, tá riar maith athrá agus comhchosúlachta curtha isteach san ábhar teagaisc a mholtar i snáitheanna agus i snáithaonaid na dtrí ráiteas curaclaim do na ranganna naíonán agus do ranganna 1 agus 2. Gheofar tuilleadh moltaí mar gheall ar staidéir chomhtháite sna treoirlínte do mhúinteoirí a ghabhann leo seo.
De réir mar a théann páistí in aois aithníonn siad de réir a chéile go bhfuil bealaí nó modhanna difriúla ann chun breathnú ar an domhan agus chun eolas daonna a eagrú. Mar sin is féidir éagsúlacht a chothú sna straitéisí teagaisc agus cur chuige iomlánaíoch roinnt den chomhtháthú traschuraclaim agus fócas ábharlárnach a bheith iontu. Tagraítear do naisc thraschuraclaim agus do staidéir chomhtháite inúsáidte in ábhar na ráiteas curaclaim do ranganna 3 go dtí 6. Is mar mholtaí amháin ba chóir breathnú orthu sin: soláthraíonn daoine agus a ngníomhaíochtaí, dúile beo eile, gnéithe, ábhair, eachtraí agus próisis atá le fáil in imshaoil áitiúla agus in imshaoil níos fairsinge a lán deiseanna eile cur chuige comhtháite a chleachtadh san fhoghlaim. Úsáideann cur chuige dá eithéid am teagaisc agus foghlama go héifeachtúil agus aithnítear ann go bhfuil forás sóisialta, mothúchánach, dearcaidh agus morálta an pháiste fite fuaite i ngnóthú eolais agus scileanna.
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna an oideachais shóisialta, imshaoil agus eolaíochta ná
- a chur ar chumas an pháiste eolas, scileanna agus dearcadh a shealbhú i dtreo go saothrófar tuiscint eolach chriticiúil ar shaincheisteanna sóisialta, imshaoil agus eolaíochta
- fiosracht agus samhlaíocht mar gheall ar imshaoil áitiúla agus cinn níos fairsinge a threisiú agus a spreagadh
- a chur ar chumas an pháiste páirteanna freagracha a ghlacadh mar dhuine aonair, mar bhall de theaghlach agus mar bhall de phobail áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus dhomhanda
- tuiscint agus cásmhaireacht a chothú i dtaca le comhspleáchas iomlán gach daonnaí, gach dúile beo agus an Domhain ina maireann siad
- aireachtáil a chothú sa pháiste go bhfuil sé/sí freagrach as cúram fadtéarmach an imshaoil maille le rún úsáid inbhuanaithe acmhainní an Domhain a chur chun cinn trína stíl mhaireachtála phearsanta agus trí bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht chomhchoitianta mar gheall ar an imshaol
- dearcadh daonnachtúil freagrach a chothú maille le léirthuiscint ar an domhan de réir creideamh agus luachanna.