Measúnú: cuid dhílis den teagasc agus den fhoghlaim
Cuid riachtanach leanúnach den phróiseas teagaisc agus foghlama san OSIE is ea measúnú ar fhoghlaim na bpáistí: bíonn sé ina chuid de gach ceacht ar chuma éigin sa tíreolaíocht, sa stair agus san eolaíocht. Bíonn breitheanna á dtabhairt ag múinteoirí de shíor ar fhoghlaim a gcuid daltaí agus iad ag beartú conas topaicí, coincheapa agus scileanna a thionscnamh agus a fhorbairt, conas ceachtanna atá múinte a dhaingniú, conas dul chun cinn daltaí aonair a mheasúnú, conas deacrachtaí a aithint agus conas foghlaimeoirí a mholadh agus a spreagadh.
Treisíonn an measúnú le feasacht an mhúinteora ar fhoghlaim gach aon pháiste, soláthraíonn sé eolas cruinn faoina t(h)uiscint agus faoina scileanna agus tugann sé léargas ar a f(h)orbairt iomlánaíoch ar fud raon leathan na n-achar curaclaim. Soláthraíonn sé bunús chun cinnteoireachta mar gheall ar riachtanais fhoghlama an pháiste amach anseo, cuidíonn sé le heispéireas oideachasúil níos fearr a phleanáil agus is cuid nádúrtha de churaclam páistelárnach forchéimnitheach é.
Rólanna an mheasúnaithe: cad chuige measúnacht san OSIE?
Treisíonn an measúnú teagasc agus foghlaim ar roinnt bealaí. Go bunúsach, ba chóir go gcuideodh an measúnú san OSIE, amhail in achair eile den churaclam, leis an bhfoghlaim atá i ndán don pháiste a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Ba chóir go léireodh an measúnú gnóthachtáil dhearfach gach páiste agus é/í i mbun staidéir ar thopaicí tíreolaíocha, stairiúla agus eolaíocha agus go léireodh sé achair i bhfoghlaim an pháiste ar féidir iad a fhorbairt. Nuair a úsáidtear ar an dóigh seo é, glacann an measúnú ról cuiditheach, múnlaitheach in oideachas an pháiste. Is é/í an múinteoir go bunúsach a bhainfidh leas as an eolas a gheofar faoi fhoghlaim an pháiste, ach cuirfidh sé ar chumas an pháiste freisin féinmheasúnú a dhéanamh agus spriocanna foghlama pearsanta a shocrú dó/di féin.
Léireoidh an measúnú freisin achair ina mbíonn deacrachtaí foghlama ag an bpáiste. Is féidir go gcuimseoidh na deacrachtaí a aithnítear san OSIE easnaimh i dtuiscint an pháiste, bearnaí ina c(h)uid eolais nó easpa scileanna áirithe. Agus an ról diagnóiseach seo á chomhlíonadh ag an measúnú ba chóir go gcuideodh sé leis an múinteoir éagsúlachtaí sa chur chuige nó sna heispéiris foghlama a aithint a chuideodh le feabhas a chur ar fhoghlaim an pháiste. Uaireanta is féidir go n-aithneofar deacrachtaí foghlama i ngné amháin d'fhorás tíreolaíoch, staire nó eolaíoch an pháiste, ach uaireanta eile tabharfaidh easnamh a aimsítear in achar amháin eolas faoi fhoghlaim an pháiste sna hachair eile den OSIE chomh maith. Baineann a lán cineálacha eispéiris teagaisc agus foghlama sa tíreolaíocht, sa stair agus san eolaíocht leas agus úsáid as raon leathan scileanna agus coincheapa sa chaoi go dtig leis an OSIE freisin deiseanna úsáideacha a sholáthar chun fianaise a fháil faoi dhul chun cinn páiste in achair mar mhatamaitic, theanga agus fhorás sóisialta.
Ba chóir go soláthródh an measúnú fianaise faoi ghnóthachtáil fhoriomlán an pháiste go tráthrialta agus ar bhealach rianúil. Is féidir an measúnú a úsáid chun an ról suimitheach seo a chomhlíonadh tráth a bhféachann múinteoirí le torthaí na foghlama a thabhairt chun grinnis tar éis aonad oibre a chríochnú nó tráth a dtugann siad tuairisc do dhreamanna seachas an páiste, mar shampla nuair a labhraíonn siad le tuismitheoirí agus leis na múinteoirí eile mar gheall ar dhul chun cinn an pháiste.
Is féidir leis an measúnú cuidiú leis an múinteoir freisin oiriúnacht an chláir san OSIE atá roghnaithe ag an múinteoir agus an scoil d'aoisghrúpa ar leith a mheas, agus tig leis cabhrú leis an múinteoir éifeacht na n-acmhainní oideachais, na modhanna teagaisc agus na saghsanna éagsúla cur chuige a úsáidtear a mheasúnú. Nuair a leagtar an ról meastóireachta seo ar an measúnú, cuidíonn sé leis an múinteoir a aithint conas a d'fhéadfaí eispéireas foghlama an pháiste a fheabhsú.
Measúnú sa tíreolaíocht
Measúnú agus nádúr na tíreolaíochta: cad ba chóir a mheasúnú?
Sa tíreolaíocht foghlaimeoidh páistí faoin Domhan, chomh maith lena áitritheoirí agus a imshaoil agus faoin gcomhghaolmhaireacht atá eatarthu. Iniúchfaidh siad agus éireoidh siad eolach ar shaol daoine in imshaoil éagsúla agus ar na ceangail atá acu siúd leis na gnéithe nádúrtha agus daonna atá le fáil sna háiteanna sin. Éireoidh leo freisin tuiscint a fháil ar conas a chuidigh próisis nádúrtha agus daonna chun imshaoil a chruthú nó a athrú. Tá sé i gceist leis seo go ngnóthóidh siad eolas faoi imshaoil agus ag an am céanna go bhforbrófar a scileanna tíreolaíocha agus go saothrófar dearcadh agus luachanna tábhachtacha iontu. Mar sin, má tá measúnú na tíreolaíocha le bheith bailí, caithfidh sé féachaint le gnóthachtáil agus dul chun cinn an pháiste i ngach ceann de na gnéithe seo den fhoghlaim a thomhas.
Snáitheanna agus snáithaonaid
Tá an curaclam tíreolaíochta leagtha amach i líon snáitheanna agus snáithaonad. Rianaíonn siad seo achair eolais an churaclaim agus taispeánann siad conas is féidir scileanna cuí a shaothrú de réir mar a thugtar an obair ar na haonaid chun críche. Raon na ngnéithe, na bpróiseas agus na n-imshaol tíreolaíoch atá le hiniúchadh i ngach snáithe agus doimhneacht an phlé a bhfuil súil léi, léirítear iad sin tríd an bhforbairt fhorchéimnitheach agus an leathnú a thagann ar na snáithaonaid de réir mar a théann an páiste ar aghaidh ó rang go chéile. Léiríonn an roinn Pleanáil ranga sna treoirlínte do mhúinteoirí conas is féidir na snáithaonaid a chomhshnaidhmiú le scéimeanna agus le haonaid oibre. Ceann de na gnéithe tábhachtacha i measúnú na tíreolaíochta is ea na réimsí eolais a rianaítear sna haonaid oibre seo.
Léirítear sa churaclam gur féidir a lán den obair sa churaclam do na naíonáin go dtí rang 2 a ghnóthú de thoradh téamaí agus topaicí comhtháite, agus ba chóir don mheasúnú bheith sách solúbtha le go bhféadfaí é a oiriúniú leis an gcur chuige oideolaíoch seo. Caithfidh teicníochtaí measúnaithe aird a thabhairt freisin ar an raon ilghnéitheach imshaol is féidir a úsáid mar bhunús don obair thíreolaíoch sna meánranganna agus sna hardranganna, agus ar na critéir ba chóir a chur san áireamh agus curaclam leathan cothrom sa tireolaíocht á phleanáil.
De bharr na solúbthachta a chuirtear ar fáil sa churaclam agus toisc go mbíonn ar an bpáiste staidéar a dhéanamh ar ghnéithe d'imshaoil áitiúla agus náisiúnta agus d'imshaoil níos faide i gcéin is den riachtanas é go mbeadh pleanáil chuimsitheach agus idir mheasúnú agus chlárú suimitheach éifeachtach á ndéanamh sa scoil.
Scileanna agus coincheapa tíreolaíocha
Is é forbairt agus cur i bhfeidhm scileanna agus coincheap tíreolaíoch an dara gné thábhachtach de mheasúnú bailí na tíreolaíochta. Ag gach leibhéal den churaclam rianaíonn na míreanna Tuiscint d'áit agus do spás, Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha agus Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha na scileanna agus na coincheapa ba chóir a fhorbairt nuair a bhíonn an páiste ag glacadh páirte i mbreathnú agus in imscrúdú an imshaoil agus nuair a bhíonn eolas spásúlach, eolas faoi shuíomh agus eolas tíreolaíoch eile á léiriú aige/aici ar phleananna, ar léarscáileanna, ar mhionsamhlacha agus ar bhealaí nach iad. Is mar léiriú ar an gcéim scile ar chóir bheith ag súil leis ag gach leibhéal a liostaítear na cuspóirí agus na heiseamláirí atá faoi gach ceannteideal sna míreanna seo. I gcoitinne, níor chóir na scileanna tíreolaíocha seo a shaothrú go leithliseach ach ba chóir go ngnóthófaí iad de réir mar a thagann siad i gceist i gcomhthéacs na hoibre a bhaineann le himshaoil áitiúla agus le himshaoil eile.
Is de nádúr scileanna é go mbeadh gníomhaíochtaí próisis i gceist agus mar sin is féidir nach mbeifí in ann dul chun cinn agus gnóthachtáil iontu a dhearbhú láithreach nó a chlárú go héasca, go háirithe i gcás scile mar bhreathnú. Is fearr a léirítear tuiscint agus máistreacht pháistí ar scileanna tíreolaíocha ach iad sin bheith á gcur i bhfeidhm nuair a bhíonn imshaoil agus na gnéithe agus na próisis a fhaightear iontu á n-iniúchadh agus á n-imscrúdú. Úsáidfidh an páiste scileanna tíreolaíocha agus é/í ag obair ina (h)aonar, ach go minic is fusa a thabharfar cur i bhfeidhm scileanna faoi deara in obair ghrúpa, i ndíospóireacht ranga agus i ngníomhaíochtaí lasmuigh.
Déanfar a lán de na scileanna a shaothraítear sa tíreolaíocht, amhail breathnú aonair, meas, tomhas, tuar agus anailísiú, a chomhlánú lena macasamhail de scileanna sa churaclam eolaíochta. Ar an gcaoi chéanna, is féidir go mbeidh cumas an pháiste ar scileanna, amhail meas, tomhas, anailísiú, clárú agus cur in iúl, a chur i bhfeidhm, ag brath ar ghnéithe de na curaclaim mhatamaitice, eolaíochta agus theanga. Bheadh an rud céanna i gceist freisin i gcás na gcoincheap seo: spás, suíomh coibhneasta, fad, treo agus peirspictíocht aerga, a rianaítear in Tuiscint d'áit agus do spás agus in Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha.
Má tá measúnú le bheith ina tháscaire bailí ar scileanna agus ar thuiscint thíreolaíoch an pháiste caithfear gach iarracht a dhéanamh chun a léiríonn sé/sí i raon de ghníomhaíochtaí i suímh éagsúla foghlama a chlárú agus a aithint. Mar chuid de mheasúnú, caithfear uirlisí a úsáid ar féidir leo na miondifríochtaí sa phróiseas foghlama seo a thabhairt faoi deara agus ar féidir leo foghlaim an pháiste a mheasúnú i gcomhthéacs na n-imshaol a bhfuil taithí aige/aici siúd orthu.
Luachanna, dearcadh agus freagrachtaí
Cúram eile a bheidh i gceist i measúnú na tíreolaíochta is ea na luachanna agus an dearcadh a fhorbraítear sa pháiste de réir mar a bhíonn sé/sí ag déanamh staidéir ar thopaicí tíreolaíocha. Cuirtear béim sa churaclam ar an bpáirt is féidir leis an tíreolaíocht a ghlacadh maidir le freagracht as cothabháil agus treisiú an imshaoil a shaothrú agus as léirthuiscint a chothú ar an gcomhghaolmhaireacht atá idir na dúile beo uile agus a n-imshaoil. Chomh maith leis sin cothaíonn an tíreolaíocht dearcadh oscailte ceisteach, meas ar ilghrúpaí eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha agus sóisialta agus léirthuiscint ar chomhspleáchas daoine ar a chéile.
Cothaítear an dearcadh iolartha seo trí churaclam cothrom a theagasc ina bpléitear le topaicí tíreolaíocha as imshaoil áitiúla, as imshaoil náisiúnta agus as imshaoil níos fairsinge, a spreagann an páiste chun scileanna agus coincheapa tíreolaíocha a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte criticiúil. Ar nós na scileanna, ní féidir forbairt an dearcaidh seo sa pháiste a thomhas ach amháin i gcomhthéacs díospóireachtaí agus dálaí foghlama údaracha. Mar sin, nuair a bhíonn dearcadh an pháiste ar an tíreolaíocht á mheasúnú, caithfear brath go mór ar bhreathnóireacht an mhúinteora agus ar a b(h)reith ghairmiúil ar chur chuige agus ar fhrithghníomhú an pháiste i leith topaicí agus gníomhaíochtaí tíreolaíocha.
Gléasanna measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh
chúrsaí imshaoil, gnóthú scileanna tíreolaíocha agus forbairt dearcaidh a mheasúnú. Beidh gá le raon de ghléasanna measúnaithe: teicníochtaí measúnaithe neamhfhoirmiúla ar thaobh amháin agus cur chuige níos struchtúrtha ar an taobh eile. Ba chóir go bhfásfadh na cineálacha éagsúla cur chuige go nádúrtha as an teagasc agus as an bhfoghlaim, agus beidh a n-éifeacht ag brath ar scileanna cinntitheacha seo an mhúinteora: breathnóireacht, éisteacht, idirghníomhú leis an bpáiste agus scrúdú ar thorthaí na dtascanna foghlama a úsáidtear sa tíreolaíocht.
Tá siad seo ar na gléasanna a bheidh rí-úsáideach don scoil:
breathnóireacht an mhúinteora
tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail
próifílí curaclaim.
Ba chóir a thuiscint nach móide go mbeidh sé indéanta nó inmhianaithe feidhm a bhaint as na gléasanna seo uile i ngach dáil foghlama nó laistig d'achar ama faoi leith.
Breathnóireacht an mhúinteora
Soláthróidh na sonraí faoi fhoghlaim an pháiste a dtugann an múinteoir suntas dóibh i ndálaí foghlama éagsúla roinnt den eolas is tábhachtaí faoi dhul chun cinn an pháiste. Bainfear feidhm as an eolas seo chun luas na gceachtanna a shocrú, chun na straitéisí teagaisc is oiriúnaí a roghnú, agus chun an gá atá le treisiú breise nó le hobair fhorlíonach chuí a aithint. Is féidir a lán a fhoghlaim ach freagairt an pháiste i ndálaí éagsúla a bhreathnú agus a nótáil, dálaí mar:
- na freagraí a thugann an páiste ar cheisteanna agus ar mholtaí an mhúinteora
- rannpháirtíocht an pháiste i ndíospóireachtaí ranga faoi ghnéithe, phróisis, idirghníomhú agus fheiniméin thíreolaíocha
- an chaoi a ndéanann an páiste saincheisteanna imshaoil a bhaineann le himshaoil ilghnéithecha a aithint agus a phlé
- rannpháirtíocht an pháiste in iarrachtaí a dhéantar chun an t-imshaol a threisiú agus chun fadhbanna imshaoil a réiteach
- idirghníomhú an pháiste le daoine eile le linn díospóireachtaí agus obair ghrúpa
- an úsáid a bhaineann an páiste as ábhair foghlama.
Is féidir breathnóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim na bpáistí sa tíreolaíocht go teagmhasach, ach uaireanta teastóidh ón múinteoir dul chun cinn na bpáistí a mheasúnú ar bhealach níos struchtúrtha. Agus breathnóireacht dá leithéid ar siúl, is féidir don mhúinteoir díriú ar ghrúpa daltaí seachas ar an rang go léir agus inniúlacht na bpáistí a bhreathnú ar bhealach níos beaichte. Is féidir leis an múinteoir páirt ghníomhach a ghlacadh sna himeachtaí trí bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí, ag caint leis an bpáiste nó ag cur ceisteanna air/uirthi, agus sa chaoi sin ag fáil léargais ar an tuiscint atá ag an bpáiste ar choincheapa tíreolaíocha agus ar an máistreacht atá aige/aici ar scileanna tíreolaíocha. Má bhreacann an múinteoir síos nóta simplí faoin mbreathnóireacht gheobhaidh sé/sí go mbeidh ar a c(h)umas obair bhreise don pháiste aonair, don ghrúpa nó don rang a phleanáil ar bhealach níos beaichte agus níos rianúla.
Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
Agus iad ag obair ar aonaid an churaclaim thíreolaíochta beidh na páistí ag plé le raon de ghníomhaíochtaí foghlama. Tig leis an múinteoir na gníomhaíochtaí foghlama seo uile, nach mór, a úsáid chun fianaise faoi dhul chun cinn na bpáistí a bhreathnú agus a bhailiú fad a bhíonn siad siúd ag iniúchadh feiniméan agus próiseas tíreolaíoch agus ag cur scileanna tíreolaíocha i bhfeidhm.
Ba chóir go bpléifeadh na páistí le raon leathan gníomhaíochtaí, ar a n-áireofaí:
- cuntais a thabhairt ar thosca imshaoil a breathnaíodh nó a ndearnadh staidéar orthu, agus cur síos orthu ó bhéal agus i bhfoirm scríofa nó pictiúrtha
- eolas a bhailiú as foinsí mar bhreathnóireacht bhunaidh san imshaol, agallaimh agus leabhair, fhoinsí leictreonacha agus an idirlíon agus ábhair eile sa seomra ranga agus sa leabharlann
- grinnbhreathnú laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de
- torthaí imscrúdaithe a thuar
- meas, tomhas agus comparáid a dhéanamh
- nithe agus próisis a anailísiú
- daoine, eachtraí agus feiniméin nádúrtha a shórtáil agus a ghrúpáil
- patrúin a aithint
- cártaí oibre nó bileoga gníomhaíochta a thugann treoir don pháiste faoi conas tascanna áirithe a dhéanamh a chomhlánú
- tabhairt faoi raon tascanna lasmuigh
- obair thionscadail atá críochnaithe agus obair atá idir lámha a chur ar taispeáint agus tuairisciú uirthi
- gnéithe den ghrafacht a úsáid
- cláir ríomhaire idirghníomhacha ilmheánacha a úsáid a chuireann ar chumas an pháiste téamaí agus topaicí tíreolaíocha a iniúchadh agus raon tascanna, dúcheisteanna nó fadhbanna a chomhlánú
- léarscáileanna agus cruinneoga a úsáid
- taighde tíreolaíoch a chomhlánú go neamhspleách, agus na torthaí a chlárú agus a chur i láthair
- trialacha athbhreithnithe a cheapfadh an múinteoir ar aonad nó aonaid oibre a chomhlíonadh
- plé go praiticiúil le himscrúdú nó le treisiú imshaol
- ceisteanna a chur faoi ghéithe den imshaol.
Is féidir na trialacha agus na tascanna sin a dhearann an múinteoir agus atá nasctha go dlúth leis an bpróiseas teagaisc agus foghlama a úsáid chun eolas an pháiste ar thopaicí tíreolaíocha agus a c(h)umas ar scileanna tíreolaíocha a úsáid araon a mheasúnú. Nuair is raon de thascanna a úsáidtear féachtar chuige go mbíonn leithne sa clár agus spreagtar an páiste chun fairsinge iomlán a t(h)uisceana tíreolaíche a léiriú. Má chuimsíonn na tascanna meáin seachas an scríbhneoireacht beidh ar chumas an mhúinteora leibhéal tuisceana tíreolaíche na bpáistí sin nach bhfuil a scileanna litearthachta sách forbartha a mheasúnú.
Samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail
Is féidir dul chun cinn na bpáistí sa tíreolaíocht a thaifead agus a mheasúnú i gcaitheamh téarma, bliana nó tréimhse níos faide ach raon samplaí dá gcuid oibre a chruinniú i mbailiúcháin tíreolaíochta. Braithfidh an t-ábhar a thaiscfear sna bailiúcháin: samplaí den obair atá ar siúl nó scoth na samplaí críochnaithe chomh maith le léirmheas an mhúinteora ar pholasaí na scoile maidir le measúnú agus ar an ngá atá le hionramháil, le mionscrúdú agus le stóráil na mbailiúchán a bheith soláimhsithe.
Soláthróidh na gníomhaíochtaí foghlama ilghnéitheacha a mbeidh an páiste páirteach iontu sa churaclam tíreolaíochta raon oibre ónar féidir samplaí a roghnú. Ba chóir obair seo an pháiste a chur san áireamh nuair a bhíonn ábhar don bhailiúchán á roghnú: iarrachtaí léarscáilíochta, grianghraif de mhionsamhlacha a foirgníodh agus de cheantair ar tugadh cuairt orthu, leabhráin a comhlánaíodh ar loirg nó ina ndiaidh, torthaí saothair thionscadail, bileoga ar cláraíodh turgnaimh orthu, dioscaí ríomhaire agus saghsanna eile stórála leictreonaí mar aon le hobair scríofa i gcóipleabhair agus i bhfoirmeacha eile.
Ní hamháin go bhfuil na bailiúcháin oibre thar a bheith oiriúnach do mheasúnú na tíreolaíochta, ach soláthróidh siad atreisiú deimhneach don fhoghlaimeoir freisin. Tig leis an bpáiste aosta bheith freagrach as bail cheart a choinneáil ar a b(h)ailiúchán, rud a fhágfaidh go mbeidh sé/sí mórálach as a bhfuil gnóthaithe aige/aici, agus is féidir é seo a threisiú a thuilleadh má spreagtar an páiste chun na samplaí is fearr dá bhfuil aige/aici a roghnú don bhailiúchán. Soláthraíonn na bailiúcháin scéim don scoil chun taifid a choinneáil, scéim atá simplí ach fós éifeachtach, agus is féidir leo tacú leis an measúnú suimitheach ar dhul chun cinn an pháiste. Cuideoidh anailísiú na mbailiúchán oibre leis an múinteoir meastóireacht a dhéanamh ar an ábhar, ar na modhanna teagaisc agus ar na héagsúlachtaí sa chur chuige ar bhain sé/sí féin feidhm astu agus spreagfaidh sí an fhoireann teagaisc lena n-eispéiris teagaisc agus measúnaithe a roinnt ar a chéile.
Próifílí curaclaim
Is é atá sna próifílí curaclaim ná roinnt táscairí gnóthachtála, .i. abairtí gearra a rianaíonn an raon, maidir le heolas, le scileanna agus le dearcadh tíreolaíoch, a dhlífí den pháiste ag na céimeanna difriúla foráis. Féachann an múinteoir le torthaí a c(h)uid breathnóireachta ar pháistí agus ar a gcuid oibre agus táscairí na próifíle a chur i gcóimheas le chéile nuair a bhíonn foghlaim ar siúl nó nuair a thugtar aonad chun críche agus go tráthrialta ag amanna eile. Sa tslí seo is féidir leis an múinteoir an táscaire a úsáid chun cuidiú leis/léi teacht ar bhreith ghairmiúil faoi dhul chun cinn an pháiste. Uaireanta is féidir na táscairí a ghrúpáil ina dtacair, i riocht ailt ghearr b'fhéidir, d'fhonn cur síos ginearálta ar an ngnóthachtáil ag líon áirithe sainleibhéal a sholáthar. Is féidir an phróifíl a úsáid freisin chun dul chun cinn na bpáistí a chlárú de réir mar a léiríonn siad máistreacht ar na táscairí. Is féidir í a úsáid ansin chun tacú leis an measúnú suimitheach agus chun tuismitheoirí agus daoine eile a chur ar an eolas.
Dhéanfaí measúnú iontaofa, bailí an churaclaim thíreolaíochta a éascú go bmór ach próifílí tíreolaíocha cuí a fhorbairt. Soláthróidh na scileanna agus na coincheapa tíreolaíocha a rianaítear sna míreanna Tuiscint d'áit agus do spás, Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha agus Scileanna imscrúdaithe tíreolaíocha, bunús óna bhforbrófaí roinnt de na táscairí a dhéanfaí a áireamh i bpróifíl thíreolaíoch, agus thagródh táscairí eile do na hachair eolais atá rianaithe sna snáitheanna ábhair agus don dearcadh a bhfuil cur síos air in aidhmeanna agus i gcuspóirí leathana an churaclaim. Ba chóir cuimhneamh freisin ar an dlúthcheangal atá idir snáithaonaid agus míreanna scileanna an churaclaim thíreolaíochta agus an curaclam eolaíochta.
Cur chuige cothrom i leith an mheasúnaithe san OSIE
Ós é bunaidhm an mheasúnaithe i gcónaí cur le heispéireas foghlama an pháiste, is den riachtanas é nach laghdófaí an tréimhse theagaisc de thoradh teicníochtaí measúnaithe a bheith in úsáid sa tíreolaíocht agus in achair eile den OSIE. Ba chóir treoir a bheith ar fáil do mhúinteoirí i bpolasaí na scoile don tíreolaíocht faoi ghléasanna measúnaithe a úsáid ar bhealach soláimhsithe intaofa a bheadh comhtháite go dlúth leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Soláthrófar cur chuige cothrom praiticiúil i leith an mheasúnaithe sa scoil má dhéantar cur chuige coiteann a fhorbairt agus a úsáid maidir le torthaí breathnóireachta múinteoirí agus torthaí eispéiris foghlama a chlárú agus maidir le bailiúcháin agus próifílí curaclaim a thiomsú.
Ag clárú agus ag cur in iúl
Cruthaíonn breathnóireacht an mhúinteora, tascanna agus trialacha a cheapann an múinteoir, samplaí oibre nó bailiúcháin oibre, próifílí curaclaim agus cártaí próifíle na bpáistí córas cuimsitheach le dul chun cinn agus gnóthachtáil gach páiste sa tíreolaíocht agus i gclár iomlán an OSIE a mheasúnú. Nuair a dhéantar an t-eolas seo a chomhroinnt ar an bhfoireann teagaisc agus é a phlé cuireann sé ar chumas múinteoirí a gcuid saineolais a mhalartú agus comhthuiscint ar dhul chun cinn daltaí agus ar mheasúnú san OSIE a fhorbairt (próiseas a dtugtar modhnóireacht air). Cuideoidh comhoibriú dá leithéid leis na múinteoirí féachaint chuige go mbeidh leanúnachas agus iontaofacht ag baint le húsáid na ngléasanna measúnaithe. Ba chóir go soláthródh an raon d'uirlisí measúnaithe san OSIE eolas riachtanach faoi fhoghlaim an pháiste dó/di féin, do mhúinteoirí, do scoileanna, do thuismitheoirí agus do dhaoine gairmiúla nach iad, sa chaoi go mbeadh sé níos éasca cinneadh ar chomhairle mar gheall ar fhoghlaim an pháiste amach anseo.
Cárta próifíle dalta
Éascófar clárú agus cur in iúl an eolais seo faoi dhul chun cinn an pháiste ach cárta próifíle dalta a úsáid. Is é ba chóir a bheith sa chárta próifíle dalta, cárta arbh fhéidir go bhforbrófaí é lena úsáid sna bunscoileanna uile, ná measúnú suimitheach ar dhul chun cinn an pháiste sna hachair churaclaim go léir agus ar ghnéithe eile dá f(h)orás.
Breithiúnas gairmiúil an mhúinteora ar fhorás an pháiste sa tíreolaíocht bunaithe ar thorthaí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe a rinneadh i rith na bliana a bheidh i ngné amháin den chárta próifíle dalta. Ba chóir an mhír den chárta a bhaineann leis an OSIE a bheith sách solúbtha chun freastal ar chomh comhtháite is atá an t-achar seo den churaclam i ranganna na naíonán agus i ranganna 1 agus 2. Ós rud é gur chóir don chárta bunús pleanála a sholáthar d'fhoghlaim an pháiste amach anseo i rang nó i scoil eile, ba chóir eolas mar gheall ar an raon de thopaicí tíreolaíocha atá iniúchta ag an bpáiste a bheith mar chuid den chárta nó bheith nasctha leis.
Ba chóir na féidearthachtaí agus na buntáistí a ghabhann le teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a iniúchadh ó thaobh éascaíocht a dhéanamh do chlárú, do stóráil agus d'aistriú cártaí próifíle dalta, agus iad a úsáid dá mb'fhéidir, nuair a bheadh aon chóras próifílithe dalta á cheapadh lena chur i bhfeidhm go forleathan.