| acmhainn (nádúrtha) | gné den imshaol (mar mhianraí, bhreoslaí iontaiseacha, ithreacha nó aeráid) ar féidir í a úsáid chun riaradh ar riachtanais dhaonna; déantar acmhainní inathnuaite a athnuachan go nádúrtha (m.sh. fuinneamh na gréine, fliuchras) ach tá acmhainní neamh-inathnuaite foirceanta sa chaoi gur ídiú an toradh a bhíonn ar iad a shaothrú (m.sh. breoslaí ion-taiseacha agus mianraí) |
| aeráid | na meándálaí aimsire a áirítear i réigiún áirithe i gcaitheamh achair fhada ama, 30 bliain ar a laghad |
| aerbhrat | an ciseal gás (nítrigin 78% agus ocsaigin 21% go háirithe) a thimpeallaíonn an Domhan |
| aerga | ón aer sa bhunchiall; úsáidtear an téarma chun cur síos ar radharc anuas, mar shampla peirspictíocht aerga |
| ailínigh | féach treoshuigh |
| ainéimiméadar | gléas chun luas na gaoithe a thomhas (agus a chlárú) |
| airde | achar os cionn mheánleibhéal na farraige |
| baraiméadar | gléas chun brú an aerbhrait a thomhas |
| brú an aerbhrait | an brú a chuireann meáchan an aerbhrait ar dhromchla an Domhain; tagann laghdú air le hairde os cionn leibhéal na farraige agus athraíonn dálaí aimsire é; is féidir é a thomhas le baraiméadar agus a chur in iúl i bhfoirm órlaí, milleabar nó heicteapascal brú |
| bruthcharraig | carraig a rinneadh de thoradh ábhar carraige leáite nó magma a sholadú; mar shampla, bruthcharraigeacha is ea eibhear agus basalt |
| Bun-fhadlíne | an líne dhomhanfhaid a théann trí Greenwich, gar do Londain; tomhaistear na línte domhanfhaid eile ina gcéimeanna soir nó siar ón bhfadlíne seo |
| carraig dhríodair | carraig a cumadh de chisil dríodair, cisil a rinneadh nuair a tháinig meath ar charraigeacha eile nó ar ábhar orgánach agus gur sil-leagadh an bruscar in imshaoil mar aigéin agus farraigí doimhne; mar shampla, carraigeacha dríodair is ea gaineamhchloch agus cailc |
| carraig mheiteamorfach | carraig a díorthaíodh ó charraig a bhí ann roimpi agus a athraíodh trí oibriú teasa agus/nó brú; mar shampla, carraig mheiteamorfach is ea marmar a dhéantar nuair a chuirtear aolchloch faoi theas agus faoi bhrú |
ceantar/domhan
forásach | ceantar nó réigiún a bhfuil rathúnas eacnamaíoch á chothú ann; mar choinbhéarta ceantair fhorbartha a thuigtear é go minic |
ceantar/domhan
forbartha | ceantar nó réigiún a bhfuil eacnamaíocht rathúil ann |
| cianbhrath | bealach chun eolas a fháil faoi ghné nó fheiniméan i gcéin gan teagmháil go fisiceach leis; mar shampla, d'fhéadfaí eolas a fháil ó bhraiteoirí in aerárthaigh (amhail i ngrianghraf aerga) nó ó shatailít (amhail in íomhánna satailíte a léiríonn úsáid talaimh nó teocht) |
| cineálacha scamaill | téarmaí a úsáidtear chun scamaill a rangú de réir crutha agus airde agus cibé acu a n-iompraíonn siad báisteach nó nach n-iompraíonn; is féidir páistí bunscoile a chur ar an eolas maidir leis na trí phríomhchruth, .i. ciorras (clúmhach), stratas (leathán nó ciseal), cumalas (carntha) |
| Ciorcal Antartach | an líne dhomhanleithid 66.5°D (féach domhanleithead) |
| Ciorcal Artach | an líne dhomhanleithid 66.5°T (féach domhanleithead) |
| ciorras | féach cineálacha scamaill |
| claonmhéadar | gléas a úsáidtear chun uillinn airde fhána a thomhas |
| comhrian | líne shamhailteach a cheanglaíonn na pointí go léir atá ar comhairde os cionn nó faoi bhun leibhéal na farraige; an líne seo agus í tarraingthe ar léarscáil |
| creimeadh | ídiú carraige nó dromchlaí eile a tharlaíonn trí ghníomhú uisce reatha, oighir, gaoithe, toinne nó trí phróisis cheimiceacha; bíonn giotú agus aistriú ábhair araon i gceist le creimeadh |
| croí na cruinne | an chuid lárnach den Domhan |
| cultúr | na creidimh, an t-iompar agus an bealach maireachtála iomlán a mbíonn grúpa daoine páirteach ann; mogalra nó córas creideamh, idéanna, samhailchomharthaí luachanna, iompair agus caidrimh shóisialta maille lena chuid uirlisí, a chuid foirgneamh, a shaothair ealaíne agus cineálacha eile léirithe ealaíonta a thíolacann glúin amháin don chéad ghlúin eile |
| cumalas | féach cineálacha scamaill |
| domhanfhad | fad uilleach soir nó siar ón mBun-fhadlíne (.i. an líne dhomhanfhaid a théann trí Greenwich, gar do Londain) tomhaiste ina chéimeanna; tagann na línte domhanfhaid go léir le chéile ag an bPol Thuaidh agus ag an bPol Theas agus trasnaíonn siad na línte domhanleithid go dronuillinneach |
| domhanleithead | fad lastuaidh nó laisteas den Mheánchiorcal á thomhas mar uillinn i leith lár an domhain ina chéimeanna; is é 0° an Meánchiorcal, 90° T an Pol Thuaidh agus 90° D an Pol Theas; bíonn línte domhanleithid comhthreomhar leis an Meánchiorcal; féach Meánchiorcal, Trópaic an Phortáin, Trópaic anGhabhair, an Ciorcal Artach, an Ciorcal Antartach |
| eangach | córas línte comhthreomhara a thrasnaíonn a chéile go dronuillinneach agus a sholáthraíonn sraith chearnóg ar léarscáil i dtreo gur féidir cur síos ar gach pointe laistigh de na cearnóga trí chomhordanáidí nó thagairtí eangaí a úsáid; ar léarscáil shimplí úsáidtear córas eangaí alfa-uimhriúil ina ngairtear A, B, C, srl. ar an ais ingearach agus 1, 2, 3, srl. ar an ais chothrománach agus soláthraíonn sé seo tagairtí eangaí mar 4A agus 2C |
| éiceachóras | córas a chumtar ag na horgánaigh uile agus a n-idirghníomhú lena chéile agus lena n-imshaol fisiceach; mar shampla, chuimseofaí iad seo in éiceachóras fáil sceach: ithir, plandaí, feithidí agus ainmhithe eile, a gcomhspleáchas agus a gcomhghaolta |
| eochair | míniú ar na comharthaí ar an scáthlíniú agus ar na dathanna a úsáidtear ar léarscáil |
| fachtóir suímh | fachtóir nó cúis a spreagann daoine chun bailte, áiteanna oibre nó gnéithe eile a bhunú in áit áirithe; mar shampla, d'fhéadfadh fáil ar dhea-naisc iompair bheith ina fachtóir suímh i gcás tionscail |
| feiniméin | eachtraí ar féidir staidéar a dhéanamh orthu nó iad a mhíniú go heolaíoch; mar shampla, d'fhéadfadh feiniméin aimsire iad seo a chuimsiú: fliuchras, stoirm, ardú teochta nó foirmiú scamall |
| foinsí leictreonacha | foinsí eolais ar a n-áirítear dlúthdhioscaí, dioscaí ríomhaire, foinsí ar líne (mar iad sin atá ar fáil tríd an ríomhphost agus tríd an idirlíon) agus gach saghas eile teicneolaíochta eolais agus cumarsáide (TEC) |
| foirgnithe | daonnaithe a thóg; mar shampla, chuimseodh gnéithe foirgnithe an tírdhreacha nithe mar iad seo: foirgnimh, bóithre, bóithre iarainn, páirceanna, ballaí nó sreanga leictreachais i dtimpeallacht fhoirgnithe is daoine a thóg formhór na ngnéithe nó iad uile |
| forbairt inbhuanaithe | acmhainní nádúrtha bheith á n-úsáid go críonna agus go réasúnach i dtreo go ndéanfaí cáilíocht an imshaoil a chothabháil, a chosaint agus a fheabhsú don ghlúin atá ann anois agus do na glúine atá le teacht |
| gaothrós | samhail ghrafach a léiríonn minicíocht na ngaoth a shéideann ó ocht bpríomhaird an chompáis |
| grafach | ag baint le grafacht |
| grafacht | ceann de na ceithre bhealach ina gcuireann daoine eolas in iúl (litearthacht, uimhearthacht, labharthacht, grafacht); an cumas ar eolas spásúlach agus eolas nach é a chlárú, a chur in iúl agus a chiallú trí mhodhanna nach mbraitheann go príomha ar dhóigheanna briathartha nó uimhriúla a úsáid; tá úsáid na nithe seo i gceist sa ghrafacht: léarscáileanna, pleananna, léaráidí, grianghraif, mionsamhlacha, cruinneoga, léirithe leictreonacha agus modhanna nach iad |
| grianghraf aerga | grianghraf a thógtar ó ionad ardaithe, ó aerárthach go hiondúil ach ó shatailít chomh maith; tig leis bheith sceabhach nó ingearach |
grianghraf aerga
ceartingearach | grianghraf a thógtar ó aerárthach nó ó shatailít le ceamara atá dírithe síos go ceartingearach; taispeántar nithe atá i lár an ghrianghraif a ghintear i riocht fíorphlean |
grianghraf aerga
sceabhach | grianghraf a thógtar ó aerárthach nó ó shatailít le ceamara atá dírithe ar fiar in áit bheith ingearach; bíonn gnéithe den radharc ó chothrom talún maille le gnéithe den fhíorphlean san grianghraf a ghintear sa chaoi go mbíonn foirgnimh agus gnéithe eile i bhfad níos so-aitheanta |
| grúpa eitneach | grúpa laistigh de phobal níos líonmhaire atá indealaithe uathu de thoradh tréithe mar bhunús coiteann tíreolaíoch, theanga, chultúr nó thraidisiúin reiligiúnacha |
| imshaol | an timpeallacht uile nó na dálaí seachtracha uile ina maireann daoine, ainmhithe agus plandaí |
| imshaol cultúrtha | gnéithe d'imshaoil chultúrtha is ea gníomhaíochtaí ealaíne reiligiúnacha, eitneacha, eolaíochta, teicneolaíochta agus caithimh aimsire |
| imshaol sóisialta | gnéithe d'imshaoil shóisialta is ea patrúin iompraíochta dhaonna, na forais shóisialta a fhorbraíonn daoine, agus na córais pholaitiúla agus eacnamaíocha a úsáideann siad |
| íocónach | i bhfoirm pictiúir; úsáidtear an téarma chun cur síos ar ghnéithe de léarscáil páiste -- tithe nó crainn, b'fhéidir -- a tharraingítear i bhfoirm pictiúir i gcodarsnacht le gnéithe mar chosáin agus bhóithre a léirítear i riocht fíorphlean |
| íomhá chianbhraite | íomhá a fhaightear trí chianbhrath a úsáid |
| laibhe | carraig leáite nó magma a bhrúchtann aníos as bolcán nó scoilt ar dhromchla an Domhain |
| léarscáil chognaíoch | meabhairléarscáil nó meabhairíomhá stóráilte d'áit |
| léarscáil mhionscála | na gnéithe go mion inti; dá laghad é an scála is ea is lú sonraí is féidir a thaispeáint ach is ea is mó an t-achar talún |
| léarscáil mhórscála | léarscáil ina léirítear ceantar beag agus ina dtaispeántar na gnéithe go han-mhion; dá mhéad é an scála is ea is mó sonraí is féidir a thaispeáint ach is ea is lú an t-achar talún |
léarscáil
treochomharthaí | léarscáil a léiríonn an treo chuig nithe nó chuig suímh éagsúla ó lárphointe; mar shampla, d'fhéadfadh deasc páiste bheith i lár léarscáile treochomharthaí agus saigheada bheith ag spré amach uaidh ag léiriú an treo chuig nithe sa seomra |
| lonnaíocht | aon saghas áitribh dhaonna, ó thíos aonair go dtí na cathracha is mó; an próiseas is siocar le lonnaíochtaí |
| lonnaíocht chnuasta | clachan d'áiteanna cónaithe nó d'fhoirgnimh eile |
| lonnaíocht scaipthe | patrún lonnaíochta ina mbíonn áitrimh nó foirgnimh eile scaipthe in áit bheith bailithe le chéile |
| magma | carraig leathleáite a bhíonn le fáil faoi screamh an Domhain |
| maintlín | an chuid sin den Domhan atá idir an croí agus an screamh |
| meánchiorcal | mórchiorcal an Domhain atá ag domhanleithead 0° agus atá ar comhfhad ó na poil |
| na Trópaicí | an t-achar idir Trópaic an Phortáin agus Trópaic an Ghabhair |
| néalbhrat | an codán measta den spéir a bhíonn clúdaithe le néalta; cuirtear i bhfoirm ochtuithe (okta) é de ghnáth |
| plátaí na screimhe | na codanna móra dolúbtha lena bhfuil screamh an Domhain cumtha; tig leis na plátaí seo bogadh go mall i leith a chéile |
| príomhairde | ceithre phríomhaird an chompáis, tuaisceart, oirthear, deisceart, iarthar |
| próiseas | athrú leanúnach a chumtar de shraith ghníomhartha nó eachtraí; mar shampla, áirítear creimeadh agus silleagan ar phróisis nádúrtha agus tráchtar ar phróisis mar lonnaíocht, imirce agus thrádáil i dtíreolaíocht dhaonna |
| scála Beaufort | scála luais gaoithe a cheap Sir Francis Beaufort i 1805; síneann sé ó 0 (calm) go dtí 12 (hairicín níos mó ná 120 km/u) |
| screamh | ciseal seachtrach an Domhain |
| sil-leagan | ábhar atáthar tar éis a chreimeadh agus a iompar bheith á leagan síos; mar shampla, tharlódh go silleagfaí ábhar a chreim abhainn mar dheilt nó go silleagfaí carraig a chreim an fharraige mar thrá |
| síon-chaitheamh | an próiseas trína ndéantar carraigeacha a dhianscaoileadh nó a dhealú ó chéile ar dhromchla an Domhain nó gar dó, toisc iad a bheith gan chosaint ó uisce, aerbhrat agus ábhar orgánach; baineann síonchaitheamh le briseadh carraigeacha, ach bíonn síonchaitheamh agus aistriú chun siúil an smionagair charraige a ghintear i gceist le creimeadh |
| sráid-dreach | an t-imprisean a fhágann gnéithe daonna agus nádúrtha d'achar uirbeach ar na céadfaí (ar an radharc go príomha) |
| stratas | féach cineálacha scamaill |
| suigh | féach treoshuigh |
| táirge príomhúil | táirge tionscail phríomhúil |
| tionscail príomhúil | nádúrtha; mar shampla, feirmeoireacht, iascaireacht, fiach agus mianadóireacht (féach tionscal tánaisteach agus tionscal seirbhíse) |
| tionscal seirbhíse | trádáil dháileach (mar shampla, miondíol agus mórdhíol), forais airgeadais, tráchtála agus oideachais, seirbhísí iompair agus cumarsáide, gairmeacha agus seirbhísí pearsanta, riarachán poiblí agus cosaint, seirbhísí tógála, deisithe agus cothabhála; úsáidtear an tionscal go minic mar shéan forbartha i gcás grúpaí daoine toisc go léiríonn sé an chéim dul chun cinn eacnamaíoch a bhíonn déanta acu (féach tionscal príomhúil agus tionscal tánaisteach) |
| tionscal tánaisteach | próiseáil amhábhar nó earraí bia; earraí nó ábhair á ndéanamh trí shaothar coirp nó trí chumhacht mheicniúil (féach tionscal príomha agus tionscalseirbhíse) |
| tírdhreach | cló dromchla iomláin ceantair thuaithe nó uirbigh ar bith, na gnéithe nádúrtha agus daonna araon san áireamh |
| tírghné | cruth, cló agus nádúr gné atá ar dhromchla an domhain, mar shampla cnoc, sliabh, trá |
| topagrafaíocht | cur síos ar ghnéithe dromchla áite |
| treoíocht | an treo ina bhfuil rud ag tabhairt aghaidhe; úsáidtear go minic í chun cur síos ar thalamh fhánach nó ar fhoirgneamh i leith na gréine |
| treoshuigh | léarscáil a shocrú nó a ailíniú i dtreo go bhfuil líne thuaidh-theas ar an léarscáil comhthreomhar le líne thuaidh-theas ar an talamh; tabharfaidh treoshuíomh léarscáileanna agus pleananna d'achair bheaga ar pháistí óga áiteanna réadúla a nascadh lena samhlacha ar léarscáil |
| Trópaic an Ghabhair | an líne dhomhanleithid 23.5°D |
| Trópaic an Phortáin | an líne dhomhanleithid 23.5°T |
Ullmhaíodh an curaclam seo ag an gCoiste Curaclaim don Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta a bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.
Chun obair na gCoistí Curaclaim a chomhordú is ea a bunaíodh an Coiste Comhordaithe Bunscolaíochta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.