Primary Schools

OSIE: Tíreolaíocht

Foramharc

OSIE: Tugann an tíreolaíocht deis do leanaí ciall a bhaint as an imshaol agus an domhan mór araon; trí fhoghlaim faoi na heilimintí daonna dá dtimpeallachtaí áitiúla agus níos faide amach ná sin. Forbraíonn leanaí réimse scileanna agus coincheapa trí fhoghlaim a dhéanamh faoin imshaol. Spreagann an tíreolaíocht na leanaí chun meas a bheith acu ar an gcaoi a bhraitheann daoine ar a chéile, idir dhaoine aonair, ghrúpaí agus phobail araon. Spreagann sé tuiscint ar agus meas ar chultúir éagsúla agus faoi conas a mhaireann daoine eile. Spreagann an Curaclam Tíreolaíochta an mothú i leanaí go bhfuil freagracht acu féin agus ag an bpobal as aire a thabhairt don timpeallacht.

OSIE: Curaclam na Tíreolaíochta

Tá tíreolaíocht sa churaclam do gach leanbh sa bhunscoil ó naíonáin shóisearacha go dtí an rang a sé. Tá an curaclam curtha i láthair in dhá chuid: scileanna agus ábhar.

Scileanna agus coincheapa
Tugann an Curaclam Tíreolaíochta imlíniú ar na scileanna agus ar na coincheapa is cóir do leanaí a fhorbairt lena n-áirítear:

  • Tuiscint d'áit agus do spás
  • Léarscáileanna, cruinneoga agus scileanna grafacha
  • Scileanna imscrúdaithe tíreolaíochta

Ábhar
Tá roinnt snáitheanna sa Churaclam Tíreolaíochta:

  • Imshaoil dhaonna
  • Imshaoil nádúrtha
  • Feasacht faoin imshaol agus cúram an imshaoil.

Imlíníonn na snáitheanna seo an t-ábhar is gá a bheith san áireamh sa Churaclam Tíreolaíochta ag gach ceann de na leibhéil ranga. Tá gach snáithe roinnte ina cheithre snáithaonad. Díríonn na haonaid seo ar théamaí faoi leith laistigh den snáithe.

Stádas reatha

Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.

Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar

OSIE : Tíreolaíocht (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
OSIE: Tíreolaíocht, (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí

Naisc ghaolmhara

An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna
Measúnú sa Bhunscoil

 


 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie