Comhthuiscint ar chuspóir na staire a fhorbairt
Sa phleanáil i gcomhair staire sa scoil ba cheart
- comhthuiscint ar nádúr agus ar ról na staire i gcuraclam na scoile a fhorbairt. Próiseas comhpháirteach comhchomhairleach ina mbeidh idir phríomhoide agus mhúinteoirí, agus nuair is cuí sin na tuismitheoirí agus an bord bainisteoireachta páirteach a bheidh sa phleanáil
- féachaint le lánleas a bhaint as cumais agus spéiseanna an uile dhuine de na múinteoirí.
D'fhéadfadh go mbeadh saineolas ag baill áirithe d'fhoireann na scoile ar an gceantar áitiúil, b'fhéidir go mbeadh spéis ag baill eile i ngnéithe áirithe den stair, nó d'fhéadfadh go mbeadh daoine eile fós tar éis raon de mhodhanna teagaisc agus measúnaithe a fhorbairt.
D'fhéadfaí cuid dá bhfuil i gceist le cur i bhfeidhm na staire a fhorbairt agus a chomhordú a thabhairt ar láimh do mhúinteoir nó do mhúinteoirí a mbeadh spéis nó saineolas faoi leith acu sa réimse. Ba cheart breathnú ar na múinteoirí sin mar athraitheoirí agus mar éascaitheoirí a chuirfeadh ar chumas bhaill eile na foirne cabhrú le chéile aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla churaclaim a bheadh i gceist. B'fhéidir go mbeidís in ann tús a chur le plé faoi ghnéithe áirithe den churaclam, cabhrú trí chomhairle a chur ar dhaoine faoi raon de mhodhanna nua teagaisc agus measúnaithe, agus cuidiú chun na hacmhainní teagaisc don ábhar a chomhordú
- fíorchabhair agus fíorthacaíocht a thabhairt don mhúinteoir, gan ualach mí-chuí oibre scríofa a chur ar an múinteoir aonair. I ndeireadh báire is é an toradh a bheidh ar athscrúdú na staire sa scoil ráiteas scríofa faoi pholasaí na scoile i leith na staire. Taifead úsáideach agus pointe tagartha a bheidh sa cháipéis seo don fhoireann. Ach ní ceart gur í príomhaidhm na pleanála polasaí scríofa a chur ar fáil; is tábhachtaí ná aon tuairisc fhoirmeálta an próiseas ina nglacann daoine páirt agus a thugann treoir agus cuspóir atá soiléir d'obair na múinteoirí agus na scoile
- straitéis na scoile chun an clár nua a thabhairt isteach a bheartú. Is féidir go mbeidh gnéithe den churaclam staire i bhfeidhm cheana féin ach go mbeidh go leor réamhoibre le déanamh ag an bhfoireann agus ag daoine eile i gcás gnéithe eile de. Mar shampla, d'fhéadfadh go mbeadh an scoil sásta go raibh obair an-mhaith déanta ar ghnéithe den Scéalaíocht agus ar na haonaid a bhain leis an stair náisiúnta agus idirnáisiúnta ach go raibh easpa sna staidéir áitiúla sa mhéid nach raibh go leor deiseanna ag na páistí déantúsáin agus fianaise a láimhseáil. Ní fhéadfaí laige mar sin sa chlár a réiteach thar oíche ach ba cheart go gcabhródh an próiseas pleanála le sceideal ciallmhar chuige a shocrú, ag cur athruithe i réimsí na n-ábhar eile agus tosca na scoile san áireamh
- athbhreithniú agus meastóireacht le linn an fhorbartha agus ag deireadh tréimhse cinnte a chur san áireamh. I gcéimeanna luatha an chur i bhfeidhm chabhródh plé rialta a bheith ann chun feabhas a chur ar an dréachtpholasaí trí na gnéithe sin ar éirigh go maith leo, chomh maith leo sin a bhfuil tuilleadh forbartha nó tacaíochta de dhíth orthu, a aithint.
Go minic, déanfaidh scoileanna an obair fhorbartha sna hachair léinn ar leith a chéimniú chun a chinntiú go ndéanfar an t-ualach oibre a ghabhann le hathrú sa churaclam agus na costais a bhaineann le hacmhainní nua teagaisc agus foghlama a fháil a scaipeadh go cothrom. Nuair a bheidh an polasaí i leith staire i bhfeidhm ba cheart athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta. Féadfar a mheas ansin cé chomh maith is atá ag éirí leis an gclár agus féadfar leasuithe a dhéanamh. Féadfaidh an próiseas seo cabhrú le fócas a dhíriú athuair ar an ábhar agus ar pholasaí na scoile ina leith - cur le plean ginearálta na scoile a ndéanfaidh an bord bainisteoireachta athbhreithniú air. Taobh istigh de na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, tabharfaidh an bord tacaíocht d'fhorbairt agus do chur i bhfeidhm phlean na scoile
- cumarsáid agus comhphlé le tuisimitheoirí agus leis an mbord bainisteoireachta, nuair is cuí sin, a chur san áireamh. I measc na modhanna is féidir a úsáid chun próiseas na cumarsáide a éascú tá cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí, agus ciorcláin nó bileoga eolais. Molann an mhír seo a leanas bealaí eile inar féidir le tuismitheoirí tacaíocht a thabhairt do phleanáil agus do chur i bhfeidhm an churaclaim staire.
Tacaíocht do chur i gcrích an churaclaim
Nuair atá an curaclam staire á phleanáil caithfear na háiseanna atá ann faoi láthair a aithint agus an chaoi is fearr le hiad a úsáid chun é a chur i bhfeidhm. Caithfear an tacaíocht bhreise atá ag teastáil freisin a fhiosrú. Tá roinnt straitéisí agus foinsí tacaíochta liostaithe thíos.
Tacaíocht thuismitheoirí agus ghaolta na bpáistí
De bhrí go leagann an clár béim mhór ar mhuintir an pháiste agus ar an stair áitiúil, beidh comhoibriú na dtuismitheoirí an-tábhachtach má tá le héirí leis. Cothófar tacaíocht na dtuismitheoirí má chuirtear ar an eolas iad maidir le haidhmeanna na hoibre sa stair áitiúil atá á forbairt sa scoil agus maidir leis an ról atá aici in oideachas na ndaltaí. Ciallaíonn sin go dtuigfidh na tuismitheoirí cad tá ar siúl nuair a thagann na páistí abhaile agus ceisteanna acu mar 'Cén chaoi a raibh sé nuair a bhí tusa ar scoil, a Mhamaí?' agus 'Cén cineál oibre a dhéanadh Daideo?'
Beidh go leor tuismitheoirí breá sásta rudaí a thabhairt ar iasacht a d'fhéadfadh cabhrú le gnéithe dá saol féin nó de shaol na bpáistí san am atá thart a léiriú. Féadfar na rudaí seo agus obair na bpáistí bunaithe orthu a chur ar taispeáint agus cuireadh a thabhairt do na tuismitheoirí teacht ag breathnú orthu. Féadfaidh ócáidí den chineál sin cabhrú le tuiscint na dtuismitheoirí ar an gcineál oibre atá i gceist a thuiscint agus tharlódh go dtiocfadh tairiscintí eile dá bharr.
D'fhéadfaí cuireadh a thabhairt do roinnt tuismitheoirí nó do roinnt seanaithreacha agus seanmháithreacha a bheadh sásta labhairt leis na páistí faoina gcuimhní cinn. Ní mór cuairteanna den chineál sin a ullmhú go cúramach lena chinntiú go mbaineann na páistí tairbhe iomlán astu agus go mbíonn a fhios ag na cuairteoirí, go háirithe más seandaoine iad, cé leis ba cheart dóibh a bheith ag súil. Bealach iontach atá sna cuairteanna seo lenar féidir leis na páistí teacht ar thuiscint don am atá thart mar chuid de shaol an phobail atá fíor agus ar féidir leo teagmháil leis.
D'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag na tuismitheoirí freisin ag cabhrú le heolas faoi áiteanna agus faoi imeachtaí spéisiúla sa cheantar a aithint. Agus staidéir áitiúla á n-ullmhú agus á bpleanáil, d'fhéadfadh gur foinsí sárluachmhara eolais do na múinteoirí iad na tuismitheoirí nó a gcairde agus a lucht aitheantais a bhfuil cónaí orthu sa cheantar le tamall nó a bhfuil spéis faoi leith acu i stair an cheantair. Tuigfidh múinteoirí go rímhaith gur rud íogair í stair theaghlaigh ar go leor cúiseanna éagsúla. B'fhéidir go mbeadh sé dian ar roinnt tuismitheoirí, páistí nó múinteoirí gnéithe dá saol féin a phlé, agus caithfidh an scoil a bheith cáiréiseach agus iad ag déileáil leis an gceist seo. Sa chuid is mó de na cásanna beidh na tuismitheoirí sásta comhoibriú leis an scoil má chuirtear ar an eolas iad roimh ré faoin gcineál oibre atá beartaithe agus má chuirtear ar a suaimhneas iad gurb é atá i gceist leis an staidéar ná a ngnáthshaol laethúil, a gcuid oibre agus a gcaitheamh aimsire san am atá thart. Cuirfear le muinín na dtuismitheoirí chomh maith má théitear i gcomhairle leo agus má bhíonn páirt acu sa phleanáil. Tharlódh, áfach, gur ar theaghlach nó ar dhuine atá ar aithne ag na páistí ba mhaith le roinnt scoileanna staidéar a dhéanamh in ionad an aonaid 'Mo mhuintir', mar shampla saol múinteora nó príomhoide nuair a bhí sé/sí ina p(h)áiste. I ngach cás, ba cheart go dtabharfadh polasaí na scoile treoir bheacht do na múinteoirí faoin mbealach ba cheart tabhairt faoin gcineál seo oibre.
An leabharlann áitiúil
Tá bailiúcháin sármhaithe d'ábhar staire áitiúla in go leor de na leabharlanna contae, agus idir leabhair, ailt, ghrianghraif agus léarscáileanna ar fáil iontu. Tá ar chumas go leor leabharlannaithe rudaí a chóipeáil agus ábhar a chur ar fáil do scoileanna ar bhonn blociasachta. Tá tairbhe as cuimse ag baint leo, ní hamháin agus na haonaid oibre á dteagasc ach le linn don phlean scoile don stair bheith á ullmhú. Is inmholta an rud é aithne a chur ar an leabharlannaí agus riachtanais na scoile a phlé leis/léi tamall sách fada roimh ré.
Ba cheart féachaint chuige nach dtarlaíonn sé go dtagann slua páistí ón rang chuig an leabharlann áitiúil taobh istigh d'achar gairid agus iad ag fiafraí 'An bhfuil aon rud agat faoi Bhaile Baodáin?' Cuid thábhachtach den taighde staire leabharlann a úsáid ar bhealach feidhmiúil; scil í seo nach mór a fhoghlaim agus ba cheart í a chleachtadh i leabharlann na scoile ar dtús.
An iarsmalann nó lárionad oidhreachta áitiúil
Le tamall de bhlianta anuas, tá fás mór tagtha ar líon na n-iarsmalann agus na lárionad oidhreachta áitiúil in go leor áiteanna ar fud na tíre. Díríonn go leor de na hionaid seo ar ghnéithe de stair shóisialta an cheantair, agus ar an gcaoi sin déanann siad comhlánú ar go leor de na haonaid oibre sa churaclam. Bíonn earraí a bhfuil tábhacht náisiúnta leo i roinnt de na músaeim áitiúla is mó, mar shampla déantúsáin ón gClochaois nó ón Iarnnaois, rudaí a bheadh cabhrach chun aonaid oibre bunaithe ar na tréimhsí sin a léiriú.
Is beag iarsmalann nó lárionad oidhreachta a mbeadh na hacmhainní acu a chuirfeadh ar a gcumas earraí a thabhairt ar iasacht do scoileanna. Ach d'fháilteodh an chuid is mó de na lárionaid roimh iarratais go labhródh baill den fhoireann le páistí agus le múinteoirí faoi ghnéithe den stair áitiúil, agus thabharfaidís comhairle shárluachmhar do mhúinteoirí i rith thréimhse phleanála an churaclaim staire.
Cumainn áitiúla
Tá cumann áitiúil staire in go leor áiteanna ar fud na tíre. Is féidir baill na gcumann seo bheith ina bhfoinsí tábhachtacha i gcomhair stair an cheantair. Chomh maith leis sin, bíonn cuntais in irisí na gcumann (iad ar fáil sa leabharlann áitiúil de ghnáth) ar go leor gnéithe den stair áitiúil nach féidir teacht orthu go héasca in aon áit eile.
Rannóg phleanála an údaráis áitiúil
Coinníonn rannóga pleanála na gcomhairlí contae agus na n-údarás áitiúla eile léarscáileanna cuimsitheacha mórscála dá gceantair. Tá siad seo úsáideach, go háirithe i gceantair bhruachbhailte a bhfuil fás tapa ag teacht futhu, áiteanna a bhfuil an ráta tógála chomh tapa sin iontu go mb'fhéidir go bhfuil na léarscáileanna atá foilsithe as dáta. B'fhéidir go mbeadh sé ar chumas roinnt de na rannóga pleanála fótachóipeanna dá léarscáileanna a chur ar fáil ar tháille.
Foilseacháin, leabhair leabharlainne, téacsleabhair, cláir ríomhaire
I rith na pleanála, ba cheart do mhúinteoirí athbhreithniú a dhéanamh ar na leabhair thagartha, na leabhair scéalaíochta, na húrscéalta agus na cláir ríomhaireachta (dlúthdhíoscaí san áireamh) atá ar fáil sa scoil. B'áis úsáideach é do na múinteoirí agus iad ag cur an chláir i bhfeidhm dá gcoinneofaí cuntas ar na bealaí a bhféadfadh na nithe sin tacú le haonaid an phlean staire. Dá bharr sin, b'fhéidir go dtiocfadh bearnaí nó laigí in acmhainní staire na scoile chun suntais, agus d'fhéadfadh sé cabhrú le plean córasach ceannaíochta a chur le chéile i gcomhair leabharlann na scoile agus i gcomhair bhailiúchán acmhainní teagaisc na scoile.
San Aguisín tugtar liosta de roinnt foilseachán ar phointí maithe tosaithe iad i gcomhair taighde ar an stair áitiúil chomh maith le leabhair agus acmhainní eile atá ar fáil go coitianta i leabharlanna contae agus i leabharlanna eile.
Is fiú cairteacha (a rinne an múinteoir nó a ceannaíodh) agus grianghraif a úsáid i gceachtanna staire. B'fhéidir go mbeadh sé ar chumas an mhúinteora nó tuismitheora grianghraif a thógáil de rudaí ar díol spéise iad sa cheantar agus in áiteanna eile. Ach iad a bheith i bpócaí plaisteacha, d'fhéadfadh na grianghraif seo a bheith ina n-áiseanna buana fíorúsáideacha agus na páistí á n-ullmhú i gcomhair cuairteanna ar shuímh agus i rith na hiaroibre. D'fhéadfaí cabhrú le forbairt fheasacht an pháiste ar spásúlacht ach na grianghraif a cheangal le léarscáileanna den cheantar.
Amanna, b'fhéidir nach mbeadh múinteoirí ar an eolas faoi leabhair agus acmhainní eile atá ar fáil sa scoil. Chabhródh sé go mór le múinteoirí an curaclam a chur i bhfeidhm dá mbeadh innéacsú nó comhadú éigin déanta ar threalamh teagaisc na scoile - grianghraif, déantúsáin agus fianaise eile, stiallscannáin, físeáin srl. san áireamh. D'fhéadfaí gnéithe den obair seo a leagan mar chúram ar comhordaitheoir staire sa scoil.
Ach iad a roghnú go cúramach, d'fhéadfadh go bhfaighfí ábhar maith teagaisc i gcomhair na staire i dtéacsleabhair, go háirithe iontu siúd a bhfuil eagarthóireacht chúramach déanta orthu. Ba cheart go mbeadh polasaí na staire ag teacht le polasaí ginearálta na scoile maidir le roghnú, ceannach agus úsáid téacsleabhar. Ach ba cheart a shonrú nach féidir le téacsleabhair, ó nádúr, staidéar ar an stair áitiúil a chuimsiú go sásúil agus ar an ábhar sin ba cheart breathnú orthu mar áis amháin as measc iliomad áiseanna atá ar fáil le haghaidh mhúineadh na staire. D'fhéadfadh go gcuirfeadh sé teorainn le roghnú na snáthaonad mura mbeadh in úsáid ach aon téacsleabhar amháin sa rang. Dá mbeadh na hacmhainní ann le hiad a cheannach ba mhór an chabhair é dhá fhoireann téacsleabhar éagsúla nó níos mó a bheith ar fáil sa seomra ranga.
Raidió, teilifís, agus físeáin
D'fhéadfaí tacaíocht a fháil do roinnt de na haonaid sa churaclam i roinnt clár raidió agus teilifíse a chraoltar ar bhonn oideachais nó siamsa, go háirithe iad sin a bhfuil téamaí idirnáisiúnta iontu. Beidh roinnt de na cláir faoi ghnéithe de shaol na hÉireann úsáideach freisin. Ar an mórgóir, is fearr taifid de na cláir a úsáid; ar an gcaoi sin, is féidir leis na múinteoirí breathnú ar na cláir roimh ré agus na míreanna is feiliúnaí dá rang féin a roghnú nó eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
An Chartlann Náisiúnta
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Tá an-chuid bailiúchán ag na hinstitiúidí seo a bhfuil tábhacht áitiúil agus náisiúnta ag baint leo agus cuireann an Músaem, an Leabharlann agus an Gailearaí taispeántais mhóra ar bun. Cuireann siad ar fad foilseacháin fhíormhaithe ar díol, cairteacha, pacáistí agus macasamhla.
Eagraíochtaí náisiúnta
Cuireann roinnt eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí stáit raon maith foilseachán agus earraí ar fáil a bheadh úsáideach agus an stair á múineadh. Ar na heagraíochtaí sin tá:
Dúchas: an Rannóg Oidhreachta den
Roinn Ealaíon, Gaeltachta agus Oileán
An Roinn Comhshaoil agus Rialtas
Áitiúil
ENFO (Oifig Eolas Timpeallachta)
An Taisce
Bord Soláthar an Leictreachais
Na boird turasóireachta
Lárionaid oideachais agus soláthróirí eile inseirbhíse
Cuireann lárionaid áitiúla oideachais agus gníomhaireachtaí eile tacaíocht ar fáil do scoileanna agus do mhúinteoirí ar mhaith leo cur lena n-eolas faoi cheantair áitiúla agus raon na straitéisí teagaisc agus measúnaithe atá acu a fhorbairt.
Tig le cúrsaí a chuireann le heolas múinteoirí ar an gceantar áitiúil deiseanna a chur ar fáil dóibh le haonaid fheiliúnacha oibre, ábhair thacaíochta, an fhianaise staire atá ar fáil, agus bealaí inar féidir iad sin a úsáid le páistí a aithint. D'fhéadfadh gur eispéireas taitneamhach agus tairbheach é comhoibriú le múinteoirí eile chun aonaid oibre a fhorbairt agus a thriail. Tá bailiúcháin speisialta ábhar ag roinnt lárionad chun staidéir áitiúla a mhúineadh.
Beidh gá ag go leor múinteoirí le comhairle phraiticiúil maidir leis an gcaoi ar féidir breathnóireacht a dhéanamh, tascanna a dhearadh, agus bailiúcháin oibre agus próifílí curaclaim a úsáid i measúnú na staire. B'fhiú do scoileanna a mbeadh an cineál sin traenála á bheartú acu smaoineamh ar chomhoibriú le scoileanna eile sa chomharsanacht. Bheadh a leithéid de chomhoibriú anúsáideach agus chabhródh sé le múinteoirí a dtaithí teagaisc agus measúnaithe a roinnt ar a chéile. Féadfaidh modhnú an mheasúnaithe ag múinteoirí sa chaoi seo cur go mór lena iontaofacht agus leis an teagasc a shaibhriú ag an am céanna.