Primary Schools

Pleanáil curaclaim

Ar na ceisteanna a chaithfear a phlé, b'fhéidir, mar chuid de phleanáil na scoile don stair tá an méid seo a leanas:

Cuspóir agus nádúr na staire sa scoil

Tá an curaclam bunaithe ar an tuiscint gur féidir le stair cur le forbairt chomhchuí an pháiste má bhíonn an cur chuige ag teacht le nádúr na hoibre a dhéanann staraí agus, ag an am céanna, má éiríonn leis an bpáiste eolas faoin am atá thart a shealbhú, scileanna imscrúdaithe staire a fhorbairt agus dearcadh tábhachtach achothú. Má iniúchann agus má phléann an fhoireann nádúr an fhiosraithe staire ina measc féin, féadfar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag an stair sa churaclam a shoiléiriú agus ar an gcaoi sin éascófar meastóireacht a dhéanamh ar na hacmhainní teagaisc agus ar an gcur chuige.

Conas ceantar na scoile a chuimsiú sa chlár

Ceann de na gnéithe is tábhachtaí sa churaclam staire agus i gclár an OSIE ar fad ná an bhéim a leagtar ar iniúchadh thimpeallacht an pháiste agus na scoile. I gceantair uirbeacha d'fhéadfadh go mbeadh cónaí ar go leor múinteoirí lasmuigh de chomharsanacht na scoile agus nach mbeadh eolas ag múinteoirí atá díreach tosaithe ag múineadh sa scoil ar an gceantar. Ba cheart gur chuid den phróiseas pleanála é múinteoirí a bheith ag cur eolais ar cheantar na scoile; tá tuilleadh eolais faoin gcaoi ar cheart tosú ar eolas faoin gceantar a bhailiú ar lch 33-39 agus san Aguisín.

Ar an gcaoi sin, chuirfí ar chumas na múinteoirí rudaí, ionaid agus topaicí a aithint a d'fhéadfaí a chur i gclár na staire. Ba cheart go gcabhródh pleanáil leis an scoil na staidéir áitiúla a chomhordú. Cinnteoidh sé sin go ndéanfaidh na páistí iniúchadh iomlán ar an timpeallacht i rith a dtréimhse bunscolaíochta, go mbainfear leas iomlán as na hábhair áitiúla a d'fhéadfadh an stair náisiúnta agus an stair idirnáisiúnta a léiriú, go mbainfear an leas is fearr as na hacmhainní, agus go seachnófar an iomarca athdhéanaimh. D'fhéadfaí a shocrú, mar shampla, go ndéanfaí staidéar ar thopaicí áirithe sa stair áitiúil agus ar ghnéithe áirithe den timpeallacht ag leibhéil ar leith sa scoil.

Cothromaíocht a aimsiú idir téamaí comhtháite a mhúineadh agus cur chuige níos ábharlárnaí

Feileann curaclam comhtháite do pháistí óga go háirithe, mar feiceann siad an saol agus a gcuid eispéireas féin ar bhealach iomlánaíoch. Ar an ábhar sin, b'fhéidir go socródh go leor scoileanna ar obair ranganna naíonán agus ranganna sóisearacha a eagrú ag baint úsáide as téamaí difriúla taobh istigh den OSIE agus de na réimsí eile foghlama.

De réir mar a théann na páistí in aois, d'fhéadfadh go bhfeilfeadh straitéisí eile teagaisc; d'fhéadfadh cur chuige iomlánaíoch (ceann bunaithe ar théamaí) a bheith i gceist, nó cur chuige bunaithe ar chomhtháthú traschuraclaim, nó cur chuige le fócas ábharlárnach. Beidh teagasc bunaithe ar théamaí agus ar chomhtháthú na n-ábhar tábhachtach i gcónaí ag gach leibhéal, ach braitheann an cur chuige sin ar phleanáil chúramach na múinteoirí le bheith cinnte go mbíonn ról gach ábhair agus ar féidir leis a chur ar fáil slán. Thar aon rud eile, ba cheart go gcabhródh an phleanáil, taobh istigh de raon na dtéamaí a úsáidtear, lena chinntiú go gclúdófar ábhar na snáitheanna go cuimsitheach,agus go gcuirfear dóthain deiseanna ar fáil le scileanna na staire a fhorbairt.

An méid ama a thugtar don ábharc

Ós rud é go mbeidh cur chuige comhtháite in úsáid go coitianta ag gach leibhéal ranga, d'fhéadfadh go mbeadh sé níos cabhraí do scoileanna breathnú ar an méid ama a dháilfear ar an ábhar thar thréimhse téarma nó bliana seachas a bheith ag iarraidh méid faoi leith ama in aghaidh na seachtaine a dháileadh air. Ba cheart do scoileanna, chomh maith, an méid ama atá le tabhairt do réimsí éagsúla an churaclaim go ginearálta a phlé, agus tosca na scoile, riachtanais na ndaltaí agus tosaíochtaí atá aitheanta ag an bhfoireann a chur san áireamh.B'fhéidir go measfadh foirne agus múinteoirí go mbeadh sé níos úsáidí díriú ar ghné amháin den OSIE sa turas. Ar feadh a dó nó a trí de sheachtainí d'fhéadfaí an obair a dhíriú ar théama a mbeadh fócas staire, den chuid is mó, aige, agus sa tréimhse ina dhiaidh sin bheadh an fócas ar eolaíocht nó ar thíreolaíocht den chuid is mó. Ba cheart go mbeadh saoirse áirithe ag baint le dáileadh an ama mar ba cheart go mbeadh an obair i ngach réimse ag comhlánú na foghlama sna hábhair eile, agus ba cheart go mbeadh saoirse ag na múinteoirí aonair a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid chun na treoirlínte a chur in oiriúint do riachtanais páistí faoi leith agus do riachtanais an ranga.

Curaclam leathan cothrom comhleanúnach

Cuireann curaclam na staire go leor saoirse ar fáil do na scoileanna agus ba cheart leas a bhaint aisti sin chun an clár a chur in oiriúint do thosca na scoile agus do raon spéiseanna agus infheidhmeacht na ndaltaí. Cabhróidh an phleanáil leis na múinteoirí féachaint chuige go gcinntíonn an clár staire ag gach leibhéal

  • go mbíonn staidéir ó chomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta, agus idirnáisiúnta san áireamh ann. Ba cheart go mbeadh staidéir áitiúla agus an bhéim ar stair phearsanta agus stair na muintire i dtús báire i gceist ag gach leibhéal. Beidh saol daoine i rith tréimhsí tábhachtacha i stair na hÉireann i gceist, ach chomh maith leis sin ba cheart go mbeadh deis ag na páistí foghlaim faoin gcaoi ar chuir daoine i dtíortha eile le forbairt dhaonna. Ba cheart go dtógfadh na gnéithe idirnáisiúnta sin ceann de chultúir agus de thraidisiúin as comhthéacsanna san Eoraip agus lasmuigh den Eoraip
  • go ndéanann na páistí iniúchadh ar an am atá thart ó pheirspictíochtaí éagsúla. Ní ceart gurb í an stair pholaitiúil nó an stair mhíleata a bheadh in uachtar i gcónaí sa scrúdú a dhéanann páistí ar an am atá thart. Tá eispéiris shóisialta, eacnamaíocha, theicneolaíocha, chultúrtha, ealaíonta agus reiligiúnda na ndaoine a mhair fadó tábhachtach má táimid le tuiscint a fháil ar an gcaoi a raibh an saol ag an gcuid is mó acu.
  • go spreagtar páistí le foghlaim faoi dhaoine as grúpaí eitneacha agus cultúrtha éagsúla agus as aicmí sóisialta éagsúla agus traidisiúin éagsúla creidimh acu, le meas a shealbhú ar ar chuir na daoine sin le héabhlóid Éire na linne seo agus le héabhlóid an domhain mhóir. Tá tábhacht ar leith le ról na staire maidir le méadú fheasacht an pháiste ar a bhfuil déanta ag mná, ag fir, ag mionlachtaí (pé acu sóisialta, eitneacha nó reiligiúnda iad), agus ag gach aicme sa tsochaí
  • go bhfuil eachtraí ann ó raon de thréimhsí staire. I gcás páistí i rang 3 agus os a chionn sin, ba cheart staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de thréimhsí luathstaire, meánstaire agus nua-staire gach bliain. Ba cheart láimhseáil dhocht chróineolaíoch ar na snáthaonaid a sheachaint, ach ba cheart bealaí a aithint ina bhféadfaí tuiscintna bpáistí ar chróineolaíocht a chothú: mar shampla, ba cheart an deis a thapú am ar bith is féidir leis na línte ama a úsáid chun cabhrú le páistí staideanna éagsúla na n-imeachtaí a bhfuil siad ag déanamh staidéir orthu a thuiscint agus a thaifeadadh
  • go bhfuil dóthain deiseanna á gcur ar fáil le raon scileanna staire a fhorbairt trí staidéir áitiúla agus aonaid eile oibre ag gach leibhéal. Caithfidh cothromaíocht a bheith ann ar fud an chláir idir forbairt scileanna agus sealbhú eolais
  • go n-aithneofar na deiseanna atá ar fáil chun raon leathan fianaise staire a úsáid ag gach leibhéal. D'fhéadfaí a phlé, chomh maith, cad iad na bealaí is fearr a bhféadfaí iniúchadh na timpeallachta áitiúla a eagrú, agus cad iad na bealaí a bhféadfadh múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus daoine eile cabhrú le teacht na ndaltaí ar rudaí stairiúla a éascú. D'fhéadfadh an scoil labhairt faoi bhailiúchán earraí ón am atá thart a chur le chéile in iarsmalann scoile
  • go n-aimsítear cothromaíocht idir an gá atá ann ligean do pháistí foghlaim faoi shruth leathan na staire náisiúnta agus idirnáisiúnta agus an gá deiseanna a chur ar fáil do pháistí dianstaidéar a dhéanamh ar thréimhsí níos giorra nó ar thopaicí níos teoranta sa stair áitiúil, sa stair náisiúnta, nó i stair an domhain. I rang 3 agus os a chionn, moltar go ndéanfaí staidéar níos doimhne agus thar thréimhse níos faide, gach bliain, ar shnáthaonad amháin sa stair áitiúil agus ar shnáthaonad amháin sa stair náisiúnta agus stair idirnáisiúnta
  • go saothraítear leanúnachas agus dul chun cinn. Má bhaintear leas éifeachtach as an tsaoirse a chuireann an curaclam ar fáil maidir le snáthaonaid a roghnú, ba cheart go gcinnteofaí go bhfaigheann na páistí tuiscint ar shruth leathan na staire agus go seachnaítear bearnaí móra agus an iomarca athrá. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go mbeadh leanúnachas agus dul chun cinn sna modhanna agus sa chur chuige a úsáidtear leis na daltaí. Ba cheart go dtógfadh an obair ag gach leibhéalar

    na scileanna a forbraíodh roimhe sin, agus ba cheart machnamh a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ag na daltaí nuair a rachaidh siad ar aghaidh go hiarbhunscoileanna.

    Má tá ceangal láidir idir bunscoil agus iar-bhunscoil áitiúil go lorgaítear roinnt éigin comhordaithe in ábhar chláir staire an dá scoil: mar shampla, ba cheart féachaint chuige nach é an tionscadal áitiúil céanna a dhéantar i rang 6 sa bhunscoil agus sa chéad bhliain san iar-bhunscoil
  • go gcothaítear tuiscint an pháiste dá s(h)ainaitheantas áitiúil, náisiúnta agus Eorpach féin. Ba cheart do chlár a bhfuil cothromaíocht ann idir staidéar áitiúil agus gnéithe den stair náisiúnta cabhrú le páiste feasacht chriticiúil ar a (h)oidhreacht Éireannach a fhorbairt. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do ghnéithe de stair na hEorpa a spéis a dhúiseacht i gcultúr níos leithne na hEorpa. San am céanna, cuirfidh roinnt eolais ar scéal an chomhoibrithe Eorpaigh go mór le feasacht an pháiste ar a (h)oidhreacht Eorpach agus lena m(h)othú saoránachta.

Polasaí measúnaithe a fhorbairt

Faoi mar atá i gceist sna réimsí eile den churaclam, is dlúthchuid den phróiseas teagaisc agus foghlama sa stair é an measúnú. Má fhorbraítear plean scoile i gcomhair na staire cruthaítear comhthuiscint i measc na foirne ar chuspóir an ábhair agus ar an gcaoi a gcuirfear i bhfeidhm é sa scoil. Gné thábhachtach den chomhthuiscint seo faoin gcuspóir an bealach a ndéanfar dul chun cinn na bpáistí sa stair a mheasúnú, a thaifeadadh, agus a thuairisciú.

Má dhéantar plé ar na bealaí ar féidir dul chun cinn na ndaltaí a bhreathnú, a nótáil, agus a thaifeadadh sa stair agus iad a shoiléiriú, ní hamháin go dtiocfaidh an plé sin faoi scáth
pholasaí iomlán na scoile i gcomhair an mheasúnaithe, an taifeadta agus na tuairiscithe ach cuirfidh sé leis an bpolasaí céanna. Ba cheart go gcothódh an plé seo tuiscint i measc na múinteoirí ar an gcaoi ar féidir le cur chuige measúnaithe atá ceangailte go dlúth leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim cur le heispéireas foghlama an pháiste. D'éascódh sé sin malartú eolais chruinn faoi fhoghlaim na ndaltaí i measc na foirne agus ar an gcaoi sin spreagfadh sé plé eolach ar dhul chun cinn daltaí agus faoi chur chuige teagaisc.

Tá siad seo ar na saincheisteanna measúnaithe nár mhiste a phlé mar chuid de phleanáil na scoile i gcomhair na staire:

Cuspóir an mheasúnaithe

Má dhéantar plé ar na bealaí ar féidir le measúnú cabhrú chun an teagasc agus an fhoghlaim a shaibhriú féadfar tuiscint a chothú dá ról i gcur i bhfeidhm an churaclaim staire. Is fiú é mar:

  • cabhraíonn sé chun a fháil amach cad tá ar eolas ag na daltaí, cad a thuigeann siad agus cad is féidir leo a dhéanamh
  • taispeánann sé cé na rátaí éagsúla dul chun cinn atá ag na páistí
  • cabhraíonn sé chun na cuspóirí teagaisc a dhearbhú le hais torthaí na foghlama
  • cabhraíonn sé le heispéiris foghlama a phleanáil don am atá le teacht
  • tugann sé réimsí deacrachta chun solais sa chaoi is gur féidir freagairt do riachtanais foghlama an pháiste
  • éascaíonn sé an chumarsáid idir mhúinteoirí faoi pháistí
  • cuireann sé bonn faoin tuairisciú a dhéantar do thuismitheoirí agus do dhaoine eile agus faoin gcumarsáid a dhéantar leo
  • cuireann sé eolas ar fáil nuair a aistríonn páistí ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil
  • cabhraíonn sé le múinteoirí agus le scoileanna socruithe a dhéanamh maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an churaclaim.

Raon d'uirlisí measúnaithe

Molann an curaclam go n-úsáidfí uirlisí éagsúla measúnaithe ionas gur féidir déileáil le stíleanna foghlama gach dalta faoi leith agus ionas go ndéanfar measúnú ar nádúr iomlán fhoghlaim an pháiste sa stair. Seo roinnt de na modhanna a mholtar:

  • breathnóireacht an mhúinteora: mionsonraí faoi fhoghlaim an pháiste a thugann múinteoirí faoi deara de réir mar a iniúchtar agus mar a mhúintear topaicí staire
  • tascanna agus tástálacha a dhearann an múinteoir: an raon leathan gníomhaíochtaí a mbeidh na páistí ag glacadh páirte iontu sna ceachtanna staire
  • samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail: ina mbailítear samplaí d'obair na bpáistí sna tascanna thuas sa chaoi is gur féidir monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn
  • proifílí curaclaim: bealach ar féidir dul chun cinn an pháiste a mheas agus a thaifeadadh trí úsáid a bhaint as táscairí gnóthachtála a dhéanann cur síos achomair ar an eolas, ar na scileanna agus ar an dearcadh ar cheart a bheith ag súil leo ag leibhéil éagsúla sa churaclam.

Agus múinteoirí ag pleanáil i gcomhair na staire, ba cheart go bpléifidís na bealaí inar féidir na modhanna measúnaithe a mholtar a fhí isteach sa teagasc agus san fhoghlaim sa scoil. Ba cheart don mheasúnú teacht chun cinn go nádúrtha mar chuid den teagasc is den fhoghlaim: cé go gcabhraíonn measúnú le múinteoirí an fhoghlaim a dhéanann a gcuid daltaí a shoiléiriú agus, dá thoradh sin, gur fusa dóibh pleanáil don fhoghlaim a dhéanfar amach anseo, ní ceart dó an t-eispéireas oideachais a chur as a riocht.

Má phléann múinteoirí na bealaí inar féidir le modhanna teagaisc agus eispéiris foghlama eolas luachmhar a sholáthar faoi fhoghlaim an pháiste, ba chóir go gcuirfí lena bhfeasacht ar an méid measúnaithe a bhíonn ar siúl sa scoil. Mar shampla, féadfaidh ceacht bunaithe ar scrúdú píosa fianaise mar ghrianghraf, cháipéis nó dhéantúsán go leor a insint don mhúinteoir faoin eolas atá ag an bpáiste faoin tréimhse a bhíonn i gceist, faoi shaol na ndaoine ag an am sin agus faoina c(h)umas tátal a bhaint as fianaise. Cuid riachtanach den mheasúnú an t-eolas a fhaigheann an múinteoir tríd an teagasc is tríd an bhfoghlaim sin.

Measúnú agus aidhmeanna agus cuspóirí an churaclaim

Agus múinteoirí ag roghnú uirlisí measúnaithe beidh treoir dóibh sa mhéid go gcaithfidh measúnú freagairt d'aidhmeanna agus do chuspóirí an churaclaim, ag cur san áireamh, go háirithe, an tábhacht a bhaineann le forbairt scileanna, chomh maith le heolas agus dearcadh.

Soláimhsitheacht measúnaithe

Caithfidh an measúnú a bheith soláimhsithe má tá sé chun cur leheispéireas foghlama na bpáistí, is é sin eolas úsáideach a chur ar fáil gan baint den am teagaisc. Mar shampla, agus iad ag tabhairt faoi bhailiúcháin oibre a chur le chéile, caithfidh múinteoirí smaoineamh ar iad a stóráil agus ar cé chomh soláimhsithe is a bheidh siad. D'fhéadfadh nach mbeadh sna bailiúcháin ach na samplaí sin den obair a thaispeánann céimeanna tábhachtacha i bhfoghlaim an pháiste; b'fhéidir nach gcoinneodh scoileanna eile ach na 'samplaí is fearr' nó na'leaganacha deireanacha' d'obair na bpáistí.

Comhthuiscint ar an measúnú

Má thagann grúpa múinteoirí le chéile chun samplaí oibre, bailiúcháin, tionscadail agus próifílí curaclaim ó ranganna éagsúla a phlé, is cosúil go roinnfidís a dtaithí teagaisc ar a chéile agus go n-eascródh modhnú ar chóras measúnaithe na scoile as. Trí thaithí a roinnt mar sin agus trí phlé faoin gcaoi ar féidir breithiúnas a dhéanamh ar obair agus ar dhul chun cinn páistí is féidir feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fhóinteacht an eolais a chuireann an measúnú ar fáil agus is féidir an chumarsáid idir mhúinteoirí faoi na daltaí a éascú.

Taifeadadh agus cur in iúl: leanúnachas agus dul chun cinn

Cuirfidh an raon d'uirlisí measúnaithe a mholtar sa churaclam córas cuimsitheach ar fáil le dul chun cinn an pháiste sa stair a mheasúnú agus a thaifeadadh. Beidh an t-eolas a bhreathnaítear agus a bhailítear faoi

fhoghlaim an pháiste riachtanach agus eispéiris oideachais an pháiste san am atá le teacht á leagan amach agus is é a bheidh mar bhonn leis an tuairisc faoi dhul chun cinn an pháiste a thabharfar do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile, agus a phléifear leo. Féadfaidh malartú eolais faoi fhoghlaim an pháiste idir múinteoirí agus tuismitheoirí cur le luach an eolais a chuireann an measúnú ar fáil.

Is fusa a bheifear in ann labhairt faoi fhoghlaim an pháiste le tuismitheoirí agus le daoine eile má úsáidtear cárta próifíle dalta: bealach le torthaí fhoghlaim agus mheasúnú an pháiste a thaifeadadh gach bliain. Cuid amháin den mheastóireacht seo ar dhul chun cinn an pháiste a bheadh san OSIE agus sa stair.

I gcás curaclaim roghchláir, ar nós na staire agus OSIE, beidh taifid a choinneáil ar an obair a chuireann na páistí i gcrích (mar shampla i bhfoirm measúnú a dhéanamh ar bhailiúcháin) ina ghléas tábhachtach le leanúnachas agus dul chun cinn a chinntiú. Ba cheart féachaint chuige, i gcomhthéacs polasaí scoile i leith an mheasúnaithe, gurb iad na foirmeacha céanna a bheadh in úsáid ag na múinteoirí go léir le haghaidh próifílí curaclaim agus taifid ranga. Ba chóir, freisin, go mbeadh na taifid a bhaineann le rang ar leith ar fáil sa scoil ag múinteoir an ranga sin ó bhliain go bliain. Ba chóir go gcabhródh na taifid agus obair á pleanáil thar na blianta, chomh fada is a bhaineann le roghnú snáthaonad agus le cothromaíocht a aimsiú idir forbairt scileanna agus sealbhú eolais.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie