Primary Schools

Cur chuige agus modhanna

Éagsúlacht sna modhanna teagaisc

Ceann de na tosca ar a mbraitheann teagasc torthúil na staire ná raon leathan cleachtas a úsáid sa chur chuige agus sna modhanna teagaisc. Rianaíonn an chuid seo de na treoirlínte cuid de na teicníochtaí a fuarthas amach a fheileann do ghníomhaíochtaí staire sa bhunscoil. Ar éigean is gá a rá go mbeidh éagsúlachtaí ann ó scoil go scoil, ó rang go rang agus ó mhúinteoir go múinteoir agus gur fearr a fheilfidh modhanna áirithe do thopaicí áirithe seachas a chéile. Ní fhéadfadh go mbeadh sna moltaí seo a leanas ach comhairle ghinearálta ar cheart í a chur in oiriúint do riachtanais agus do thosca faoi leith agus a athrú dá réir.

Sna Treoirlínte do Mhúinteoirí don Tíreolaíocht pléitear cur chuige agus modhanna teagaisc eile a d'fhéadfaí a úsáid i gceachtanna staire chomh maith, mar shampla tionscadail agus úsáid léarscáileanna.

I roinnt de na míreanna anseo thíos, nasctar na heiseamláirí a úsáidtear le ranganna faoi leith sa scoil. Ach is mar léiriú amháin a dhéantar sin; is féidir an chuid is mó de na teicníochtaí a phléitear a úsáid go tairbheach ag gach leibhéal.

Cuma cé na modhanna a roghnaítear, ba chóir d'eispéiris fhoghlama an pháiste- díocas agus fiosracht i leith an ama atá thart a spreagadh

  • plé agus ceistiú a chothú, mar aon le dearcadh criticiúil i leith cuntas ar an am atá thart agus, de réir mar a théann na páistí in aois, i leith na fianaise a úsáidtear mar thacaíocht leis na cuntais sin
  • scileanna staire a fhorbairt, chomh maith le scileanna níos leithne comhoibrithe, cumarsáide agus fadhbréitigh
  • é/í a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht bheomhar réamhbheartaithe sa seomra ranga agus in iniúchadh forleathan sa timpeallacht.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie