Cad é an stair?
Má táimid leis an stair a mhúineadh go héifeachtach, ní mór dúinn a thuiscint cad é féin agus cén chaoi ar féidir léi cur le hoideachas daltaí. Dar le go leor againn, is ionann an stair agus an t-am atá thart: bailiúchán fíricí faoi dhaoine agus imeachtaí agus iad curtha i láthair i bhfoirm scéil. 'Scéal an ama atá thart' a d'fhéadfaí a rá leis an tuairim choitianta sin den stair. Ach an aidhm ghinearálta a chuireann an sainmhíniú seo i gcás, ní féidir í a bhaint amach. Ní bheidh ar ár gcumas go deo aon chuntas cruinn iomlán amháin a thabhairt ar an am atá thart: dá mhéad é, tá an cur síos ar an am atá thart a tháinig slán chugainn neamhiomlán. Ní fhéadfadh sé go mbeadh an scéal iomlán ann. Ní hamháin sin ach cuireann staraithe cuntais éagsúla den am atá thart ar fáil, mar bíonn orthu rogha a dhéanamh ina gcuid oibre ní hamháin den fhianaise neamhiomlán a tháinig slán ach as measc an réimse ollmhór topaicí agus ceisteanna a bhféadfaí staidéar a dhéanamh orthu. Tagann an próiseas roghnaithe seo faoi thionchar spéiseanna agus thuairimí pearsanta an staraí agus faoi thionchar luachanna agus chúraimí na sochaí ina bhfuil an staraí ag maireachtáil. Mar shampla, go dtí le déanaí fágadh saol na mban ar lár, cuid mhaith, as na cuntais staire; feictear iarracht na sochaí comhaimseartha cothromas idir fir is mná a bhaint amach san fhás atá tagtha ar spéis i stair na mban -- rud a chuidíonn leis an gcothromas céanna sin a bhaint amach.
Mar sin, ba cheart dúinn breathnú ar an stair mar iarracht an t-am atá thart a athchruthú agus a mhíniú; is é sin, ní hionann an stair agus an t-am atá thart ann féin. Caithfimid a thuiscint go bhfuil dhá ghné nach féidir a scaradh óna chéile sa stair: léirmhíniú ar
ghníomhaíochtaí daonna san am atá thart a gceaptar tábhacht a bheith leo agus an próiseas trína roghnaítear na gníomhaíochtaí sin, trínan-imscrúdaítear iad agus trína ndéantar anailís orthu.
An stair i gcuraclam páistelárnachtred curriculum
Ciallaíonn an dearcadh seo ní hamháin go mbíonn sé i gceist le hoideachas maith staire go mbeadh eolas faoin am atá thart á shealbhú ag páistí ach go mbeadh taithí áirithe á fáil acu chomh maith ar an gcaoi a dtéann staraithe i mbun a gcuid oibre. Ach an stair a iniúchadh ar an gcaoi sin, féadfaidh páistí eolas agus coincheapa a shealbhú agus san am céanna scileanna tábhachtacha agus dearcadh atá ag teacht leis an leibhéal áirithe foráis atá bainte amach acu féin a fhorbairt. Ar an gcaoi sin, féadfaidh an stair sa bhunscoil cur, ar bhealach sainiúil tábhachtach, le forbairt chomhchuí an pháiste agus sin mar chuid d'oideachas atá fíorpháistelárnach.
Mar sin cuireann an curaclam staire deiseanna ar fáil don pháiste chun
- tuiscint leathan chothrom a fháil ar stair áitiúil, ar stair na hÉireann agus ar stair idirnáisiúnta trí staidéar a dhéanamh ar raon ciníocha, imeachtaí agus tréimhsí agus ag an am céanna
- scileanna imscrúdaithe staire a fhorbairt agus a chleachtadh chomh fada is a bhaineann le cróineolaíocht, cúis agus iarmhairt, athrú agus leanúnachas, úsáid fianaise, sintéisiú, cur in iúl, agus ionbhá.
Féadfaidh curaclam staire a chuimsíonn na gnéithe sin den ábhar cur go mór agus go sainiúil le hoideachas an pháiste. Tá sonraí níos mine faoi nádúr an ábhair agus faoin gcaoi is fearr é a chur i bhfeidhm sa bhunscoil le fáil in Réamhrá, Aidhmeanna, agus Cuspóirí leathana an churaclaim staire. Ach ní féidir na haidhmeanna seo a bhaint amach sa stair ar leithligh. Is ceart breathnú ar an stair mar ábhar faoi leith ach, ag an am céanna, mar ábhar a bhfuil ról comhlántach aige in éineacht leis an tíreolaíocht agus an eolaíocht san Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) agus, chomh maith leis sin, mar ábhar a chuireann le curaclam leathan páistelárnach.