Primary Schools

Ábhar an churaclaim staire

Bunstruchtúr agus téarmaíocht
Forbairt scileanna: ag obair mar staraí
Snáitheanna an churaclaim staire

Bunstruchtúr agus téarmaíocht

Tá ábhar an churaclaim staire leagtha amach ag ceithre leibhéal ranga: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4 agus ranganna 5 agus 6. Ag gach leibhéal cuirtear an t-ábhar i láthair in dhá mhír faoi leith:

  • mír scileanna ar a dtugtar Ag obair mar staraí
  • agus
  • líon snáitheanna a rianaíonn na tréimhsí agus na hábhair a bhféadfaí a chur san áireamh i gclár na staire. Tá méid áirithe topaicí nó snáthaonad i gceist i ngach snáithe. Cuirfidh cuid acu sin bonn leis na míreanna ábhair a chlúdófar.

Cuideoidh an chaoi a bhfuil an t-ábhar curtha i láthair sa dá mhír seo le múinteoirí plean a leagan amach chun dearcadh agus scileanna tábhachtacha a fhorbairt de réir mar a chuireann na páistí eolas ar thopaicí staire agus de réir mar a fhaigheann siad tuiscint orthu.

Forbairt scileanna: ag obair mar staraí

Déanann an mhír seo cur síos ar na gníomhaíochtaí agus ar na scileanna a mbeidh na páistí ag plé leo de réir mar a théann siad i ngleic le topaicí staire. Tá baint ag na scileanna agus ag na coincheapa lena bhfuil i gceist le fiosrú stairiúil. Tá sé i gceist go gcabhróidh siad le múinteoirí plean a leagan amach ionas go bhforbróidh na páistí réimse leathan scileanna fad is a bhíonn siad ag iniúchadh an ama atá thart. Ní ceart na scileanna seo a mhúineadh ar leithligh: is i gcomhthéacs an staidéir a leagtar amach sna snáitheanna ábhair is ceart iad a fhorbairt.

Am agus cróineolaíocht

Ar an gcéad amharc, tharlódh gurb é an rud is mó a chuirfeadh iontas ar dhaoine faoin gcuraclam nua staire go bhfuil ábhar ann do ranganna naíonán agus do ranganna sóisearacha. Tá tuiscint páistí óga ar am an-bhearnach. Is mó go mór an spéis a chuireann siad sa rud atá ag tarlú anois díreach. Chomh maith leis sin, imeacht nó ábhar a bhíonn ina dhíol mór spéise acu ag nóiméad amháin, d'fhéadfaidís dearmad a dhéanamh air go tapa chomh luath is a chasfaí imeacht nó ábhar éigin eile ina dtreo. Ní minic a bhíonn páistí in ann imeachtaí nach féidir leo a fheiceáil san am i láthair a choincheapú, agus b'fhéidir gurb é an cur síos a dhéanfaidh siad ar imeachtaí uile an ama atá thart gur tharla siad 'fadó, fadó' nó 'i bhfad ó shin'.

Bíodh is go gcloiseann siad agus go n-úsáideann siad friotail ama -- 'i gceann nóiméid', 'go luath', 'níos déanaí', 'ar ball', 'uair', 'seachtain', 'bliain' -- tá tuiscint páistí d'fhad coibhneasta na dtréimhsí ama a bhíonn i gceist teoranta. D'fhéadfaí cur leis an deacracht sin trí am a thaifeadadh ar bhonn matamaiticiúil le cloig agus le huimhreacha: tosaíonn formhór na bpáistí ar a fhoghlaim conas am a léamh agus conas dátaí a thaifeadadh ag deireadh rang 2. Os a choinne sin bíonn deacracht ag roinnt páistí a bhíonn aon bhliain déag nó dhá bhliain déag d'aois taifeadadh ama a cheangal le himeacht ama.

Ach thaispeáin taighde agus taithí phraiticiúil le páistí gur féidir cur le tuiscint páistí -- a bhíonn chomh hóg le ceithre nó cúig bliana d'aois -- ar am, ach obair staire a roghnaítear go cúramach a chur ina láthair. Ní gá go dtiocfadh tuiscint ar an am uaithi féin, ach is féidir í a mhúineadh.

Ní hé atá á mholadh sa churaclam seo go gcuirfí an ghnáthstair (den chineál a mhúintí go traidisiúnta sna meánranganna nó sna ranganna sinsearacha) i láthair naíonán nó ranganna sóisearacha. Is é atá á mholadh ná gur féidir cur go mór le forbairt thuiscint an pháiste ar am ach leas a bhaint as gnéithe den deachleachtas atá ann cheana féin i ranganna naíonán.

Trí iniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí ina saol féin -- a mbreith, gnéithe dá saol nuair a bhí siad ina leanaí, na bréagáin a bhí acu nuair a bhí siad níos óige, a gcéad lá ar scoil -- agus trí éisteacht le scéalta agus iad a phlé, is féidir le páistí dhá chéim bhunúsacha a thógáil i dtreo tuiscint ar am a fhorbairt:

  • tús a chur le seicheamh a aithint i measc imeachtaí, mar shampla gur fhoghlaim siad lámhacán i dtosach, ansin siúl, ansin rith, agus níos déanaí fós rothaíocht. Is í an tuiscint seo ar sheicheamh bunús na feasachta ar chróineolaíocht agus tá sé riachtanach don tuiscint stairiúil
  • tosú ar thuiscint a chothú d'amanna eile a bhí difriúil lena linn féin -- a thuiscint nach raibh rudaí i gcónaí mar atá siad anois.

Is féidir tuiscint páistí ar am agus ar chróineolaíocht a fhorbairt ón mbonn tábhachtach tosaigh sin. I ranganna 1 agus 2, is féidir seichimh atá beagáinín níos faide agus níos casta a aithint agus a phlé. Chuige sin is féidir leas a bhaint as gnéithe den stair phearsanta, de stair na muintire, nó den stair áitiúil, as scéalta a mbaineann páistí den aois sin oiread sin taitnimh astu, agus as patrúin shéasúracha agus bhliantúla. Is féidir earraí, grianghraif agus pictiúir a leagan amach chun na seichimh ama seo a thaifeadadh. Is féidir iad a phlé ansin i dtéarmaí ar nós 'roimhe sin', 'ina dhiaidh', 'ansin', 'an chéad rud eile'. D'fhéadfadh sé gur aon mheall amháin an t-am atá thart i gcónaí, ach ba cheart páistí a spreagadh le hiniúchadh cén chaoi a bhfuil saol na ndaoine atá thart orthu, chomh maith leis na rudaí agus na háiteanna a fheiceann siad gach lá, tar éis athrú. Ar an mbealach sin féadfaidh siad an difir idir an t-am atá thart, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht a aithint.

Stair

Cuireann sé go mór le forbairt na tuisceana cróineolaíche earraí agus pictiúir a chur i seicheamh agus leas a bhaint as línte ama. Ba cheart iad a úsáid ag gach leibhéal sa bhunscoil.
Barr: Is féidir le naíonáin pictiúir a chur in ord chun imeachtaí scéil a thaifeadadh. Cuireann na pictiúir seo deiseanna iontacha ar fáil chun friotail shimplí ama a chur i láthair agus a chur á n-úsáid: 'roimhe', 'ina dhiaidh', 'ansin' srl. Ina dhiaidh sin is féidir na pictiúir a chur ar taispeáint mar a bheidís ar 'líne éadaí'.
Lár: Líne ama thríthoiseach a thaifeadann stair an pháiste féin. Féadfar grianghraif, líníochtaí, bréagáin a úsáideadh ag aoiseanna faoi leith, baill éadaigh, cártaí lá breithe,agus aon fhianaise eile ar fhorbairt an pháiste a chur in ord. Arís, cuireann na línte seo deiseanna iontacha ar fáil chun friotail ama a fhorbairt chomh maith le tuiscint an pháiste ar an am atá thart ina s(h)aol féin.
Bun: Ba cheart gur bhuanphointe tagartha í líne ama an ranga, a úsáidtear de réir mar a chríochnaítear obair ar stair áitiúil, náisiúnta, nó idirnáisiúnta. Ba cheart rudaí a chur ar an líne nuair a thosaítear ag obair ar gach tréimhse ionas go mbeidh an líne ag forbairt de réir a chéile go dtí go gcríochnaítear an obair ag deireadh na bliana. Tríd an bplé, ba cheart aird an pháiste a dhíriú ar ar tháinig roimh an tréimhse a bhfuil staidéar á dhéanamh uirthi agus ar tháinig ina diaidh. Dar le múinteoirí áirithe, tá sé úsáideach aon líne fhada amháin a úsáid chun an tréimhse ón gClochaois go dtí an lá inniu a léiriú agus líne eile ar bhalla eile ar chuid den líne mhór í, mar shampla ó 1 AD go dtí an lá inniu, nó ó 1000 AD go dtí an lá inniu, nó ón ochtú haois déag go dtí an fichiú haois.

Nuair a shroichfidh na páistí ranganna 3 agus 4, beidh siad ag dul i ngleic le raon níos leithne staidéar áitiúil agus beidh siad ag tosú ar thréimhsí níos faide agus ar thréimhsí níos faide siar san am atá thart a iniúchadh. Cuireann na topaicí seo ar fad deiseanna ar fáil le seicheamh a thaifeadadh. Ní hamháin sin ach má dhéantar tagairt go minic d'ionad coibhneasta na n-imeachtaí staire sin ar na línte ama cuí, cabhróidh sé leis an bpáiste daoine aonair, teaghlaigh, pobail agus imeachtaí a shuíomh i sruth leathan an ama atá thart.

Féadfaidh feasacht ar chróineolaíocht agus idirdhealú ama atá thart éirí níos grinne i ranganna 5 agus 6. Féadfar an obair seo a chomhlánú trí leas a bhaint as cumas forásach na bpáistí sa mhatamaitic ionas go mbeidh ar a gcumas daoine, earraí agus imeachtaí a shuíomh i seicheamh leathan stairiúil. De réir a chéile, aithneoidh na páistí gnéithe sainiúla den saol mar a bhí sé le linn tréimhsí áirithe agus tosóidh siad ag úsáid frásaí mar 'an Chlochaois', 'an Iarannaois', 'Tréimhse na Normannach'. Feicfear dátaí tábhachtacha ag teacht chun cinn go nádúrtha i gcomhthéacs cuid den staidéar seo -- 1169, 1690, 1916, chomh maith le dátaí a bhfuil tábhacht leo go pearsanta, nó ó thaobh na muintire nó an cheantair de, mar shampla -- agus ba cheart iad sin a thaifeadadh. Ach ní chothaítear feasacht ar chróineolaíocht trí liostaí dátaí a chur de ghlanmheabhair.

An ceart dúinn cur chuige cróineolaíoch a úsáid?

Ní mholtar sa churaclam go múinfí topaicí staire ar bhonn docht cróineolaíoch, mar:

  • is mó go mór an tuiscint a bhíonn ag an bpáiste óg don am atá thart nuair a bhíonn baint aige lena t(h)aithí féin agus le taithí na ndaoine a bhfuil aithne aige/aici orthu
  • má chloítear go docht le staidéar cróineolaíoch ón gClochaois go dtí an lá atá inniu ann, ní haon deimhniú é sin go sealbhódh na páistí tuiscint ar na tréimhsí éagsúla staire a bhíonn i gceist
  • féadfaidh cur chuige cróineolaíoch deacrachtaí doréitithe pleanála a chruthú ní hamháin i gcásanna ilrangacha ach, níos tábhachtaí fós, nuair a theastaíonn ó scoileanna curaclaim a eagrú ar bhonn topaicí agus nuair a bhíonn siad ag iarraidh an leas is mó is féidir a bhaint as gnéithe áitiúla. Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith le scoil atá gar do chaisleán mór Normannach é sin a úsáid mar bhonn do ghrinnstaidéar i rang 6. Ní fhéadfaí sin a dhéanamh dá leanfaí cur chuige cróineolaíoch go dlúth, agus chaillfí deis luachmhar.

Moltar sa churaclam

  • go dtosódh obair an pháiste sa stair leis an am atá thart ina s(h)aol féin, i saol a m(h)uintire nó a t(h)eaghlaigh agus i saol an phobail a bhfuil cónaí air/uirthi ann
  • go ndéanfadh na páistí, go háirithe ó rang 3 ar aghaidh, staidéar arghnéithe den luathstair, den mheánstair agus de stair ár linne féin gach bliain
  • go mbainfí úsáid as línte simplí ama i gcónaí, de réir mar a fheileann, chun cabhrú le páistí na himeachtaí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu a shuíomh i leith a chéile agus chun cabhrú leo ceangail thábhachtacha a dhéanamh idir tréimhse atá faoi staidéar agus tréimhsí a chuaigh roimpi agus a tháinig ina diaidh
  • gur féidir go mbeadh staidéar ar roinnt topaicí ar bhonn cróineolaíoch inmholta, mar shampla iad sin a dhéantar thar thréimhse roinnt seachtainí nó téarma.

Athrú agus leanúnachas

Saintréith bhunúsach de staid an duine an t-athrú, agus sin fáth bunúsach amháin a bhfuil spéis againn san am atá thart. Ní féidir an coincheap atá ag páistí den am atá
thart a fhorbairt go dtí go n-aithníonn siad go n-athraíonn rudaí agus nach mbíodh rudaí i gcónaí mar atá siad anois.

Féadfaidh páistí i ranganna 1 agus 2 teacht ar thuiscint don athrú sa saol atá ina dtimpeall trí iniúchadh a dhéanamh ar a bhfás agus ar a bhforbairt féin, ar na hathruithe is féidir a fheiceáil sa gharthimpeallacht, agus ar eispéireas a dtuismitheoirí agus gaolta eile atá níos sine ná iad féin. Agus rud atá chomh tábhachtach céanna, má dhéantar an t-am atá thart a iniúchadh ar an gcaoi a mholtar tabharfaidh an páiste faoi deara go bhfuil rudaí ann a d'fhan mar a bhí siad: beidh athrú ar na daoine i ngrianghraf ranga atá ag tuismitheoir ón mbliain 1970, ach b'fhéidir go n-aithneoidh na daltaí ó fhoirgneamh na scoile sa chúlra gurb í an scoil chéanna í atá ann inniu.

De réir mar a dhéanann na páistí is sine iniúchadh ar raon níos leithne topaicí agus tréimhsí san am atá thart, ba cheart comparáid a dhéanamh i gcónaí idir an saol fadó agus an saol sa lá atá inniu ann. Faoin am a mbíonn siad sna ranganna sinsearacha beidh na páistí in ann tréimhsí éagsúla san am atá thart a chur i gcomparáid. De réir a chéile, beidh na páistí ag faire amach do thionchar an athraithe agus ba chóir gur mhór acu gnéithe den am atá thart a tháinig slán go dtí an lá atá inniu ann: cloch mhíle ón ochtú haois déag, teorainneacha páirce, balla eastáit, crainn a cuireadh os cionn céad bliain ó shin, boscaí poist de chuid aimsir an Rí Éadbhard agus troscán eile sráide. Tuiscint air sin agus ar an tionchar is féidir a bheith ag an athrú atá ag teastáil chun meas páistí ar an timpeallacht mar aon lena mothú freagrachta ina leith a fhorbairt.

Cúis agus iarmhairt

Cuid bhunúsach den stair é na cúiseanna le hathrú a dhéanamh amach, chomh maith leis na tosca a chuir bac air nó a thug é chun cinn a aithint. Chun sin a dhéanamh ní mór a bheith in ann seasamh siar ó na himeachtaí a bhíonn i gceist, tarraingt ar fhoinsí éagsúla agus breithiúnas a dhéanamh faoi na rudaí a spreagann daoine.

Cúiseanna agus tionchar an athraithe: brú tráchta, b’fhéidir, a spreag tógáil seach-chonair nua sa cheantar agus b’fhéidir gur bogadh an stáisiún peitril ón tsráid sa bhaile mór go dtí an bóthar nua dá bharr sin, rud ba chúis le seomraí ranga na scoile a bheith níos ciúine.I gcomhthéacsanna staire atá réasúnta simplí, beidh páistí i ranganna 3 agus 4 in ann athrú a aithint, roinnt de na cúiseanna a bhí le heachtra a phlé agus tuairim a thabhairt faoin tionchar a bhí aici ar dhaoine ag an am. Samplaí maithe de staidéar samplach is ea athruithe i mbóithre agus sa sreabhadh tráchta.

B'fhéidir go mbeadh claonadh i bpáistí breathnú ar imeachtaí san am atá thart i dtéarmaí simplí cúise agus iarmhairte. Tharla go rómhinic gur chothaigh cuntais a thugamar do pháistí tuiscint róshimplí ar nádúr agus ar thionchar imeachtaí fadó. Is minic a bhíonn go leor cúiseanna le himeachtaí, is minic a bhíonn siad ar siúl thar thréimse fhada ama (seachas aon ócáid faoi leith a bheith ann) agus is minic a bhíonn iarmhairtí éagsúla orthu, cuid acu nach bhféadfaí a thuar. Rud casta é an leibhéal seo smaointeoireachta faoi chúrsaí staire, ach trí phlé agus trí dhíospóireacht ranga is féidir cur go mór le caolchúis thuisceana na bpáistí. Chabhródh ficsean maith staire leis an bpróiseas, agus thabharfadh sé deis do pháistí na cúiseanna éagsúla atá taobh thiar de ghníomhartha daoine a iniúchadh.

Fianaise a úsáid

Trí fhianaise a láimhseáil agus a scrúdú, féadfaidh an páiste teagmháil leis an am atá thart. Cuireann sin le forbairt scileanna tábhachtacha anailíse.Cuirimid eolas ar an am atá thart trí cheisteanna a chur agus trí thátail a bhaint as an bhfianaise a bhíonn againn ar imeachtaí daonna. Is é atá san fhianaise gach rud a tháinig slán den am atá thart, mar shampla earraí, foinsí pictiúrtha (líníochtaí, snoíodóireacht, péinteálacha, grianghraif, scannáin, físeáin), léirscáileanna, foirgnimh, inscríbhinní, cáipéisí, sonraí leictreonacha, leabhair, cuntais bhéil, agus an tírdhreach atá athraithe agus athmhúnlaithe ag daoine. D'ainneoin raon maith fianaise a bheith againn, is beag foinse atáiomlán agus i gcásanna áirithe ní fios a mbunús ná a stádas. Mar sin, caithfidh staraithe mínithe a thabhairt agus tátail a bhaint as an bhfianaise a bhíonn ar fáil.

Roinntear fianaise ina dhá cuid: foinsí príomha (iad sin a cruthaíodh ag an am lena mbaineann siad, mar shampla litreacha comhaimseartha, foirgnimh, grianghraif, nuachtáin) agus foinsí tánaisteacha (iad sin a cuireadh ar fáil tamall i ndiaidh na tréimshe lena mbaineann siad, mar shampla cuntas ar an saol i seascaidí an chéid seo a scríobhadh sna hochtóidí). Léirmhínithe stairiúla ar am atá thart atá i bhfoinsí tánaisteacha. Den chuid is mó, ba cheart an scrúdú a dhéanann páistí bunscoile ar fhianaise a bhunú ar fhianaise phríomha, mar nach mbeidh an cumas chun smaointeoireachta teibí acu is gá le dhá léirmhíniú thánaisteacha a chur i gcomparáid le chéile agus léirmheas a dhéanamh orthu.

Sa churaclam staire féachtar lena chinntiú go mbeidh roinnt taithí ag páistí ar fhianaise stairiúil a úsáid ar bhealaí atá simplí agus bailíoch: díreach mar a chuirtear modhanna imscrúdaithe eolaíocha i láthair na bpáistí sa churaclam eolaíochta, ba cheart go bhfoghlaimeoidís conas fianaise a láimhseáil agus a phlé ar bhealach atá ag teacht le modhanna an staraí.

Trí fhianaise a láimhseáil agus a scrúdú, féadfaidh an páiste teagmháil leis an am atá thart. Cuireann sin le forbairt scileanna tábhachtacha anailíse.Ba cheart go rachadh páistí i ngleic le raon leathan fianaise ag gach leibhéal de churaclam na bunscoile. Bíodh is gur dócha gur fearr fianaise fhaisnéiseach agus foinsí clóbhuailte a fhágáil go dtí an dá bhliain dheireanacha den bhunscolaíocht, toisc deacrachtaí maidir le hiad a léamh, ba cheart deiseanna a aimsiú le fianaise shimplí a úsáid i ngach rang. I gcás ranganna naíonán agus ranganna 1 agus 2 ba cheart an bhéim a leagan ar fhorbairt fheasacht na bpáistí ar an raon leathan fianaise atá ar fáil. Ba cheart na páistí is sine a spreagadh le ceisteanna a chur a bheidh ag éirí níos grinne de réir a chéile, faoi fhoinsí, faoin mbunús atá leo, faoina n-insíonn siad dúinn faoin am atá thart, faoin gcaoi a bhféadfaidís léargas claonta ar an am atá thart a thabhairt dúinn agus faoin mbaint a bheadh acu le píosaí eile fianaise faoin tréimshe a bhíonn i gceist. Ba cheart gurbh é an aidhm ní hamháin taithí a thabhairt do pháistí ar an bpróiseas trína mbaintear tátail as fianaise ach iad a thabhairt chuig an tuiscint go bhfuil cuntais ar an am atá thart bunaithe ar léirmhínithe agus go mb'fhéidir go mba ghá iad sin a athrú dá dtagadh níos mó fianaise chun solais.

Sintéisiú agus cur in iúl

Trí athchruthuithe samhlaíocha ar an am atá thart a fhorbairt agus a chur in iúl trí mheáin éagsúla, is féidir ceisteanna tábhachtacha faoin am atá thart a ardú agus a shoiléiriú: Cén sórt dín a thóg na manaigh ar an séipéal? An ndearna siad na cealla as adhmad nó as cloch?Gné riachtanach den stair is ea an t-am atá thart a athchruthú ar bhonn na samhlaíochta agus an léirmhíniú sin a chur in iúl do dhaoine eile. Ciallaíonn sé sin cuntas a chur le chéile nó a shintéisiú ó roinnt foinsí, ag baint úsáide as an tsamhlaíocht le himeachtaí a tharla fadó a athchruthú, agus torthaí na hoibre a chur in iúl do dhaoine eile.

Ba cheart deiseanna a thabhairt do na páistí oiread teicníochtaí agus meán agus is féidir a úsáid chun a gcuid fionachtana staire a thaifeadadh agus a chur in iúl. Ar an gcaoi sin, is féidir iad a spreagadh le húsáid a bhaint as na píosaí eolais agus as na léirmhínithe éagsúla a bhíonn cnuasaithe acu le gné den am atá thart a athchruthú go samhlaíoch. Go minic, faoi mar a tharlaíonn i gcás mionsamhail de chaisleán a thógáil nó ócáid stairiúil a léiriú trí rólghlacadh, spreagfar tuilleadh ceisteanna i rith an phróisis athchruthaithe. Ar an gcaoi sin, beidh cur in iúl an eolais stairiúil agus a léirmhíniú i mbealaí éagsúla (i mbealaí neamhscríofa, ach go háirithe) ina spreagthaigh bhreise le tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh agus cuirfear bealach ar fáil don mhúinteoir leis an leibhéal tuisceana atá bainte amach a mheas.

Is féidir go dtugann an tarraingteacht agus cuma na buaine a bhíonn ar na hathchruthuithe den am atá thart a bhíonn le fáil i leabhair, i bpictiúir agus go háirithe i mionsamhlacha, i scannáin agus ar fhíseáin breis údaráis dóibh. Tá go leor de na hathchruthuithe in iarsmalanna agus in lárionaid léirithe bunaithe ar thaighde eolach staire agus is féidir leo cur go mór lenár dtuiscint ar an am atá thart. Ach tharlódh go meallfaí idir pháistí agus dhaoine fásta le ceapadh nach féidir dul thar na léirmhínithe sin. Ar an gcaoi chéanna is a chuir na seanchaithe fadó a raibh le rá acu in oiriúint dá lucht éisteachta, cuireann údair, ealaíontóirí, aisteoirí agus coimeádaithe an lae inniu a gcuntaisin oiriúint dúinne. Tuigfidh páistí é sin má fhaigheann siad féin taithí ar an éagsúlacht seo sa chur i láthair agus má bhaineann siad féin leas as raon leathan de na teicníochtaí seo lena dtuiscint a chur in iúl do dhaoine agus do ghrúpaí eile.

Teanga agus cur in iúl sa stair

Léiríonn sé dlúthcheangal a bheith idir teanga agus stair go n-áireofaí 'cur in iúl' mar scil staire. Braitheann éisteacht le hinsintí, iad a athinsint agus a phlé ar scileanna teanga an pháiste agus cuireann siad leo. Ba cheart cuimhneamh freisin go bhfuil nósanna teanga dá cuid féin ag an stair. Cuirfear téarmaí a bhaineann le cróineolaíocht (focail mar 'fadó', 'céad', 'aois', 'tréimhse', 'ré') i láthair na bpáistí agus b'fhéidir go mbeadh a dtuiscint ar fhocail choitianta (m.sh. 'rí', 'caisleán', 'teach', srl.) an-éagsúil ón mbrí a bhíonn leo i gcomhthéacsanna stairiúla.

Ionbhá

Ciallaíonn ionbhá cumas a bheith ag duine an chaoi ar bhreathnaigh rudaí a tharla fadó do na daoine a bhí beo ag an am a thuiscint. Coincheap teibí casta é ach tá sé tábhachtach má táimid le meastóireacht chothrom a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí daoine san am atá thart. Tá sé ró-éasca dúinn pearsana staire a mheas de réir luachanna an lae inniu: cheapfadh léitheoir an lae inniu go bhfuil cuma uasal le híseal ar ábhar cuid de na ceachtanna léitheoireachta a leagadh síos do pháistí sna scoileanna náisiúnta in Éirinn sa naoú haois déag, ach ní raibh ann ach go raibh gnásanna cliarlathacha shochaí thríochaidí an chéid sin á léiriú sna ceachtanna.

Cabhraíonn scéalta faoi dhaoine fadó go mór le páistí a chur ag iniúchadh smaointe agus mothúchán daoine eile, go háirithe scéalta nach mbíonn, go minic, ach roinnt bheag príomhphearsana i gceist iontu. Teacht dheireadh a dtréimhse sna ranganna sóisearacha, ba cheart go mbeadh ceisteanna agus tuairimí á bplé ag na páistí faoin gcaoi ar mhothaigh pearsana i staid faoi leith. De réir mar a fhásann taithí phearsanta na bpáistí agus de réir mar a mhéadaíonn a n-eolas ar ghníomhartha daoine san am atá thart, ba cheart go mbeidís in ann tuairimí a chaitheamh faoi thuairimí daoine fadó, faoi na rudaí ar chreid siad iontu agus a spreag iad. Beidh gá i gcónaí le ficsean maith staire sa phróiseas seo. Ag an am céanna, ach páirt a ghlacadh aige in athchruthaithe stairiúla mar a rianaíodh thuas, beidh tuiscint ionbhách an pháiste ag forbairt.

back

Snáitheanna an churaclaim staire

An t-ábhar a chur i láthair

Rianaítear na topaicí agus na tréimhsí staire atá le hiniúchadh ag an bpáiste i snáitheanna an churaclaim. Trí staidéar a dhéanamh ar an mbonn eolais atá i gceist leis na topaicí seo, forbrófar na scileanna agus an dearcadh a bhfuil cur síos orthu in Ag obair mar staraí.

Cén leagan amach atá ar na snáitheanna?

Roghnaíodh na snáitheanna chun a chinntiú go bhfaigheadh na páistí taithí ar chlár staire atá leathan agus cothrom. Freagraíonn na snáitheanna do thréimhsí móra staire (m.sh. Pobail agus sochaithe ársa agus Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart), do ghnéithe tábhachtacha d'fhiosrú na staire (mar shampla Staidéir áitiúla agus Scéalaíocht), nó do chur chuige faoi leith (mar shampla Leanúnachas agus athrú thar thréimhse ama, a chothaíonn staidéir ar raoin fhorbartha).

Leagadh an t-ábhar sna snáitheanna amach sa chaoi is go mbeadh oiread saoirse agus is féidir ag múinteoirí agus ag scoileanna agus iad ag pleanáil an OSIE agus na staire. Ní mholtar cur chuige cróineolaíoch le topaicí staire a mhúineadh sa churaclam. Cuireann na snáitheanna roghchlár ar fáil do na múinteoirí as ar féidir leis na scoileanna topaicí nó snáthaonaid a roghnú a fheileann do riachtanais na ndaltaí agus a fhreagraíonn don timpeallacht áitiúil agus d'éispéaras an phobail áitiúil san am atá thart.

 Ranganna naíonánRanganna 1 agus 2
Snáitheanna


  • Mise agus mo mhuintir
  • Scéalaíocht
  • Mise agus mo mhuintir
  • Athrú agus leanúnachas
  • Scéalaíocht
 Third and fourth classesFifth and sixth classes
Snáitheanna











  • Staidéir áitiúla
  • Scéalaíocht
  • Pobail agus sochaithe ársa


  • Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
  • Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
  • Staidéir áitiúla
  • Scéalaíocht
  • Pobail agus sochaithe ársa
  • Tréimhsí athraithe agus comhlinte
  • Polaitíocht, coimhlint, agus an tsochaí
  • Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
  • Leanúnachas agus athrú le himeacht ama

Méadaítear ar líon na snáitheanna, agus dá réir sin ar réimse an fhiosraithe stairiúil, de réir mar a théann an páiste in aois. Os a choinne sin, is bunphrionsabal de chuid an churaclaim é go ndéanfadh páistí staidéar ar raon de thréimhsí stairiúla i gcomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag gach leibhéal. Ba cheart cuimhneamh freisin nach bhfuil na snáitheanna deighilte go hiomlán óna chéile: mar chuid den snáithe Staidéir áitiúla d'fhéadfaí stair na tithíochta sa cheantar a rianadh, rud a bheadh an-oiriúnach mar staidéar ar raon forbartha sa snáithe Leanúnachas
agus athrú le himeacht ama; ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh obair ar na Ceiltigh a bheith bainteach le hábhar ó chomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ó na snáitheanna Staidéir áitiúla agus Saol,sochaí, obair, agus cultúr fadó.

Stair phearsanta agus stair áitiúil

Tá an snáithe seo le fáil ag gach leibhéal den chlár staire. Is trí iniúchadh gnéithe den stair phearsanta, de stair na muintire agus de stair an cheantair a fhaigheann an páiste na deiseanna tosaigh chun feasacht a fhorbairt ar an am atá thart agus ar an tionchar atá ag an am atá thart ar shaol daoine a bhfuil aithne aige nó aici orthu.

Ní bheidh i gceist le staidéir áitiúla, i gcás na naíonán, ach gnéithe den am atá thart i saol an pháiste féin nó i saol ghlúin a t(h)uismitheoirí: scéal Mise agus mo mhuintir.

Déanfaidh páistí i ranganna 1 agus 2 chomh maith céanna iniúchadh ar an= am atá thart ina saol féin agus i saol a muintire. De réir mar a mhéadóidh líon na n-áiteanna agus na ngnéithe sa timpeallacht ar a dtabharfaidh siad cuairt agus a iniúchfaidh siad mar chuid de chlár OSIE feicfidh siad raon forásach rudaí ar thoradh iad ar ghníomhartha a rinne daoine san am atá thart. Ní gá gur gnéithe ársa iad: aon rud a cuireadh ina áit roimh chuimhne an pháiste, tá sé sean dar leis/léi. Beidh athrú agus leanúnachas le sonrú ar chuid de na gnéithe seo. B'fhéidir go mbeadh cuimhne ag na páistí ar an uair a tógadh balla nua lasmuigh den scoil nuair a bhí siad i rang na naíonán, nó b'fhéidir gur cuimhin leoféin sceach á cur sa ghairdín. D'fhéadfaidís labhairt le seandaoine faoi ghnéithe den cheantar atá tar éis athrú nó atá tar éis fanacht mar an gcéanna. A thoradh sin ar fad go bhforbróidh na páistí tuiscint d'am a bhí éagsúil lena n-am féin agus tuiscint d'imeacht ama freisin, fiú i gcomhthéacs teoranta a saol féin.

Ba cheart do pháistí sna meánranganna agus sna ranganna sinsearacha dul i ngleic le staidéar áitiúil chomh maith. Níl pleanáil na staidéar seo éasca agus uaireanta d'fhéadfadh sé bheith deacair topaicí agus téamaí feiliúnacha a aimsiú. Is fusa go mór teacht ar acmhainní teagaisc le haghaidh topaicí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach caithfear staidéar áitiúil suntasach a bheith i gceist má tá aidhmeanna an chláir staire agus aidhmeanna níos leithne na gcuraclam OSIE agus Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS) le baint amach. Sa stair áitiúil, féadfaidh páistí scileanna taighde staire a shealbhú agus a chleachtadh gan mórán dua. Cuirfidh siad aithne ar an timpeallacht áitiúil agus foghlaimeoidh siad le meas a bheith acu ar na gnéithe den am atá thart a thugann féiniúlacht dóibh féin is dá gceantar.

Sa churaclam aibhsítear nach gá gur láithreacha, foirgnimh nó pearsana a bhfuil cáil nó tábhacht éigin ag baint leo a bheadh i gceist leis na staidéir áitiúla go ginearálta. Tá moltaí sa churaclam i gcomhair na meánranganna agus na ranganna sinsearacha (bíonn clocháin, láithreacha níos fairsinge, nó imeachtaí níos casta i gceist do na ranganna sinsearacha, de ghnáth). B'fhéidir go mbeadh sé úsáideach, i gcás roinnt scoileanna, go bpléifí le gné den stair áitiúil ar bhealach simplí i gcás na ranganna naíonán agus na ranganna sóisearacha agus go dtiocfaí ar ais chuig an topaic chun staidéir níos mine a dhéanamh uirthi sna meánranganna agus sna rangannasinsearacha. Is d'aon ghnó chun cabhrú le cur chuige bíseach den chineál sin atá na snáitheanna ag forluí ar a chéile.

Scéalaíocht

Tá an snáithe seo le fáil chomh maith ag gach leibhéal den chlár. Gan aon amhras, is cuid nádúrtha d'fhorbairt an pháiste é agus cuid bhunúsach den stair é éisteacht le scéalta, iad a insint agus a athinsint. Cabhraíonn sé freisin leis an bpáiste tuiscint a fháil ar sheicheamh -- rud atá riachtanach má tá an páiste le peirspictíocht staire a bheith aige/aici. Méadóidh raon na scéalta de réir mar a théann an páiste in aois agus pléifear iad ar bhealach níos doimhne. Tá sé tábhachtach go roghnófaí na topaicí chun an raon is leithne agus is féidir de thaithí agus d'iarrachtaí an duine a léiriú -- ní scéalta ceannairí polaitiúla agus reiligiúnda amháin ba chóir a bheith i gceist ach beathaí daoine a raibh slite éagsúla maireachtála acu agus abhaineann le raon leathan de ghrúpaí sóisialta, cultúrtha agus eitneacha.

Athrú agus leanúnachas

Feictear an snáithe seo den chéad uair ag leibhéal ranganna 1 agus 2 agus cuimsítear é ag gach leibhéal ina dhiaidh sin. Is é atá i gceist leis an staidéar seo scrúdú ar ghné theoranta amháin de thaithí an duine thar thréimhse fhada, mar shampla 'taisteal agus iompar i rith na n-aoiseanna', 'éadaí anuas trí na céadta', srl. Tugtar staidéar ar raon forbartha go minic ar an stáidéar seo agus is bealach sármhaith é le hiniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a dtarlaíonn athrú. Féadfaidh sé tabhairt ar pháistí a thuiscint go bhfanann riachtanais bhunúsacha an duine mar an gcéanna, ainneoin athruithe ollmhóra.

Pobail agus sochaithe ársa Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart

Tá na snáitheanna seo i bpáirt ag ranganna 3 agus 4 agus ag ranganna 5 agus 6. Tá cuid de na tréimhsí móra i bhforbairt shibhialtacht an duine agus staidéar ar shaol daoine in Éirinn ag amanna éagsúla san am atá thart ar an liosta snáithaonad. Leagtar béim sa staidéar seo ar ghnáthshaol laethúil daoine, ar a dtithe, a mbia, a dteicneolaíocht, a gcuid oibre, a gcultúr, a n-ealaín, agus a nósanna sóisialta. Prionsabal tábhachtach de chuid an churaclaim é go dtiocfadh páistí ar thuiscint chothrom ar an stair áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar an gcaoi ar chuir grúpaí eitneacha éagsúla le forbairt an duine. Ar an ábhar sin, moltar staidéar a dhéanamh ar dhaoine ó chomhthéacsanna lasmuigh den Eoraip i gcuid de na snáithaonaid.

Duine uasal Síneach agus a shearbhónta. Is cuid thábhachtach den churaclam staire í forbairt na sochaithe taobh amuigh den Eoraip.Is ionann, beagnach, teidil na n-aonad sna snáitheanna seo do na meánranganna agus do na ranganna sinsearacha. Ní hionann sin is a rá go ndéanfaidh na páistí an obair chéanna arís. Is le saoirse pleanála a thabhairt do na scoileanna atá sé amhlaidh. Is sna meánranganna amháin a mhúinfear cuid de na haonaid agus múinfear cuid eile acu sna ranganna sinsearacha. I gcásanna eile, féadfar filleadh sna ranganna sinsearacha ar aonaid a scrúdaíodh i ranganna 3 agus 4 ach iniúchadh níos doimhne a dhéanamh orthu. Sna haidhmeanna a bhaineann le hábhar staire agus san ábhar samplach sna heiseamláirí (i gcló iodálach) moltar obair níos casta agus níos deacra i gcomhair na ranganna sinsearacha: ar an gcéad leathanach eile cuirtear na snáthaonaid do na meánranganna agus do na ranganna sinsearacha i gcodarsnacht agus i gcomparáid le chéile.

This flexibility places an onus on teachers to plan a history programme that reflects the needs and organisation of their school and ensures that children will study elements from early, middle and modern periods and from local, national and international contexts.

Leagann an tsaoirse seo dualgas ar namúinteoirí clár staire a phleanáil a fhreagraíonn do riachtanais a scoile féin agus don chaoi a bhfuil sé eagraithe agus cinntíonn sé go ndéanfaidh páistí staidéar ar ghnéithe de chuid na dtréimhsí luatha, meánacha agus nua-aimseartha agus i gcomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta, agus idirnáisiúnta.

Snáithe: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart

Rogha as:


An saol in Éirinn le linn na Normannach
An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na Meánaoise
An saol san ochtú haois déag
An saol sa naoú haois déag
An saol le linn an Dara Cogadh Domhanda
An saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith

The child should be enabled to

  • eolas a chur ar ghnéithe de shaol na ndaoine sin
    áitribh na ndaoine
    éadaí
    feirmeoireacht, bia agus cócaireacht
    teicneolaíochtaí a d'fhorbair daoine agus a d'úsáid siad
    daoine ag obair
    uirlisí agus airm
    teanga, cultúr, ealaín agus ceol
    fóillíocht agus caitheamh aimsire
    scéalta faoi dhaoine faoi leith de chuid na tréimhse
  • fianaise ó na tréimhsí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bhféadfaí teacht uirthi go háitiúil
  • ionad daoine a chlárú ar línte ama.

Snáithe: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart

Rogha as:


An saol in Éirinn le linn naNormannach
An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na Meánaoise
An saol san ochtú haois déag
An saol sa naoú haois déag
Teanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh na naoú haoise déag agus ag tús na fichiú haoise
An saol le linn an Dara Cogadh
Domhanda
An saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú
haoise i leith


The child should be enabled to

  • eolas a chur ar ghnéithe de shaol na ndaoine sin
    áitribh na ndaoine, gréasáin lonnaíochtaí agus forbartha uirbí
    éadaí
    feirmeoireacht, bia agus cócaireacht
    teicneolaíochtaí a d'fhorbair daoine agus an tionchar a bhí acu ar shaol na ndaoine
    daoine ag obair
    teanga agus litríocht
    fóillíocht agus caitheamh aimsire
    creideamh agus gnásanna diaganta
    imirce agus eisimirce
    caidreamh grúpaí éagsúla lena chéile (m.sh. tiarna talún agus tionónta sa naoú haois déag)
    plé ar cheisteanna áirithe sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla nó reiligiúnda de chuid an ama (m.sh. faitíos roimh an bplá i mbailte móra na Meánaoise, na Péindlíthe, labhairt na Gaeilge a bheith á tréigean sa naoú haois déag, saol oibrithe i mbailte tionsclaíocha sa naoú haois déag) an chaoi ar chuir na daoine agus na himeachtaí sin le forbairt Éire na linne seo
  • fianaise a thugann eolas dúinn ar shaol na ndaoine sna tréimhsí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu, a smaointe, a n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi -- go háirithe fianaise a bhféadfaí teacht uirthi go háitiúil
  • ionad daoine agus imeachtaí a chlárú ar línte ama feiliúnacha.

Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
Polaitíocht, coimhlint agus sochaí

Tarlaíonn an dá shnáithe seo i gclár ranganna 5 agus 6 amháin, mar go bhfuil tuiscint áirithe ar choincheapa teibí i gceist leo a bheadh thar chumas páistí níos óige. Sa snáithe Tréimhsí athraithe agus coimhlinte, mar shampla, b'fhéidir go gcaithfeadh na páistí aghaidh a thabhairt ar choincheap an athraithe san ealaín, san eolaíocht agus sa chultúr i rith na hAthbheochana nó b'fhéidir go mbeadh orthu dul i ngleic le coincheapa na tionóntachta agus úinéireacht na talún in Éirinn sa naoú haois déag. Bíodh is go mbeidh tuiscint áirithe ar na coincheapa sin agus ar choincheapa eile ag teastáil, ba cheart go leagfaí an bhéim, mar atá soiléir ó na samplaí, ar an tionchar a bhí ag na smaointe nua seo ar shaol na ndaoine ag an am agus ar an tionchar fadtréimhseach a bhí ag na hathruithe a tháinig dá bharr.

Tá smaointe níos deacra fós i gceist le Polaitíocht, coimhlint, agus sochaí. Tuiscint éiginnte a bhíonn ag páistí ar theanga na polaitíochta agus ar na coincheapa a ghabhann léi. Os a choinne sin, caithfidh an stair freastal ar an ngá atá ag an bpáiste leis an sao ina maireann sé/sí a thuiscint, agus bheadh sé beagnach dodhéanta ag an bpáiste saol an lae inniu in Éirinn a thuiscint gan tuairim bhunúsach a bheith aige nó aici de thréimhsí tábhachtacha áirithe i stair na hÉireann. Ionradh na Normannach agus plandálacha na séú haoise déag agus na seachtú haoise déag ba chúis le lonnaitheoirí nua a theacht chuig an tír, ar an gcaoi chéanna le hionraí na Lochlannach, na gCeilteach agus daoine eile. Le gach gabháil nua chuir na hionraitheoirí le héagsúlacht shaibhir chultúr na hÉireann. Ach is
iad torthaí na gcoilínithe déanacha agus, níos tábhachtaí fós, na léirmhínithe a dhéanann daoine éagsúla orthu is cúis le cuid de na saincheisteanna as a n-eascraíonn coimhlint in Éirinn agus sa Bhreatain sa lá atá inniu ann.

Ar an gcaoi chéanna, is bunghné d'oideachas páistí uile go dtuigfidís bunús, dul chun cinn agus torthaí Éirí Amach 1916, bunú an stáit, agus stair Thuaisceart na hÉireann ó 1969 i leith. Ba cheart plé go han-chúramach leis na tréimhsí sin. Tá ábhair achrannacha i gceist leo, agus bíodh is go gcaithfear simpliú a dhéanamh orthu ar mhaithe leis an bpáiste ba cheart cúram a dhéanamh de nach bhfágtar é/í le tuiscint róshimplithe ar an am atá thart.

Ba cheart gurbh í príomhaidhm na gceachtanna cur ar chumas an pháiste dearcadh, creideamh, agus spreagadh grúpaí éagsúla daoine san am atá thart a iniúchadh, a phlé, a chur i gcomparáid le chéile agus a thuiscint, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le daoine sa lá atá inniu ann imeachtaí san am atá thart a léirmhíniú ar bhealaí atá an-difriúil lena chéile. Má thosaíonn páistí ag fáil tuisceana ar an tionchar atá ag na mínithe a dhéanann daoine ar an am atá thart, ar a ndearcadh agus ar a ngníomhartha sa lá atá inniu ann, beidh ceann de bhunchuspóirí na staire bainte amach agus beidh sí tar éis cur le réiteach a fháil ar roinnt mhaith de na cruacheisteanna atá ag an nglúin seo agus a bheidh ag na glúine atá le teacht.

back

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie