Primary Schools

Stair

Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta

Cuireann oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) deiseanna ar fáil don pháiste na diminsiúin nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha den imshaol áitiúil agus d’imshaoil níos fairsinge a iniúchadh a imscrúdú agus tuiscint orthu a shaothrú; raon leathan scileanna a fhoghlaim agus a chleachtadh; agus dearcadh oscailte criticiúil freagrach a ghnóthú. Cuireann OSIE ar chumas an pháiste maireachtáil mar bhall eolach cásmhar den phobal áitiúil agus de phobail níos fairsinge. 

Bíonn OSIE ar siúl laistigh dá lán achar den churaclam, agus saibhríonn sé iad uile. Ar an mbealach sin téann sé chun leasa go suntasach dá lán gnéithe d’fhorbairt an pháiste. Sa churaclam seo tá OSIE leagtha amach faoi thrí cheannteideal: stair, tíreolaíocht agus eolaíocht. Comhlíonann gach ceann de na réimsí seo ról leithleach a chuireann ar chumas an pháiste na himshaoil nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha ina gcónaíonn sé/sí a iniúchadh agus a thuiscint.

An curaclam OSIE

An téarma ‘imshaol’ a thuiscint

Tá tuiscint ar an téarma ‘imshaol’ mar chuid bhunúsach d’aon tuiscint ar an oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta. Sa churaclam seo úsáidtear an focal ‘imshaol’ chun an timpeallacht nó na dálaí seachtracha a n-idirghníomhaíonn an rud aonair (pé acu daonnaí nó orgánach beo eile) nó pobal leo a chur in iúl.

Is féidir imshaoil a roinnt in dhá ghrúpa leathana. Cumtar na himshaoil nádúrtha den chuid is mó de thoradh idirghníomhú ghnéithe agus phróisis fhisiceacha an domhain, a phlandaí agus a ainmhithe. Samplaí d’imshaoil nádúrtha is ea foraois bháistí thrópaiceach, móinteach nó cladach carraigeach.

In Éirinn tá an tírdhreach modhnaithe agus athruithe go mór ag gníomhaíocht dhaonna i gcaitheamh na mílte bliain. Imshaoil dhaonna a thugtar ar imshaoil a modhnaíodh sa tslí seo. Ceantair a ndeachaidh athrú orthu trí láithreacht daoine, ghníomhaíochtaí feirmeoireachta, thochailt mianach, sholáthar bóithre agus nasc cumarsáide eile agus thógáil foirgneamh, is samplaí iad go léir d’imshaoil dhaonna.

Déantúis daoine thar aon rud eile a bhíonn i roinnt imshaol daonna, amhail ceantair uirbeacha, agus imshaoil fhoirgnithe a thugtar orthu seo. Fásann imshaoil dhaonna eile de thoradh gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha, agus is daoine a chruthaíonn iad seo go hiomlán. De réir mar a bhíonn daoine ina gcónaí agus ag obair le chéile, tagann patrúin shóisialta, gaolmhaireacht, córais agus institiúidí chun cinn agus déantar eispéireas daonna, eolas, luachanna agus creidimh a chur in iúl, a fhorbairt agus a bhuanú trí raon gníomhaíochtaí cultúrtha. Gnéithe d’ imshaoil shóisialta is ea patrúin iompraíochta daonna, na hinstitiúidí sóisialta atá saothraithe ag daoine agus na córais pholaitíochta agus eacnamaíochta a úsáideann siad; gnéithe d’ imshaoil chultúrtha is ea gníomhaíochtaí ealaíonta, reiligiúnacha, eitneacha, eolaíocha, teicneolaíocha agus caithimh aimsire.

Iniúchadh agus imscrúdú

Saintréith bhunúsach den fhoghlaim a dhéantar in OSIE is ea an páiste a bheith páirteach in iniúchadh agus imscrúdú gníomhach na n-imshaol seo go léir.

Cuireann oideachas staire ar chumas páistí eachtraí tábhachtacha sa saol atá díreach caite acu féin, sa saol atá caite ag a dteaghlaigh agus ag pobail áitiúla agus eachtraí i startha daoine in Éirinn agus i gcodanna eile den domhan a imscrúdú agus a bhreathnú go criticiúil. Forbraíonn an stair tuiscint ar ghníomhartha, ar chreidimh agus ar inspreagadh daoine san am atá thart, agus tá sí fíor-riachtanach chun go mbeadh léirthuiscint eolach ag an duine ar an tsochaí chomhaimseartha agus ar imshaoil an lae inniu.

In oideachas tíreolaíoch iniúchann páistí gnéithe i dtimpeallachtaí nádúrtha agus daonna agus cuireann siad eolas orthu, go háirithe ar na gnéithe atá sa gharchomharsanacht. Imscrúdaíonn siad na próisis a chruthaíonn, a chothaíonn nó a athraíonn, idir ghnéithe fisiceacha an imshaoil agus idirghníomhú daoine lena chéile agus lena n-imshaoil sa chomharsanacht agus i gcomhthéacsanna níos fairsinge.

Treisíonn oideachas eolaíochta eolas agus tuiscint na bpáistí orthu féin agus ar an domhan ina maireann siad. Tugann sé ar na páistí bheith gníomhach i dtógáil a dtuisceana féin. Athraíonn an tuiscint seo de réir mar a thagann forbairt ar eispéireas na bpáistí. Cur chuige eolaíoch i leith imscrúduithe, cothaíonn sé forbairt scileanna, coincheap agus eolais—rudaí a bhfuil tábhacht leo agus trínar féidir le páistí dúile beo agus a n-imshaoil, ábhair, fórsaí, eachtraí agus fadhbanna coitianta a bhreathnú, a cheistiú, a imscrúdú, agus a thuiscint agus smaoineamh orthu go loighciúil. Is féidir an t-eolas agus na scileanna a ghnóthaítear a chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí deartha agus déanta, gníomhaíochtaí inar léir do na páistí an gá le gnéithe dá n-imshaoil a chruthú nó a mhodhnú.

Luachanna, dearcadh agus freagrachtaí

Baineann OSIE freisin le luachanna tábhachtacha agus dearcadh tábhachtach a bheith á gcothú. Cothaíonn sé léirthuiscint ar na comhghaolta atá idir na dúile beo uile agus a n-imshaoil agus gríosaíonn sé páistí chun bheith ina ngníomhaithe feidhmiúla agus imshaoil á gcaomhnú do na glúine atá le teacht. Trí mheán a n-imscrúduithe saothraíonn páistí léargas eolach criticiúil eolaíoch a aithníonn a thábhachtaí atá sé aird a bheith acu ar fhíorais, ar chruinneas agus ar réasún agus iad ag teacht ar bhreithiúnais. Féachann OSIE le léirthuiscint ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an oidhreacht stairiúil a ghiniúint agus cothaíonn sé atmaisféar don chomhionnanas agus don deis, ina mbíonn meas agus luach ar fhir agus ar mhná, ar ilghnéitheacht chultúrtha, ar mhionlaigh agus ar riachtanais speisialta. Cuirtear in aghaidh claontachta agus leithcheala agus cothaítear meas agus comhthuiscint.

Comhtháthú

I rith bhlianta na bunscolaíochta, soláthraíonn imshaoil an pháiste, go háirithe na cinn áitiúla, comhthéacsanna den scoth agus spreagthach áititheach do chomhtháthú na foghlama. Úsáidtear na ceannscríbhinní ábhar stair, tíreolaíocht agus eolaíocht chun cur i láthair an churaclaim a éascú, agus is cuid thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha agus intleachtúil an pháiste bheith feasach fúthu. Tugann gach ábhar dearcadh leithleach ar an domhan agus soláthraíonn sé raon sainiúil scileanna do pháistí. Ní ceart, áfach, go dtiocfadh roinnt seo na n-ábhar salach ar chur i bhfeidhm éifeachtach curaclaim chomhtháite. Beidh páirt thábhachtach le comhlíonadh ag modhanna dea-phleanáilte comhtháite laistigh de OSIE agus idir OSIE agus achair churaclaim eile araon, nuair a bhíonn an curaclam bunscoile á fheidhmiú ag gach leibhéal. Is féidir le topaicí dea-phleanáilte comhtháite comhthéacsanna a sholáthar inar féidir eolas agus scileanna a fhorbairt i raon achar. Is féidir a lán eilimintí de na curaclaim sa stair, san eolaíocht agus sa tíreolaíocht a iniúchadh ag an am céanna, agus cuideoidh go leor den obair a dhéanfar le teanga ó bhéal, litearthacht, uimhearthacht, feasacht aeistéitiúil, léiriú cruthaitheach agus scileanna cumarsáide a fhorbairt.

Tá roinnt gnéithe comhshnaidhmthe sa churaclam d’fhonn comhtháthú éifeachtach a éascú. I gcás páistí óga, is fearr tabhairt faoi OSIE ar bhealach iomlánaíoch toisc go luíonn sé seo leis an dearcadh neamhroinnte a bhíonn acu ar an domhan. Dá réir sin, tá riar maith athráite agus comhchosúlachtaí curtha isteach san ábhar teagaisc a mholtar i snáitheanna agus i snáithaonaid na dtrí ráiteas curaclaim do na ranganna naíonán agus do ranganna 1 agus 2. Gheofar tuilleadh moltaí mar gheall ar staidéir chomhtháite sna treoirlínte do mhúinteoirí a ghabhann leo seo.

De réir mar a théann páistí in aois aithníonn siad de réir a chéile go bhfuil bealaí nó modhanna difriúla ann chun breathnú ar an domhan agus chun eolas daonna a eagrú. Mar sin is féidir éagsúlacht a chothú sna straitéisí teagaisc agus cur chuige iomlánaíoch roinnt den chomhtháthú traschuraclaim agus fócas ábharlárnach a bheith iontu. Tagraítear do naisc thraschuraclaim agus do staidéir chomhtháite inúsáidte in ábhar na ráiteas curaclaim do ranganna 3 go dtí 6. Is mar mholtaí amháin ba chóir breathnú orthu sin: daoine agus a ngníomhaíochtaí, dúile beo eile, gnéithe, ábhair, eachtraí agus próisis atá le fáil in imshaoil áitiúla agus in imshaoil níos fairsinge, soláthraíonn siad sin a lán deiseanna eile cur chuige comhtháite a chleachtadh san fhoghlaim. Úsáideann cur chuige dá leithéid am teagaisc agus foghlama go héifeachtúil agus aithnítear ann go bhfuil forás sóisialta, mothúchánach, dearcaidh agus morálta an pháiste fite fuaite i ngnóthú eolais agus scileanna.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an oideachais shóisialta, imshaoil agus eolaíochta ná

  • a chur ar chumas an pháiste eolas, scileanna agus dearcadh a shealbhú i dtreo go saothrófar tuiscint eolach chriticiúil ar shaincheisteanna sóisialta, imshaoil agus eolaíochta
  • fiosracht agus samhlaíocht mar gheall ar imshaoil áitiúla agus cinn níos fairsinge a threisiú agus a spreagadh
  • a chur ar chumas an pháiste rólanna freagracha a ghlacadh mar dhuine aonair mar bhall de theaghlach agus mar bhall de phobail áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus dhomhanda
  • tuiscint agus cásmhaireacht a chothú i dtaca le comhspleáchas iomlán gach daonnaí, gach dúile beo agus an domhain ina maireann siad
  • aireachtáil a chothú sa pháiste go bhfuil sé/sí freagrach as cúram fadtéarmach an imshaoil maille le rún úsáid inbhuanaithe acmhainní an domhain a chur chun cinn trína stíl mhaireachtála phearsanta agus trí bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht chomhchoitianta mar gheall ar an imshaol
  • dearcadh daonnachtúil freagrach a chothú maille le léirthuiscint ar an domhan de réir creideamh agus luachanna.

Stair: tuiscint d'am

Is é atá sa stair ná léirmhíniú ar ghníomhaíochtaí daoine san am atá thart a gceaptar tábhacht a bheith leo, chomh maith leis an bpróiseas trína ndéantar iad a roghnú agus a imscrúdú agus trína ndéantar anailísiú ar na gníomhaíochtaí sin. Ní hé atá sa stair scéal an ama atá imithe ach an iarracht a dhéanaimid na gnéithe den am atá imithe a bhfuil spéis againn iontu a chur le chéile arís agus a léirmhíniú.

Tugann an stair eolas do pháistí ar rudaí a tharla do dhaoine san am atá thart ag leibhéal an teaghlaigh agus ag leibhéil áitiúla, náisiúnta, agus idirnáisiúnta. Tagann páistí, chomh maith, mar a fheileann dá n-aois, ar thuiscint d'am agus do chróineolaíocht, d'athrú agus do leanúnachas, do chúis agus d'iarmhairt. Sealbhaíonn siad scileanna a bhíonn feiliúnach dá leibhéil forbartha a chuireann ar a gcumas fianaise a léirmhíniú ar bhealach criticiúil.

Tagann ionbhá le daoine eile ó théamaí agus ó thopaicí staire mar aon le tuiscint níos doimhne ar imoibrithe sóisialta, polaitiúla, agus eacnamaíocha, san am atá thart agus sa lá atá inniu ann.

An curaclam staire

Nádúr na staire i gcuraclam páistelárnach

Tá tuiscint leathan chothrom ar an stair ag teastáil ón bpáiste má tá sé/sí le fás suas ina (h aosach muiníneach eolach criticiúil freagrach sa tsochaí. Freagraíonn oideachas cothrom dá leithéid sin do nádúr na staire féin: sa chéad áit, baineann sé le heolas agus le léirmhíniú saol daoine san am atá thart, agus sa dara háit, cuireann sé ar chumas páistí taithí éigin a fháil ar an gcaoi a dtéann staraithe i mbun a gcuid oibre.

Tríd an am atá thart a fhiosrú ar an gcaoi sin, is féidir le páistí eolas agus coincheapa a shealbhú agus san am céanna scileanna tábhachtacha agus dearcadh tábhachtach a fhorbairt atá feiliúnach dá leibhéil forbartha féin. Ar an gcaoi sin, féadfaidh an stair sa bhunscoil cur go mór, ar a bealach bunúsach sainiúil féin, le forbairt chomhchuí an pháiste mar chuid d'oideachas fíor-pháistelárnach.

Saol daoine san am atá thart

Baineann an stair leis an gcaoi a léirmhínímid idir gníomhartha daoine san am atá thart agus an chaoi ar fhreagair fir, mná agus páistí do na himeachtaí sin agus an chaoi ar mhair siad tríothu. Trí shaol daoine san am atá thart a iniúchadh, go háirithe cúiseanna agus iarmhairtí a gcuid gníomhartha, cuireann an páiste eolas ar mheon daoine, ar na cúiseanna a bhíonn acu le rudaí a dhéanamh, ar a gcreideamh agus ar a mothúcháin. Maidir le cúrsaí ó lá go lá, féadfaidh sé cabhrú leis an bpáiste tuiscint níos iomláine a fháil ar an saol ina maireann sé/sí -- an chaoi ar mhúnlaigh imeachtaí agus pearsantachtaí an teaghlach, an timpeallacht agus na himshaoil leathana ina bhfuil sé/sí ag maireachtáil.

Ní hiad na daoine agus na himeachtaí áirithe céanna a mheastar i gcónaí a bheith tábhachtach ó thaobh na staire de: athraíonn siad, ag brath ar an staraí, ar an tsochaí, ar an tréimhse. Ach is fearr a thuigfidh páistí bunscoile gníomhartha daoine san am atá díreach imithe ná gníomhartha daoine i dtréimhsí i bhfad siar. Is mó a aireoidh na páistí go mbaineann fiosrú na staire leo má bhíonn sé ag freastal ar an ngá atá acu an timpeallacht is gaire dóibh a iniúchadh agus a thuiscint. Ar na hábhair sin cuireann curaclam na staire an-bhéim go deo ar staidéar a dhéanamh ar stair phearsanta agus ar stair áitiúil i ngach rang sa bhunscoil.

San am céanna féachann an curaclam chuige go ndéanfar gnéithe éagsúla den stair a iniúchadh ar chaoi a thabharfaidh eolas don pháiste ar na daoine, na grúpaí, na himeachtaí, na cultúir, na creidimh agus na luachanna a raibh tionchar acu ar shaol daoine san am atá thart agus a mhúnlaigh an saol atá againn in Éirinn an lae inniu, san Eoraip agus ar fud an domhain mhóir.

Staidéir áitiúla

Déanann an curaclam seo cúram faoi leith de go ndéanfaidh páistí staidéar ar stair phearsanta agus ar stair áitiúil. Féadfaidh páiste a c(h)éad tuairimí de choincheap an ama a shealbhú trí phlé simplí ar a stair féin agus stair a t(h)eaghlaigh. Má fhiosraíonn páistí na rudaí a d'athraigh agus na rudaí nár athraigh ina saol féin, i saol a dteaghlach agus i saol a gcairde, ina mbailte, agus sna timpeallachtaí is gaire dóibh, tosaíonn siad ag teacht ar an tuiscint go raibh tréimhsí eile ann a bhí éagsúil lena gceann féin. Cuirtear lena dtuiscint stairiúil nuair a thugann siad cuairt ar fhoirgnimh agus ar ghnéithe coitianta sa timpeallacht agus nuair a imscrúdaíonn siad iad sin agus saol na ndaoine a mhair iontu. De réir mar a bhíonn na páistí ag iniúchadh an tsaoil ina maireann siad, á thuiscint agus ag forbairt a dtuisceana d'am, bíonn sé ag dul i bhfeidhm orthu go bhfuil baint dhíreach ag staidéar ar an am atá thart leo féin. Féachtar chuige sa churaclam go ndéanfar stair phearsanta, stair theaghlaigh agus stair áitiúil a iniúchadh ag gach leibhéal, agus moltar gníomhaíochtaí praiticiúla simplí trínar féidir na gnéithe seo den staidéar áitiúil a chur i gcrích.

An stair náisiúnta agus idirnáisiúnta

Ach aghaidh a thabhairt ar ghnéithe den stair náisiúnta agus idirnáisiúnta, tagann páistí ar thuiscint níos fearr ar a dtír féin agus ar an domhan mór. Ó am go chéile dhírigh an stair ar fhorbairtí polaitiúla agus ar bheathaí 'daoine cáiliúla', beathaí fear 'cáiliúil' ach go háirithe. Tá áit ag gnéithe áirithe den stair pholaitiúil in oideachas staire na bpáistí is sine sa bhunscoil, ach leagann an curaclam seo béim ar leith ar staidéar a dhéanamh ar ghnáthshaol na ndaoine sin a bhféadfaí 'gnáthdhaoine' a thabhairt orthu. Ba chóir go ndéanfadh páistí staidéar ar stair theaghlaigh agus stair shóisialta bhan, fhear agus pháistí san am atá thart mar aon lena gcuid gníomhaíochtaí teicniúla, eolaíocha, cultúrtha, ealaíonta agus siamsaíochta.

Ní féidir na staidéir seo a bheith uileghábhalach riamh, agus féachann an curaclam seo le saoirse a thabhairt do scoileanna agus do mhúinteoirí a bheith solúbtha chomh fada is a bhaineann le hábhar a roghnú, ach deimhin a dhéanamh de go gcuireann páistí eolas ar réimse leathan cothrom topaicí. Beidh sé tábhachtach, ach go háirithe, go mbeidh deiseanna ag na páistí fios a bheith acu faoi shaol daoine a raibh cúlraí sóisialta, cultúrtha, eitneacha agus creidimh dhifriúla acu in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain mhóir.

Ag obair mar staraí

Gné eile den stair atá bunúsach ná páirt a ghlacadh i bpróiseas an fhiosraithe stairiúil. Ar an ábhar sin, breathnaíonn an curaclam i ndiaidh raon forásach scileanna agus coincheapa staire a fhorbairt de réir mar a dhéanann na páistí staidéar ar shaol daoine san am atá thart. Baineann na scileanna agus na coincheapa seo le nádúr an fhiosraithe stairiúil agus déantar iad a rianú sna míreanna dar teideal Ag obair mar staraí.

Úsáideann an stair scileanna agus coincheapa a bhfuil baint acu le ham, seicheamh, agus cróineolaíocht. Níl ach tuiscint an-neamhiomlán ag páistí óga ar an gcoincheap ama a úsáideann daoine fásta le tréimhsí san am atá thart a mharcáil. Ach is féidir leo difríochtaí idir an saol anois agus an saol san am atá thart a thabhairt faoi deara agus ar an gcaoi sin tosú ar thuiscint d'am a fhorbairt. Sa churaclam moltar gníomhaíochtaí do naíonáin agus do ranganna sóisearacha trínar féidir tús a chur le forbairt thuiscint an pháiste d'am. Déantar sin trí ghnéithe den am atá díreach imithe a fhiosrú, ina gcás féin, i gcás a muintire, agus i gcás na háite ina bhfuil cónaí orthu.

Beidh tuiscint níos sofaisticiúla ag páistí don am atá thart de réir mar a éiríonn siad níos sine. Ar an gcaoi sin, beidh siad ag cur tús le coincheap an ama agus coincheap na cróineolaíochta a thuiscint agus a úsáid, samplaí d'athrú agus de leanúnachas a aithint agus de réir a chéile tuiscint do pheirspictíocht ó thaobh ama de a fhorbairt.

Braitheann an stair ar fad ar fhianaise. Ba chóir go gcuirfeadh an stair sa bhunscoil an páiste ag aimsiú réimse leathain foinsí a d'fhéadfadh a insint dúinn faoin am atá thart, agus iad a roghnú agus anailís a dhéanamh orthu. Ba chóir do pháistí níos sine teacht ar thuiscint do thábhacht fianaise den chineál sin, do na teorainneacha a bhaineann léi agus don ghá atá le déileáil léi go cothrom. Nuair a thuigfidh siad gur féidir bríonna éagsúla a bhaint as an bhfianaise ón am atá thart, tiocfaidh na páistí ar an tuiscint go mbíonn breithiúnais staire sealadach i gcónaí agus go mb'fhéidir go gcaithfí iad a athrú dá dtiocfadh fianaise nua chun cinn.

Bíonn níos mó ar bun ag staraithe seachas staidéar ar an am atá thart: úsáideann siad an fhianaise a bhíonn faighte acu leis an am atá thart a athchruthú, agus cuireann siad a n-insint nó a gcuntas féin ar fáil do dhaoine eile. Gnéithe bunúsacha den stair iad seo: cuntas a shintéisiú ó phíosaí éagsúla fianaise chun athchruthú samhlaíochta a dhéanamh den am atá thart agus é sin a chur in iúl do dhaoine eile. Féadann an páiste bunscoile páirt a ghlacadh sna gnéithe sin go héasca agus cuireann siad le forbairt scileanna níos leithne sna réimsí pearsanta sóisialta agus intleachtacha, ar bhealach an-tábhachtach.

Bíonn staidéar ar an am atá thart ag brath ar mhothú ionbhá: an cumas suímh a fheiceáil ó pheirspictíocht duine eile, agus cuidíonn an staidéar leis an gcumas sin a fhorbairt. Ciallaíonn sé sin foghlaim le tuiscint a fháil do, agus ar dhearcadh, luachanna, agus inspreagadh daoine eile chomh maith le tuiscint a fháil do, agus ar na comhthéacsanna stairiúla inar mhair siad. Tá mothú ionbhá riachtanach má tá an páiste lena d(h)earcadh féin agus dearcadh daoine eile a thabhairt faoi deara go criticiúil. Cuireann sé go mór le meas daoine ar a chéile a fhorbairt agus leis an nglacadh a bhíonn acu lena chéile.

Baineann an stair chomh maith le tionchar an ama atá thart ar shaol an lae inniu. Ba chóir go dtabharfadh an stair deis don pháiste an chaoi a raibh tionchar ag gníomhartha agus eispéiris daoine san am atá thart ar na glúine a tháinig ina dhiaidh sin a iniúchadh. Ach an timpeallacht atá thart ar na páistí a iniúchadh, tiocfaidh go leor samplaí chun solais den chaoi ar imir daoine san am atá thart tionchar ar ghnéithe de thimpeallacht ár linne féin, trí lonnaíocht, fheirmeoireacht agus thógáil, agus trí ghníomhaíochtaí eile. Ach ní bhaineann tionchar an ama atá thart leis an saol ábhartha fisiceach amháin. Féadfaidh an stair a léiriú mar ar mhúnlaigh eispéiris chultúrtha agus shóisialta go leor daoine éagsúla san am atá thart an mothú sainiúlachta atá againn -- ar leibhéal pearsanta, mar bhaill teaghlaigh agus mar bhaill de phobail náisiúnta agus eile. Thar aon ní eile, b'fhéidir, féadfaidh an stair cabhrú leis an bpáiste tús a chur le hiniúchadh ar an gcaoi a bhféadfadh an léirmhíniú a dhéanann daoine ar an am atá thart tionchar cumhachtach a bheith aige ar a ndearcadh, ar a gcreideamh agus ar a ngníomhartha sa lá atá inniu ann.

Stair agus an curaclam comhtháite

Stair agus réimsí eile laistigh den OSIE

San am céanna is a chuireann an stair le forbairt an pháiste ar a bealach sainiúil tábhachtach féin, comhlánaíonn sí forás fhoghlaim an pháiste sa tíreolaíocht agus san eolaíocht. Cuireann na trí cinn acu sin le hoideachas leathan an pháiste ó thaobh na sochaí agus an imshaoil de agus feicfear a rólanna comhlántacha in eagrú na foghlama. I rith na tréimhse bunscolaíochta ar fad, agus go háirithe sna blianta tosaigh, tarlóidh go leor d'fhoghlaim na staire, na tíreolaíochta agus na heolaíochta trí mheán na dtéamaí agus na dtopaicí comhtháite a úsáideann múinteoirí lena gcuid oibre a eagrú. Eascróidh cuid mhaith de na topaicí seo as an ngá a bheidh ag an bpáiste an timpeallacht atá thart air/uirthi féin agus thart ar an bpobal áitiúil a iniúchadh agus a thuiscint. Sa churaclam agus sna treorlínte a ghabhann leis déantar moltaí faoin gcaoi ar féidir dearcadh, scileanna agus coincheapa tábhachtacha stairiúla a fhorbairt de réir mar a dhéantar na topaicí a iniúchadh.

Teanga agus stair

Go bunúsach is trína húsáid go feidhmiúil a thagann forbairt ar chumas teanga agus is minic gur tríd an gcaint agus an scríobh a tharlaíonn an fhoghlaim is éifeachtaí. Ar an ábhar sin, is féidir le stair cur go mór le forbairt theanga an pháiste; braitheann fás a t(h)uisceana ar an stair agus sealbhú teanga aige/aici ar a chéile agus cuireann siad lena chéile. Ar fud an ráitis churaclaim agus ar fud na dtreoirlínte moltar deiseanna le haghaidh comhtháthaithe idir an stair agus ábhair léinn eile. Ach, i ngeall ar thionchar teanga a bheith chomh forleitheadach sin sa phróiseas teagaisc agus foghlama, ní bhactar le deiseanna le haghaidh comhtháthaithe idir stair agus teanga a rianú.

Is iomaí deis atá ann teanga agus tuiscint staire a fhorbairt céim ar chéim lena chéile. Is trí mheán teanga a thiocfaidh páistí ar chuid mhór den fhianaise faoin am atá thart; foinsí tábhachtacha iad cuntais bhéil agus scéalta ag gach leibhéal den churaclam staire, agus de réir mar a éiríonn páistí níos sine beidh siad ag scrúdú réimse níos leithne agus níos leithne fós d'fhoinsí scríofa. Chomh maith leis sin, úsáidfidh páistí an teanga labhartha agus an teanga scríofa le cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochta daoine san am atá thart, le hiad a phlé agus le hiad a léirmhíniú. De réir mar a rachaidh siad i dtaithí ar fhianaise béil agus ar fhianaise scríofa a scrúdú go criticiúil tuisceanach tiocfaidh páistí ar thuiscint níos grinne ar mhiondifríochtaí teanga agus ar na bríonna éagsúla a ghabhann leo.

Gné riachtanach d'obair an staraí is ea a m(h)íniú féin ar an am atá thart a chur in iúl do dhaoine eile, agus is ar an ábhar sin a cuireadh 'cur in iúl' san áireamh sa churaclam mar scil de chuid na staire. Moltar sa churaclam go n-úsáidfeadh páistí raon de mhodhanna éagsúla le haghaidh cur in iúl, agus cabhróidh go leor acu seo, mar shampla athinsint ó bhéal, drámaíocht, cuntais scríofa, leathanaigh ghréasáin ar an idirlíon agus feidhmeanna eile ríomhaireachta le forbairt scileanna sa teanga labhartha, sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. Sa chaoi sin, cuirfidh an stair deiseanna maithe ar fáil le teanga na bpáistí a shaibhriú agus a leathnú.

Tá teanga dá cuid féin ag an stair. Casfar téarmaí a bhaineann le cróineolaíocht (focail mar 'fadó', 'ré', 'tréimhse') ar na páistí agus tiocfaidh siad ar fhocail choitianta a mbeidh brí eile ar fad acu i gcomhthéacs staire (mar shampla 'riail', 'líne', 'scoil'). Mar sin nuair a bhíonn an curaclam staire á phleanáil agus á chur i bhfeidhm is ceart a mheabhrú i gcónaí gur cuid dhílis den phróiseas teagaisc agus foghlama í teanga.

Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide

Cuireann an stair go leor deiseanna ar fáil le scileanna a fhorbairt i réimse theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) agus moltar sa churaclam úsáid a bhaint as TEC chun tuiscint agus scileanna staire an pháiste a fhorbairt. Tá go leor clár ilmheánach ríomhaireachta ann a léiríonn foirgnimh, áiteanna agus ócáidí sa chuma ina raibh siad san am atá thart agus a thugann deis do pháistí gnéithe de shaol daoine i dtréimhsí éagsúla a eispéiriú. Cuireann meáin leictreonacha mar dhlúthdhioscaí agus an t-idirlíon ar chumas páistí raon mór d'fhoinsí ar scannán, d'fhoinsí i bpictiúir agus d'fhoinsí eile a rochtain, foinsí ar féidir iad a úsáid chun cur go mór le tuiscint na bpáistí ar an stair. Go deimhin, de réir mar a leathnóidh úsáid theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide beidh tábhacht eolais stóráilte mar fhoinse fhianaise phríomha ag fás agus ag fás, agus bainfear leas as mar chabhair do pháistí agus d'aosaigh chun tátail a bhaint faoin am atá thart.

Chomh maith leis sin cabhraíonn TEC le páistí a gcuid fionnachtana féin sa stair a chur i láthair: is féidir eolas a bhabhtáil le daoine eile agus beifear in ann cuntais scríofa, cluaschuntais agus cuntais físe a chruthú agus eagrú a dhéanamh orthu go héasca. Chomh maith leis sin féadfar cuntais pháistí faoin am atá thart a chur ar fáil go réidh do dhaoine eile sa scoil agus do dhaoine eile fós ar fud na hÉireann agus i gcéin.

Measúnú

Amhail mar is fíor sna réimsí eile den churaclam, is cuid dhílis de mhúineadh is d'fhoghlaim na staire an measúnú. Sa roinn faoi mheasúnú rianaítear mar is féidir raon teicníochtaí measúnaithe, idir theicníochtaí neamhfhoirmiúla agus theicníochtaí níos foirmiúla, a úsáid chun taithí foghlama an pháiste a shaibhriú agus chun eolas úsáideach a chur ar fáil do pháistí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an churaclaim staire ná

  • suim san am atá thart agus fiosracht faoi a fhorbairt
  • fios a bheith ag an bpáiste faoi shaol ban, fear agus páistí san am atá thart agus faoin gcaoi ar imir daoine agus imeachtaí tionchar ar a chéile
  • tuiscint ar choincheapa an athraithe agus an leanúnachais a fhorbairt
  • soláthar a dhéanamh do shealbhú na gcoincheap agus na scileanna a bhaineann le seicheamh, le ham agus le cróineolaíocht, de réir mar a oireann do staid fhorásach an pháiste
  • cur ar chumas an pháiste teacht ar réimse fianaise stairiúla agus í a úsáid go córasach agus go criticiúil
  • deiseanna a chur ar fáil don pháiste chun torthaí a c(h)uid fionnachtana sa stair maille lena léirmhíniú ar na torthaí sin a chur in iúl do dhaoine eile ar bhealaí éagsúla
  • íogaireacht a chothú i leith thionchar an chaomhnaithe agus an athraithe sa timpeallacht áitiúil agus i dtimpeallachtaí níos leithne ná sin
  • cabhrú leis an bpáiste tionchar an ama atá thart ar dhearcadh agus ar iompar daoine sa lá tá inniu ann a aithint agus a scrúdú
  • toilteanas a chothú chomh fada is a bhaineann le dearcadh agus luachanna pearsanta a iniúchadh mar aon le hoscailteacht don fhéidearthacht go bhféadfadh duine a leagan amach féin a athrú
  • an páiste a spreagadh lena aithint conas mar a d'fhéadfadh gníomhartha, imeachtaí agus ábhair an ama atá thart agus an lae inniu éirí tábhachtach ó thaobh na staire de
  • cur ar chumas an pháiste léirthuiscint chothrom a fháil ar an oidhreacht chultúrtha agus staire a thagann ón gcomhthéacs áitiúil, náisiúnta agus domhanda.

Cuspóirí leathana

Nuair a chuirtear na cumais atá ann/inti ó dhúchas agus tosca éagsúla a bhaineann leis/léi san áireamh, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam staire ar chumas an pháiste

  • staidéar a dhéanamh ar raon daoine agus imeachtaí san am atá thart chun tuiscint chothrom a fhorbairt ar stair theaghlaigh, stair áitiúil, stair náisiúnta agus stair dhomhanda
  • foghlaim faoi na daoine, na himeachtaí, na saincheisteanna agus na heispéiris chultúrtha a chuidigh leis an bpobal agus leis an timpeallacht áitiúil a mhúnlú
  • tuiscint ar an gcróineolaíocht a fhorbairt chun daoine, imeachtaí agus topaicí a ndearnadh staidéar orthu a shuíomh i seicheamh ginearálta staire
  • tuiscint éigin a shealbhú ar athrú agus ar leanúnachas, chomh maith le heolas ar dhálaí ba chúis le hathrú a thabhairt chun cinn nó a bhac, agus a thuiscint go bhféadfadh roinnt cúiseanna a bheith le himeachtaí agus roinnt torthaí a bheith orthu
  • réimse d'fhianaise staire a scrúdú agus a úsáid go córasach agus go criticiúil agus teacht ar léirthuiscint gur féidir fianaise a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla
  • samhlaíocht agus fianaise a úsáid chun gnéithe den am atá thart a athchruthú
  • tuiscint stairiúil a chur in iúl ar bhealaí éagsúla trí úsáid a bhaint as an bhfriotal feiliúnach agus teicníochtaí nó meáin eile
  • léirthuiscint a fhorbairt ar pheirspictíochtaí agus inspreagadh daoine san am atá thart agus glacadh leis gur cheart daoine agus imeachtaí a thuiscint ina gcomhthéacs stairiúil
  • a thuiscint go bhféadfadh dearcadh agus iompar daoine a bheith faoi thionchar na tuisceana atá acusan ar an am atá thart agus a gcuid eispéireas san am atá thart
  • glacadh le héagsúlacht tuairimí go caoinfhulangach measúil agus dearcadh oscailte ceisteach a shealbhú i leith creideamh, luachanna agus inspreagtha daoine eile
  • caoinfhulaingt i leith mionlach sa tsochaí a fhorbairt mar aon leis an tuiscint go bhfuil grúpaí éagsúla eitneacha, cultúrtha, reiligiúnda agus sóisialta tar éis cur le forás na hÉireann faoi mar atá sí anois ann
  • mothú sainiúlachta ar bhonn pearsanta, áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus níos leithne a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar stair agus oidhreacht chultúrtha an phobail áitiúil agus pobal eile
  • mothú freagrachta i leith chaomhnú na hoidhreachta a fhorbairt maille le fonn páirt a ghlacadh ann.

back

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie