| Forbairt scileanna agus coincheap | |
Ag obair mar staraí
| - Am agus cróineolaíocht
- Athrú agus leanúnachas
- Cúis agus iarmhairt
- Fianaise a úsáid
- Sintéisiú agus cur in iúl
- Ionbhá
|
| Snáitheanna | Snáithaonaid |
Staidéir áitiúla
| - Mo mhuintir
- Áitribh
- Mo scoil
- Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
- Féastaí agus féilte san am atá thart
- Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
- Mo cheantar trí na haoiseanna
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.
|
Scéalaíocht
| - Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart
- Miotais agus finscéalta
Ba chóir roinnt scéalta a iniúchadh gach bliain.
|
Pobail agus sochaithe ársa
| Staidéar a dhéanamh ar chuid acu seo: - Pobail na Clochaoise
- Pobail na Cré-umhaoise
- Sochaithe ársa Ghleann na Tígrise agus na hEofraite
- Na hÉigiptigh
- Na Gréagaigh
- Na Rómhánaigh
- Na Ceiltigh
- Éire Luath-Chríostaí
- Na Lochlannaigh agus ar chuid acu seo:
- Pobail Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas m.sh. na hAistéicigh
- Pobail na hÁise m.sh. Pobail Ghleann na hIondúise, na hImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSín
- Pobail na hAfraice m.sh. Pobail Bheinin
- Pobail Mheiriceá Thuaidh m.sh. Pobail Dhúchasacha Mheiriceá
- Pobail Astraláiseacha m.sh. na Maoraigh
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.
|
Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
| - An saol in Éirinn i rith thréimhse na Normannach
- An saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na Meánaoise
- An saol san ochtú haois déag
- An saol sa naoú haois déag
- An saol le linn an Dara Cogadh Domhanda
- An saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.
|
Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
| Ar na haonaid a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá: - Bia agus feirmeoireacht
- Éadaí
- Áitribh agus tithe
- Iompar
- Cumarsáid
- Siopaí agus aontaí
- Scoileanna agus oideachas
- Cúram na n-easlán
Ba chóir dhá shnáithaonad a roghnú as an snáithe seo gach bliain.
|