Primary Schools

Pleanáil

Struchtúr

Cuirtear ábhar an churaclaim staire do ranganna 1 agus 2 i láthair in dhá roinn:

  • roinn scileanna a bhfuil an teideal Ag obair mar staraí uirthi ina ndéantar cur síos ar na scileanna staire ba chóir do pháistí a fhorbairt de réir mar a bhuaileann siad le topaicí staire
  • roinn snáitheanna a rianaíonn na tréimhsí agus na topaicí staire a d'fhéadfaí a chuimsiú sa chlár staire. Tugtar snáithaonaid ar na topaicí taobh istigh de gach snáithe. Tugtar eiseamláirí agus moltaí tríd síos sna ranna faoin ábhar agus cló iodálach orthu.

Is é atá i gceist leis an ábhar a chur i láthair in dhá roinn mar seo ná
cabhrú le múinteoirí ina bpleanáil chun dearcadh agus scileanna
tábhachtacha a fhorbairt de réir mar a shealbhaíonn na páistí eolas agus
tuiscint ar thopaicí staire.

Snáitheanna do ranganna 1 agus 2

Níl ach trí shnáithe san ábhar staire do ranganna 1 agus 2:

  • Mise agus mo mhuintir, a spreagann an páiste lena a t(h)aithí féin san am atá thart agus taithí chiorcal níos leithne a mhuintire a iniúchadh
  • Athrú agus leanúnachas, a thugann ar an bpáiste rudaí ón am atá thart sa gharthimpeallacht a iniúchadh
  • Scéalaíocht, ina mbuailfidh an páiste le gnéithe de shaol daoine éagsúla ón am atá thart.

Raon peirspictíochtaí

I gcás na scéalta agus na ngníomhaíochtaí eile a roghnaíonn an scoil agus an múinteoir, ba chóir

  • go gcuirfidís saol ban, fear agus páistí as raon de chúlraí sóisialta, cultúrtha, eitneacha agus creidimh i láthair na bpáistí
  • go mbeadh staidéar i gceist leo ar réimse leathan de thaithí an duine (m.sh. réimsí eacnamaíocha, teicneolaíocha, eolaíocha, ealaíonta, sóisialta, cultúrtha, reiligiúnda, polaitiúla, srl.)
  • go dtiocfaidís as comhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.i

Stair áitiúil agus stair phearsanta

Leagtar béim ar leith ar fhiosrú na staire pearsanta agus stair na muintire ag an leibhéal seo. Cuireann an cineál seo gníomhaíochta ar chumas an pháiste gnéithe den am atá thart a iniúchadh go mion ina c(h)ás féin, i gcás a m(h)uintire, a p(h)obail agus na háite ina bhfuil cónaí air nó uirthi. Ar an gcaoi sin, baineann iniúchadh an ama atá thart go dlúth leis an bpáiste féin, agus cuirtear deiseanna tábhachtacha ar fáil chun réimse leathan fianaise a scrúdú.

Cuireann iniúchadh na staire pearsanta agus stair na muintire deiseanna an-mhaithe ar fáil chun tuiscint stairiúil a fhorbairt, ach níor mhór plé le gnéithe áirithe de na topaicí sin go fíorchúramach. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh gur mhaith le scoil staidéar ar mhuintir duine a bhfuil aithne ag na páistí air/uirthi a chur in áit na n-aonad ar stair a muintire féin.

Nascadh agus comhtháthú

D'fhéadfaí go leor den obair a mholtar sa churaclam a dhéanamh trí mheán na dtéamaí nó na dtopaicí comhtháite a úsáidtear go minic chun an fhoghlaim i ranganna 1 agus 2 a eagrú. Mar shampla, d'fhéadfaí na cuspóirí atá i gceist sna snáithaonaid 'Mise' agus 'Mo mhuintir' a bhaint amach nuair a bheadh na páistí ag iniúchadh na dtéamaí sin in OSPS nó san oideachas reiligiúnach. Ar an gcaoi chéanna, cuirfidh go leor de na scéalta a insítear sna ceachtanna teanga nó ag am scéalaíochta deiseanna ar fáil le scileanna simplí staire a fhorbairt, mar shampla plé a dhéanamh ar sheicheamh nó scéalta a athinsint ó bhéal nó iad a léiriú trí dhrámaíocht nó trí shaothar ealaíne. Féadfar teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid chomh maith chun scéalta a insint agus a thaifeadadh agus chun saol daoine san am atá thart a iniúchadh.

Taobh istigh de na ranna faoi ábhar, déantar moltaí sna nótaí atá faoi bhun na snáithaonad maidir le cásanna inar féidir nascadh (comhtháthú taobh istigh de churaclam na staire) agus comhtháthú (ceangail thraschuraclaim) a dhéanamh.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie