Ag obair mar staraí
De thoradh snáithaonaid churaclam na staire a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Am agus cróineolaíocht
- tosú ar an difear idir an am atá thart, an am i láthair agus an am atá le teacht a aithint
- tosú ag forbairt tuisceana ar an gcróineolaíocht trí sheichimh shimplí a iniúchadh agus a chlárú agus trí earraí agus phictiúir a chur in ord stairiúil
Athrú agus leanúnachas
- samplaí d'athrú agus de leanúnachas a fhiosrú, go háirithe sa saol pearsanta, agus i stair na muintire agus na háite
gnéithe i dteach, i dteaghlach agus i ngarthimpeallacht an pháiste a d'athraigh nó a d'fhan mar a bhí
Cúis agus iarmhairt
- na cúiseanna ar tharla imeachtaí áirithe agus roinnt de na torthaí a bhí orthu a phlé
gníomhartha pearsan i scéal
Fianaise a úsáid
- Raon d'fhianaise shimplí stairiúil a fhiosrú
grianghraif, earraí, cuimhní daoine níos sine, foirgnimh, scéalta agus amhráin - tosú ar chuntais fhicseanacha i scéalta, miotais nó finscéalta agus cuntais ar dhaoine agus imeachtaí réadúla san am atá thart a idirdhealú
Sintéisiú agus cur in iúl
- eolas ar scéalta, ar dhaoine agus ar imeachtaí ón am atá thart a chur in iúl ar bhealaí éagsúla
scríbhneoireacht, drámaíocht, meáin eile, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Ionbhá
- mothúcháin pearsan i scéalta ón am atá thart a shamhlú agus a phlé.