Snáithe: Mise agus mo mhuintir
Mise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- imeachtaí agus dátaí tábhachtacha pearsanta a iniúchadh agus a chlárú
laethanta breithe
mar a d'athraigh mé de réir mar a d'fhás mé suas
mo chéad chuairteanna ar laethanta saoire
nuair a rugadh mo dheartháir nó mo dheirfiúr
nuair a bhogamar teach cónaithe
nuair a fuaireamar carbhán nó leantóir nua
mo chéad lá ar scoil nó sa rang seo - míreanna simplí fianaise ón am atá thart ina s(h)aol féin a bhailiú, a phlé, agus a chur i gcomparáid
grianghraif díom féin nó de mo theach baill éadaigh, bréagáin
mo chéad leabhar léitheoireachta nó mo chéad chóipleabhar - líne ama shimplí nó líne shimplí scéalaíochta a chur le chéile.
Comhtháthú
Eolaíocht: Dúile beo -- Mise
OSPS: Mise -- Fás agus athrú
Mo mhuintir nó muintir duine a bhfuil aithne agam air/uirthi
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- gnéithe, ócáidí agus dátaí tábhachtacha i saol an teaghlaigh agus na muintire san am atá thart a fhiosrú agus a thaifeadadh
- aoiseanna bhaill na muintire a chur i gcomparáid:
sean/níos sine, óg/níos óige - ócáidí nó imeachtaí tábhachtacha i saol an teaghlaigh a phlé agus a thaifeadadh
breitheanna, bogadh tí, laethanta saoire - raon d'fhianaise shimplí a bhailiú, a iniúchadh agus a phlé, ag déanamh nóta d'athruithe, de chora nua sa saol, agus de rudaí a d'fhan mar a bhí
grianghraif de bhaill na muintire agus d'ócáidí
cuimhneacháin bheaga shimplí
rudaí a d'úsáid tuismitheoir(í) nó
caomhnóir(í) i rith a (n-)óige - craobh shimplí ghinealaigh, leabhar gearrthóg nó líne ama a chur i dtoll a chéile.
Comhtháthú
OSPS: Mise agus daoine eile -- Mise agus mo mhuintir
Nuair a bhí mo sheanaithreacha/sheanmháithreacha óg
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- gnéithe de shaol daoine a bhí beo nuair a bhí a s(h)eanaithreacha/s(h)eanmháithreacha óg a fhiosrú agus a thaifeadadh
an áit a raibh cónaí ar na seantuistí, a dtithe cónaithe
an obair a rinne siad, a gcuid éadaigh agus a gcuid bia
cén chaoi a ndeachaigh siad ó áit go háit
a gcluichí, a gcaitheamh aimsire, a mbréagáin
a gcuid amhrán agus a gcuid damhsaí - éisteacht le daoine fásta ag cur síos ar an saol atá caite acu féin
- fianaise shimplí a bhailiú ar scoil nó i músaem áitiúil nó í a scrúdú
uirlisí agus trealamh tí
roinnt uirlisí feirme
pacáistí nó boscaí
nuachtáin nó irisí
bréagáin nó cluichí
litreacha nó cártaí poist - saol daoine san am atá thart a chur i gcomparáid le saol daoine sa lá atá inniu ann, ag déanamh nóta de na cosúlachtaí agus de na héagsúlachtaí
- amhráin agus damhsaí a fhoghlaim, nó cluichí de chuid na seanaimsire a imirt
- ábhar a chlárú ar líne ama chuí.
Cluichí san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- cluichí traidisiúnta neamhfhoirmiúla a fhiosrú agus a thaifeadadh, go háirithe cinn atá nó a bhí coitianta sa cheantar chomh maith leo sin a bhfuil eolas ag tuismitheoirí nó ag seanaithreacha/ seanmháithreacha orthu
cluichí sráide, cluichí áitiúla, cluichí tí, cluichí Oíche Shamhna, cluichí Lá Bealtaine, cluichí aimsir na Nollag - eolas a bhailiú faoi rialacha, thraidisiúin, amhráin nó rainn a bhaineann leis na cluichí
- earraí a úsáideadh sna cluichí sin a láimhsiú, a bhailiú, nó a dhéanamh as an nua, de réir mar is féidir sin.
Comhtháthú
Corpoideachas: Cluichí
OSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachta
Féastaí agus féilte san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- an bunús agus na traidisiúin a bhaineann le roinnt féilte coitianta a fhiosrú agus a phlé
an Nollaig, Oíche Shamhna féastaí agus féilte áitiúla a chomórann baill éagsúla de phobal na scoile - éisteacht le scéalta, finscéalta, cluichí agus amhráin atá comhghaolmhar le chéile agus iad a phlé, a fhiosrú agus a thaifeadadh.
Comhtháthú
Corpoideachas: Damhsa
Ceol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
Snáithe: Athrú agus leanúnachas
Leanúnachas agus athrú sa gharthimpeallacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- cuairt a thabhairt ar ghnéithe sa gharthimpeallacht a léiríonn leanúnachas agus athrú, iad a fhiosrú agus feasacht orthu a bhunú
mo bhaile -- an uair a tógadh é, an uair a
athraíodh é agus cén fáth
sráid-dhreach anois agus tráth
foirgneamh áitiúil faoi leith (m.sh. teach, séipéal, scioból nó clós feirme, stáisiún traenach, scoil, caisleán, seanbhalla, gairdín eastáit, muileann)
monarcha -- a táirge fadó, a táirge anois - éisteacht le cuimhní daoine níos sine faoi na háiteanna sin agus iad a thaifeadadh
- grianghraif, líníochtaí agus cuntais shimplí ar shuíomh faoi mar atá sé anois agus faoi mar a bhí sé san am atá thart a chur i gcomparáid
- treoracha simplí oibre, cártaí oibre agus bileoga loirg a úsáid
- torthaí na fionnachtana a thaifeadadh trí líníochtaí agus meáin ealaíne eile, trí mhúnlú nó ghrianghraif, theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
- línte ama cuí a úsáid.
Snáithe: Scéalaíocht
Scéalta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht le scéalta á n-insint go simplí as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha, eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le scéalta as saol daoine a chuir le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
- eolas a chur ar shaol ban, fear agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha agus reiligiúnacha, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le saol daoine 'níos cáiliúla'
- éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad
- éisteacht le raon miotas agus finscéalta as cúlraí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus reiligiúnacha in Éirinn agus i dtíortha eile, iad a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
- cuntais fhicseanacha i scéalta, miotais nó finscéalta agus cuntais ar dhaoine agus imeachtaí réadúla san am atá thart a idirdhealú
- cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé (an tús, an lár, an deireadh)
- gníomhartha agus mothúcháin pearsan a phlé
- scéalta a léiriú nó a chlárú trí mheán scríbhneoireachta simplí, oibre ealaíne, drámaíochta, míme nó ghluaiseachta agus trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid
- pictiúir a thaispeáint i líne scéalaíochta agus na himeachtaí a léiriú in ord seichimh
- línte ama cuí a úsáid.
Comhtháthú
Ceol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
Na hamharcealaíona: Tá go leor scéalta ann a d'fhéadfadh obair ealaíne a spreagadh.
Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh le teacht ar thuiscint