Measúnú: cuid dhílis den teagasc agus den fhoghlaim
Cuid riachtanach leanúnach den phróiseas teagaisc agus foghlama san OSIE is ea measúnú ar fhoghlaim na bpáistí: bíonn sé ina chuid de gach ceacht ar chuma éigin sa stair, sa tíreolaíocht agus san eolaíocht. Bíonn breitheanna á dtabhairt ag múinteoirí de shíor ar fhoghlaim a bpáistí agus iad ag beartú conas topaicí, coincheapa agus scileanna a thionscnamh agus a fhorbairt, conas ceachtanna atá múinte a dhaingniú, conas dul chun cinn páistí aonair a mheasúnú, conas deacrachtaí a aithint agus conas foghlaimeoirí a mholadh agus a spreagadh.
Treisíonn an measúnú feasacht an mhúinteora ar fhoghlaim gach aon pháiste, soláthraíonn sé eolas cruinn faoina t(h)uiscint agus faoina scileanna agus tugann sé léargas ar a f(h)orbairt iomlánaíoch ar fud raon leathan na n-achar curaclaim. Soláthraíonn sé bunús chun cinnteoireachta mar gheall ar riachtanais foghlama an pháiste amach anseo, cuidíonn sé le heispéireas oideachasúil níos fearr a phleanáil, agus is cuid nádúrtha de churaclam páistelárnach forchéimnitheach é.
Rólanna an mheasúnaithe: cad chuige measúnú san OSIE?
Treisíonn an measúnú teagasc agus foghlaim ar roinnt bealaí. Go bunúsach, ba chóir go gcuideodh an measúnú san OSIE, amhail in achair eile den churaclam, leis an bhfoghlaim atá i ndán don pháiste a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Ba chóir go léireodh an measúnú gnóthachtáil dhearfach gach páiste agus é/í i mbun staidéir ar thopaicí stairiúla, geografacha agus eolaíocha agus go léireodh sé achair i bhfoghlaim an pháiste ar féidir iad a fhorbairt. Nuair a úsáidtear ar an gcaoi seo é, glacann an measúnú ról cuiditheach múnlaitheach in oideachas an pháiste. Is é/í an múinteoir go bunúsach a bhainfidh leas as an eolas a gheofar faoi fhoghlaim an pháiste, ach cuirfidh sé ar chumas an pháiste féinmheasúnú a dhéanamh agus spriocanna foghlama pearsanta a shocrú dó/di féin chomh maith.
Léireoidh an measúnú freisin achair ina mbíonn deacrachtaí foghlama ag an bpáiste. Is féidir go gcuimseoidh na deacrachtaí a aithnítear san OSIE easnaimh i dtuiscint an pháiste, bearnaí ina c(h)uid eolais nó easpa scileanna áirithe. Agus an ról diagnóiseach seo á chomhlíonadh ag an measúnú ba chóir go gcuideodh sé leis an múinteoir éagsúlachtaí sa chur chuige nó sna heispéiris foghlama a aithint a chuideodh le feabhas a chur ar fhoghlaim an pháiste. Uaireanta is féidir go n-aithneofar deacrachtaí foghlama i ngné amháin d'fhorás stairiúil, geografach nó eolaíoch an pháiste, ach uaireanta eile tabharfaidh easnamh a aimsítear in achar amháin eolas faoi fhoghlaim an pháiste sna hachair eile den OSIE chomh maith. Baineann a lán cineálacha eispéiris teagaisc agus fhoghlama sa stair, sa tíreolaíocht agus san eolaíocht leas agus úsáid as raon leathan scileanna agus coincheapa sa chaoi go dtig leis an OSIE freisin deiseanna úsáideacha a sholáthar chun fianaise a fháil faoi dhul chun cinn páiste in achair mar mhatamaitic, theanga agus fhorás sóisialta.
Ba chóir go soláthródh an measúnú fianaise faoi ghnóthachtáil fhoriomlán an pháiste go tráthrialta agus ar bhealach rianúil. Is féidir an measúnú a úsáid chun an ról suimitheach seo a chomhlíonadh tráth a bhféachann múinteoirí le torthaí na foghlama a thabhairt chun grinnis tar éis aonad oibre a chríochnú nó tráth a dtugann siad tuairisc do dhreamanna seachas an páiste, mar shampla nuair a labhraíonn siad le tuismitheoirí agus le múinteoirí eile mar gheall ar dhul chun cinn an pháiste.
Is féidir leis an measúnú cuidiú leis an múinteoir freisin oiriúnacht an chláir san OSIE atá roghnaithe ag an múinteoir agus an scoil d'aoisghrúpa ar leith a mheas, agus tig leis cabhrú leis an múinteoir éifeacht na n-acmhainní oideachais, na modhanna teagaisc agus na saghsanna éagsúla cur chuige a úsáidtear a mheasúnú. Nuair a leagtar an ról meastóireachta seo ar an measúnú, cuidíonn sé leis an múinteoir a aithint conas a d'fhéadfaí eispéireas foghlama an pháiste a fheabhsú.
Measúnú agus nádúr na staire: cé is ceart a mheasúnú?
Má tá an measúnú chun na rólanna sin a chomhlíonadh, ní mór dó bheith bailí, .i. ní mór dó féachaint le dul chun cinn agus gnóthachtáil an pháiste a thomhas i ngach gné den churaclam staire agus tuairisc a sholáthar dá réir. Tá an curaclam staire bunaithe ar an réamhráiteas gur féidir le stair cur le hoideachas an pháiste ar bhealach sainiúil luachmhar ach an méid seo a bheith i gceist léi in aon am amháin: eolas a shealbhú ar ghnéithe den am atá thart, forbairt scileanna staire agus dearcadh atá tábhachtach a chothú. Ní mór don mheasúnú ar dhul chun cinn na bpáistí sa stair freagairt don tuiscint seo chun go mbeidh bailíocht ann agus ionas nach gcuirfidh na teicníochtaí measúnaithe an curaclam as a riocht. Ar an ábhar sin, caithfidh na teicníochtaí measúnaithe a úsáidfear sa stair féachaint le dul chun cinn na bpáistí a mheas chomh fada is a bhaineann lena n-eolas ar an am atá thart, lena gcumas scileanna staire a úsáid agus le forbairt a ndearcaidh.
Snáitheanna agus snáithaonaid
Déanann na snáitheanna agus na snáithaonaid sa churaclam staire réimsí eolais an churaclaim a rianú agus molann siad bealaí a bhféadfaí scileanna staire a fhorbairt de réir mar a chríochnaítear na haonaid oibre sin. Taispeánann na cuspóirí agus na samplaí sa chló iodálach an réimse eolais a bhféadfaí a bheith ag súil leis ag gach leibhéal. Taispeánann an mhír Aonad oibre a phleanáil sna treoirlínte do mhúinteoirí atá ag dul leis seo, cén chaoi a bhféadfaí iad seo a úsáid mar bhunús le gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama. Ba chóir gur ghné amháin den mheasúnú í an réimse eolais a rianaítear sna haonaid seo.
Tugann leagan amach na snáitheanna agus na snáithaonad go leor saoirse do scoileanna agus do mhúinteoirí maidir le topaicí feiliúnacha a roghnú don chlár staire, agus san am céanna tugann sé treoir maidir leis an gcothromaíocht nach mór a aimsiú taobh istigh den churaclam. Léiríonn an curaclam gur féidir go leor den obair a mholtar do ranganna naíonán agus do ranganna 1 agus 2 a dhéanamh trí mheán téamaí agus topaicí comhtháite, agus ba chóir an measúnú a bheith solúbtha go leor gur féidir leis déileáil le cur chuige oideolaíoch den chineál sin.
Caithfidh na teicníochtaí measúnaithe an raon leathan aonad ar féidir ábhar an chláir a roghnú astu sna meánranganna agus sna hardranganna a chur san áireamh chomh maith agus, ina theannta sin, ceann a thógáil de na critéir ar cheart leas a bhaint astu agus curaclam staire atá leathan agus cothrom á phleánáil (faoi mar atá rianaithe ar lch 36-38 agus 56-58 den churaclam).
De thoradh na saoirse a thugann an curaclam agus de thoradh an éilimh go ndéanfaidh na páistí staidéar ar ghnéithe den stair áitiúil, den stair náisiúnta agus den stair idirnáisiúnta, mar aon le staidéar a dhéanamh ar thréimhsí san am atá thart agus ar thréimhsí sa Mheánaois chomh maith le tréimhsí nua-aimseartha, tá sé riachtanach go ndéanfar pleanáil chuimsitheach, measúnú suimitheach éifeachtach agus taifeadadh taobh istigh den scoil.
Ag obair mar staraí
Gné de mheasúnú na staire atá chomh tábhachtach céanna baineann sí le forbairt agus cur i bhfeidhm na scileanna staire a shealbhaíonn na páistí. Ag gach leibhéal den churaclam rianaíonn an mhír Ag obair mar staraí na scileanna agus na coincheapa staire ba chóir a fhorbairt de réir mar a bhíonn na páistí ag déanamh staidéir ar na topaicí a bhfuil cur síos orthu sna snáithaonaid ábhair. Is é atá i gceist leis na cuspóirí agus leis na heiseamláirí atá liostaithe faoi gach ceannteideal sna míreanna sin an méid scile a bhféadfaí a bheith ag súil leis ag gach leibhéal a léiriú. Faoi mar a dhéantar i gcás na gcuspóirí eolais, léirítear conas dlúthchuid den phróiseas teagaisc agus foghlama a dhéanamh d'fhorbairt na scileanna sin sa mhír Aonad oibre a phleanáil sna treoirlínte do mhúinteoirí.
Ar roinnt cúiseanna, is casta an rud é measúnú a dhéanamh ar scileanna. Sa chéad áit baineann scileanna ó nádúr le próiseas, le gníomhaíocht agus le cur i bhfeidhm, agus ar an ábhar sin ní furasta iad a mheas le teicníochtaí a bhíonn ag brath ar thoradh deiridh, bíodh sé scríofa nó i bhfoirm éigin eile. Is i gcomhthéacs na gníomhaíochta agus sa phlé a dhéantar ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar earraí ón am atá thart is fearr a fheictear an leibhéal ag a gcuireann an páiste bunscoile scileanna staire i bhfeidhm. Úsáideann páistí scileanna na staire agus iad ag obair ina n-aonar, ach is minic gur fusa breathnú orthu agus iad ag gabháil d'obair ghrúpa nó do phlé i gcomhthéacs ranga. Mar sin, má tá an measúnú le bheith ina tháscaire bailí ar thuiscint an pháiste ar an stair, caithfidh sé féachaint leis an gcumas a thaispeánann an páiste i raon leathan gníomhaíochtaí i suímh éagsúla foghlama a aithint agus a thaifeadadh.
Sa dara háit, ní tharlaíonn forbairt scileanna staire go líneach nó go hordlathach. Cé go gcuireann an curaclam scileanna na staire i láthair i sraith de cheithre ráiteas grádaithe chun cabhrú leis na múinteoirí freastal ar fhorbairt na scileanna ar bhealach córasach, is annamh a shealbhaítear na scileanna seo ar bhealach ordúil forchéimnithe. Ní go réidh leanúnach ó leibhéal go leibhéal a fhorbraíonn tuiscint páistí ar an stair. Téann raon tosca éagsúla i bhfeidhm uirthi.
Go háirithe, déantar cumas páistí scileanna staire a chur i bhfeidhm a fhorbairt i gcomhthéacs na ndaoine, na n-imeachtaí agus na fianaise ón am atá thart a dtagann siad orthu ina gcuid foghlama: bíodh is go mbeadh ar chumas páistí scileanna áirithe a úsáid agus iad ag plé imeachta éigin a bhfuil eolas acu uirthi, d'fhéadfadh nach mbeadh ar a gcumas na scileanna sin a úsáid ar an gcuma chéanna i gcomhthéacs nach bhfuil oiread sin taithí acu air. Ní hamháin sin ach cuirfidh go leor páistí na scileanna éagsúla staire i bhfeidhm ag leibhéil éagsúla: d'fhéadfadh go léireodh páiste tuiscint chaolchúiseach ar chúis agus iarmhairt agus inspreagadh pearsan éigin san am atá thart á phlé aige/aici ach fós nach mbeadh ar a c(h)umas na himeachtaí atá i gceist a chur ina gcomhthéacs cróineolaíoch.
Mar sin, baineann measúnú scileanna staire páistí le cur síos a dhéanamh ar phróiseas casta orgánach nach féidir a thomhas go beacht mar gheall ar nádúr smaointeoireacht staire an pháiste agus mar gheall ar na rudaí is bun leis an stair féin -- imeachtaí, pearsana, foinsí, ceisteanna, tátail, agus léirmhínithe -- a bheith athraitheach, casta, agus fite fuaite ina chéile. Agus measúnú ar siúl, ní mór uirlisí a úsáid ar féidir leo déileáil le caolchúis an phróisis fhoghlama seo agus ar féidir leo foghlaim páistí a mheas i gcomhthéacs na ngnéithe sin den am atá thart a bhfuil eolas acu orthu.
Luachanna, dearcadh agus freagrachtaí
Baineann measúnú sa stair, chomh maith, leis na luachanna agus leis an dearcadh a fhorbraítear sa pháiste de réir mar a dhéanann sé/sí staidéar ar thopaicí staire. Leagann an curaclam béim ar an ról is féidir a bheith ag stair i gcothú dearcaidh oscailte cheistigh i leith creideamh, luachanna agus inspreagtha daoine eile, i gcothú caoinfhulaingthe i leith grúpaí éagsúla eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha agus sóisialta, i gcothú mothú freagrachta i leith chaomhnú na hoidhreachta, agus i gcothú mothú féiniúlachta ar bhonn áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda.
Curaclam cothrom de thopaicí staire as comhthéacsanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a spreagann an páiste chun scileanna an staraí a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte criticiúil a chothaíonn an dearcadh sin. Ar nós na scileanna, ní féidir an chaoi a bhforbraíonn an páiste an dearcadh seo a thomhas ach i gcomhthéacs díospóireachta agus suíomh foghlama údaracha. Caithfidh an measúnú a dhéanfar ar dhearcadh an pháiste sa stair a bheith ag brath go mór mar sin ar bhreathnadóireacht agus ar bhreithiúnas an mhúinteora maidir le cur chuige an pháiste i leith topaicí agus gníomhaíochtaí staire.
Uirlisí measúnaithe: conas an measúnú a dhéanamh
I láthair na rólanna éagsúla atá ag an measúnú sa stair agus an gá atá le measúnú a dhéanamh ar eolas na bpáistí ar an am atá thart agus ar fhorbairt a gcuid scileanna agus a ndearcaidh, beidh gá le réimse uirlisí measúnaithe agus le cineálacha éagsúla cur chuige. Beidh raon de mhodhanna measúnaithe ag teastáil ó mhodhanna nach bhfuil chomh struchtúrtha ná chomh foirmiúil sin go dtí modhanna atá níos foirmiúla agus níos struchtúrtha. Go ginearálta, ba chóir go n-eascródh na teicníochtaí measúnaithe a úsáidfear go nádúrtha as an teagasc agus as an bhfoghlaim. Beidh a n-éifeacht ag brath ar scileanna cinntitheacha múinteoireachta, ar bhreathnóireacht, éisteacht agus idirghníomhú leis na páistí agus ar thorthaí tascanna foghlama sa stair a scrúdú.
Tá siad seo a leanas ar na huirlisí is úsáidí a bheidh ag scoileanna le haghaidh measúnaithe sa stair:
breathnóireacht an mhúinteora
tascanna agus tástálacha a cheapfaidh an múinteoir
samplaí oibre, bailiúcháin d'obair na bpáistí agus tionscadail próifílí curaclaim.
Tuigtear nach gá go mbeadh sé praiticiúil ná inmholta go n-úsáidfí na huirlisí sin ar fad i ngach suíomh foghlama nó taobh istigh d'aon tréimhse ama amháin.
Breathnóireacht an mhúinteora
Cuireann breathnóireacht an mhúinteora agus na breithiúnais ghairmiúla a cheapann sé/sí sa seomra ranga cuid den eolas is sciobtha agus is cruinne faoi fhoghlaim an pháiste ar fáil. Bainfidh an múinteoir síorúsáid as na teicníochtaí seo i rith na gceachtanna staire. Is féidir go leor a fhoghlaim trí bhreathnú ar fhreagairt páistí agus nótáil a dhéanamh uirthi i suímh éagsúla, ina measc:
- freagairt páistí ar cheisteanna agus ar mholtaí an mhúinteora
- páirtíocht páistí i ndíospóireachtaí ranga faoi phearsana stairiúla, faoina n-inspreagadh agus faoina ngníomhartha agus faoi imeachtaí san am atá thart
- idirghníomhaíocht páistí lena chéile i bplé agus in obair ghrúpa
- freagairt páistí do threalamh foghlama agus do thascanna foghlama a dhearann an múinteoir
- na bealaí ina bhfreagraíonn páistí d'fhianaise staire agus an chaoi a n-úsáideann siad í.
Cuireann breathnóireacht an mhúinteora measúnú leanúnach ar fáil ar ghnóthachtáil páistí i ngnéithe eolais, scile agus dearcaidh na staire. Ar an ábhar sin is féidir léi rólanna tábhachtacha diagnóiseacha agus múnlaitheacha a bheith aici chomh maith le cabhrú le haiseolas a chur ar fáil don fhoghlaimeoir. Is sa ghníomhaíocht is fearr a fheictear cén chaoi a n-éiríonn leis an bpáiste ó thaobh forbairt agus cur i bhfeidhm scileanna staire de -- cúis agus iarmhairt a aithint, fianaise a láimhseáil, ionbhá le daoine eile a léiriú. Mar sin d'fhéadfadh gurbh í breathnóireacht neamhfhoirmiúil an mhúinteora an t-aon bhealach chun measúnú cruinn a dhéanamh ar dhul chun cinn an pháiste.
Tarlóidh cuid den bhreathnóireacht seo go teagmhasach de réir mar a ghlacann na páistí páirt sna gníomhaíochtaí foghlama agus de réir mar a léiríonn siad spéis i dtopaic staire nó i bpíosa fianaise. Ach is féidir cuid eile den bhreathnóireacht a phleanáil nó a struchtúrú: mar shampla, d'fhéadfadh an múinteoir a shocrú go mbreathnódh sé/sí ar obair daltaí faoi leith a bhfuil deacrachtaí foghlama acu nó ar an bplé taobh istigh de ghrúpa faoi leith sa seomra ranga.
Féadfaidh múinteoirí cuid d'iompar foghlama páistí a nótáil go neamhfhoirmiúil mar chabhair chun eispéiris oideachasúla a bheadh feiliúnach d'fhoghlaimeoirí faoi leith a eagrú amach anseo. Uaireanta b'fhéidir go dtabharfadh múinteoirí faoi deara go gcabhródh nóta simplí den mhéid a bhreathnófaí chun obair do pháiste aonair nó do ghrúpa a phleanáil ar bhealach níos córasaí agus a bheadh dírithe níos fearr ar a riachtanais sin.
Tascanna agus tástálacha a dhearann an múinteoir
Ar fud na n-aonad curaclaim staire feicfidh múinteoirí deiseanna do na páistí tabhairt faoi raon tascanna. Beidh roinnt cuspóirí leo: beartófar cuid acu le gnéithe áirithe den cheacht a dhaingniú, cuid eile chun an páiste a spreagadh le ceisteanna a chur agus le smaoineamh ar imeachtaí nó dhaoine sa stair; déanfaidh cuid eile fós raon de scileanna staire a fhorbairt. Ní hamháin go gcuirfidh siad sin leis an bpróiseas foghlama ach léireoidh freagairt na bpáistí do na tascanna cén dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa stair.
Ba chóir raon leathan tascanna a úsáid, agus na cinn seo san áireamh:
- céalta agus tuairiscí ar imeachtaí a insint agus a athinsint
- cuntais agus cur síos a thabhairt ó bhéal nó i bhfoirm scríofa nó phictiúrtha ar láithreacha ar tugadh cuairt orthu nó ar dhaoine ar cuireadh agallamh orthu
- línte ama a chumadh chun imeachtaí éagsúla, ó línte simplí 'faoinar tharla sa scéal' go línte níos casta de thréimhsí staire a léiriú
- cartaí oibre nó bileoga gníomhaíochta a threoraíonn agus a spreagann páistí agus iad ag scrúdú fianaise nó ag déanamh taighde ar thopaic
- leabhráin loirg a chabhraíonn leis an bpáiste fianaise ón am atá thart a scrúdú sa timpeallacht nó ag taispeántas
- léarscáileanna de láithreacha stairiúla
- rólghlacadh nó comhrá nó imeacht a dhrámú
- tuairimí a chaitheamh faoi mhothúcháin agus inspreagadh pearsan chun cuntas scríofa nó cuntas ó bhéal a chruthú (m.sh. a ndúirt Strongbó lena chara tar éis dó casadh ar Dhiarmaid Mac Murchú den chéad uair, litir a scríobh deoraí sa naoú haois déag chuig a m(h)áthair in Éirinn)
- líníocht nó líníochtaí a chríochnú
- mionsamhlacha a dhéanamh
- leabhar a chur le chéile ar thopaic staire faoi leith nó obair tionscadail a chur i láthair agus úsáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
- tionscadail ar théamaí staire a chuirtear i gcrích
- cláir idirghníomhacha ilmheáin ríomhaire a chuireann ar chumas páistí topaicí staire a iniúchadh agus raon tascanna, tomhas agus fadhbanna a réiteach. Téann na cláir seo in oiriúint do leibhéal eolais nó scile an pháiste, tugann siad aiseolas do pháiste láithreach faoina d(h)ul chun cinn agus, i gcásanna áirithe, déanann siad sonraí faoi dhul chun cinn grúpa páistí a thaifeadadh mar eolas don mhúinteoir. Bíodh is go bhfuil na cláir seo úsáideach, d'fhéadfadh go bhfuil teorainn lena dtairbhe chun measúnú a dhéanamh ar scileanna staire
- torthaí taighde staire a dhéanann an páiste féin go neamhspleách
- tástáil ar aonad nó ar aonaid oibre a dhearann an múinteoir féin chun críche athbhreithnithe.
Nuair a úsáidtear raon de na gníomhaíochtaí foghlama sin ceanglaítear an measúnú go dlúth leis an bpróiseas teagaisc agus foghlama agus déantar dul chun cinn an pháiste a mheasúnú i gcomhthéacs an ábhair staire a bhfuil taithí aige/aici air. Is féidir leas a bhaint as tascanna chun measúnú a dhéanamh ar eolas na bpáistí ar thopaicí agus ar a gcumas scileanna staire a chur i bhfeidhm, agus is féidir an t-eolas a chuireann siad ar fáil a úsáid ar mhaithe le cuspóirí múnlaitheacha, diagnóiseacha agus suimitheacha.
Má úsáidtear raon tascanna, spreagtar na páistí go léir chun iomlán a gcuid tuisceana ar an stair a thaispeáint. Má chuirtear tascanna i láthair trí mheáin eile, chomh maith leis an scríbhneoireacht, beidh an múinteoir in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar leibhéal tuisceana staire na bpáistí úd nach bhfuil a scileanna litearthachta chomh forbartha sin. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh an-chuid eolais ag páistí áirithe ar dhálaí sóisialta agus ar theicneolaíocht tréimhse agus gurbh fhearr a léireofaí sin san obair cháiréiseach a bhaineann le mionsamhail a dhéanamh; d'fhéadfadh sé go mbeadh tuiscint láidir d'ionbhá forbartha ag páistí eile nach léireofaí ach sa rólghlacadh.
Samplaí oibre, bailiúcháin d'obair na bpáistí agus tionscadail
Má chuirtear bailiúcháin staire le chéile as raon de shamplaí d'obair an pháiste, bíonn modh rianúil ar fáil chun a d(h)ul chun cinn a chlárú agus a mheasúnú thar thréimhse téarma nó bliana nó thar tréimhse níos faide. Ag brath ar pholasaí measúnaithe na scoile agus ar an ngá go mbeadh bainisteoireacht, scrúdú agus stóráil na mbailiúchán inláimhsithe agus go mbeidís ar fáil go héasca, d'fhéadfadh gurb é a bheadh iontu ná samplaí d'obair reatha an pháiste nó samplaí den chuid is fearr dá (h)obair chríochnaithe mar aon le nótaí a scríobh an múinteoir.
Ar an gcaoi chéanna gur gá na tascanna a cheapann an múinteoir a bheith difriúil ionas gur féidir leis na páistí go léir an fhorbairt atá á déanamh acu a léiriú trí mheáin éagsúla, ní mór na bailiúcháin a bheith solúbtha go leor chun gnóthachtáil i réimsí éagsúla a thaifeadadh. Is cinnte go gcuirfear cuntais scríofa agus líníochtaí isteach, ach d'fhéadfaí cártaí oibre agus leabhráin chomhlíonta, tástálacha a cheap an múinteoir, dioscaí ríomhaire (nó modhanna eile stórála leictreonaí), grianghraif de mhionsamhlacha agus clostéipeanna d'athinsintí nó de dhrámú, b'fhéidir, a chur ann chomh maith. Féadfar na páistí is sine a fhágáil i mbun a mbailiúchán féin, rud a chothóidh a meas ar ar éirigh leo féin a bhaint amach; féadfar cur leis sin trína iarraidh ar dhaltaí na 'samplaí is fearr' dá gcuid oibre, dar leo féin, a roghnú lena gcur sa bhailiúchán.
Féadfar an páiste a spreagadh le féinmheasúnú a dhéanamh ar a c(h)uid oibre féin agus le spriocanna pearsanta foghlama a chur roimhe/roimpi féin, ach dul trí ábhar a b(h)ailiúcháin in éineacht leis/léi. Is bonn maith é seo freisin chun tuairisciú a dhéanamh le múinteoirí eile, le tuismitheoirí agus le daoine eile faoinar éirigh leis an bpáiste a bhaint amach, agus cuireann sé deis ar fáil laigí atá fós ann a aithint. Chomh maith leis sin cuireann anailís chórasach ar na bailiúcháin staire ar chumas an mhúnteora an t-ábhar, na modhanna agus an cur chuige a d'úsáid sé/sí thar théarma nó thar bhliain a mheasúnú.
Is maith mar a fheileann measúnú le cabhair an bhailiúcháin do mheasúnú na staire (agus do réimsí eile den OSIE) agus sin ar chúpla cúis; ar na cúiseanna sin d'áireofaí ilghnéitheacht an churaclaim staire, an gá atá ag an bpáiste le hiniúchadh críochnúil a dhéanamh ar stair an cheantair áitiúil agus an gá atá ann measúnú cothrom a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpáistí ó thaobh forbartha scileanna agus dearcaidh agus ó thaobh eolais de. Ar an ábhar sin, is uirlis thábhachtach é an measúnú le cabhair bailiúcháin d'obair an pháiste as measc raon na n-uirlisí measúnaithe a úsáidtear sa stair.
Próifílí curaclaim
Cuireann próifílí curaclaim bealach ar fáil chun taifead córasach a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil na bpáistí de réir mar a thugann an múinteoir iad sin faoi deara. Bíonn an phróifíl comhdhéanta de tháscairí gnóthachtála, is é sin ráitis ghearra a dhéanann cur síos ar an raon eolais agus scileanna agus ar an dearcadh ar cheart a bheith ag súil leo ón bpáiste ag leibhéil éagsúla foráis. Uaireanta d'fhéadfaí grúpaí nó tacair de na táscairí seo a chur le chéile chun cur síos níos ginearálta a dhéanamh ar dhul chun cinn páiste ag roinnt leibhéal nó céimeanna faoi leith. Féachann múinteoirí le comparáid a dhéanamh idir a dtugann siad féin faoi deara faoi na páistí agus na táscairí sna próifílí de réir mar a thosaítear nó mar a chríochnaítear aonad oibre agus ag tréimhsí rialta eile. Modh taifeadta agus tuairiscithe a d'fhéadfadh a bheith sa phróifíl freisin ach na táscairí a mharcáil nó a aibhsiú de réir mar a bhaineann an páiste amach iad.
Chuirfeadh an mhír Ag obair mar staraí i gcuraclam na staire bonn tábhachtach faoi fhorbairt cuid, ar a laghad, de na táscairí atá le cur i bpróifíl; bhainfeadh táscairí eile leis an eolas a bhíonn i gceist sna haonaid a roghnaíonn an scoil. D'éascófaí go mór measúnú iontaofa bailí a dhéanamh ar an gcuraclam staire ach próifílí feiliúnacha staire a fhorbairt.
Is iad torthaí bhreathnóireacht an mhúinteora foinse roinnt de na sonraí is iontaofa faoi dhul chun cinn páistí i ngach gné den stair, agus cuireann próifílí curaclaim bealach ar fáil chun na torthaí sin a eagrú, a chur i gcóras agus a thaifeadadh. Chomh maith leis sin, is féidir an phróifíl a úsáid chun córas éifeachtach taifeadta agus tuairiscithe a chruthú taobh istigh den scoil. Má thugtar suas chun dáta é go tráthrialta i rith na bliana beidh sé ina thaifead suimitheach an-sásúil chun tuairiscí a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaoine eile.
Cur chuige cothrom i leith an mheasúnaithe san OSIE
Ós é bunaidhm an mheasúnaithe i gcónaí eispéireas foghlama an pháiste a threisiú, is den riachtanas é nach laghdófaí go mór an tréimhse theagaisc de thoradh teicníochtaí measúnaithe a bheith in úsáid sa stair agus in achair eile den OSIE. Ba chóir go mbeadh treoir ar fáil do mhúinteoirí i bpolasaí na scoile don stair faoi ghléasanna measúnaithe a úsáid ar bhealach soláimhsithe iontaofa a bheadh comhtháite go dlúth leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Soláthrófar cur chuige cothrom praiticiúil i leith an mheasúnaithe sa scoil má dhéantar cur chuige coiteann a fhorbairt agus a úsáid maidir le torthaí breathnóireachta múinteoirí agus torthaí eispéiris fhoghlama a thaifeadadh agus maidir le bailiúcháin d'obair an pháiste agus próifílí curaclaim a thiomsú.
Ag taifeadadh agus ag cur in iúl
Breathnóireacht an mhúinteora, tascanna agus trialacha a cheapann an múinteoir, samplaí nó bailiúcháin d'obair an pháiste, próifílí curaclaim agus cártaí próifíle na bpáistí, cruthaíonn siad sin córas cuimsitheach le dul chun cinn agus gnóthachtáil gach páiste sa stair agus i gclár iomlán an OSIE a mheasúnú. Nuair a dhéantar an t-eolas seo a chomhroinnt ar an bhfoireann teagaisc agus é a phlé, cuireann sé ar chumas múinteoirí a gcuid saineolais a mhalartú agus comhthuiscint ar dhul chun cinn daltaí agus ar mheasúnú san OSIE a fhorbairt (próiseas a dtugtar modhnóireacht air). Cuideoidh comhoibriú dá leithéid le múinteoirí féachaint chuige go mbeidh leanúnachas agus iontaofacht ag baint le húsáid na ngléasanna measúnaithe.
Ba chóir go soláthródh an raon uirlisí measúnaithe san OSIE eolas riachtanach faoi fhoghlaim an pháiste do dhaltaí, do mhúinteoirí, do scoileanna, do thuismitheoirí agus do dhaoine gairmiúla nach iad, sa chaoi go mbeadh cinnteoireacht mar gheall ar fhoghlaim an pháiste amach anseo níos éasca. Sa phlé a dhéanfaidh múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile cuirfear deiseanna ar fáil aiseolas a fháil ó na tuismitheoirí, agus cuirfidh sin le measúnú iomlán an pháiste.
Cárta próifíle dalta
Éascófar taifeadadh agus cur in iúl an eolais seo faoi dhul chun cinn an pháiste ach cárta próifíle dalta a úsáid. Is é ba chóir a bheith sa chárta próifíle dalta (cárta arbh fhéidir go bhforbrófaí é lena úsáid sna bunscoileanna uile) ná measúnú suimitheach ar dhul chun cinn an pháiste sna hachair churaclaim go léir agus ar ghnéithe eile dá f(h)orás.
Breithiúnas gairmiúil an mhúinteora ar fhorás an pháiste sa stair bunaithe ar thorthaí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe a rinneadh i rith na bliana a bheidh i ngné amháin den chárta próifíle dalta. Ba chóir an mhír den chárta a bhaineann leis an OSIE a bheith sách solúbtha chun freastal ar chomh comhtháite is atá an t-achar seo den churaclam i ranganna na naíonán agus i ranganna 1 agus 2. Ós rud é gur chóir don chárta bunús pleanála a sholáthar d'fhoghlaim an pháiste amach anseo i rang eile nó i scoil eile, ba chóir eolas mar gheall ar an raon de thopaicí staire atá iniúchta ag an bpáiste a bheith mar chuid den chárta nó a bheith naiscthe leis.
Ba chóir na féidearthachtaí agus na buntáistí a ghabhann le teicneolaíocht an eolais a iniúchadh ó thaobh éascaíocht a dhéanamh do thaifeadadh, do stóráil agus d'aistriú cártaí próifíle dalta, agus an teicneolaíocht a úsáid dá mb'fhéidir, nuair a bheadh aon chóras próifílithe dalta á cheapadh lena chur i bhfeidhm go forleathan.