Foramharc
OSIE: Cuireann stair páistí ar a gcumas a n-eolas agus a dtuiscint a fhorbairt maidir le daoine, imeachtaí agus forbairtí san am a chuaigh thart ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Glacann stair ról luachmhar maidir le páistí a chur ar a gcumas foghlaim faoi, agus meas a bheith acu, ar an méid atá déanta ag daoine ó ghrúpaí difriúla eitneacha agus cultúrtha san am a chuaigh thart, go háirithe na daoine ó mhionlaigh eitneacha, sóisialta agus réiligiúnacha. Is ábhar samhlaíoch í an stair, mar atá sé leagtha amach sa churaclam SESE: Stair. Cuirtear béim ar fhorbairt eolais agus choincheap an pháiste agus dearcaí oscailte agus freagracha trína bheith ag obair mar staraí.
OSIE: Curaclam Staire
Is do gach pháiste sa bhunscoil ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé an Curaclam Staire. Cuirtear i láthair é i dhá mhír ar leith.
Cuimsíonn sé mír scileanna agus choincheap dar teideal Ag obair mar staraí a chuireann síos ar na scileanna agus coincheapa a ba chóir do pháistí a fhorbairt nuair a thagann siad ar thopaicí sa stair. Ag brath ar leibhéal an ranga, is féidir go gcuimseodh na scileanna seo:
- Am agus cróineolaíocht
- Athrú agus leanúnachas
- Cúis agus iarmhairt
- Fianaise a úsáid
- Sintéisiú agus cumarsáid
- Ionbhá
Cuimsíonn sé roinnt snáitheanna chomh maith atá ina n-achoimrí ar na tréimhsí stairiúla atá le bheith sa chlár staire ag gach leibhéal. Cuimsíonn gach snáithe roinnt snáithanonaid. Ag brath ar leibhéal an ranga, is féidir go gcuimseodh na snáitheanna:
- Mé féin agus mo mhuintir
- Scéalaíocht
- Pobail agus sochaithe ársa
- Saol, sochaí, obair agus cultúr san am a chuaigh thart
- Tréimhisí athraithe agus coimhlinte
- Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
- Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
I ranganna na naíonán agus sna chéad agus dara ranganna, cuireann an Curaclam Staire béim ar fhorbairt tuiscint stairiúil an pháiste trí iniúchadh a dhéanamh ar stair phearsanta, teaghlaigh agus áitiúil. Ó na tríú agus ceathrú ranganna ar aghaidh déanfaidh an páistí imscrúdú ar thréimsí níos cuimsithí agus níos faide i gcéin san am a chuaigh thart agus tiocfaidh siad ar raon leathan staidéir áitiúil.
Stádas reatha
Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin CNCM a bhaineann le hábhar
Stair OSIE (Curaclam na Bunscoile ar líne)
Stair OSIE: Treoirlínte do Mhúinteoirí ( Curaclam na Bunscoile ar líne)
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Stair na Sraithe Sóisearaí
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna