Primary Schools

OSIE: Eolaíocht

Foramharc

Tá clár eolaíochta do leanaí i ngach rang sa bhunscoil sa Churaclam Oideachais Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta.

OSIE: Cuireann eolaíocht ar chumas leanaí smaointe bunúsacha eolaíocha mar aon le tuiscint faoi na gnéithe bitheolaíocha agus fisiciúla den domhan a fhorbairt. Tugann an Curaclam Eolaíochta aird faoi leith ar an bphróiseas trína fhorbraíonn leanaí an t-eolas agus an tuiscint seo trí thacú leo scileanna eolaíocha a fhorbairt.Cabhraíonn an curaclam le leanaí dearcadh dearfach a chothú i leith na heolaíochta. Spreagann sé leanaí chun iniúchadh a dhéanamh agus meas a chothú ar conas a théann eolaíocht agus teicneolaíocht i bhfeidhm ar a saol agus ar an imshaol.

OSIE: Curaclam na hEolaíochta

Tá eolaíocht sa churaclam do gach leanbh sa bhunscoil ó naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé.Tá an curaclam curtha i láthair in dhá chuid: scileanna agus ábhar.

Scileanna 

Tacaíonn an Curaclam Eolaíochta le leanaí agus iad ag obair go heolaíoch agus i bhforbairt a scileanna deartha agus cruthaithe.

  • Ag obair go heolaíoch – Is é croílár an Churaclaim Eolaíochta ná foghlaim trí iniúchadh agus imscrúdú. Spreagtar leanaí chun obair mar eolaithe agus iad ag déanamh imscrúduithe agus ag féachaint ar an imshaol fisiciúil agus nádúrtha. Cabhraíonn na heispéiris seo le leanaí a fháil amach gur féidir leo réitigh a fháil ar fhadhbanna iad féin trí fhéachaint ar a n-imshaol féin. Tacaíonn an curaclam le scileanna fiosrúcháin a fhorbairt i rith na bhfiosraithe seo: breathnóireacht, ceistiú, mínithe a mholadh, torthaí a thuar, agus imscrúduithe a phleanáil chun smaointe a thástáil.
  • Ag dearadh agus ag déanamh – Is é dearadh agus déanamh an chuid theicneolaíoch den Churaclam Eolaíochta. Tugann an ghné seo den churaclam deiseanna do leanaí smaointe eolaíocha a chur i bhfeidhm sa ghnáthshaol agus i ngnáthfhadhbanna. Cuirtear dúshlán roimh na leanaí iniúchadh, pleanáil, agus nithe agus múnlaí a dhéanamh chun fadhbanna praiticiúla a réiteach. Cluichí simplí maignéadacha, muilte gaoithe nó uisce, árthaí a snámhann, teileascóip, soithí ar son críoch faoi leith, ciorcaid leictreacha agus mar sin de a dhearadh agus a chruthú - cabhraíonn na gníomhaíochtaí seo ar fad le leanái feasacht faoi luach na teicneolaíochta ina saol féin a fhorbairt. 

Ábhar

Tá ceithre shnáithe sa Churaclam Eolaíochta:

  • Dúile beo
  • Fuinneamh agus forsaí
  • Ábhair
  • Feasacht agus cúram imshaoil.

Tá gach snáithe foroinnte i snáithaonaid a dhíríonn ar théamaí faoi leith.  

Stádas reatha

Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.

Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar

Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) Eolaíocht
OSIE: Eolaíocht, Treoirlínte do Mhúinteoirí
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí

Naisc ghaolmhara

An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna
Measúnú sa Bhunscoil

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie