Primary Schools

Pleanáil aonaid oibre

Má tá an rath le bheith ar an gclár eolaíochta braithfidh sé ar phleanáil chórasach an mhúinteora. Ba chóir go gcuimseodh an phleanáil úd sealbhú eolais, forbairt scileanna agus dearcaidh, agus measúnú oiriúnach. Le linn dó/di a bheith ag pleanáil aonaid oibre ba chóir don mhúinteoir

  • bheith feasach ar eispéireas foghlama na bpáistí roimhe sin. Ach dul i gcomhairle leis an múinteoir a bhí i mbun an ranga roimhe/roimpi féin agus cártaí próifíle na bpáistí agus na taifid ranga a bhreathnú, cuirfear an múinteoir ar an eolas faoina bhfuil déanta ag an rang san eolaíocht agus faoi dhul chun cinn na bpáistí maidir le bheith ag obair go heolaíoch agus bheith ag dearadh agus ag déanamh
  • roghnú as measc na snáitheanna agus na snáithaonad a bhfuil breac-chuntas orthu sa phlean scoile don eolaíocht agus sa churaclam. Ba chóir go gcuirfí riachtanais agus buanna na bpáistí agus an t-imshaol áitiúil san áireamh sna topaicí agus go ndeimhneofaí tríothu go mbeadh leanúnachas agus dul chun cinn i gclár foghlama na bpáistí
  • an t-ábhar a chuimseofar san aonad oibre a aithint agus a shoiléiriú go mion. Saineoidh sé seo an t-eolas agus na coincheapa eolaíocha a fhorbróidh na páistí trína gcuid oibre san eolaíocht
  • na torthaí foghlama atá le haimsiú a lua. Is é seo an bonn ar a ndéanfar measúnú ar an bhfoghlaim agus ar an dul chun cinn
  • na modhanna measúnaithe a úsáidfea a shainiú
  • breac-chuntas a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a dtabharfaidh na páistí fúthu. Ba chóir go gcuimseodh an plean oibre an líon mór gníomhaíochtaí leanúnacha a bhféadfadh cleachtadh laethúil nó seachtainiúil a bheith ag na páistí orthu -- gníomhaíochtaí ar nós chlárú na haimsire, cúram á dhéanamh d'ainmhithe agus de phlandaí sa seomra ranga nó súgradh le losaid ghainimh nó le losaid uisce. Ba chóir go bpleanálfadh múinteoirí gníomhaíochtaí áirithe a dtabharfadh grúpaí beaga páistí fúthu saor ó mhaoirseacht aosach. Ní miste boird taighde a bheith sa seomra ranga, chomh maith, agus cártaí le ceisteanna ábhartha orthu. Ní mór na cleachtaí seo a phleanáil go cúramach chun a dheimhniú go mbeidh teacht cothrom ar na gníomhaíochtaí ag na páistí go léir
  • na cineálacha cur chuige is féidir a úsáid a mheas go barainneach. Má bhaintear leas as raon de chineálacha cur chuige agus de mhodhanna teagaisc beidh forbairt chothrom ar eolas agus ar scileanna mar thoradh air agus cinnteoidh sé go nglacfaidh páistí páirt sna himscrúduithe go fonnmhar
  • soláthar a dhéanamh d'éagsúlacht cumais. Ba chóir go bpleanálfadh múinteoirí gníomhaíochtaí le cur i gcrích ag gach dalta agus, freisin, gníomhaíochtaí tacaíochta don pháiste nach bhfuil chomh cumasach sin agus don pháiste tréitheach. Ba chóir smaoineamh chomh maith ar pháistí a eagrú i ngrúpaí agus ar an gcúnamh agus an teagasc breise a d'fhéadfadh a bheith de dhíth ar pháistí áirithe le linn na ngníomhaíochtaí foghlama
  • eolas maidir leis na hacmhainní a bheadh ag teastáil don topaic agus maidir lena bhfuil ar fáil sa scoil a chur le chéile. Ní foláir dáileadh agus roinnt na n-acmhainní ar mhúinteoirí sa scoil chéanna nó ar chnuasach de scoileanna a ionramháil go cúramach chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as fearas speisialta mar theirmiméadair, amharcóirí nádúir, maighnéid, bolgáin agus cadhnraí
  • pleanáil a dhéanamh do chur in iúl agus do chlárú na hoibre agus na dtorthaí taighde. Is cuid bhunúsach de bheith ag obair go heolaíoch agus de bheith ag dearadh agus ag déanamh idéanna na bpáistí a chur in iúl. Ba chóir machnamh a chaitheamh ar dheiseanna a chur ar fáil do pháistí as ranganna eile, do thuismitheoirí agus do pháirtithe leasmhara eile i bpobal na scoile teacht agus breathnú ar thoradh obair na bpáistí.

Roinnt eiseamláirí de phleanáil

Sna heiseamláirí seo a leanas léirítear mar is féidir roinnt snáithaonad a chur i láthair chun plean teagaisc, foghlama agus measúnaithe a chur ar fáil.
Léiríonn gach eiseamláir

  • an snáithaonad sa churaclam atá i gceist
  • na scileanna don leibhéal áirithe ranga a bhfuil breac-chuntas orthu sa roinn 'Ag obair go heolaíoch'
  • modhanna teagaisc
  • teicníochtaí measúnaithe.

Sna haonaid shamplacha cuimsítear

  • aonad do na ranganna naíonán bunaithe ar fhórsaí
  • aonad oibre ar fhórsaí do na hardranganna. In Eiseamláir 3A léirítear mar a d'fhéadfadh páistí rang 5 cuspóirí an churaclaim a bhaint amach. In Eiseamláir 3B tugtar breacléiriú ar an dóigh ar féidir an topaic chéanna a fhorbairt le daltaí rang 6
  • aonad oibre do ranganna 3 agus 4 bunaithe ar thopaic an mhaighnéadais
  • aonad oibre do ranganna 5 agus 6 bunaithe ar thopaic an leictreachais.
I ranganna na naíonán agus sna bunranganna tiocfaidh forbairt ar thuiscint na bpáistí ar cén fáth a shnámhann rudaí áirithe in uisce fad is a théann rudaí eile go tóin poill.PDFEiseamláir 2 - Aonad oibre bunaithe ar fhórsaí (ranganna naíonán)
PDFEiseamláir 3A - Aonad oibre bunaithe ar fhórsaí (rang 5)
PDFEiseamláir 3B - Aonad oibre bunaithe ar fhórsaí (rang 6)
PDFEiseamláir 4 - Aonad oibre bunaithe ar mhaighnéadas (meánranganna)
PDFEiseamláir 5 - Aonad oibre bunaithe ar leictreachas (ardranganna)
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie