Pleanáil do nascadh agus do chomhtháthú
Ceann de phrionsabail thábhachtacha an churaclaim is ea an fhoghlaim a bheith comhtháite, ní hamháin laistigh de na hábhair léinn ach eatarthu chomh maith.
D'fhéadfadh nascadh bheith
- laistigh den eolaíocht féin: Cuirtear curaclam na heolaíochta i láthair ina cheithre shnáithe. Feicfidh múinteoirí go dtiocfaidh topaicí a bhfuil rianú orthu sa snáithe Feasacht agus cúram imshaoil chun cinn nuair a bheidh staidéir bunaithe ar an snáithe Dúile beo ar siúl. Trí shnáitheanna agus shnáithaonaid an churaclaim is ea a chuirfear deiseanna ar fáil do pháistí scileanna agus eolas a fhorbairt ag an am céanna.
D'fhéadfadh comhtháthú bheith
- laistigh den OSIE féin: Is iomaí sin deis atá ann comhcheangail a dhéanamh idir eolaíocht agus tíreolaíocht.
An t-ailíniú dlúth atá idir na scileanna a bhfuil cur síos orthu sna ranna 'Ag obair go heolaíoch'agus 'Scileanna imscrúdaithe na tíreolaíochta', léiríonn sé mar is féidir próisis na heolaíochta a chur i bhfeidhm ar imscrúduithe tíreolaíochta. Tiocfaidh na daltaí ar dheiseanna le linn tíreolaíochta freisin chun tabhairt faoi thascanna deartha agus déanta le linn do mhionsamhlacha de ghnéithe aiceanta an imshaoil a bheith á dtógáil.
Naiscfidh staidéar ar Dhúile beo leis na topaicí a bhfuil breac-chuntas orthu sa churaclam tíreolaíochta agus forlíonfaidh sé iad. Ba chóir go bpleanálfaí na haonaid sa snáithe seo, aonaid atá bunaithe ar aimsir, ar charraigeacha agus ithir, ar uisce agus réalteolaíocht, sa dóigh go bhféadfaí na cuspóirí a bhaint amach trí eolaíocht agus tíreolaíocht. Comhchuid de na curaclaim eolaíochta agus tíreolaíochta is ea an snáithe Feasacht agus cúram imshaoil.
Comhtháthú na heolaíochta agus ábhair eile
Sa churaclam dírítear aire ar na lúba comhcheangail is féidir a dhéanamh idir eolaíocht agus réimsí eile den churaclam. Tá comhcheangail speisialta ag eolaíocht le OSPS, na hamharcealaíona, matamaitic, agus teanga. Go háirithe:
OSPS: Naisceann cuspóirí an tsnáithaonaid 'Mise' leis an snáithaonad 'Mise' in OSPS, áit a ndéantar forbairt orthu chomh maith.
matamaitic: Cabhraíonn na scileanna a bhfuil breac-chur síos orthu in Ag obair go heolaíoch agus Ag dearadh agus ag déanamh le forbairt mhamaiticiúil an pháiste. Tacaíonn na scileanna i réiteach fadhbanna a dtagann forás fúthu agus páistí ag plé le comhthéacsanna matamaitice le cur chuige eolaíoch agus an Domhan á imscrúdú.
amharcealaíona: Braitheann na scileanna a rianaítear in Ag dearadh agus ag déanamh mar aon leis na tascanna a mholtar in eiseamláirí churaclam na heolaíochta araon ar aireachtáil aeistéitiúil an pháiste agus ar a scileanna lámh lena gcur i bhfeidhm.
teanga: Bíonn páirt an-bhunúsach ag clárú agus ag cur in iúl ag gach céim den phróiseas eolaíochta. Cabhraíonn eolaíocht chun stór focal na bpáistí a leathnú agus a bheachtú agus spreagann sí iad lena gcuid idéanna agus torthaí a gcuid taighde a chur i láthair go soiléir gonta ó bhéal agus i scríbhinn.
Moltaí maidir le comhtháthú
Sna leathanaigh a leanas, léirítear líon áirithe téamaí trínar féidir tabhairt faoi ghnéithe difriúla den churaclam OSIE ar bhealach comhtháite traschuraclaim. Gheofar a thuilleadh moltaí fós sna Treoirlínte do Mhúinteoirí don Stair agus sna Treoirlínte do Mhúinteoirí don Tíreolaíocht.
Níl sé dlite ar mhúinteoirí na téamaí áirithe seo a theagasc; is ar mhaithe le léiriú amháin a toghadh iad.
Ar na haonaid shamplacha tá
- aonad oibre as scéim do na ranganna naíonán. Léiríonn an tábla seo mar is féidir le téama mar 'an t-earrach' fócas a sholáthar d'obair a bhaileoidh le chéile go leor gnéithe d'aonaid as curaclam an OSIE. Leagtar méar ar lúba comhcheangail le réimsí eile den churaclam chomh maith
- téama comhtháite as scéim oibre do ranganna 1 agus 2. Rianaítear i ngréasán na topaice 'éadaí' conas is féidir gnéithe d'aonaid as OSIE a chomhtháthú le réimsí eile den churaclam
- sampla de théama ina gcomhtháthaítear eolaíocht agus tíreolaíocht agus atá oiriúnach do mheánranganna
- aonad oibre do ranganna 5 agus 6 bunaithe ar théama an bhia. Déanann an téama seo snáithaonaid an churaclaim eolaíochta a nascadh agus léiríonn sé conas is féidir comhtháthú le réimsí eile den churaclam a phleanáil.
Eiseamláir 6 - Cur chuige téamach i dtaca le pleanáil in OSIE (ranganna naíonán)
Eiseamláir 7 - Cur chuige téamach sa phleanáil (bunranganna)
Eiseamláir 8 - Topaic chomhtháite in eolaíocht agus tíreolaíocht (meánranganna)
Eiseamláir 9 - Cur chuige téamach sa phleanáil don OSIE (ardranganna)