Sa roinn seo tugtar comhairle faoi mar ba chóir don mhúinteoir a c(h)uid oibre a phleanáil. Baineann sí le
- pleanáil an mhúinteora
- aonad oibre a phleanáil
- foghlaim chomhtháite.
Pleanáil an mhúinteora
Tá go leor den chomhairle a tugadh sa roinn roimhe seo ábhartha don phleanáil a dhéanann múinteoirí aonair. Ina theannta sin, b'fhiú aird a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:
Eispéireas foghlama agus riachtanais pháistí
Is é tús tionscadail ag an múinteoir dá c(h)uid pleanála don eolaíocht ná eispéireas foghlama an ranga go nuige seo, na coincheapa eolaíochta atá sealbhaithe ag na páistí agus na himscrúduithe atá tugtha chun críche acu, agus an fhorbairt atá tagtha ar
idéanna na bpáistí aonair maidir le heolaíocht. Cuirfidh an caidreamh a dhéanfaidh an múinteoir leis an múinteoir a bhí i mbun an ranga roimhe/roimpi féin agus breathnú ar thaifid an ranga faisnéis úsáideach ar fáil dó/di nuair a bheidh clár nua á dhréachtadh agus scéimeanna oibre á bpleanáil aige/aici.
Clár eolaíochta na scoile
Is iad na snáitheanna agus na snáithaonaid sa ráiteas curaclaim agus na ranna a chuireann síos ar fhorbairt scileanna, 'Ag obair go heolaíoch' agus 'Ag dearadh agus ag déanamh', a leagann an bonn d'obair an mhúinteora leis an rang. Beidh treoracha breise dá c(h)uid oibre le baint ag an múinteoir as an bplean scoile don eolaíocht.
Pleanáil agus roghnú ábhair
Déanfar an phleanáil agus roghnófar aonaid oibre don eolaíocht, ar dhóigh a dhéanfaidh deimhin de go bhfaighidh na páistí cleachtadh ar chlár leathan, comhchothrom. Sa scéim oibre do bhunranganna, a thugtar in Eiseamláir 1, taispeántar mar is féidir clár eolaíochta don leibhéal seo a phleanáil ar dhóigh go mbeidh teagmháil ag páistí le coincheapa eolaíocha as gach aon cheann de na snáitheanna. Léiríonn an eiseamláir mar is féidir cúrsaí a inleadh chun go ndéanfaidh páistí staidéar ar aonaid oibre as gach ceann de na snáitheanna gach téarma. Ba chóir a thabhairt faoi deara go mb'fhéidir go gcuimseodh cuid de na haonaid a thoghfaidh an múinteoir codanna as níos mó ná aon snáithe amháin. Mar shampla, má bhíonn aonad oibre ar chrainn na timpeallachta á shaothrú is féidir go gcuimseofaí adhmad a iniúchadh mar ábhar, chomh maith le plé straitéisí chun gnéithe aiceanta an imshaoil a chaomhnú. Cuirtear príomhfhócas gach aonaid oibre i láthair i gcló trom.
Pleanáil d'fhorbairt scileanna agus coincheap
Ba chóir go ndíreodh an múinteoir ar choincheapa agus ar scileanna araon ina scéim oibre. Ba chóir na gníomhaíochtaí a bheith
- bunaithe ar na hidéanna a bheadh ag páistí cheana féin, iad cabhrach chun tuartha a bheadh bunaithe ar na hidéanna sin a thástáil agus ansin chun na hidéanna tosaigh a athrú ionas go mbeidís ag teacht níos fearr leis an bhfianaise
- dírithe ar fhiosracht a mhúscailt agus ar iniúchadh agus imscrúdú a spreagadh
- ceaptha chun go gcuirfí na deiseanna is fearr ar fáil do na daltaí plé le hábhair agus le raon d'idéanna ó pháistí eile, ó dhaoine fásta agus as raon d'fhoinsí tánaisteacha éagsúla ar nós leabhar, físeán agus meán eile
- ceaptha chun go gcabhróidís le páistí a gcuid idéanna agus a dtuartha a thástáil trí iniúchadh, agus trí dhearadh agus dhéanamh.
Cur chuige agus modhanna múinte
Nuair a bhíonn eolaíocht á múineadh ní foláir feidhm a bhaint as raon modhanna agus as éagsúlacht sa chur chuige. Spreagfaidh clár éifeachtach páistí chun ceisteanna a chur, chun a gcuid idéanna a thástáil agus chun an domhan nádúrtha agus an domhan fisiceach a bhreathnú agus a iniúchadh. Déantar moltaí le haghaidh raonta de mhodhanna teagaisc atá oiriúnach do theagasc topaicí eolaíochta ar lch. 54-142.
Tosca séasúracha
Ba chóir go gcuirfí neart deiseanna ar fáil le go bhféadfadh páistí grinníocht a dhéanamh ar a dtimpeallacht agus idirghníomhú léi. Ba chóir go mbeadh páistí ag obair lasmuigh go rialta chun go mbeadh deiseanna acu na tionchair a bhíonn ag athruithe séasúracha a thabhairt faoi deara, iniúchadh a dhéanamh ar ábhair agus dul sa tóir ar ainmhithe agus ar phlandaí ina ngnáthóga nádúrtha. Ba chóir go mbeadh plean ar bith don obair lasmuigh sách solúbtha chun nach gcuirfeadh an aimsir ar neamhní é.
Fáil ar acmhainní agus ar thacaíocht
Cabhair is ea é eolas a bhunú faoi na hacmhainní agus an tacaíocht a bheadh ar fáil chun aonaid oibre a phleanáil agus a chur i gcrích. Níorbh fholáir a mheá ar cheart cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí teacht de thoil dheonach chun cuidithe le gníomhaíochtaí áirithe, mar shampla leis an obair allamuigh agus le hobair i ngrúpaí beaga. Ba chóir faisnéis a lorg faoi chúrsaí inseirbhíse oiriúnacha a thabharfadh treoir maidir le feidhmiú snáithe nó snáithaonaid. Ba chóir freisin go spreagfaí baill foirne chun a gcuid saineolais ar réimsí ábhair agus ar chineálacha difriúla cur chuige agus modhanna teagaisc a chur i bhfeidhm a roinnt lena gcomhghleacaithe.
I gcaitheamh na tréimhse seo, d'fhéadfadh múinteoirí raon d'fhoinsí tánaisteacha a aithint, mar leabhair, fhíseáin, dhlúthdhioscaí léamh amháin agus aon mheáin eile a d'fhéadfadh páistí a úsáid mar fhoinsí tacaíochta eolais agus chun idéanna a mhúscailt a d'éileodh iniúchadh eolaíoch.
Eiseamláir 1 - Clár oibre samplach do bhunranganna ina gcuimsítear aonaid as gach snáithe
Freastal ar dhifríochtaí aonair
Ní mór curaclam leathan difreálaithe a sholáthar chun riachtanais fhoghlama agus shóisialta páiste aonair a shásamh. Ba chóir go bpleanálfadh múinteoirí gníomhaíochtaí a oireann do leibhéil chumais agus d'eispéiris. Ba chóir dóibh machnamh a dhéanamh ar
- úsáid teaglama de theagasc ranga agus d'obair ghrúpa le sprioc ceapáirithe
- pleanáil topaicí a chuireann deiseanna ar fáil dá thuilleadh imscrúdaithe do na daltaí is cumasaí agus do dhaltaí ar lú a gcumas
- pleanáil aonad oibre bunaithe ar chomhthéacsanna coitianta
- an páiste gona c(h)uid idéanna agus a leibhéal tuisceana a bheith mar thús tionscadail
- deiseanna a chur ar fáil don idirghníomhú le páistí eile agus don obair i gcomhbhuíon leo
- cead a thabhairt do dhaltaí a bheith ag obair le hábhair choincréiteacha
- cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí agus do lucht tacaíochta eile teacht agus obair a dhéanamh i dteannta le páistí tréitheacha agus le páistí ar lú a gcumas
- úsáid a bhaint as imscrúduithe mar bhonn don obair phraiticiúil. Is de réir an eolais agus na tuisceana atá bainte amach acu a thugann páistí faoi thascanna ceannoscailte a réiteach. Tugann imscrúduithe oscailte deiseanna do pháistí a réitigh féin ar fhadhbanna a leanúint go ceann scríbe.
Measúnú
Cuid thábhachtach den timthriall pleanála, teagaisc, foghlama, measúnaithe agus meastóireachta is ea measúnú dul chun cinn na bpáistí. Cuid de phróiseas an teagaisc agus na foghlama is ea measúnú múnlaitheach leanúnach, agus tabharfaidh sé faisnéis don mhúinteoir ar féidir leis/léi leas a bhaint aisti agus é/í ag meas cé acu ar bhain na páistí amach na cuspóirí a bhain le himscrúdú áirithe nó nár bhain. Is féidir leis an múinteoir leas a bhaint as an bhfianaise a eascraíonn as a c(h)uid breathnóireachta féin mar aon le torthaí trialacha a dhear sé/sí féin agus é ag pleanáil eispéiris a bheidh ag teacht le gnóthachtáil na ndaltaí agus a chuirfidh chun cinn iad.