Saintréithe na heolaíochta
Is í an aidhm atá le heolaíocht ná eolas agus tuiscint a fhorbairt i dtaobh an domhain faoina ghnéithe bitheolaíocha agus fisiceacha. Is í an ghníomhaíocht eolaíoch an próiseas trína ndéantar forbairt ar an eolas agus ar an tuiscint sin. Cibé acu páiste nó eolaí a bhíonn i mbun na gníomhaíochta is é dlúth agus inneach na heolaíochta ná tástáil, modhnú agus deimhniú idéanna i dtaobh an riocht ina bhfuil rudaí agus cé mar a oibríonn siad. Úsáidtear teoiricí eolaíocha chun feiniméin a tugadh faoideara a mhíniú nó chun tarluithe a thuar. Is féidir go gcaithfí na hidéanna agus na teoiricí seo a athbhreithniú agus a athrú, agus déanfar iad a mhodhnú de réir mar a thagann fianaise nua chun solais. Dá bharr seo, ní shamhlaítear teoiricí eolaíocha a bheith suite do-athraithe: a mhalairt atá fíor; breathnaítear orthu amhail agus gurbh iad an bealach is fearr chun an fhianaise atá tugtha chun suntais go dtí seo a thuiscint.
Saothar daonna is ea eolaíocht a bhraitheann ar chruthaitheacht agus ar shamhlaíocht daoine le linn dóibh bheith ag machnamh go criticiúil ar a n-eispéireas agus ag iarraidh ciall a bhaint as. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbrostódh na gníomhaíochtaí fiosracht agus go dtaitneoidís le daltaí sa dóigh go bhfásfadh dá mbarr buanspéis san eolaíocht acu. Tá eolaíocht á lonnú i gcomhthéacs oideachais shóisialta, imshaoil agus eolaíochta chun gur fearr a thuigfear a tábhacht don saol agus chun feasacht i láthair ceisteanna eolaíocha agus imhshaoil a spreagadh i ndaltaí.
Dar lena lán múinteoirí, is as eolas ar an dúlra agus eolas imshaoil a eascraíonn buneolaíocht. Cheana féin, bíonn staidéar ar bhitheolaócht an duine, ar phlandaí agus ainmhithe agus ar an imshaol nádúrtha agus daonna fite fuaite le go leor gníomhaíochtaí ranga. Is í is aidhm do na treoirlínte seo ná cuidiú le múinteoirí agus le scoileanna spéiseanna agus fiosracht daltaí i dtaobh an domhain fhisicigh agus bhitheolaíoch a fhorbairt agus lena linn sin féin scileanna turgnamhacha agus scileanna taighde a fhí isteach ina gcuid oibre. Cuideoidh na treoirlínte seo freisin le scoileanna chun gnéithe den eolaíocht, mar shampla fórsaí, ábhair agus fuinneamh, a fhorbairt.
Scileanna eolaíochta: ag obair go heolaíoch
Bunriachtanas de chuid na gníomhaíochta eolaíche de gach sórt is ea imscrúdú praiticiúil. Ní hí sofaisticiúlacht na n-idéanna a mbaintear feidhm astu a dhealaíonn gníomhaíocht eolaíoch amach ó chineálacha eile fiosraithe ach an próiseas trína ndéantar na hidéanna seo a fhorbairt. Is é atá i gcur chuige eolaíoch ná ionramháil a bhíonn bunaithe ar ghrinníocht, ar bhunú hipitéisí, ar thuar, ar imscrúduithe a chur i gcrích, ar thástálacha cothroma a phleanáil agus ar thorthaí tástála agus imscrúdaithe a scagadh.
Bíonn eispéireas ar an domhan bitheolaíoch agus fisiceach riachtanach d'fhorbairt chognaíoch an pháiste. Chomh fada is a bhaineann le formhór páistí, ní foláir dóibh teagmháil a bheith acu le rudaí agus le tarluithe sa saol réalta sular féidir go mbeadh na rudaí agus na tarluithe sin ina n-ábhar machnaimh nó ina n-ábhar le cíoradh ina n-aigne acu. Tá an t-imscrúdú a dhéanann an páiste féin mar a bheadh bunriachtanas nach féidir le páistí óga eolaíocht a fhoghlaim ina éagmais. Dá thoradh, foghlaimíonn an páiste gur féidir leis/léi freagraí dá c(h)uid féin a thabhairt ar fhadhbanna agus gur féidir leis/léi foghlaim trí bheith i ngleic le rudaí ina t(h)impeall.
Go minic beidh airíonna na teicneolaíochta ag baint lena lán de na gníomhaíochtaí eolaíocha, mar tabharfaidh siad go mbeidh na daltaí gafa le hiniúchadh, pleanáil agus déanamh rudaí a mbeidh feidhm phraiticiúil leo agus le meastóireacht a dhéanamh orthu.
Cuireann na topaicí a mholtar i snáitheanna éagsúla an churaclaim na comhthéacsanna ar fáil don obair a bhaineann le himscrúdú agus leis na tascanna deartha agus déanta.
Foghlaim páistí in eolaíocht
Bíonn gníomhaíocht eolaíoch páistí cosúil le gníomhaíocht an eolaí. Is é tús machnaimh ag páistí na hidéanna a bhíonn acu i dtaobh cúrsaí agus athraíonn siad na hidéanna sin agus déanann siad forbairt orthu trína dtástáil in imscrúduithe praiticiúla. I gcaitheamh a gcuid gníomhaíochtaí eolaíocha ba chóir go gcuirfí deiseanna ar fáil do pháistí na hidéanna sin a thriail, a bhréagnú nó a athrú nó cinn eile a chur ina n-ionad. Tagann den dearcadh seo ar fhoghlaim go mbíonn tuiscint níos eolaíche á forbairt agus á tógáil ag páistí trína n-idéanna agus a gcleachtadh saoil féin.
Bunaíonn páistí bunscoile a n-idéanna agus a gcoincheapa eolaíochta ar an bhfianaise a bhíonn ar fáil dóibh. Déanfar modhnú ar na hidéanna agus ar na coincheapa seo de réir mar a oibríonn na páistí i gcomhthéacsanna níos dúshlánaí agus de réir mar a fhorbraíonn siad bealaí imscrúdaithe níos ceannoscailte i leith réiteach fadhbanna.
Eolaíocht i gcuraclam páistelárnach
Is í is aidhm d'oideachas eolaíochta atá leathan agus cothrom ná cnuasach de theoiricí agus d'eolas na heolaíochta a theagasc agus, mar aon leis sin, deiseanna a chur ar fáil do pháistí oibriú go heolaíoch agus a bheag nó a mhór a fhoghlaim faoin dóigh a ndéanann eolaithe iniúchadh ar an domhan. Ní hamháin go gcuidíonn an curaclam eolaíochta chun comhaltaí den tsochaí a bhfuil buneolas iontaofa acu ar eolaíocht a dhéanamh de na páistí ach is í a aidhm meon agus dearcadh deimhneach i leith na heolaíochta a chothú agus na páistí a spreagadh chun a gcuireann eolaíocht agus teicneolaíocht ar fáil don tsochaí a léirthuiscint.
Má thugtar faoin eolaíocht go turgnamhach imscrúdaitheach sa bhunscoil is féidir léi cur go mór agus ar a bealach sainiúil féin le forbairt agus oideachas iomlánaíoch an pháiste. Dá bhrí sin, cuireann an curaclam eolaíochta deiseanna ar fáil don pháiste chun tuiscint leathan chomhchothrom a bhaint amach ar airíonna na cruinne fisicí agus ar idirghníomhú a codanna ar a chéile trí staidéar a dhéanamh ar raon de thopaicí bunaithe ar imshaoil nádúrtha agus fisiceacha agus, ag an am céanna, chun bealaí eolaíocha a shealbhú agus a úsáid chun an domhan a imscrúdú agus a thaiscéaladh.
I réamhrá, aidhmeanna agus cuspóirí leathana don eolaíocht ar lch. 6-12 den churaclam tá mionfhaisnéis níos sonraí ar fáil ar shaintréithe an ábhair agus i dtaobh cé mar ab fhearr a d'fhéadfaí lántairbhe a bhaint as a ról sa bhunscoil. Mar sin féin, ní féidir na haidhmeanna sin a bhaint amach ar deighilt leo féin. Siúd agus go ndéanann eolaíocht comhlánú ar stair agus ar thíreolaíocht laistigh den OSIE, ina theannta sin déanann sí a cion sainiúil féin ar mhaithe le curaclam leathan páistelárnach a sholáthar.