Primary Schools

Cur chuige agus modhanna teagaisc

An ceacht eolaíochta a eagrú agus a ionramháil

Baineann múinteoirí bunscoile feidhm as raon de mhodhanna ilghnéitheacha chun an fhoghlaim agus an teagasc a eagrú. Ag ceann amháin den raon bíonn tascanna aonair idir lámha ag páistí agus ag an gceann eile bíonn ceachtanna a mhúintear don rang ar fad. I gcaitheamh ceacht eolaíochta ar leith is féidir go mbainfeadh an múinteoir leas as ilghnéitheacht chur chuige, mar obair ghrúpa, obair le hiomlán an ranga. Braitheann na modhanna múinte a úsáideann an múinteoir chun an ceacht a ionramháil ar aois na bpáistí, na hacmhainní a bhíonn ar fáil, an spás a bhíonn ar fáil do na gníomhaíochtaí a bhíonn pleanáilte agus na modhanna a dtugann an múinteoir féin tosaíocht dóibh. Tá cuntas thíos ar na bealaí difriúla a ndéantar an ceacht eolaíochta a eagrú.

Obair leis an rang iomlán

Oibríonn go leor múinteoirí leis an rang iomlán ag tráthanna éagsúla den cheacht eolaíochta. Bíonn éifeacht leis an modh seo nuair a bhíonn

  • topaic nó coincheap nua á sheoladh
  • modhanna nua oibre á léiriú
  • modhanna difriúla imscrúdaithe á gcíoradh agus á réiteach le daltaí
  • faisnéis a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar chúlra á soláthar
  • ceisteanna agus hipitéisí páistí á stiúradh
  • ceacht á thabhairt chun críche nó grúpaí éagsúla á spreagadh chun tuairiscí ar a gcuid imscrúdaithe a chur i láthair
  • cabhair á tabhairt do pháistí réimsí breise iniúchta a ainmniú.

Grúpaí beagaGrúpaí beaga

Eagraíonn go leor múinteoirí an ceacht eolaíochta sa dóigh gur féidir le páistí oibriú le chéile i ngrúpaí beaga. Tugtar cur síos ar mhodhanna difriúla chun grúpaí beaga a ionramháil. Ar na modhanna sin tá:

  • go leor grúpaí beaga ag obair ar ghníomhaíochtaí atá cosúil lena chéile
  • grúpaí beaga ag obair ar ghníomhaíochtaí in uainíocht ar a chéile (sorcas turgnamh)
  • grúpaí beaga ag obair ar ghníomhaíochtaí neamhspleácha, ach gach grúpa ag déanamh a chion féin ar mhaithe leis an mórthéama
  • grúpa beag amháin ag obair ar imscrúdú eolaíochta.

Obair aonair ar thopaicí nó ar thionscadail tofa

Cloíonn páistí lena gcuid staidéir féin agus cuireann siad imscrúduithe i gcrích a cheadaíonn dóibh a spéiseanna féin agus a gcuid idéanna féin a leanúint. Fágann an modh seo gur féidir le páistí oibriú de réir a gcumais féin agus ar réimsí a bhfuil spéis acu iontu agus atá ábharthach dóibh, ach bíonn sé dian go leor ar an múinteoir ó
thaobh ama agus acmhainne de.

Ilghnéitheacht sa chur chuige

Obair aonairMá bhaintear úsáid as ilghnéitheacht sachur chuige agus sna modhanna múinte fágfaidh sé feidhmiú an churaclaim eolaíochta níos éasca. Bíonn gá le héagsúlacht a bheith sna modhanna teagaisc i ngeall ar an tslí ina bhfuil na snáitheanna agus na snáithaonaid leagtha amach. Ba chóir go bhfágfadh na modhanna a roghnaítear níos éasca é cuspóirí an aonaid oibre a bhaint amach agus chomh maith leis sin go dtabharfaidís aird ar ábhar agus ar chomhthéacs na gceachtanna. Úsáidfidh an múinteoir éifeachtach na bealaí ionramhála difriúla is fearr a fhreagraíonn do riachtanais na bpáistí agus a oireann do chuspóirí an aonaid oibre araon. Ba chóir go gcuirfeadh na bealaí ionramhála a roghnóidh an múinteoir ar chumas na bpáistí bheith ag obair go heolaíoch i gcomhthéacsanna éagsúla, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí praiticiúla agus dul i ngleic le fadhbanna agus iniúchtaí ceannoscailte.

Modhanna múinte agus cineálacha oiriúnacha cur chuige a roghnú

Ba chóir go ndéanfadh na modhanna múinte agus na cineálacha cur chuige a roghnóidh an múinteoir freastal ar dhóigheanna foghlama difriúla na bpáistí agus

  • nach gceilfí orthu an spleodar a thagann den taighde pearsanta
  • go gcuirfí ar a gcumas a bhfadhbanna féin a réiteach chomh fada agus ab fhéidir sin
  • go spreagfaí iad chun a gceisteanna féin a chur
  • go mbainfí leas as idéanna na bpáistí féin mar bhonn do ghníomhaíochtaí. Ba chóir go spreagfaí páistí chun leas a bhaint as a n-idéanna féin, iad sin a thástáil agus, b'fhéidir, iad a athrú.

Ar na cineálacha cur chuige is oiriúnaí chun obair phraiticiúil a dhéanamh níos éasca san eolaíocht tá

  • an cur chuige imscrúdaitheach
  • an cur chuige faoi threoir an mhúinteora.

Cur chuige imscrúdaitheach

Cuireann cur chuige imscrúdaitheach eolaíochta deiseanna ar fáil do pháistí chun coincheapa a úsáid agus a chur i bhfeidhm le linn dóibh bheith ag réiteach faidhbe a cheap an múinteoir dóibh nó a cheap siad féin. Bainfidh mórchuid mhór na múinteoirí leas as gníomhaíochtaí iata agus gníomhaíochtaí ceannoscailte in éineacht le chéile.

Gníomhaíochtaí iata

Tugtar gníomhaíochtaí iata ar ghníomhaíochtaí agus ar fhadhbanna a chuidíonn le páistí idé nó nós imeachta réamhcheaptha a fháil amach nó a fhoghlaim. Is féidir an cur chuige seo a úsáid nuair is mian leis an múinteoir na páistí a threorú trí phróisis agus ábhar na heolaíochta. Le linn dóibh bheith ag pleanáil do ghníomhaíochtaí agus do thurgnaimh iata, d'fhéadfadh na bileoga oibre a tháirgfidís féin agus cártaí oibre agus téacsleabhair a bhíonn ar fáil ar an margadh bheith ina n-acmhainn luachmhar do mhúinteoirí. Tugtar treoracha cuimsitheacha sna hábhair seo a insíonn do na daltaí cad atá le déanamh, an fearas a bheidh ag teastáil agus na tomhais a bheidh le déanamh. Is féidir do na gníomhaíochtaí iata seo fónamh go maith chun gnéithe de thuiscint choincheapúil a léiriú.

Imscrúdaithe ceannoscailte

Sa chur chuige seo bíonn ar an múinteoir deiseanna a chur ar fáil do na daltaí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ceannoscailte. Spreagann na gníomhaíochtaí nó imscúduithe seo na daltaí chun bheith ag obair go heolaíoch, chun a n-idéanna féin a nochtadh agus chun ceisteanna a chur ar féidir tástáil agus imscrúdú a dhéanamh orthu. Nuair a chuireann múinteoirí ceisteanna leathana, ceannoscailte spreagtar na páistí chun cur chuige imscrúdaitheach i leith fadhbanna a réiteach a fhorbairt iontu féin. Bíonn ceisteanna leathana ceannoscailte dírithe ar chúram an mhachnaimh a leagan ar an dalta féin. Cothaíonn siad smaointeoireacht eisréimeach.

Braithfidh a mhéad a éireoidh leis an múinteoir feidhm a bhaint as cur chuige imscrúdaitheach, ceannoscailte ar aois na bpáistí, ar cé chomh fásta agus atá siad, ar líon na ndaltaí sa rang agus ar thoilteanas an mhúinteora oibriú i gcomhthéacs neamhstruchtúrtha. In Eiseamláir 10 léirítear na céimeanna a ngabhtar tríothu agus cur chuige fadhbréitigh imscrúdaitheach i leith na heolaíochta á chothú i bpáistí bunscoile.

Cur chuige faoi threoir an mhúinteora

Sa chur chuige faoi threoir an mhúinteora insíonn sé/sí siúd do na daltaí cad a bhíonn le déanamh nó léiríonn sé a leithéid agus breathnaíonn sé ar a ndul chun cinn. Déanann an múinteoir an chuid is mó den chinnteoireacht, nó í go léir, i dtaca le hábhar an cheachta agus freagraíonn an páiste ar na treoracha. Cur chuige fóinteach is ea é nuair is mian leis an múinteoir na scileanna a bhaineann le húsáid teirmiméadair, le hábhair a dheighilt óna chéile, le hábhair a théamh nó le gníomhaíochtaí eile a chur i gcrích a d'fhéadfadh a bheith contúirteach nó ar ghá acmhainní ganna nó daora dóibh a léiriú. Tá gnéithe áirithe de churaclam na heolaíochta nach éasca obair imscrúdaitheach ag páistí a bhunú orthu; sna cásanna sin ba é ab oiriúnaí mar obair phraiticiúil ná léiriú ag an múinteoir féin.

Oireann teagasc díreach nuair a bhítear ag soiléiriú coincheap a bhíonn á n-imscrúdú agus is iad is fearr chun a chinntiú go leanfar gnáthamh na sábháilteachta. Ní miste mar sin go mbeadh sé san áireamh mar chuid de chur chuige an mhúinteora i réimse leathan ceachtanna.

Eiseamláirí

Tugtar eiseamláirí ar fud na roinne seo de na treoirlínte. In go leor acu tá ceachtanna agus aonaid oibre san áireamh a léiríonn

  • mar is féidir le páistí oibriú go heolaíoch
  • mioninsint ar ábhar an cheachta nó an aonaid
  • roinnt áirithe modhanna measúnaithe.

I gcuid de na ranna tá na heiseamláirí a úsáidtear ceangailte le ranganna áirithe sa scoil. Mar sin féin, is ar mhaithe le léiríú amháin atá sé amhlaidh; is féidir an chuid is mó díobh a chur in oiriúint do na leibhéil ranga ar fad. Tugtar raon leathan roghanna sna gníomhaíochtaí a mholtar sna treoirlínte seo, ach caithfidh múinteoirí aonair brath ar a mbreithiúnas gairmiúil féin agus iad ag cinneadh cé na modhanna agus na cineálacha cur chuige is fearr a shásaíonn riachtanais a ndaltaí féin.

PDFEiseamláir 10 - Cur chuige do phleanáil imscrúduithe ceannoscailte
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie