Primary Schools

Áiseanna do mhúineadh agus d’fhoghlaim na heolaíochta

Ní mór raon acmhainní a sholáthar lena chur ar chumas páistí tabhairt faoi iniúchtaí eolaíochta. Moltar go n-ullmhódh gach scoil aonair liosta den trealamh a bheidh ag teastáil chun an clár eolaíochta a shamhlaítear sa phlean scoile a chur i gcrích.

Beidh na hábhair chéanna is a úsáidtear in achair eile den churaclam ag teastáil in go leor de ghnéithe an chláir eolaíochta (rudaí mar shiosúir, ghliú, rialóirí, chorda nó phéint). I gcás topaicí eolaíochta áirithe beidh ábhair inchaite mar ghaineamh, shiúcra, shalann nó bhianna triomaithe ag teastáil. Úsáidfear earraí inúsáidte ar féidir iad a bhailiú gan dua as an bhfuíoll tí le haghaidh topaicí eile fós -- earraí cosúil le buidéil phlaisteacha, searróga, stáin, claibíní, spóil snátha, agus potaí iógairte.

I dTábla 1 liostaítear na hábhair a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na snáitheanna agus na snáithaonaid éagsúla sa chlár eolaíochta a chur i bhfeidhm. Liostaítear na hábhair a d'fhéadfadh a bheith riachtanach le haghaidh ceann de chomhpháirteanna deartha agus déanta an churaclaim i dTábla 2. Tá cuid de na hábhair seo nach féidir iad a fháil ach amháin ó shainsoláthraithe ábhar eolaíochta. Ba chóir go gcinnfeadh scoileanna cé acu de na hábhair seo is fearr a d'oirfeadh dá riachtanais féin.

Tábla 1 Acmhainní a bheidh ag teastáil don chlár eolaíochta
Snáithe agus snáithaonaidAcmhainní
Dúile Beo 
Mise/An bheatha dhaonna
  • scátháin (plaisteacha)
  • bataí méadair
  • cairt airde
  • teirmiméadar
  • ribín tomhais
  • scálaí seomra fholctha
Plandaí agus ainmhithe
  • cróca bláthanna
  • gabhdáin feithidí
  • liáin bheaga
  • uisceadán
  • seanspúnóga
  • leatháin pheirspéacs nó phlaistigh
  • canna uisce
  • feadáin phlaisteacha
Fuinneamh agus fórsaí
Maighnéadas agus leictreachas
  • maighnéid (cnuasach ina mbeidh idir bharra-mhaighnéid, mhaighnéid ar dhéanamh cnaipe agus chrú-mhaighnéid)
  • cróite bolgán scriúch
  • mionrabh iarainn
  • fáiscíní crogaill
  • snáthaidí
  • sreang
  • compáis
  • dordánaithe leictreacha
  • cnuasach d'ábhair mhaighnéadacha
  • cloig leictreacha
  • mótair leictreacha
  • cnuasach de mhiotail éagsúla
  • greamaire scamhtha sreinge
  • flocas cruach
  • scriúirí
Solas
  • tóirsí
  • scátháin chuara
  • scátháin phlánacha
  • bloic ghloine agus priosmaí triantánacha
  • earraí lonracha ar féidir leas a bhaint astu mar scátháin:
  • spúnóga, claibín bosca brioscaí, miotal leatháin
  • ábhair thrédhearcacha, ábhair thréshoilseacha agus ábhair theimhneacha
  • scagairí dathanna
  • coinnle
  • lionsaí seanspéaclaí
  • teilgeoir
Teas
  • teirmiméadair
  • coinnle
Fuaim
  • gabhlóga tiúnta
  • bandaí rubair (de mhéideanna agus de thiúis dhifriúla)
  • téada giotáir
Fórsaí
  • bréagáin rothacha
  • ola, geir, snasán, céir
  • claonán
  • páirín
  • lingeáin
  • meicníochtaí: tlú, greamairí, cnóire, bréagáin, seanchlog srl
  • meáchain
  • mirlíní
  • liathróidí
  • miontrealamh tógála ar nós Meccano: rothaí, ulóga, slata acastóra, giaranna
  • orláistí
  • stadchloig, staduaireadóirí
  • balúin
  • steallairí plaisteacha
  • ulóga
Ábhair
  • tonnadóirí
  • leatháin, bloic, liathróidí agus coirníní polaistiríne
  • criathair, plaisteach, mogaill éagsúla
  • samplaí d'fhabraicí agus de shnáithíní difriúla
  • ábhar dathaithe bia
  • saghsanna difriúla gallúnaí agus glantóirí
  • ábhair ruaimneoireachta
  • ábhair as an gcistin nó as an seomra folctha (siúcra, salann, sóid, cailc, ola, uisce sóide, aoluisce, tae, caife, salann folctha, plúr)
  • samplaí de mhiotail éagsúla
  • púróga, clocha, brící, carraigeacha
  • samplaí de shaghsanna éagsúla adhmaid agus de rudaí difriúla déanta d'adhmad
  • samplaí de shaghsanna éagsúla páipéir (páipéar súite, páipéar síoda, tuáillí páipéir, páipéar céarach, páipéar gréiscdhíonach, páipéar nuachtáin)
  • coirc
Tabla 2 Fearas agus ábhair a bhíonn ag teastáil le haghaidh deartha agus déanta
SnáithaonaidAcmhainní
Ag iniúchadh
  • miontrealamh tógála ar nós Lego Technic, K'nex, Fischer, Technik, Meccano, Master Builder
  • meicníochtaí -- buailteoir ubh, teannaire rothair, crann ardaithe, bacán, bréagáin
Ag déanamh
  • casúr agus tairní
  • cnónna agus boltaí
  • sábha miotail agus lainn bhreise
  • gliú adhmaid
  • teanntán
  • páirín
  • scriúire agus scriúnna
  • scian cheardaí
  • druilire láimhe
  • rialóirí agus siosúir
  • fáiscíní
  • rinsí
  • snáthaid
  • roth gearrtha
  • teanntán-G
Ábhair inchaiteEarraí inúsáidte as an bhfuíoll tí
  • Marla
  • Plástar Pháras
  • cré
  • cnuasach d'fhabraicí agus de shnáithíní
  • fáiscíní -- fáiscíní Bulldog, fáiscíní páipéir, fáiscíní gruaige, pionnaí éadaigh
  • adhmaid bhoga
  • scragall
  • miotail
  • aicéatáit
  • plaisteach
  • rubar
  • duail d'fhaid agus de thiúis éagsúla
  • sreang thanaí
  • corda agus snáitheanna
  • greamacháin
  • péinteanna
  • buidéil phlaisteacha de mhéideanna éagsúla
  • soip phlaisteacha
  • scragall alúmanaim
  • spóil snátha
  • stáin
  • cnuasach de bhoscaí folmha, de chlaibíní, de ghabhdáin, agus d'fheadáin
  • crochadáin chóta
  • bloic agus coirníní polaistiréine
  • corda agus cláir fuíll
  • coirc de mhéideanna éagsúla
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie