Le linn dóibh bheith ag foghlaim na heolaíochta gheobhaidh na páistí cleachtadh a chuideoidh leo scileanna praiticiúla imscrúdaithe mar aon le scileanna deartha agus déanta a fhorbairt. De réir mar a bheidh na páistí ag baint úsáide as na scileanna sin agus á gcur i bhfeidhm foghlaimeoidh siad mar is cóir plé le coincheapa níos casta agus le heolas eolaíoch. Braithfidh a fheabhas a éireoidh leo scileanna eolaíochta a fhorbairt ar a n-aois, ar an gcéim fhorbartha coincheapúla a bheidh sroichte acu agus ar na cineálacha imscrúduithe praiticiúla ar a mbeidh siad cleachtach.
Is annamh a thagtar ar na scileanna eolaíocha úd ar deighilt. De ghnáth is comhchodanna de chur chuige imscrúdaithe eolaíoch iad. I gcaitheamh an chuid is mó de chéimeanna imscrúdaithe san eolaíocht déanfaidh páistí breathnóireacht, tuarfaidh siad, agus déanfaidh siad iarrachtaí ar mhíniú a thabhairt agus ar thorthaí a chur in iúl. Níor chóir go leanfaí an t-ord ina gcuirtear na scileanna seo i láthair i gcáipéis an churaclaim amhail agus dá mba mhodh múinte cinntitheach é chun tabhairt faoi iniúchadh agus faoi obair thurgnamhach san eolaíocht.
Ag obair go heolaíoch
Breathnóireacht
Scil bhunúsach san eolaíocht is ea breathnóireacht (ag baint úsáide as na cúig chéadfa, ar deighilt óna chéile nó i dteannta a chéile). Sna ranganna naíonán is iad ceisteanna agus ráitis an mhúinteora nó na bpáistí a tharraingeoidh a n-aird ar rud nó ar eachtra. Tharlódh go n-éireodh iniúchadh nó sórtáil neamhfhoirmiúil as seo, tráth a mbeadh ábhair agus dúile beo á ngrúpáil agus á n-atheagrú arís ina n-aicmí difriúla. Ag gach leibhéal ranga iarrfar ar pháistí rudaí a chur i gcomparáid lena chéile agus cur síos ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí eatarthu. Tiocfaidh de sin go dtosóidh siad ag tabhairt na n-airíonna atá ag rudaí coitianta faoi deara, tréithe mar chruth, mhéid, dhath, phatrún agus uigeacht. Braitheann breathnóireacht ar ghníomhaíochtaí ina mbíonn go leor de na scileanna eile, mar rangú agus cur in iúl, ag teastáil.
Gné thábhachtach den obair seo is ea oiliúint na ndaltaí i dtaca le teicníochtaí sábháilte breathnóireachta, le béim a leagan ar an ngá atá le stuaim agus na céadfaí á n-úsáid, go mór mór nuair a bhíonn blaiseadh, bolú agus tadhall ar siúl.
Rangú
Sa rangú bíonn ar pháistí a bhfuil tugtha faoi deara acu a shórtáil de réir airí amháin ar a laghad. Sna ranganna naíonán agus arís i ranganna 1 agus 2 aithneoidh páistí airíonna mar dhath, chruth agus mhéid agus beidh siad in ann rudaí atá cosúil lena chéile a shórtáil de réir airí amháin acu. I ranganna 3 agus 4 cinnfidh páistí a gcritéir shórtála féin agus beidh siad in ann a mhíniú cén fáth ar roghnaigh siad na critéir úd. I ranganna 5 agus 6 déanfaidh páistí rudaí a ghrúpáil i dtacair agus i bhfo-thacair. Bainfidh siad úsáid freisin as áiseanna aicmithe seanbhunaithe, rudaí mar eochracha chun feithidí, éin, duilleoga agus crainn a aithint agus a shórtáil.
Patrúin a thabhairt faoi deara
Braitheann an cumas chun patrúin i rudaí agus i bpróisis a thabhairt faoi deara ar acmhainn an duine lúba comhcheangail a fheiceáil, cosúlachtaí agus difríochtaí a thabhairt faoi deara agus seichimh a aithint. Agus patrúin á dtabhairt chun a s(h)untais féin aige/aici, bíonn ar an dalta torthaí a c(h)uid breathnóireachta a nascadh le hidéanna agus le míniúcháin ab fhéidir a bheith leo. Sna ranganna naíonán agus sna ranganna sóisearacha is féidir go ndéanfadh páistí titim an duilliúir san fhómhar a chomhcheangal le titim na teochta. Sna meánranganna agus sna hardranganna nochtfaidh páistí tuairimí agus bainfidh siad tátail ghinearálta as patrúin a thug siad chun suntais. Cuideoidh na míniúcháin seo leo a dtuiscint ar fheiniméin agus ar eachtraí an domhain a fhorbairt.
Meas agus tomhas
Scileanna bunúsacha iad meas agus tomhas a úsáidtear chun teacht ar eolas le linn breathnóireachta. Sa chomhthéacs seo leagtar an bhéim ar úsáid bealaí oiriúnacha tomhais, bealaí a bhíonn ag teacht le staid fhorbartha na bpáistí agus leis an gcineál gníomhaíochta a bhíonn idir lámha. Sna ranganna naíonán agus sna ranganna sóisearacha déanfaidh páistí comparáid idir rudaí agus déanfaidh siad cur síos orthu mar rudaí atá mór nó beag, trom nó éadrom. Déanfaidh siad scrúdú ar raon rudaí agus cuirfidh siad in eagar iad, mar shampla ón gceann is lú go dtí an ceann is mó.
Bainfidh páistí feidhm as raon d'aonaid neamhchaighdeánacha tomhais chun rudaí a thomhas, mar shampla cupáin, dornáin agus réisí láimhe. Sna meánranganna tosóidh siad ar úsáid a bhaint as aonaid chaighdeánacha tomhais chun fad, achar, am, teocht agus meáchan a thomhas. Sna meánranganna agus sna hardranganna roghnóidh siad an gaireas is oiriúnaí chun cuidiú lena gcuid tomhais. De réir mar a théann na gníomhaíochtaí seo i gcastacht beidh gá le tomhas níos cruinne fós. Úsáidfidh páistí raon d'uirlisí tomhais (rialóirí, meánna, teirmiméadair, scálaí) go beacht agus glacfaidh siad leis go bhfuil sé riachtanach tomhas agus atomhas a dhéanamh nuair a bhíonn imscrúdú ar siúl.
Ba chóir go spreagfaí na páistí ag gach leibhéal ranga chun meas a dhéanamh sula ndéantar aon tomhas. Má fhoghlaimíonn daltaí scileanna measa cuideoidh sé leo chun breithiúnas a thabhairt ar chruinneas a gcuid torthaí.
Meáchan agus mais
Ní dhéantar aon idirdhealú i gcáipéis an churaclaim idir na téarmaí mais agus meáchan. Is é is mais ruda ann ná an méid ábhair nó mianaigh atá ann; is é is brí le meáchan ná méid an fhórsa atá á oibriú air ag domhantarraingt. I gcaitheamh a dtréimhse bunscoile ní bheidh formhór na bpáistí inniúil fós ar an idirdhealú idir mais agus meáchan a thuiscint agus dá bhrí sin úsáidtear an téarma 'meáchan' sna treoirlínte seo ar mhaithe le gnáthchaint sa seomra ranga.
Ceistiú
Cuid den fhoghlaim is ea ceistiú nach féidir déanamh dá héagmais nuair a bhíonn an t-imshaol á iniúchadh agus tuiscint air á forbairt. Tríd an gceistiú is ea a dhéanann an páiste eispéiris nua agus réamheispéiris a chomhcheangal le chéile. Cuidíonn sé freisin leis an bpáiste teacht ar an eolas a bhíonn riachtanach chun éirim an tsaoil a léamh. Ba chóir go spreagfaí páistí chun ceisteanna ceannoscailte a chur. D'fhónfadh cuid de na ceisteanna seo mar bhonn d'obair imscrúdaithe.
Hipitéisí a cheapadh agus a thástáil: ag iarraidh rud a mhíniú
Gnéithe bunúsacha den phróiseas eolaíochta iad ceisteanna a chur agus iarracht a dhéanamh ar fhadhbanna a réiteach. Sna meánranganna agus sna hardranganna spreagfar páistí chun tabhairt faoi mhínithe a thabhairt nó chun hipitéisí a cheapadh. Idé ar féidir í a thástáil is ea hipitéis. Barúil is ea í, atá bunaithe ar réamheispéireas nó ar réamheolas, a chuirtear i láthair mar mhíniú ar fhianaise shúl nó mar bhonn ar a mbunófar fáistine.
Spreagfaidh ceisteanna páistí chun iarracht a dhéanamh míniúcháin a thabhairt agus chun hipitéisí a cheapadh. Ní gá go mbeadh hipitéisí nó míniúcháin thriaileacha ceart ach ba chóir go bhfreagróidís don fhianaise atá ar fáil. Ina dhiaidh sin bainfear leas astu mar bhonn imscrúdaithe sa bhreis. Sna meánranganna agus sna hardranganna ba chóir na daltaí a spreagadh chun níos mó ná míniúchán amháin ar fheiniméin a thairiscint. Cuideoidh na míniúcháin seo leis na páistí chun idéanna dá gcuid féin a chumadh agus chun torthaí a thuar a mbeidh fonn orthu iad a bhreathnú agus a thástáil. I gcaitheamh a gcuid tástála nó iniúchta rachaidh sé i gcion ar pháistí chomh tábhachtach agus atá sé a gcuid hipitéisí a athbhreithniú nó go fiú iad a chaitheamh i leataobh i láthair fhianaise nua.
Tuar
Is féidir go bhfónfadh patrúin a tugadh faoi deara le linn breathnóireachta nó imscrúdaithe mar bhonn le tuar. Nuair a dhéanann páistí tuar bíonn siad ag iarraidh a réamhinsint céard a d'fhéadfadh tarlú i dtosca áirithe. Sna ranganna naíonán agus i ranganna 1 agus 2 is ar nod ón múinteoir a dhéanfaidh páistí tuar agus is i suímh struchtúrtha a tharlóidh sé sin. Sna meánranganna agus sna hardranganna ba chóir tuair na bpáistí a bheith bunaithe ar fhianaise de thoradh eispéireas nó rudaí a tugadh faoi deara roimh ré. Ba chóir go ndéanfaí tuair na bpáistí a chomhcheangal le tástáil idéanna trí imscrúduithe.
Iniúchadh agus obair thurgnamhach
Is é atá in iniúchadh ná fianaise a chuardach go córasach chun idé nó míniú a thástáil. Sna ranganna naíonán agus sna ranganna sóisearacha spreagfaidh píosaí beaga imscrúdaithe, a dhéanfaidh an múinteoir a struchtúrú, na páistí chun machnaimh i dtaobh conas ab fhearr tabhairt faoi fhadhb a réiteach. Is iad na daltaí a liostóidh an t-ábhar a bheidh ag teastáil agus is féidir, freisin, go molfaidís bealaí cur chuige chun an t-imscrúdú a chur i gcrích. D'fhéadfadh go rithfeadh sé chuig na páistí go gcaithfear rudaí áirithe a choinneáil faoi riail nó tairiseach in imscrúdú, mar shampla an méid uisce a thabharfaí do gach planda. Maidir le páistí na meánranganna agus na n-ardranganna agus iad ag imscrúdú agus ag déanamh turgnamh ar idéanna agus ar thuair, beidh pleanáil agus cur i gcrích tástálacha cothroma ina gcuid dhílis den obair. Cuimsíonn imscrúdú cothrom na próisis seo a leanas:
- an fhadhb atá le himscrúdú a thabhairt chun suntais: m.sh. Cé acu bróga is fearr a ghreamaíonn? Cén áit a gcónaíonn míolta críonna?
- na hathróga a thabhairt chun suntais - na hathróga úd nach foláir a athrú agus na cinn nach foláir a thomhas nó a chur i gcomparáid lena chéile. Is den tábhacht é go dtuigfeadh páistí nach ceadmhach dóibh níos mó ná athróg amháin a athrú sa turas. Ní cóir go n-athródh aon tosca eile. Mar shampla, is féidir le páistí imscrúdú a dhéanamh ar luas titime paraisiút ar mhéideanna difriúla agus iad a chur i gcóimheas lena chéile. Ba chóir dhá phairisiút a dhéanamh agus iad ina macasamhla dá chéile ar gach bealach ach amháin ó thaobh méid de. D'fhéadfaí na paraisiúit a scaoileadh ag an am céanna ón airde chéanna. Faoi cheann sraithe de thástálacha is faoi na páistí atá sé a rá an mbíonn tionchar ag méid ar na torthaí.
- gaireas agus ábhair oiriúnacha a roghnú le haghaidh imscrúdaithe
- ord na gcéimeanna éagsúla san imscrúdú a chinneadh
- na bealaí taifeadta is oiriúnaí a roghnú
- torthaí an imscrúdaithe a anailísiú.
Gabhfaidh na daltaí siar go dtí an fhadhb bhunaidh agus pleanálfaidh siad aon turgnaimh bhreise is gá. Déanfar torthaí na dturgnamh a thaifeadadh go córasach agus luafar na tátail.
Athróga a thabhairt chun suntais:
tástáil chothrom a cheapadh
Sna meánranganna agus sna hardranganna tosóidh sé ag rith le páistí go gcaithfidh tástáil a bheith cothrom. Chun tástáil a dhéanamh cothrom ní mór na coinníollacha a dhéanfadh difríocht sa turgnamh a aithint. Ní mór go dtabharfadh páistí chun suntais
- an athróg a athróidh siad fein
- an athróg a thomhaisfear agus a bhreithneofar
- na hathróga a choinneofar faoi riail agus a choinneofar tairiseach.
Le linn dóibh bheith ag cur tástálacha cothroma i gcrích ba chóir go spreagfaí na daltaí chun a fhiafraí:
Céard tá á thástaíl?
Céard tá le hathrú?
Céard a choinneofar mar a bhí sé?
Céard a dhéanfar a thomhas agus a chur i gcomparáid?
Clárú agus cur in iúl
Déanfaidh páistí torthaí a gcuid breathnóireachta agus a gcuid oibre praiticiúla a chlárú agus a chur in iúl trí mheáin éagsúla, mar shampla líníochtaí, colláis, drámaí agus tuairiscí ó bhéal, agus mar aon leo sin trí leas a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide. Bíonn deiseanna ag teastáil ó pháistí chun a chur in iúl do dhaoine eile mar a phleanálann siad a gcuid imscrúdaithe, mar a choinníonn siad athróga faoi riail nó mar a athraíonn siad iad, cad í an bhreathnóireacht agus cad iad na tomhais a rinne siad agus cad iad na torthaí a bhí ar a gcuid imscrúdaithe. D'fhéadfadh go dtiocfaidh leo, tríd an bpróiseas sin, a smaointe féin a choigeartú agus fadhbanna nua nach foláir a réiteach a thabhairt chun suntais.
Ag dearadh agus ag déanamh
Cuid thábhachtach den ghníomhaíocht eolaíoch é páistí a spreagadh le lámhdhéantúsáin agus mionsamhlacha a dhearadh agus a dhéanamh chun fadhbanna praiticiúla a réiteach.
Próiseas is ea dearadh agus déanamh a chuireann ar pháistí a gcuid eolais agus a scileanna eolaíocha a úsáid agus a chur i bhfeidhm chun tascanna praiticiúla a chur i gcrích. Is iad na scileanna a d'fhéadfadh páistí a chur i bhfeidhm i bpróiseas réitithe fadhbanna praiticiúla ná:
- iniúchadh
- pleanáil
- déanamh
- meastóireacht.
Iniúchadh
Le linn iniúchadh a dhéanamh ba chóir go mbeadh páistí gafa le súgradh le hábhair, rudaí agus mionsamhlacha agus go mbeadh idir shúgradh struchtúrtha agus shúgradh neamhstruchtúrtha i gceist. Sna ranganna naíonán agus i ranganna 1 agus 2 beidh na páistí ag láimhsiú agus ag ionramháil ábhar agus tiocfaidh siad ar thuiscint ar cé mar a úsáidtear ábhair chun rudaí agus struchtúir éagsúla a dhéanamh. Tabharfar deiseanna dóibh mionsamhlacha a dhéanamh as Duplo, bloic thógála, tráithníní plaisteacha agus ábhair eile. Tríd an iniúchadh seo sealbhóidh siad léirthuiscint ar an tionchar, idir theicniúil agus aestéitiúil, a bheadh aige ar a gcuid mionsamhlacha agus ar a gcuid struchtúr úsáid a bhaint as uigeacht, dathanna agus cruthanna agus ábhair dhifriúla. Gné thábhachtach den obair sna ranganna naíonán agus i ranganna 1 agus 2 é an gá leis na dearthaí agus na cruthanna difriúla a bhíonn ar rudaí a phlé agus a thuiscint.
Sna meánranganna agus sna hardranganna ba chóir go bhfaigheadh páistí deiseanna mionsamhlacha agus struchtúir dá rogha féin a dhearadh agus a dhéanamh agus chuige sin bréagáin tógála agus raon leathan d'ábhair thógála a úsáid. Ba chóir go gcaithfidís machnamh le conas rudaí agus struchtúir a fheabhsú agus a oiriúnú agus go bpléifidís an gnó. Gné thábhachtach den obair ag an leibhéal seo é na páistí a spreagadh chun an gá le rud nua a dhearadh nó le foirgnithe a oiriúnú chun críche nua a léirthuiscint. Gné bhunúsach den obair ag gach leibhéal é saoriniúchadh a dhéanamh le hábhair, rudaí agus bréagáin agus mionsamhlacha tógála.
Pleanáil
Le linn pleanála bíonn na páistí gafa le samhlú rud a dhéanfaidh siad féin, lena phleanáil agus lena dhearadh. Ag gach leibhéal ranga spreagfar páistí chun an obair a dhéanamh ina ngrúpaí agus a gcuid idéanna a roinnt le chéile agus a chur in iúl dá chéile. Sna ranganna naíonán agus i ranganna 1 agus 2 d'fhéadfadh go ndéanfadh na páistí líníochtaí nó mionsamhlacha simplí. Beidh siad faoi stiúir an mhúinteora le linn dóibh bheith ag cinneadh ar na hábhair, ar na huirlisí agus ar an gcur chuige a úsáidfear.
I ranganna 3 agus 4 agus i ranganna 5 agus 6 freisin ba chóir go mbeadh páistí in ann raon leathan de mholtaí deartha a dhéanamh agus na buanna a bhaineann le dearthaí éagsúla a chur i gcóimheas lena chéile agus a mheá. Trí dhíospóireacht a dhéanamh ar dhearthaí éagsúla agus mheastóireacht a dhéanamh orthu beidh siad in ann a mheas cé chomh hindéanta agus a bheidh sé tabhairt faoi dhearthaí difriúla agus déanfaidh siad a gcuid dearthaí a athbhreithniú agus a oiriúnú dá scileanna, dá raon acmhainní agus ábhar agus don tréimhse a cheadaítear don tasc. Beidh sé tábhachtach go ndéanfar an obair seo a chomhcheangal le forbairt scileanna spásúla sa mhatamaitic agus sa tíreolaíocht; agus ba chóir go dtabharfaí chun suntais na deiseanna deartha agus déanta a bheadh sna réimsí curaclaim seo.
Déanamh
Sa chuid seo den phróiseas deartha agus déanta beidh na páistí gafa le táirge nó déantúsán, a dhear agus a phleanáil siad féin, a dhéanamh agus a chur ar fáil. Beidh sé riachtanach go bhforbródh na páistí scileanna lámhcheardaíochta mar ghearradh, chur le chéile, ghreamú, fhí agus nascadh, chun go mbeidh siad in ann na mionsamhlacha agus na déantúsáin a dhearfaidh siad a dhéanamh. Gné thábhachtach den obair í ag gach leibhéal go roghnódh agus go n-úsáidfeadh na páistí uirlisí oiriúnacha. Beidh maoirseacht chúramach de dhíth anseo, agus is scil agus meon í an tsábháilteacht ar cheart a fhorbairt ag gach céim den phróiseas deartha agus déanta.
Sna ranganna naíonán agus sna ranganna sóisearacha is é teorainn a bheidh leis an raon uirlisí ná an méid acu ar baineadh úsáid astu go fóill sna ceardghníomhaíochtaí. Sna meánranganna agus sna hardranganna de réir mar a thosófar ar raon níos fairsinge ábhar, adhmad agus plaisteach mar shampla, a úsáid beidh teacht ag na páistí ar raon níos leithne uirlisí. Chun go mbeadh dul chun cinn agus leanúnachas sna tascanna deartha agus déanta ba chóir go mbeadh fáil ag páistí ar raon méadaitheach ábhar agus uirlisí agus cleachtadh acu ar a n-úsáid. Sa tslí sin beidh ar a gcumas na rudaí a dhearann siad a dhéanamh.
Meastóireacht
Má dhéanann na páistí meastóireacht ar dhéantúsán a dhear agus a rinne siad féin cuideoidh sé leo chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar a ndearthaí agus spreagfaidh sé iad chun a modhanna pleanála agus oibre a mhodhnú. Ba chóir go gcuirfí deiseanna ar fáil chun go mbreathnódh na páistí ar dhéantúsáin ghrúpaí eile páistí agus chun a mheas cé chomh maith a bheadh torthaí an tsaothair ag teacht leis na dearthaí a moladh roimh ré. Ba chóir go molfadh páistí modhnuithe ab fhiú leo a dhéanamh ar dhearthaí agus, ar choinníoll go ndéanfar sin le meon dearfa, go spreagfaí iad chun triail a bhaint as moltaí deartha eile le súil go gceapfaí réiteach níos oiriúnaí ar na fadhbanna a tugadh chun suntais.