Primary Schools

Ábhar an churaclaim eolaíochta

Bunstruchtúr agus téarmaíocht

Tá ábhar an churaclaim eolaíochta roinnte i gceithre leibhéal: ábhar do ranganna naíonán, ábhar do ranganna 1 agus 2, ábhar do ranganna 3 agus 4, agus ábhar do ranganna 5 agus 6. Ag gach leibhéal tá an t-ábhar roinnte in dhá roinn éagsúla:

  • snáitheanna ábhair, a rianaíonn an t-ábhar a d'fhéadfaí a chuimsiú sa chlár eolaíochta:
    Dúile beo
    Ábhair
    Fuinneamh agus fórsaí
    Feasacht agus cúram imshaoil
  • snáithe ar scileanna, a chuimsíonn:
    Ag obair go heolaíoch
    Ag dearadh agus ag déanamh.

Laistigh de gach snáithe tá go leor topaicí ar a dtugtar snáithaonaid; is iad siúd na bunranna ábhair a shaothrófar.

Is é cuspóir atá le cur i láthair an ábhair sa dá roinn seo ná cuidiú le múinteoirí agus iad ag pleanáil chun scileanna tábhachtacha a fhorbairt de réir mar a shealbhaítear eolas agus tuiscint ar choincheapa agus idéanna eolaíocha.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie