Primary Schools

Measúnú in OSIE

Measúnú: cuid dhílis den teagasc agus den fhoghlaim

Cuid riachtanach leanúnach den phróiseas teagaisc agus foghlama san OSIE is ea measúnú ar fhoghlaim na bpáistí: bíonn sé ina chuid de gach ceacht ar chuma éigin sa stair, sa tíreolaíocht agus san eolaíocht. Bíonn breitheanna á dtabhairt ag múinteoirí de shíor ar fhoghlaim a bpáistí agus iad ag beartú conas topaicí, coincheapa agus scileanna a thionscnamh agus a fhorbairt, conas ceachtanna atá múinte a dhaingniú, conas dul chun cinn páistí aonair a mheasúnú, conas deacrachtaí a aithint agus conas foghlaimeoirí a mholadh agus a spreagadh.

Treisíonn an measúnú feasacht an mhúinteora ar fhoghlaim gach aon pháiste, soláthraíonn sé eolas cruinn faoina t(h)uiscint agus faoina scileanna agus tugann sé léargas ar a f(h)orbairt iomlánaíoch ar fud raon leathan na n-achar curaclaim. Soláthraíonn sé bunús chun cinnteoireachta mar gheall ar riachtanais foghlama an pháiste amach anseo, cuidíonn sé le heispéireas oideachasúil níos fearr a phleanáil, agus is cuid nádúrtha de churaclam páistelárnach forchéimnitheach é.

Rólanna an mheasúnaithe: cad chuige measúnú san OSIE?

Treisíonn an measúnú teagasc agus foghlaim ar roinnt bealaí. Go bunúsach, ba chóir go gcuideodh an measúnú san OSIE, amhail in achair eile den churaclam, leis an bhfoghlaim atá i ndán don pháiste a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Ba chóir go léireodh an measúnú gnóthachtáil dhearfach gach páiste agus é/í i mbun staidéir ar thopaicí stairiúla, geografacha agus eolaíocha agus go léireodh sé achair i bhfoghlaim an pháiste ar féidir iad a fhorbairt. Nuair a úsáidtear ar an gcaoi seo é, glacann an measúnú ról cuiditheach múnlaitheach in oideachas an pháiste. Is é/í an múinteoir go bunúsach a bhainfidh leas as an eolas a gheofar faoi fhoghlaim an pháiste, ach cuirfidh sé ar chumas an pháiste féinmheasúnú a dhéanamh agus spriocanna foghlama pearsanta a shocrú dó/di féin chomh maith.

Léireoidh an measúnú freisin achair ina mbíonn deacrachtaí foghlama ag an bpáiste. Is féidir go gcuimseoidh na deacrachtaí a aithnítear san OSIE easnaimh i dtuiscint an pháiste, bearnaí ina c(h)uid eolais nó easpa scileanna áirithe. Agus an ról diagnóiseach seo á chomhlíonadh ag an measúnú ba chóir go gcuideodh sé leis an múinteoir éagsúlachtaí sa chur chuige nó sna heispéiris foghlama a aithint a chuideodh le feabhas a chur ar fhoghlaim an pháiste. Uaireanta is féidir go n-aithneofar deacrachtaí foghlama i ngné amháin d'fhorás stairiúil, geografach nó eolaíoch an pháiste, ach uaireanta eile tabharfaidh easnamh a aimsítear in achar amháin eolas faoi fhoghlaim an pháiste sna hachair eile den OSIE chomh maith. Baineann a lán cineálacha eispéiris teagaisc agusfoghlama sa stair, sa tíreolaíocht agus san eolaíocht leas agus úsáid as raon leathan scileanna agus coincheapa sa chaoi go dtig leis an OSIE freisin deiseanna úsáideacha a sholáthar chun fianaise a fháil faoi dhul chun cinn páiste in achair mar mhatamaitic, theanga agus fhorás sóisialta.

Ba chóir go soláthródh an measúnú fianaise faoi ghnóthachtáil fhoriomlán an pháiste go tráthrialta agus ar bhealach rianúil. Is féidir an measúnú a úsáid chun an ról suimitheach seo a chomhlíonadh tráth a bhféachann múinteoirí le torthaí na foghlama a thabhairt chun grinnis tar éis aonad oibre a chríochnú nó tráth a dtugann siad tuairisc do dhreamanna seachas an páiste, mar shampla nuair a labhraíonn siad le tuismitheoirí agus le múinteoirí eile mar gheall ar dhul chun cinn an pháiste.

Is féidir leis an measúnú cuidiú leis an múinteoir freisin oiriúnacht an chláir san OSIE atá roghnaithe ag an múinteoir agus an scoil d'aoisghrúpa ar leith a mheas, agus tig leis cabhrú leis an múinteoir éifeacht na n-acmhainní oideachais, na modhanna teagaisc agus na saghsanna éagsúla cur chuige a úsáidtear a mheasúnú. Nuair a leagtar an ról meastóireachta seo ar an measúnú, cuidíonn sé leis an múinteoir a aithint conas a d'fhéadfaí eispéireas foghlama an pháiste a fheabhsú.

Measúnú san eolaíocht: cad ba chóir a mheasúnú?

Chun na feidhmeanna éagsúla seo a chomhlíonadh i gceart, níor mhór an measúnú a bheith bailíoch agus níor mhór dó freisin féachaint le dul chun cinn agus gnóthachtáil an pháiste ar fud ghnéithe uile an churaclaim eolaíochta a thomhas agus a thuairisciú. Caithfidh na teicníochtaí measúnaithe in eolaíocht díriú ar chuspóirí eolais, ar thuiscint na gcoincheap eolaíoch, ar inniúlacht i gcur i bhfeidhm scileanna turgnaimh agus iniúchtha agus ar dhearcadh an pháiste.

Snáitheanna agus snáithaonaid

Déanann snáitheanna agus snáithaonaid an churaclaim eolaíochta cur síos ar réimsí eolais an churaclaim agus molann siad bealaí inar féidir scileanna eolaíochta a fhorbairt nuair a bhíonn na haonaid seo á saothrú. Léiríonn na cuspóirí agus na heiseamláirí sa chló iodálach an réimse eolais ar féidir a bheith ag súil leis ag gach leibhéal, agus taispeánann an rannóg 'Ag pleanáil aonaid oibre' sna treoirlínte do mhúinteoirí a ghabhann leis seo conas a d'fhéadfaí leas a bhaint astu mar bhonn do ghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama. Ba chóir gur ghné amháin den mheasúnú iad na cuspóirí eolais a bhfuil cur síos orthu sna haonaid seo.

Ní miste do scoileanna agus do mhúinteoirí a bheith an-solúbtha agus iad ag roghnú topaicí cuí don chlár eolaíochta. Ar comhchéim tábhachta leis an tsolúbthacht seo tá an riachtanas eile, a chion cothrom féin a thabhairt do gach ceann de na ceithre shnáithe mar atá Dúile beo, Ábhair, Fuinneamh agus fórsaí agus Feasacht agus cúram imshaoil. Nasc traschuraclam fíorthábhachtach is ea an snáithe Feasacht agus cúram imshaoil agus múnlaíodh é sa chaoi go ndéanfar é a theagasc tríd an gclár eolaíochta agus tríd an gclár tíreolaíochta araon. Comhtháthaíonn go leor de shnáithaonaid na tíreolaíochta agus na heolaíochta go maith lena chéile agus tá sé riachtanach go dtabharfar faoi theagasc an dá achar seo de chlár an OSIE ar bhonn comhordaithe. Éilíonn an tsolúbthacht seo a chuireann an curaclam ar fáil agus an fhoráil go gcaithfidh páistí staidéar a dhéanamh ar aonaid as na snáitheanna éagsúla go mbeidh ionad ríthabhachtach ag pleanáil chuimsitheach, ag measúnú suimitheach éifeachtach agus ag clárú torthaí i saol na scoile.

Ag obair go heolaíoch

Baineann eolaíocht le gnéithe áirithe den chruinne fhisiceach inár dtimpeall a thuiscint, agus cuimsíonn sé tástáil agus modhnú idéanna i dtaobh an chaoi a n-oibríonn rudaí nádúrtha agus rudaí saothraithe. Cuid bhunúsach de gach cineál gníomhaíochta eolaíoch is ea taighde praiticiúil. Tosaíonn na páistí lena n-idéanna féin agus modhnaíonn agus forbraíonn siad iad trína dtástáil i mbabhtaí praiticiúla imscrúdaithe. Tá forbairt eolais, forbairt coincheap agus forbairt scileanna spleách ar a chéile agus tá na gnéithe seo den phróiseas eolaíoch ar aon chéim thábhachta lena chéile ó thaobh measúnaithe de. Ag gach leibhéal ranga den churaclam déanann na rannóga Ag obair go heolaíoch agus Ag dearadh agus ag déanamh cur síos ar na scileanna sonracha a chuirfidh ar chumas na bpáistí idéanna a fhorbairt agus an domhan ina dtimpeall a chiallú dóibh féin. Léiríonn na cuspóirí a liostaítear sna rannóga seo an chéim inniúlachta a mbeifí ag súil léi ó pháistí ag gach leibhéal.

Is macasamhail iad na scileanna a bhfuil cur síos orthu in Ag obair go heolaíoch, ag cur ceisteanna, ag breathnú, ag tuar, ag imscrúdú agus ag tástáil, ag meastóireacht, ag tomhas agus ag anailísiú ina measc ar na scileanna a bhfuil áireamh orthu sa churaclam tíreolaíochta faoin gceannteideal Scileanna iniúchtha na tíreolaíochta. Tugann a n-áireamh sa churaclam tíreolaíochta le fios gur meon taighde ba chóir a bheith ag na páistí agus iad ag iniúchadh a dtimpeallachta agus gur féidir gnéithe tábhachtacha den churaclam eolaíochta a shaothrú trí thopaicí tíreolaíochta. Tiocfar ar dheiseanna na scileanna taighde eolaíocha a chur i bhfeidhm i dtíreolaíocht agus in eolaíocht araon, agus dá bhrí sin caithfear a chur san áireamh sna teicníochtaí measúnaithe go bhfuil raon leathan de shnáithaonaid ann ar féidir na scileanna seo a mheasúnú laistigh díobh.

Gníomhaíocht chasta is ea measúnú scileanna. Baineann scileanna phróiseas na heolaíochta le gníomhaíocht agus le cur i bhfeidhm, agus mar gheall air sin ní hiad na teicníochtaí a bhraitheann ar thoradh scríofa, ná ar aon toradh eile, is oiriúnaí chun iad a mheasúnú. Tá roinnt scileanna próisis ann nach foláir don mhúinteoir iad a fheiceáil á gcur i bhfeidhm sular féidir leis/léi a bheith muiníneach gur cuireadh i bhfeidhm i gceart iad agus breith a thabhairt ar an gcaighdeán oibríochta. Is i gcomhthéacs na n-imscrúduithe praiticiúla a dhéanann an páiste, áit a mbíonn na coincheapa a bhíonn le forbairt á bplé agus á dtástáil agus áit a mbíonn fadhbanna á n-iniúchadh i ndearbhchomhthéacsanna, is sna suímh seo is fearr a léirítear cumas an dalta bunscoile scileanna próisis a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, má tá measúnú le bheith ina tháscaire bailíoch ar thuiscint eolaíoch na bpáistí, ní foláir é a bheith d'aidhm aige an cumas a léiríonn siad in iliomad suíomh praiticiúil foghlama a chlárú agus a aithint.

Luacha, meon agus freagrachtaí

Gnó don mheasúnú san eolaíocht é freisin aird a thabhairt ar na luachanna agus ar an meon a chothaítear sna páistí le linn dóibh a bheith gafa le staidéar ar thopaicí eolaíochta. Ag gabháil don oideachas eolaíoch dóibh, fásfaidh meon na fiosrachta iontu, rud a spreagfaidh iad chun tabhairt faoi eispéiris nua, chun iniúchadh a dhéanamh i dtaobh an chaoi a n-oibríonn nithe agus chun teacht ar tuilleadh eolais i dtaobh na nithe ina dtimpeall. De dheasca a gcuid iniúchta eolaíoch fásann peirspictíochtaí sna páistí a bhíonn bunaithe ar fhaisnéis chriticiúil eolaíoch agus a ghlacann lena thábhachtaí agus atá sé breithiúnais a bhunú ar fhianaise. Dá thoradh sin, cothaítear sa pháiste meon a thugann éisteacht d'idéanna daoine eile agus a bhíonn réidh fianaise agus idéanna nach dtagann le chéile a mheá. Má chuidítear le páistí a thuiscint go mbíonn idéanna eolaíocha trialach i gcónaí ba chóir go gcothófaí idir dhearcadh solúbtha iontu agus chumas chun a n-idéanna féin a mhodhnú i láthair aon fhianaise úire.

De réir mar a bhíonn scileanna iniúchta agus coincheapa an pháiste ag forbairt ba chóir go mbeadh a (h)íogaireacht i leith dúile beo ag forbairt freisin agus go mbeadh meon na freagrachta pearsanta i leith imshaol sa gharthimpeallacht agus níos faide i gcéin á chothú ann/inti. Spreagfaidh an taighde eolaíoch a dhéanfaidh páistí i dtaca leis na snáitheanna Dúile beo agus Feasacht agus cúram imshaoil iad le páirt ghníomhach a ghlacadh i gcaomhnú imshaol agus le nósanna iompraíochta a bheidh freagrach agus a chuirfidh úsáid inbhuanaithe acmhainní na cruinne chun cinn a chleachtadh. Cothóidh curaclam comhchothrom de thopaicí eolaíocha, bunaithe ar imshaoil áitiúla agus ar imshaoil níos fairsinge fós, forbairt meoin dá leithéid seo. Má chuirtear deiseanna bheith ag obair go heolaíoch amuigh faoin spéir ar fáil do pháistí déanfaidh sé an-chuid ar mhaithe le dea-mheon a chothú. Braithfidh measúnú dearcadh páiste i leith na heolaíochta go mór ar bhreathnóireacht an mhúinteora agus ar a b(h)reithiúnas gairmiúil faoi chur chuige an pháiste i leith taighde eolaíochta. Samplaí d'ócáidí a thugann deiseanna don mhúinteoir patrúin iompraíochta an pháiste i leith an imshaoil a bhreathnú is ea iad seo go léir: turais allamuigh, obair sa ghairdín scoile, cúram an chláir éanlaithe, siúlóidí agus rianta dúlra.

Uirlisí measúnaithe: An chaoi le measúnú a dhéanamh

Baineann measúnú san eolaíocht leis an máistreacht atá bainte amach ag na daltaí ar an eolas agus ar na coincheapa a rianaítear i snáitheanna churaclam na heolaíochta agus leis an bhforbairt atá tagtha ar a scileanna agus ar a ndearcadh. Dá dheasca sin, beidh raon leathan d'uirlisí agus de mhodhanna measúnaithe ag teastáil. Eascróidh na teicníochtaí measúnaithe a mbainfear leas astu go nádúrtha as an teagasc agus as an bhfoghlaim agus beidh a n-éifeacht ag brath ar chomh hinniúil agus a bheidh an múinteoir ar bhreathnóireacht, ar éisteacht, ar idirghníomhú leis na daltaí agus ar thorthaí a dtascanna foghlama san eolaíocht a mhionscrúdú. Má tá an breithiúnas a thabharfar ar fheidhmiú na bpáistí le bheith bailíoch ní folaír a gcumais i gcomhthéacsanna éagsúla a chur san áireamh. Mar sin, beidh measúnú ina phróiseas leanúnach agus ina chuid dhílis de na gnáthshuímh theagaisc agus fhoghlama.

Ar na huirlisí measúnaithe is mó a fhónfaidh do scoileanna i dtaca le heolaíocht de tá na cinn seo a leanas:

breathnóireacht an mhúinteora
tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
mapáil coincheap
samplaí oibre, bailiúcháin oibre agus tionscadail
próifílí curaclaim.

Ní mór a thuiscint gur féidir nach mbeadh sé indéanta ná inmhianaithe na huirlisí seo go léir a úsáid i ngach suíomh foghlama nó laistigh de thréimhse ceapáirithe ama.

Breathnóireacht an mhúinteora

Cuireann na rudaí a thugann an múinteoir faoi deara agus tascanna praiticiúla eolaíochta ar siúl deiseanna ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairt scileanna próiseála agus dearcadh na bpáistí agus ar a mhéid a bhfuil máistreacht bainte amach acu ar an eolas agus ar na coincheapa a rianaítear sa chlár eolaíochta. Ba chóir go gcuirfeadh na múinteoirí na critéir a bhfuil cur síos orthu sa phlean scoile, cuspóirí an churaclaim eolaíochta i dtaca le scileanna agus le heolas, agus aibiúlacht na bpáistí san áireamh nuair a bhíonn breithiúnas bunaithe ar bhreathnóireacht ar na páistí i mbun tascanna praiticiúla á thabhairt acu. Is féidir go n-úsáidfear na spriocanna eolais agus scile seo mar bhonn le haghaidh treoirlínte a chuirfeadh síos ar dhul chun cinn páistí ag leibhéil éagsúla ranga. D'fhéadfaí liosta seiceála de mhíreanna sonracha a bheadh bainteach le tascanna ar leith a leagan amach. Mar shampla i dtaca le páistí i ranganna 1 agus 2 de, chuimseodh liosta seiceála dá leithéid ceisteanna mar:

  • Ar thuig an páiste cuspóir an taighde go soiléir?
  • Ar chuir an páiste ceisteanna a bhí bainteach leis an bhfadhb?
  • Ar bhain an páiste leas as níos mó ná céadfa amháin i rith na breathnóireachta?

I dtaca leis an múinteoir de, chun breathnóireacht neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar thascanna praiticiúla eolaíocha ní mór páirt ghníomhach a ghlacadh sa suíomh foghlama féin. Trí cheisteanna ceannoscailte a chur is féidir leis/léi léargas a fháil ar thuiscint choincheapúil na bpáistí, ar a ndearcadh i leith taighde eolaíoch agus ar an dóigh a n-úsáideann siad scileanna próiseála. I gcaitheamh na dtréimhsí breathnóireachta seo ní miste don mhúinteoir nótaí a bhreacadh síos faoi na rudaí a thugann sé/sí faoi deara sa dóigh gur féidir obair bhreise a phleanáil do pháistí aonair nó do ghrúpa agus tuairisc a choinneáil ar féidir tagairt di amach anseo.

Is féidir cineálacha eile breathnóireachta ar fhoghlaim agus ar ghníomhaíocht na bpáistí a phleanáil agus a struchtúrú. Sa bhreathnóireacht seo díreoidh an múinteoir den chuid is mó ar fhianaise a bhailiú maidir le scil próiseála amháin nó dhá cheann, mar shampla a mhéid a bheartaíonn daltaí turgnaimh i rith ceachta amháin agus a chuireann siad ceisteanna sa chéad cheacht eile. Le linn do na páistí a bheith ag obair breathnóidh an múinteoir orthu agus éistfidh sé/sí leis an idirghníomhaíocht eatarthu chun teacht ar fhianaise i dtaobh a gcuid scileanna nó a n-idéanna eolaíochta.

Díreoidh an bhreathnóireacht sa cheacht eolaíochta

  • ar dhíospóireacht aonair
  • ar conas a chuireann páiste taighde i gcrích mar bhall de ghrúpa
  • ar an ngrúpa agus idirghníomhaíocht na bpáistí indibhidiúla laistigh den ghrúpa
  • ar conas a fhreagraíonn an páiste ar cheisteanna agus ar mholtaí an mhúinteora
  • ar rannpháirtíocht an pháiste san obair ag céimeanna éagsúla an taighde, m.sh. pleanáil, athróga a thabhairt chun suntais agus measúnú
  • ar fhreagairt an pháiste do thascanna agus d'aithint agus réiteach fadhbanna i raon de thimpeallachtaí.

Is iomaí leagan éagsúil a bhíonn ar mheasúnú tascanna praiticiúla san eolaíocht. Cuireann taifid scríofa, líníochtaí agus tuairiscí ar thaighde cuntas ar fáil do pháistí ar a gcuid oibre féin. Ach is annamh a chuireann siad an t-eolas a bhíonn ag teastáil ón múinteoir i dtaobh an leibhéil scile a léiríodh ná an dóigh ar chuir na páistí chun oibre ar fáil dó/di. Is féidir scileanna feidhmithe a mheasúnú trí bhreathnóireacht an mhúinteora ar na páistí nuair a bhíonn siad i mbun tascanna praiticiúla, tríd an bplé a dhéantar leo agus trí na ceisteanna a chuirtear orthu.

Is féidir gur ar a leithéidí seo a bheadh na tascanna praiticiúla dírithe:

  • scil phraiticiúil nó scil phróisis ar leith, mar shampla cumas uirlisí tomhais a úsáid i dtaighde eolaíoch nó cumas breathnóireachta
  • roinnt scileanna a bheith á n-úsáid ag an am céanna
  • imscrúduithe ceannoscailte, mar shampla inniúlacht an pháiste chun athróga a aithint agus a rialú
  • déanamh mionsamhlacha i gcomhthéacs fadhbanna a bheith á réiteach
  • iniúchadh agus taighde san imshaol allamuigh.

Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir

Aithneoidh an múinteoir deiseanna ar fud snáitheanna an churaclaim eolaíochta inar féidir leis na páistí saothrú ar raon tascanna. Beidh líon áirithe cuspóirí leo seo. Ceapfar cuid acu d'aon turas chun an páiste a spreagadh le ceisteanna a chur agus le machnamh a dhéanamh ar eolas agus ar choincheapa eolaíochta fad a chothóidh cuid eile fós acu raon de scileanna eolaíochta agus teicneolaíochta. Beidh gá le cuntas léiritheach éigin a choimeád, bíodh sé scríofa, línithe, snoite nó i bhfoirm mionsamhla chun idéanna, ceisteanna agus torthaí fionnachtana an pháiste a chur in iúl ar dhóigh a thabharfaidh pictiúr cruinn dá g(h)nóthachtáil i gcomhthéacsanna éagsúla. Tabharfaidh freagairt na bpáistí ar na tascanna seo léargas ar a ndul chun cinn san eolaíocht.

Ba chóir go gcuirfí raon leathan de thascanna éagsúla ar fáil do pháistí, ar a mbeadh:

  • breathnóireacht laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
  • patrúin a aithint le linn breathnóireachta agus i bhfianaise
  • nithe agus próisis a anailísiú agus hipitéisí a cheapadh faoin dóigh a n-oibríonn mionsamhlacha agus córais nó faoin dóigh a ndéantar iad
  • torthaí imscrúdaithe a thuar
  • eolas a bhailiú as foinsí mar thorthaí breathnóireachta dírí san imshaol agus trí leabhair agus ábhair eile sa seomra ranga a úsáid
  • ceisteanna a chur
  • tuairiscí ar phíosaí taighde nó ar chéimeanna díobh agus ar thurgnaimh a chur ar fáil, bíodh na tuairiscí sin ina gcuntais ó bhéal, i scríbhinn nó i bhfoirm pictiúrtha
  • tionscadail agus tuairiscí ar obair thopaice a chríochnú agus a chur ar taispeáint
  • cártaí oibre nó leatháin ghníomhaíochta a úsáid a stiúrann páistí i dtreo scileanna próiseála a chur i bhfeidhm
  • mionsamhlacha agus struchtúir a chuireann réitigh ar fhadhbanna ar fáil a dhearadh, a dhéanamh agus a mheas
  • an fhianaise a d'eascair as píosa imscrúdaithe a mheas
  • úsáid a bhaint as cláir ríomhaire ilmheáin idirghníomhacha a chuireann ar chumas an pháiste téamaí agus topaicí eolaíocha a iniúchadh agus raon de thascanna agus d'fhadhbanna a chur i gcrích
  • iniúchadh agus imscrúdú praiticiúil a dhéanamh san imshaol
  • trialacha athchleachta a cheapann an múinteoir, iad bunaithe ar aonad amháin oibre nó níos mó ná sin, a chríochnú
  • torthaí gníomhaíochtaí deartha agus déanta a mheas
  • obair thionscadail a thaispeáint agus tuairisc a thabhairt le linn don obair a bheith ar siúl nó ina dhiaidh sin
  • rudaí a mheas, a thomhas nó a chur i gcomparáid lena chéile
  • líníochtaí den fhaisnéis a bailíodh trí amharcbhreathnú, de phleananna le haghaidh imscrúdaithe nó de na modhanna a leanfar le linn imscrúdaithe a ullmhú. Tá breis tábhachta le smaointe a chur in iúl trí líníocht le lipéid má phléann an múinteoir an líníocht leis an bpáiste agus má bhreacann sé/sí síos nótaí uirthi de thoradh ceisteanna a chur.

Mapáil coincheap

Ceann de na bunphrionsabail ar a bhfuil an curaclam eolaíochta bunaithe ná go n-aithnítear go mbíonn réamhthuairimí áirithe ag páistí i dtaobh an domhain bhitheolaíoch agus fhisicigh ag teacht ar scoil dóibh.
Ní foláir smaointe tosaigh seo an pháiste a niúchadh agus a chíoradh go dáiríre má tá sé i gceist iad a bheith ina bhforas foghlama. Cuidíonn mapáil coincheapa leis na páistí a n-idéanna a thaifeadadh agus a phlé mar phointe tosaithe na foghlama. Is é atá i gceist le mapaí coincheapa ná léiriú scéimreach ar na ceangail atá ag coincheapa lena chéile. Le linn tréimhse díospóireachta leis na páistí cuirtear liosta focal le chéile, focail a chuireann coincheapa in iúl, atá ar eolas ag na páistí agus ar féidir iad a chomhcheangal lena chéile; ina dhiaidh sin iarrtar ar na páistí línte a tharraingt agus nascfhocail a scríobh idir na focail éagsúla. Is féidir na torthaí a scagadh agus a chíoradh chun léargas a thabhairt ar na gaolta atá idir rudaí, dar leis na páistí. Cuireann siad eolas ar fáil don mhúinteoir ar na h-idéanna a bhíonn ag páistí go coitianta agus ar an gcaoi ar féidir leis/léi idéanna a d(h)altaí féin a iniúchadh agus freagairt dóibh.

Samplaí oibre, bailiúcháin oibre agus tionscadail

Má dhéantar raon samplaí d'obair an pháiste a thiomsú le chéile i bhfoirm bhailiúchán d'obair eolaíochta beidh gléas córasach ar fáil ar féidir leas a bhaint as chun a d(h)ul chun cinn i gcaitheamh téarma, bliana nó tréimhse níos faide a thaifeadadh agus a mheas. Beidh léargas sna torthaí am ar bith le linn taighde ar idéanna na bpáistí. Mura mbíonn ann ach an déanamh a bhíonn ar bhád, an fhoirgneoireacht a bhíonn ar thúr chun taca a thabhairt do rud éigin nó an chaoi a múnlaítear marla chun go snámhfadh sé, léiríonn siad do mhúinteoirí cé mar atá páistí ag machnamh agus na hidéanna atá ag forbairt ina n-aigne. Ba chóir go gcuimseodh na bailiúcháin oibre samplaí den obair atá ar siúl nó na 'samplaí is fearr', dar leis an bpáiste aonair, d'obair chríochnaithe agus, ina dteannta sin, nótáil an mhúinteora. Ba chóir go léireodh na samplaí a bheadh tiomsaithe sna bailiúcháin oibre gnóthachtáil na bpáistí i raon d'achair. Ní miste roinnt samplaí d'obair an pháiste in achar ar leith a thiomsú chun dul chun cinn agus forbairt a (h)idéanna agus a scileanna próiseála a thaispeáint. Ní miste, freisin, go gcuimseofaí cuntais scríofa, líníochtaí, grianghraif den taighde céim ar chéim, graif, samplaí de bhileoga oibre nó tuairiscí páistí ar a bpíosaí taighde agus iad taifeadta ar théip fuaime.

Má dhéantar ábhar na mbailiúchán oibre a athbhreithniú leis an bpáiste is féidir go spreagfaí é/í chun féinmheasúnaithe agus chun spriocanna nua foghlama a cheapadh dó/di féin. Acmhainn sármhaith é freisin agus tuairiscí ar ghnóthachtáil daltaí á dtabhairt do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine nach iad agus is féidir leis laigí a nochtadh. Chomh maith leis sin ar fad, cuireann scagadh córasach na mbailiúchán oibre eolaíochta ar chumas an mhúinteora meastóireacht a dhéanamh ar an ábhar, ar na modhanna múinte agus ar an gcur chuige ar bhain sé/sí úsáid astu i gcaitheamh téarma nó bliana.

Próifílí curaclaim

Is féidir go mb'fhiú le múinteoirí leas a bhaint as próifílí curaclaim agus iad ag breathnú agus ag clárú dhul chun cinn agus ghnóthachtáil na bpáistí nuair a bhíonn siadsan ag obair ar eolaíocht. Is é atá i bpróifíl ná cur síos ar an réimse eolais, ar na scileanna agus ar an dearcadh a mbeifí ag súil iad a bheith sealbhaithe ag páistí ag céimeanna éagsúla dá bhforás. Uaireanta bíonn an cur síos seo leagtha amach in ailt ghearra agus is táscairí iad seo ar na hiompraíochtaí agus ar na cumais a d'fhéadfadh páistí a léiriú. Bíonn sé d'aidhm ag múinteoirí torthaí a gcuid breathnóireachta ar a ndaltaí a chur i gcomparáid leis na táscairí sna próifílí de réir mar a bhíonn an obair ar aonaid faoi lán seoil nó tugtha chun críche nó ag amanna tráthrialta eile. Is féidir feidhm thaifeadta agus thuairiscithe a bhaint as próifílí chomh maith má mharcáltar míreanna d'ailt a fhreagraíonn do ghnóthachtáil páistí.

Ba chóir go mbeadh na táscairí a bhaineann le scileanna eolaíochta bunaithe ar na rannóga Ag obair go heolaíoch agus Ag dearadh agus ag déanamh. Ba chóir go mbeadh na táscairí eile bunaithe ar dhamhna eolais na snáithaonad a chuimsítear i gclár eolaíochta na scoile agus, chomh maith leis sin, ar an dearcadh a bhfuil cur síos air i measc aidhmeanna agus cuspóirí leathana an ráitis churaclaim seo. Ba chóir freisin an bhéim a chuirtear ar an imshaol agus an dlúthcheangal atá idir snáithaonaid agus rannóga scileanna an churaclaim eolaíochta agus an curaclaim tíreolaíochta a chur san áireamh. Chuirfeadh sé go mór le hiontaofacht próifilí curaclaim mar ghléasanna measúnaithe dá bpléifeadh múinteoirí as grúpaí scoileanna i gcomharsanacht iad eatarthu féin. Buntáiste breise a d'eascródh as a leithéid sin de chaibidil ná go gcuideodh sé le saineolas a mhéadú i dtaca le heagrú gníomhaíochtaí eolaíochta do pháistí.

Cur chuige comhchothrom i leith measúnaithe in oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta

Is é príomhaidhm an mheasúnaithe ná eachtra foghlama an pháiste a fheabhsú, agus tá sé tábhachtach nach ndéanfadh cibé teicníochtaí measúnaíthe a mbainfí leas astu in eolaíocht agus i réimsí eile OSIE aon chúngú ar an am a dhéanfaí a thíolacadh do theagasc. Ba chóir go dtabharfadh polasaí na scoile i leith na heolaíochta treoir do mhúinteoirí maidir le huirlisí measúnaíthe a úsáid ar dhóigh soláimhsithe iontaofa agus a bheadh fite fuaite leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc. Chabhródh sé le scoileanna teacht ar chur chuige comchothrom praiticiúil i leith measúnaithe ach na nósanna imeachta céanna a fhorbairt agus a chleachtadh ar fud na scoile maidir le torthaí bhreathnóireacht na múinteoirí agus torthaí eachtraí foghlama na bpáistí a chlárú agus maidir le bailiúcháin oibre agus próifílí curaclaim a úsáid.

Clárú agus cur in iúl

I dteannta a chéíle, is córas cuimsitheach chun dul chun cinn agus gnóthachtáil gach aon pháiste sa churaclam eolaíochta a mheasúnú agus a thaifeadadh breathnóireacht an mhúinteora, na tascanna agus na trialacha a cheapann sé/sí agus eiseamláirí agus bailiúcháin oibre na bpáistí mar aon lena bpróifílí curaclaim agus a gcártaí próifíle. Ach an t-eolas seo go léir a chur le chéile agus a phlé ar bhonn foirne, d'fhéadfadh na múinteoirí saineolas a roinnt ar a chéile agus comhthuiscint a fhorbairt ar dhul chun cinn daltaí agus ar chúrsaí measúnaithe in OSIE (de réir próisis ar a dtugtar modhnóireacht). Chuirfeadh comhoibriú den saghas seo le leanúnachas agus le hiontaofacht a dheimhniú in úsáid uirlisí measúnaithe.

Ba chóir go soláthródh an raon d'uirlisí measúnaithe atá ar fáil in OSIE an t-eolas atá riachtanach maidir le foghlaim an pháiste do dhaltaí, do mhúinteoirí, do scoileanna, do thuismitheoirí agus do lucht gairme nach iad agus, dá thoradh sin, go n-éascófaí cinnteoireacht maidir le cúrsaí foghlama don pháiste amach anseo. Cuirfidh caidreamh idir na tuismitheoirí agus an múinteoir deiseanna ar fáil chun aiseolas a fháil ó na tuismitheoirí, rud a chuirfidh le measúnú iomlánaíoch an pháiste.

Cárta próifíle an dalta

Éascófar an clárú agus an tuairisciú eolais seo i dtaobh dhul chun cinn an pháiste ach cárta próifíle dalta a úsáid. Ba chóir go gcuimseodh cárta próifíle páiste, cárta a d'fhéadfaí a fhorbairt lena úsáid sna bunscoileanna go léir, measúnú suimitheach ar dhul chun cinn an pháiste i réimsí uilig an churaclaim agus sna gnéithe eile dá f(h)orbairt.

Ceann de na míreanna a bheidh sa chárta próifíle ná breithiúnas gairmiúil an mhúinteora ar dhul chun cinn an pháiste san eolaíocht, breithiúnas bunaithe ar na torthaí a bhí ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú i gcaitheamh na bliana. Ba chóir go mbeadh an rannóg den chárta a bhaineann le OSIE sách solúbtha chun freastal ar chomh comhtháite is atá an cur chuige sa réimse seo i ranganna na naíonán agus i ranganna 1 agus 2. Toisc gur cóir go mbeadh an cárta próifíle mar bhonn chun foghlaim an pháiste a phleanáil amach anseo agus é/í i rang nó i scoil eile, ba cheart go gcuimseodh sé eolas faoin raon topaicí a rinne sé/sí a iniúchadh nó go gcuirfí an t-eolas sin leis.

Ba chóir go ndéanfaí na féidearthachtaí agus na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht an eolais nuair a bhíonn cártaí próifíle daltaí á gclárú, á dtaisceadh agus á seoladh ar aghaidh a iniúchadh agus, más féidir sin, leas a bhaint aisti nuair a bhíonn aon chóras forleathan á thiomsú i dtaca le próifílí páistí.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie