Primary Schools

Eolaíocht

Cuimsíonn eolaíocht eolas agus tuiscint ar ghnéithe bitheolaíocha agus fisiceacha na cruinne agus ar na próisis trína bhforbraítear an t-eolas agus an tuiscint sin.

Trí oideachas eolaíoch cuireann páistí raon leathan coincheap agus idéanna le chéile, leasaíonn siad iad agus déanann siad iad a fhorbairt a thuilleadh fós. Ag obair dóibh go heolaíoch bíonn siad ag breathnú, ag cur ceisteanna, ag plé, ag tuar, ag anailísiú, ag iniúchadh, ag imscrúdú agus ag déanamh turgnamh. Is féidir an t-eolas agus na scileanna a shealbhaítear a chur i bhfeidhm i dtascanna deartha agus déanta. Ar an dóigh sin cuireann oideachas eolaíoch ar chumas páistí maireachtáil i saol atá ag dul i dtreo na heolaíochta agus na teicneolaíochta gan stad.

Cothaíonn oideachas eolaíoch meas ar fhianaise a éiríonn as taighde eolaíoch agus, ag an am céanna, cabhraíonn féith chomhoibritheach a gcuid gníomhaíochtaí leis na páistí chun scileanna comhchaidrimh agus comhoibrithe a shealbhú. Cothaíonn obair thaighde agus réiteach fadhbanna cumais chumtha agus chruthaitheacha pháiste. Bíonn ról lárnach ag oideachas eolaíoch léirthuiscint ar imshaoil áitiúla agus ar imshaoil níos leithne, mar aon le meon freagrachta pearsanta ina leith, a chur chun cinn. Cuidíonn sé chun léirthuiscint a chothú ar cé mar a bhraitheann nithe beo agus an chruinne, ar a bhfuil a n-áitreamh, ar a chéile. Spreagann sé daoine chun freagrachta ina ndearcadh agus ina bpatrúin iompraíochta i leith na timpeallachta, agus ar an dóigh sin cothaíonn sé an coincheap gur caomhnóirí na cruinne seo iad lucht na linne seo, thar ceann na nglún atá le teacht.

An curaclam eolaíochta

Cabhraíonn buneolaíocht le páistí idéanna bunúsacha agus tuiscint eolaíoch, a chuirfidh ar a gcumas an domhan ina dtimpeall a iniúchadh, a thaighde agus a shealbhú. I gcaitheamh tréimhsí dea-phleanáilte praiticiúla iniúchta cuirtear treoir ar an bhfiosracht is dual don pháiste agus cuirtear na straitéisí agus na próisis chun idéanna agus coincheapa eolaíocha a fhorbairt ar a c(h)umas.

Déanann teagasc na heolaíochta sa bhunscoil dhá chineál tuisceana a fhorbairt mar atá: tuiscint choincheapúil agus tuiscint phróiseála. Baineann tuiscint choincheapúil páistí le forbairt a gcuid eolais ar eolaíocht agus lena dtuiscint fhorásach ar na bunidéanna eolaíocha. Is iad ceithre shnáithe an chláir eolaíochta Dúile beo, Ábhair, Fuinneamh agus fórsaí agus Feasacht agus cúram imshaoil. Rianaíonn siad seo an t-eolas agus na coincheapa a shealbhaíonn páistí agus déanann siad cur síos ar na hidéanna eolaíocha a chasfar orthu.

Uaireanta tugtar tuiscint phróiseála ar eolas ar an bpróiseas eolaíoch. Sa rannóg den churaclam ar a dtugtar 'Ag obair go heolaíoch' tugtar breacchuntas ar cé mar a ghlacann páistí páirt i dtaighde eolaíoch. Samhail oibre é bunaithe ar na nósanna imeachta a leanann eolaithe, agus tá cur síos inti ar na comhscileanna éagsúla dá bhfuil an mhodheolaíocht seo comhdhéanta.

Ní dhéantar tuiscint choincheapúil agus tuiscint phróiseála na bpáistí a fhorbairt go neamhspleách ar a chéile: cuireann a dtuiscint ar an bpróiseas eolaíoch agus a úsáid ar chumas na ndaltaí a gcreat féin de bhunidéanna agus de choincheapa na heolaíochta a chur le chéile agus é a leasú.

Foghlaim san eolaíocht

Cuid lárnach den oideachas eolaíoch é idéanna páistí a fhorbairt. Go fiú na páistí is óige agus iad ag teagmháil le gníomhaíochtaí eolaíocha don chéad uair, bíonn idéanna acu a cheap siad de thoradh a dtaithí ar an saol roimhe sin agus a mbaineann siad leas astu chun na rudaí a tharlaíonn ina dtimpeall a chiallú dóibh féin. De ghnáth bíonn ídéanna páistí óga bunaithe ar ghnéithe inbhraite, suntasacha amháin agus is féidir nach mbeidís ag teacht le teoiricí foirmiúla na heolaíochta comhghnásaí.

Beidh oideachas eolaíochta dírithe ar chuidiú le páistí a n-idéanna a leasú agus an tuiscint atá acu a fhorbairt de réir na heolaíochta. Agus an múinteoir ag réiteach ceachtanna eolaíochta chun cur le heolas, scileanna agus tuiscint, ní foláir aird a thabhairt ar na hidéanna atá ag na páistí cheana féin agus iad a áireamh mar fhorais le haghaidh gníomhaíochtaí agus oideachais eolaíochta. Sular féidir a n-idéanna malairteacha nó a mí-thuiscintí a leasú nó a athrú ní mór do na páistí iad a thabhairt dá n-aire go comhfhiosach agus, ina dhiaidh sin, iad a fheiceáil á bplé agus á n-ionsaí. Bíonn fiúntas san fhoghlaim a dhéanann páistí nuair a dhéanann siad a ngabháil féin ar bhrí, le linn dóibh cibé idéanna a bhí acu roimh ré a leasú i láthair léargas nua a d'eascair as taighde eolaíoch. Ar an dóigh sin, is féidir breathnú ar eolaíocht amhail próiseas gníomhach pearsanta trína ndéantar gabháil phearsanta ar bhrí agus tuiscint.

Feasacht agus cúram imshaoil

Is é an t-imshaol a chuireann an comhthéacs foghlama do pháistí bunscoile ar fáil. Tá an curaclam OSIE bunaithe d'aon turas ar ghaol agus imoibriú na bpáistí leis an domhan ina dtimpeall. Is é an t-imshaol, sa chiall is leithne, an bonn ar a mbunaítear an fhoghlaim, agus trí dhearbhthaithí páistí ar a n-imshaol féin bainfidh siad ciall níos doimhne agus níos leithne as a dtaithí sa seomra ranga. Is í an timpeallacht agus an pobal áitiúil a chuirfidh forais ar fáil don oideachas imshaoil, agus de réir mar a fhásfaidh agus a fhorbróidh eolas agus tuiscint na bpáistí orthu seo cuimseofar dúichí agus tréimhsí eile agus díreofar aire na bpáistí i dtreo réimsí níos leithne in Éirinn, san Eoraip agus ar fud na cruinne.

Ba chóir go bhforbródh páistí dearcadh leathan comhchothrom i leith an imshaoil agus go mbeadh tuiscint acu ar an dóigh ar féidir leas a bhaint as eolaíocht agus teicneolaíocht chun cabhrú le daoine acmhainní an Domhain a úsáid ar mhaithe le leas sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch an chine dhaonna. Cuirfidh oideachas imshaoil trí mheán na heolaíochta ar chumas páistí idirspleáchas na beatha uile trí chéile a thuiscint agus cabhróidh sé leo na hiarmhairtí, idir iarmhairtí dearfacha agus iarmhairtí diúltacha, a fhágann gníomhaíocht dhaonna ar imshaoil áitiúla agus dhomhanda a thuiscint. Forbróidh na páistí a n-eolas agus a scileanna agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad chun a n-imshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Tuigfidh siad gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid eolais agus as a scileanna eolaíocha agus teicneolaíocha agus iad ag obair chun dearcadh dearfach i leith úsáid acmhainní an Domhain a chur chun cinn agus, chomh maith, nuair a bhíonn páirt ghníomhach á glacadh acu i bhforbairt dhaonna agus i múnlú imshaol san am atá le teacht.

Eolaíocht agus teicneolaíocht: dearadh agus déanamh

Cuireann an próiseas a ghabhann le réiteach fadhbanna go praiticiúil comhthéacs ar fáil do pháistí inar féidir leo a mbuanna aeistéitiúla agus tionscnacha a chur chun tairbhe mionsamhlacha agus déantúsán a dhearadh agus a dhéanamh. Spreagann dearadh agus déanamh gnéithe cruthaitheacha agus samhlaíocha an phróisis eolaíoch. Tá go leor múinteoirí ann a spreagann a ranganna chun mionsamhlacha agus córais a mhúnlú: mar shampla, agus roinnt ama a bheith caite acu ag plé le topaic na haimsire, beidh go leor páistí a mbeidh a méadair bháistí féin agus gléasanna chun luas agus treo na gaoithe a thaifead deartha agus déanta acu. Cuireann inniúlacht ar iniúchadh, phleanáil, dhearadh agus dhéanamh ar chumas páistí a gcuid eolais agus tuisceana eolaíochta a chur i bhfeidhm chun modhanna nó réitigh a cheapadh, iad a chur i gcrích go praiticiúil agus toradh na hoibre a mheas ar deireadh thiar. Déanfar na scileanna atá riachtanach a fhorbairt diaidh ar ndiaidh tríd an mbunscoil de réir mar a théann páistí i ngleic le tascanna bunaithe ar réiteach fadhbanna ceannoscailte.

Baineann ábhar na dtascanna deartha agus déanta leis na réimsí taithí go léir: le fuinneamh, fórsa, iompar, tithe cónaithe, ábhair, tionscail agus bia. D'fhéadfadh go n-eascródh téama a bheadh mar bhonn le curaclam deartha agus déanta as soláthar ar bith a dhéantar ar riachtanas daonna. Ba chóir go músclódh páirtíocht i ngníomhaíochtaí deartha agus déanta suim na bpáistí sa tslí a gcuirtear próisis i bhfeidhm sa ghnáthshaol agus sa tslí a n-oibríonn uirlisí, cuspaí, gléasra agus meaisíní coitianta. Próiseas é an dearadh agus déanamh a tharraingíonn ar an gcuraclam ina iomláine agus ba chóir gur i dteannta leis na hamharcealaíona, le heolaíocht agus le matamaitic agus tríothu a dhéanfaí é a fhorbairt.

Eolaíocht, OSIE agus an curaclam comhtháite

Siúd agus go gcabhraíonn eolaíocht le forbairt an pháiste ar dhóigh atá tábhachtach agus difriúil inti féin, déanann oideachas eolaíoch comhlánú ar fhorás fhoghlaim an pháiste i réimsí na staire agus na tíreolaíochta. I dteannta a chéile cuidíonn na trí réimse chun oideachas sóisialta agus oideachas imshaoil an pháiste sa chiall is leithne a chur chun cinn, agus is ceart an ról comhlántach atá acu a léiriú sa dóigh a ndéanfar an fhoghlaim a eagrú. I gcaitheamh a ré bunscoile agus go háirithe sna blianta tosaigh, foghlaimeoidh an páiste a lán eolaíochta, tíreolaíochta agus staire trí na téamaí nó topaicí comhtháite a mbainfidh múinteoirí leas astu chun an obair a eagrú. Éireoidh go leor de na topaicí sin as riachtanas nádúrtha an pháiste a g(h)arthimpeallacht agus an pobal áitiúil a iniúchadh agus a thuiscint. Tugann an curaclam agus na treoirlínte a ghabhann leis nodanna i dtaobh cé mar is féidir dul i mbun scileanna, coincheapa agus eolas luachmhar a fhorbairt agus na topaicí seo á n-iniúchadh.

Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide

Is acmhainn agus uirlis foghlama eolaíochta a bhfuil an-tábhacht léi teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide. Is féidir cur go mór le himscrúduithe agus le hiniúchtaí na bpáistí tríd an teicníocht seo a úsáid chun eolas a thaifeadadh agus a anailísiú, chun imscrúduithe agus trialacha a thacaíonn le topaicí eolaíochta a insamhlú, chun eolas agus fionnachtana a chur in iúl, chun imscrúduithe eolaíocha a dhéanamh i gcomhar le páistí i scoileanna eile agus chun réimse eolais eolaíochta agus teicneolaíochta a rochtain.

Measúnú

Cuid dhílis de theagasc agus d'fhoghlaim na heolaíochta is ea an measúnú, faoi mar is fíor, freisin, maidir le réimsí uile an churaclaim. Sa roinn i dtaobh measúnaithe rianaítear mar is féidir raon de theicníochtaí measúnaithe, idir theicníochtaí neamhfhoirmiúla agus chinn níos foirmiúla, a úsáid chun cur le heachtra fhoghlama an pháiste agus chun faisnéis úsáideach a chur ar fáil do pháistí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile nach iad.

Teanga agus eolaíocht

Tá teanga ina gné chomh forleatach sin sa phróiseas teagaisc agus foghlama nach dtugtar eiseamláirí ar leith de chomhtháthú teanga agus eolaíochta sa ráiteas curaclaim. Is trí imoibriú eispéiris agus teanga ar a chéile, pé acu Gaeilge nó Béarla an teanga, a tharlaíonn an-chuid d'fhoghlaim an pháiste san eolaíocht. Forbróidh páistí a dtuiscint ar an eolaíocht trína n-idéanna agus torthaí a n-imscrúduithe eolaíocha a phlé. Trí mheán teanga ainmníonn agus rangaíonn páistí rudaí, cuireann siad a n-idéanna in iúl agus modhnaíonn siad iad, ceapann siad ceisteanna agus hipitéisí agus tuairiscíonn siad a gconclúidí. Sa chaoi sin cuireann teanga le forleathnú fhorás choincheapúil an pháiste.

Is í teanga an meán cumarsáide is tábhachtaí i ngach gné den phróiseas foghlama. Baineann an múinteoir úsáid aisti chun ceisteanna a chur, chun rudaí a mhíniú, chun moltaí a chur i láthair, chun na páistí a ghríosadh agus chun iad a spreagadh chun machnaimh. Spreagtar na páistí chun cur síos ar rudaí agus iad a phlé, chun tuar agus hipitéisiú a dhéanamh, chun rudaí a mhíniú agus chun idéanna a anailísiú. Tá tábhacht le teanga, chomh maith, chun cabhrú le páistí eolas a rochtain agus a aisghabháil agus chun idéanna a chlárú agus a chur in iúl. Mar sin, nuair a bhíonn an curaclam eolaíochta á phleanáil agus á chur i bhfeidhm, ní mór aitheantas ceart a thabhairt i gcónaí do thábhacht teanga sa phróiseas teagaisc agus foghlama.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an oideachais eolaíoch ná:

  • eolas agus tuiscint ar choincheapa eolaíocha agus teicneolaíocha a fhorbairt trí ghnéithe daonna, nádurtha agus fisiceacha na timpeallachta a iniúchadh
  • cur chuige eolaíoch a fhorbairt i leith fadhbanna a réiteach, cur chuige a leagann béim ar thuiscint agus ar mhachnamh cruthaitheach
  • an páiste a spreagadh chun smaointe agus coincheapa eolaíocha a iniúchadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí deartha agus déanta
  • fiosracht nádúrtha an pháiste a chothú agus ar an mbealach sin é/í a spreagadh chun tabhairt faoi iniúchadh agus ghníomhaíocht chruthaitheach go neamhspleách
  • cabhrú leis an bpáiste a léirthuiscint go gcuireann eolaíocht agus teicneolaíocht le gnéithe sóisialta, gnéithe eacnamaíocha, gnéithe cultúrtha agus gnéithe eile na sochaí
  • léirthuiscint agus meas a chothú ar an éagsúlacht atá le fáil i measc neach beo agus neamhbheo, ar a n-idirspleáchas agus ar an gcaoi a dtéann siad i gcion ar a chéile
  • na páistí a spreagadh chun iad féin a iompar go freagrach agus chun an t-imshaol a chosaint, a fheabhsú agus a ghráú, chun páirt a ghlacadh agus fadhbanna a bhaineann leis an imshaol á dtabhairt chun suntais, á gcíoradh, á réiteach nó á seachaint agus ar an mbealach sin forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
  • a chur ar chumas an pháiste idéanna a chur in iúl, obair a chur i láthair agus tuairisc a thabhairt ar thorthaí taighde trí mheáin éagsúla.

Cuspóirí leathana

Nuair a chuirtear na cumais atá ann/inti ó dhúchas agus tosca éagsúla a bhaineann leis/léi san áireamh ba chóir go gcuirfeadh an curaclam ar chumas an pháiste

  • spéis agus fiosracht i dtaobh an domhain a fhorbairt trí iniúchadh agus staidéar a dhéanamh ar nithe beo agus neamhbheo
  • eolas agus tuiscint ar idéanna eolaíocha a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar nithe beo agus ar na timpeallachtaí ina maireann siad, ar fhuinneamh agus fhórsaí, ar ábhair agus ar phróisis athraithe
  • breathnú, ceisteanna a chur, patrúin a thabhairt faoi deara, hipitéisí a cheapadh, pleananna a cheapadh, turgnaimh a dhéanamh, rudaí a dhearadh agus a dhéanamh, rudaí a thomhas, díospóireacht a dhéanamh, torthaí a scagadh agus a mheas agus ar an dóigh sin cur chuige eolaíoch a fhorbairt i leith réiteach fadhbanna
  • bealaí machnaimh atá cruthaitheach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le linn taighde eolaíoch
  • an fheidhm a bhaintear as bunsmaointe agus idéanna eolaíocha sa ghnáthshaol a thuiscint
  • eolas, scileanna agus acmhainní eolaíocha a chur i bhfeidhm i dtascanna deartha agus déanta
  • na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha ar phobail, ar mhodhanna maireachtála, ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar an imshaol a iniúchadh agus a léirthuiscint
  • torthaí breathnóireachta, sonraí agus torthaí turgnamh agus taighde a chlárú agus a chur in iúl, ag baint leasa as meáin éagsúla, bídís i bhfoirm cainte nó i bhfoirm scríofa, ghrafach nó eile
  • iarmhairtí ghníomhaíocht an duine ar imshaoil fhisiceacha, nádúrtha agus dhaonna a iniúchadh
  • idirspleáchas raoin leathain de dhúile beo agus a n-imshaoil a thuiscint, a thábhachtaí is atá caomhnú gnáthóg a aithint agus tosú ar a léirthuiscint go mbraitheann an saol ar fad faoi mar atá sé anois agus faoi mar a bheidh sé sna glúnta atá le teacht ar fhorbairt inbhuanaithe na cruinne
  • páirt ghníomhach a ghlacadh i bplé, in iniúchadh agus i réiteach fadhbanna imshaoil
  • cód slándála a thuiscint agus a chur i bhfeidhm i dtaca le taighde agus le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie