| ábhar | damhna ar féidir rudaí eile a chumadh as; is féidir ábhair a rangú ar iliomad bealaí éagsúla, mar shampla nádúrtha ar nós adhmaid, nó saorga, ar nós plaistigh, poileastair nó cruach dhomheirgthe; is féidir damhnaí a rangú de réir a n-úsáide nó a n-airíonna, mar mhiotail, phlaistigh, fhabraicí agus eile |
| ainmhí | cineál dúile beo a ghluaiseann thart ar thóir bia agus nach planda é; ní áirítear orgánaigh aonchille (mar a léirítear faoin micreascóp) mar ainmhithe |
| airde | airde nó ísle nóta ceoil; tonnchrith is bun le fuaim; is é atá in airde nóta ná tomhas minicíocht tonnchreatha foinse an nóta |
| alt | cónascadh a dhéantar áit a dteagmhaíonn cnámh le cnámh; i mórchuid na gcásanna bíonn saorghluaiseacht ag na cnámha, mar shampla an cromán, an ghualainn agus an uillinn |
| análú | an próiseas trína mbaintear ocsaigin as an aer agus trína scaoiltear dé-ocsaíd charbóin isteach san aer trí na scamhóga, na geolbhaigh nó trí struchtúir eile |
| ar snámh | an claonadh a bhíonn i rud fanacht ar dhromchla leachta; snámhfaidh rud más lú a dlús ná dlús an leachta; is ionann meáchan coirp ar snámh agus meáchan an uisce a dhíláithrítear; is mar a chéile iad an fórsa aníos agus an fórsa anuas ar an gcorp |
| arthraonadh | an chaoi a dtéann solas ar sceabha nuair a ghluaiseann sé ó mheán go meán eile, mar shampla ó aer go gloine, uisce nó plaisteach |
| atáirgeadh | an chaoi a gcruthaítear aonáin; is é atá i gceist le hatáirgeadh gnéasach ná comhaontú dhá chill ghnéasacha (comhleá); ní bhíonn i gceist le hatáirgeadh neamhghnéasach ach aon orgánach amháin; sampla den atáirgeadh neamhghnéasach is ea baint beangán plandaí |
| athróg | an tsaintréith a chinneann an t-iniúchóir a athrú go córasach in imscrúdú eolaíoch |
| athrú ceimiceach | athrú in ábhair a chuireann substaint nua ar fáil; bíonn an t-athrú buan |
| athrú fisiceach | athrú a tharlaíonn ach nach mbíonn aon substaint nua dá bharr; tharlódh gur athrú crutha, foirme nó staide a bheadh ann, mar shampla adhmad á ghearradh nó leac oighir ag leá |
| ball | cuid den chorp comhdhéanta d'fhíocháin éagsúla agus iad go léir ag obair i dteannta a chéile chun cúram faoi leith a chur i gcrích |
| bláth | an chuid atáirgeach de phlanda bláthach agus a bhfuil baill ghnéis inti .i. an cairpéal (baineann) agus an staimín (fireann); is iad codanna an chairpéil an stiogma, an stíl agus an tsíollann; is iad an t-antar agus an fasc codanna an staimín; cuidíonn na piotail, a bhíonn dathannach de ghnáth, chun feithidí a mhealladh chun an bhlátha chun é a phailniú; cosnaíonn na siopail, a bhíonn glas de ghnáth agus a luíonn lasmuigh de na piotail, an bláth agus é ina bhachlóg |
| breathnóireacht | na céadfaí á n-úsáid chun teacht ar fhaisnéis i
dtaobh rudaí agus eachtraí |
| breosla iontaise | breosla a cruthaíodh as taisí orgánach a mhair na milliúin bliain ó shin, leithéidí guail, ola agus gáis nádúrtha |
| cadhnra | dhá chill leictreacha nó níos mó a tháirgeann leictreachas; tarlaíonn sé seo nuair a imoibríonn na ceimiceáin laistigh den chadhnra ar a chéile; braitheann vóltas cadhnra ar líon na gcill a bhíonn ann: dá mhéid cill is ea is mó an vóltas |
| carbaihiodráití | substaintí ar nós siúcra agus stailceanna; déanann plandaí glasa carbaihiodráití trí phróiseas na fótaisintéise |
| ciorcad | conair shlán srutha leictreach trí shraith de shreangáin agus de naisc; má bhristear an ciorcad teipeann ar an sruth |
| clóraifill | ábhar datha glas i bplandaí atá riachtanach don fhótaisintéis |
| cluas | an ball éisteachta; osclaíonn cuas na coda seachtraí den chluas isteach i gcanáil agus ina ceann sin tá tiompán na cluaise; tá tiompán na cluaise cónasctha le trí chnámh agus tá siad siúd ceangailte le fuinneog ubhchruthach; tá an néaróg éisteachta ina nasc idir an chluas agus an inchinn |
| comhathrú | na difríochtaí ó thaobh airíonna de a tharlaíonn laistigh de speiceas áirithe; mar shampla, bíonn daoine difriúil ó thaobh dath a gcuid gruaige, a súl agus a gcraicne de agus bíonn siad difriúil ó thaobh méid de freisin |
| comhdhlúthú | athrú gáis go leacht de thoradh fuaraithe: mar shampla, athraíonn an ghal ó chiteal atá ar fiuchadh ina leacht nuair a bhuaileann sí le balla fuar cistine |
| comhthionól | na horgánaigh go léir a chónaíonn le chéile i ngnáthóg |
| córas riospráide | sa duine is iad a chomhchodanna ná an traicé, na broncais, na scamhóga, an scairt agus an tsrón |
| croí | ball a thiomáineann fuil ar fud an choirp; is é ráta cuisle duine fhásta ná thart ar 70 buille in aghaidh an nóiméid, ach bíonn sí i bhfad níos tapúla ag leanbh; trí ghréasán d'fhéitheanna a ghluaiseann an fhuil; fágann an fhuil an croí trí artairí agus filleann sí ar an gcroí trí fhéitheanna |
| cuadraí | achar beag, thart ar mhéadar cearnach de ghnáth, a léiríonn na plandaí go léir a fhásann sa réimse sin; is féidir ceann a dhéanamh as píosaí sreinge, corda nó adhmaid |
| cumhacht | an ráta ar a gcuirtear obair i gcrích, is é sin, an méid oibre a dhéantar in aghaidh an tsecoind; is é an watt (W) an t-aonad cumhachta |
| damhna | rud ar bith a ghlacann spás agus a bhfuil mais aige; is féidir mais a thabhairt ar gach uile shubstaint agus ábhar; úsáidtear na téarmaí solad, leacht agus gás chun cur síos ar thrí staid ábhair; is féidir staid amháin a thiontú go staid eile trí théamh nó fhuarú |
| dath príomhúil | is iad dathanna príomhúla an tsolais ná dearg, uaine agus gorm; faightear solas geal nuair a mheasctar na trí chineál le chéile go cionchothrom; nuair a mheasctar dhá dhath phríomhúla le chéile faightear ceann de na dathanna tánaisteacha, leithéidí buí, cian agus magenta; is iad dathanna príomhúla péinte ná dearg, buí agus gorm |
| débheathach | cineál ainmhí a chaitheann cuid dá shaolré in uisce agus cuid eile ar talamh; é fuarfhuilteach, le cnámh droma |
| dianscaoilteoirí | orgánaigh ar nós baictéar agus fungas; dianscaoileann siad taisí orgánacha marbha go ndéanann substaintí níos simplí díobh, rudaí a sheoltar ar ais isteach san ithir |
| díleá | an próiseas trína ndéantar blúirí móra bia a bhriseadh anuas agus a dhéanamh intuaslagtha le cabhair einsímí agus na bhfiacla |
| domhantarraingt | fórsa a tharraingíonn reanna uile na cruinne i dtreo a chéile; braitheann treise an fhórsa tharraingthe seo idir rudaí ar an méid maise iontu: dá mhéad é mais ruda is ea is mó é an fórsa tarraingthe |
| éiceachóras | comhthionól orgánach agus an gaol a bhíonn acu lena chéile agus lena n-imshaol |
| éiceolaíocht | staidéar ar éiceachórais |
| eisfhearadh | scaoileadh dramhaíle ó orgánach |
| eochair | sraith cheisteanna a éascaíonn sainaithint orgánach nó nithe neamhaithnide eile |
| féariteoir | cineál ainmhí nach n-itheann ach plandaí |
| feoiliteoir | ainmhí a itheann feoil nó iasc |
| fiús | feiste chun bac a chur ar shruth leictreach ró-mhór sreabhadh trí chiorcad; blúire de shreang thanaí a bhíonn ann, a leánn má théitear í; briseann sé seo an ciorcad agus feidhmíonn sé mar fheiste shábháilteachta |
| fórsa | rud ar bith a athraíonn luas ruda. Is é a thuigtear go coitianta le fórsa ná sá nó tarraingt. Is féidir dó luas ruda a ghéarú, a mhoilliú, a stopadh, a chruth nó treo na gluaiseachta aige a athrú nó rud a choinneáil ina stad |
| fótaisintéis | an próiseas trína dtáirgíonn plandaí glasa a gcuid bia féin, ag baint feidhme dóibh as dé-ocsaíd charbóin agus uisce mar aon le fuinneamh na gréine, rud a cheapann an lí ghlas (clóraifill) atá sa phlanda |
| friotaíocht | tomhas cumais shubstainte sreabhadh srutha tríd féin a laghdú; tomhaistear an cumas in ohm |
| friotaíocht aeir | fórsa frithchuimilteach a chuireann in éadan gluaiseacht ruda tríd an aer |
| friotóir | feiste a rialaíonn an sruth a bhíonn ag sreabhadh trí chiorcad; úsáidtear friotóirí i raidiónna, i seinnteoirí ceirníní agus i dteilifíseáin |
frithchaitheamh
| buaileann ga solais in aghaidh ruda éigin agus preabann sé ar ais; frithchaitheann gach rud solas a bheag nó a mhór, cuid acu níos fearr ná a chéile; frithchaitheann scáthán solas go han-mhaith; is féidir fuaim a fhrithchaitheamh freisin, agus sampla coitianta de seo is ea macalla |
| frithchuimilt | fórsa a chuireann in aghaidh gluaiseachta |
| fuaim | leagan d'fhuinneamh; rud éigin ar tonnchrith is foinse do gach fuaim; gluaiseann fuaim trí aer, solaid agus leachtanna; is é luas fuaime in aer ná thart ar 344 m/s |
| fuil | an leacht a ghluaiseann trí chroí, fhéitheanna agus artairí ainmhithe; iompraíonn sí ocsaigin agus substaintí eile trí na hartairí agus dramhaíl trí na féitheanna |
| fuinneamh | cumas chun oibre; foirmeacha éagsúla fuinnimh is ea fuinneamh solais, fuinneamh leictreach agus fuinneamh fuaime |
| fuinneamh eithneach | scaoiltear é nuair a scoiltear (eamhnú) nó nuair a chónasctar (comhleá) núicléigh adamh áirithe |
| fuinneamh inathnuaite | fuinneamh a thagann ó fhoinsí mar thaoide, thonntracha nó bhithmhais |
| gal uisce | uisce i staid ghásach nó gaile |
| galú | athrú leachta ina (ghás) ghal le cabhair theasa nó ghluaiseacht an aeir, mar shampla tuaslagán á bhruith agus an t-uisce á thiomáint chun bealaigh ina ghal, nó uisce locháin á iompú ina ghal ag an ngaoth |
| gnáthóg | an áit a mbíonn cónaí ar orgánach; cuireann sí tacar áirithe de thosca maireachtála ar fáil; d'féadfadh sí a bheith mór (páirc) nó beag (duilleog) |
| gréasán bia | sraith de shlabhraí bia a bhfuil comhcheangal eatarthu |
| hiodrálaic | brú leachtanna ar féidir leis rudaí a chur ag obair |
hipitéis | idé ar féidir é a thástáil: toimhde a chuirtear i láthair mar mhíniú ar fhíorais a tugadh faoi deara; cibé toradh a thuartar, gabhann míniú sealadach leis |
| húmas | ábhar snáithíneach donn nó dubh a cruthaíodh as
taisí plandaí agus ainmhithe marbha; cuidíonn sé
chun cáithníní beaga ithreach a ghreamú dá chéile
agus téann sé chun sochair do thorthúlacht na
hithreach |
| imscrúduithe | gníomhaíochtaí ina ndéantar idéanna, tuartha nó hipitéisí a thástáil agus ina ndéantar tátail a bhaint mar fhreagairt ar cheist nó ar fhadhb |
| in-bhithdhíghrádaithe | is féidir le baictéir agus fungais an t-ábhar a dhíghrádú |
| iniúchtaí | na gníomhaíochtaí go léir a ghabhann le taighde, réamh-ghníomhaíochtaí neamhphleanáilte neamhstruchtúrtha ar nós saorimeartha san áireamh |
| inslitheoir | ábhar nó substaint nach seolfaidh teas tríd féin nó ceann nach seolfaidh leictreachas tríd féin |
| iomaíocht | an choimhlint idir orgánaigh chun teacht ar acmhainn atá gann, leithéidí bia, uisce, ocsaigine, spáis nó céilí |
| ithir | substaint atá comhdhéanta de cháithníní ar mhéid difriúil; cruthaítear í trí shíonchaitheamh carraige; bíonn uisce, húmas, aer, mianraí agus dúile beo inti |
| lasc | feiste chun ciorcad a dhúnadh nó a bhriseadh; cuireann sé cosc le sreabhadh leictreachais i gciorcad |
| leictreachas statach | lucht leictreachais a charnann ar dhromchla ábhair; is féidir go gcarnfadh an lucht seo mar thoradh ar shubstaint amháin a chuimilt ar shubstaint eile; cuimiltear leictreoin chun bealaigh ó cheann amháin de na hábhair agus tiontaíonn sé sin ina chorp le lucht deimhneach é; lena linn sin déanann corp le lucht diúltach den ábhar eile, mar go mbailíonn sé leictreoin chuige féin; ansin aomann an dá ábhar a chéile; leictreachas statach is bun le stoirmeacha toirní |
| leictreamaighnéad | ábhar maighnéadach, timpeallaithe ag sreang chorntha, a oibríonn mar mhaighnéad nuair a shreabhann sruth leictreach tríd an tsreang |
| leictreon | ceann de na cáithníní dá bhfuil an t-adamh comhdhéanta; bíonn lucht diúltach leictreachais i leictreon |
| lionsa | píosa gloine nó ábhair trédhearcach a chuireann ar sholas treo a athrú agus é ag gluaiseacht tríd; bíonn cruthanna éagsúla ar lionsaí, mar shampla lionsaí cuasacha agus lionsaí dronnacha |
| luamhán | barra righin ar féidir é a chasadh go héasca thart ar phointe fosaithe; meaisíní simplí is ea luamháin, mar éascaíonn siad obair |
| maighnéad | ábhar a chruthaíonn réimse maighnéadach ina thimpeall féin; is féidir é seo a léiriú trí mhionramh iarainn a scaipeadh thart ar an maighnéad; ag dhá cheann an mháighnéid bíonn poil: poil iad seo a bhfuil dréim acu leis an tuaisceart ag ceann acu agus leis an deisceart ag an gceann eile; poil atá ar chomhdhréim éarann siad a chéile agus poil a bhfuil malairt dréime iontu aomann siad a chéile; ó thaobh méid agus crutha de is iomaí cineál maighnéid a chumtar; tá an chuid is mó de na hábhair neamhmhaighnéadach, ach tá miotail áirithe mar iarann, nicil, cóbalt, agus cóimhiotail déanta astu, mar chruach, maighnéadach; is é is compás ann ná maighnéad ar shaorchrochadh |
| mais | cuireann mais síos ar an méid ábhair atá i rud; tomhaistear é i ngraim (g) |
| mamach | ainmhí teofholach le cnámh droma (veirteabrach), clúdach gruaige nó fionnaidh air de ghnáth agus a bheireann óg beo agus a chothaíonn ar bhainne iad; is eisceachtaí iad an platapas lachaghobach agus an t-alpaire seangán deilgneach mar beireann siad uibheacha |
| meáchan | an fórsa anuas a théann i bhfeidhm ar chorp de thoradh domhantarraingthe; tomhaistear é i newton (N) |
| meaisín | feiste a ghlacann cineál amháin fuinnimh agus a thiontaíonn é i bhfoirm eile atá níos oiriúnaí don aidhm nó don bheart, mar shampla mótar leictreach ag ardú meáchain; athraíonn fuinneamh leictreach go fuinneamh cinéiteach |
| meascán | an toradh a bhíonn ar dhá shubstaint a mheascadh le chéile, mar shampla salann agus uisce; ní chuingrítear iad go ceimiceach agus is féidir iad a scaradh óna chéile arís |
| meirgiú | imoibriú ceimiceach a tharlaíonn in iarann nó cruach nuair a bhíonn aer agus uisce i láthair; is é creimeadh an téarma ginearálta dó; is féidir cosc a chur leis trí phéinteáil, chuimilt le hola agus trí bhealú |
| mianra | ceimiceáin neamhorgánacha a mbíonn méid beag díobh ag teastáil ó phlandaí, mar shampla cailciam, iarann agus copar; is féidir freisin go gciallódh sé rud ar bith a bhaintear as an talamh trí mhianadóireacht, mar shampla copar agus ór |
| micrea-orgánach | orgánach beo nach féidir a fheiceáil ach trí mhicreascóp |
| neamhinathnuaite | foinsí fuinnimh nach bhfuil buanseasmhach agus nach féidir a athnuachan go nádúrtha; samplaí is ea breoslaí iontaise (gás, gual, ola, móin) |
| newton | féach meáchan |
| orgánach | ainmhí, planda, fungas nó micrea-orgánach beo |
| pailín | gráinní a tháirgeann an t-antar, iad buí nó ar dhath oráiste de ghnáth; is ann a fhaightear cealla atáirgthe ghnéasaigh fireannacha, plandaí bláthacha nó buaircíneacha |
| pailniú | aistriú pailín ó antar staimín go stiogma cairpéil; nuair a tharlaíonn sé seo laistigh den phlanda céanna tugtar féinphailniú air; tá crosphailniú níos coitianta agus tarlaíonn sé nuair is ó phlanda eile den speiceas céanna a thagann an pailín; feithidí nó gaoth a chuireann pailniú chun cinn de ghnáth |
| péacadh | an próiseas a thiteann amach nuair a thosaíonn síol nó spór ag fás le bheith ina phlanda aibí; bíonn taise, ocsaigin agus teocht oiriúnach riachtanach chun péactha |
| plaisteach | ábhar saorga; díorthaítear an bunábhar de ghnáth ó ola; is féidir é a mhúnlú nuair a théitear é agus cruann sé nuair a fhuartar é |
| planda | orgánach atá comhdhéanta de a lán ceall; bíonn balla agus núicléas ag na cealla; táirgíonn siad a gcuid bia féin trí fhótaisintéis; análaíonn plandaí, fásann siad, atáirgeann siad go gnéasach agus freagraíonn siad ar spreagadh go díreach ar nós ainmhithe ach ní bhogann siad ó áit go háit |
| pobal | móriomlán na n-orgánach den speiceas céanna a bhfuil cónaí orthu i ngnáthóg áirithe, mar shampla pobal na nóiníní i bpáirc |
pol
| an ball sa mhaighnéad inar treise an fórsa maighnéadach; bíonn pol thuaidh agus pol theas ag gach maighnéad |
| priosma | bloc triantánach déanta as gloine nó plaisteach; is féidir é a úsáid chun treo solais a athrú nó chun solas a scoilt i ndathanna an speictrim |
| próitéin | ceann de na príomhchineálacha bia; is é feidhm atá léi ná fás agus deisiú sa chorp; is ábhar tógála coirp í |
| pútar | feiste a úsáidtear chun feithidí agus ainmhithe beaga eile a bhailiú de choirt chrainn nó sceiche agus de dhuilleoga; próca a bhfuil dhá phíobán phlaisteacha ag gobadh as is ea é |
| rangú | an chaoi a ndéantar plandaí, ainmhithe, carraigeacha agus rudaí eile a bhfuil comh-airíonna acu a ghrúpáil le chéile |
| rialaitheoir | féach turgnamh |
| riospráid | an próiseas trína mbaineann dúile beo fuinneamh as bia (ná measctar le hanálú); déanann gach cineál dúile beo riospráid |
| scagadh | teicníocht chun solad nó solaid a dheighilt ó leacht i gcumasc trína sheoladh sin trí scagaire, mar shampla tae á scagadh le cabhair scagaire |
| scagaire | rud ar nós criathair nó scagaire a dhéanann solaid neamhintuaslagtha a dheighilt ó leacht nuair a sheoltar meascán tríd; é sin, nó ábhar tréshoilseach a ligeann do sholas áirithe gabháil tríd |
| scairt | matán a bhfuil cuma seicne uirthi a dheighleann cuas na scamhóg ón mbolg i gcorp mamaigh; tá sí tábhachtach don análú |
| scamhóga | baill riospráide an duine agus ainmhithe eile; cuimsíonn an córas riospráide pasáistí na sróine agus an bhéil, faraing, laraing (cuas an ghutha), traicé (píobán garbh) agus broncais |
| scáth | achar dorcha a chruthaítear nuair a bhuaileann solas rud teimhneach |
| seoladh | gluaiseacht fuinnimh trí shubstaint |
| seoltóir | ábhar a dhéanann teas, leictreachas agus cineálacha eile fuinnimh a tharchur |
| slabhra bia | aistriú fuinnimh ó orgánach amháin go ceann eile laistigh de ghnáthóg nó d'éiceachóras; léiríonn sé an coibhneas cothaithe idir orgánaigh; sampla simplí de shlabhra bia is ea a leithéid seo:
féar ? coinín ? sionnach |
| snámhacht | an sá aníos a dtagann rudaí faoina thionchar nuair a chuirtear i leacht iad |
solas | cineál fuinnimh a ghluaiseann mar ghathanna; gluaiseann solas ar luas 300,000 cm/s; is é is solas geal ann ná meascán de shoilse ar gach uile thonnfhad, is é sin le rá soilse de gach uile dhath |
| solasmhar | scaipeann sé a sholas féin, mar shampla an ghrian agus na réaltaí eile |
| speiceas | tacar orgánach a bhfuil go leor airíonna i bpáirt acu; is féidir leo pórú le chéile agus sliocht torthúil a ghiniúint; samplaí de speicis iad daonnaithe, madraí, cait, fearbáin agus lusanna an chromchinn |
| speictream (infheicthe) | an raon dathanna a ghintear nuair a sheoltar solas trí phriosma; is féidir dathanna a fheiceáil nuair a scoiltear solas ag braoiníní uisce; níl ann ach cuid bheag den speictream leictreamhaighnéadach ina iomláine; cuimsíonn an speictream sin tonnta raidió, micreathonnta, X-ghathanna, gámaghathanna agus a thuilleadh fós |
spór | cill atáirgthe mhicreascópach; fungais, caonaigh, raithneach agus plandaí nach mbíonn síolta acu, i gcoitinne, a tháirgeann iad |
| sruth (leictreach) | sreabh luchta leictrigh; iompróirí luchta iad na leictreoin; is ionann sruth leictreach i miotal agus sreabhadh leictreon ó theirminéal diúltach cadhnra go dtí an ceann deimhneach; mar sin féin deirimid de ghnáth go ngluaiseann sruth ón taobh deimhneach go dtí an taobh diúltach; tomhaistear é in aimpéir (A) |
súil
| ball an radhairc; ar na codanna atá infheicthe tá an choirne (an chuid ghléigeal sheachtrach), an t-imreasc, atá dathannach, agus an mac imrisc; bíonn lionsa sa tsúil freisin agus bíonn cúl na súile clúdaithe ag an reitine |
| tarchur teasa | an chaoi a ndéantar teas a aistriú ó áit go háit: i solaid trí sheoladh, i leachtanna agus i ngáis trí chomhiompar agus ó rud te ar nós na gréine nó soirn trí radaíocht |
| tástáil chothrom | tástáil ina mbíonn na nithe a bhíonn á dtástáil mar a chéile i ngach slí, cé is moite den tréith a bhíonn faoi thástáil |
| teimhneach | ní scaoileann sé solas tríd; gan bheith trédhearcach ná tréshoilseach |
| teocht | tomhas ar cé chomh te agus atá sé; úsáidtear teirmiméadair chun teocht a thomhas agus bíonn siad marcáilte de ghnáth i gcéimeanna Celsius (°C) |
| teoiric | tacar de ráitis ghinearálta a thugann míniúcháin dhealraitheacha ar fheiniméin áirithe; is féidir feidhm a bhaint astu chun a thuar go dtarlóidh eachtraí áirithe |
| toirchiú | comhaontú dhá chill atáirgeacha, ceann fireannach agus ceann baineannach, agus ar orgánach nua a thoradh |
traschrios | líne chorda nó ábhair éigin eile a ndéantar staidéar ar phlandaí nó ar ainmhithe ar a feadh |
| trédhearcadh | ábhar a ngabhann solas tríd agus ar féidir rud a fheiceáil tríd go soiléir dá bharr sin |
| tréshoilseach | roinnt áirithe solais á ligean tríd aige; ní féidir rudaí a fheiceáil go soiléir trína leithéid sin d'ábhar; sampla d'ábhar tréshoilseach is ea gloine shioctha |
| tuaslagadh | substaint a mheascadh le tuaslagóir: mar shampla, measctar siúcra le huisce agus bíonn tuaslagán mar thoradh air; uaireanta meascann páistí na téarmaí 'leá' agus 'tuaslagadh' le chéile |
| tuaslagán | tuaslagáit agus tuaslagóir measctha le chéile, mar shampla tuaslagán de shiúcra agus uisce, áit arbh é an siúcra an tuaslagáit agus uisce an tuaslagóir |
| turgnamh | próiseas a mbíonn athrú i rud a bhíonn faoi thástáil mar thoradh air agus a mhacasamhail de rud gan tástáil á húsáid mar rialaitheoir |
| ubh | cill atáirgthe bhaineann in orgánach |
| vataí | aonad cumhachta; 1 kW= 1000 W |
| veirteabrach | ainmhithe le cnámh droma acu mar aon le hinchinn laistigh de chloigeann |
| voltas | difríocht poitéinsil; tomhaistear i vóltaí í |
An Coiste Curaclaim don Oideachas Sóisialta, Eolaíochta agus Imshaoil a bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a d'ullmhagh an curaclam seo.