Cuirtear Oideachas Ealaíne i láthair faoi thrí cheannteideal: na hamharcealaíona, drámaíocht agus ceol.
Cuireann oideachas ealaíon ar chumas an pháiste smaointe, mothúcháin agus taithí a léiriú trí teanga. trí ghothaí, agus trí ghluaiseachtaí. Le ceol, leis na hamharcealaíona agus le húsáid na drámaíochta sa seomra ranga spreagatar an leanbh chun smaointe a nochtadh atá cruthaitheach agus atá fós ag fobairt. Cuireann an Curaclam Oideachais Ealaíon cosáin ar fáil chun foghlaim a dhéanamh lena bhfuil baint aici le machnamh, samhlaíocht agus íogaireacht. Ag foghlaim trí na healaíona bíonn deis ag páistí raon leathan d'éirimí a úsáid.
Na hAmharcealaíona
Drámaíocht
Ceol