Primary Schools

Pleanáil aonaid oibre

Beidh barrthábhacht ag baint le pleanáil chórasach an mhúinteora do choincheapa, do scileanna agus do thuairimí, agus do mheasúnú laistigh d'aonaid oibre a fhorbairt chun go n-éireoidh le clár na n-amharcealaíon. I bpleanáil aonaid oibre dá rang beidh a fhios ag an múinteoir faoin dul chun cinn a rinne na páistí, chomh maith leis na riachtanais ar leith atá ag roinnt páistí. Agus ábhar á roghnú coimeádfar cothromaíocht idir obair i meán déthoiseach agus tríthoiseach agus idir deiseanna ar an ealaín adhéanamh agus ar fhéachaint uirthi agus ar fhreagairt di.

Pleanáil eiseamláirí

Léiríonn na heiseamláirí seo a leanas bealaí chun roinnt de Ceann déanta de chréna cuspóirí ábhair sa churaclam a chur i gcrích. Cuimsíonn an chéad cheithre cinn de na heiseamláirí raon gníomhaíochtaí i ndéanamh ealaíne, i bhféachaint ar an ealaín agus i bhfreagairt di. Tá achoimrí ar fáil ar na coincheapa agus na scileannna a fhothaíonn na gníomhaíochtaí sna haonaid a phléann le cur chuige teagaisc agus measúnaithe. Tá an cúigiú heiseamláir níos sainiúla agus tá tacar sainiúil de chuspóirí le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá leagtha amach ann. Sampla is ea Eiseamláir 6 de chomhtháthú le hachair eile sa churaclam, téama ar féidir go ndearnadh iniúchadh níos luaithe air, b'fhéidir, trí éagsúlacht de mheáin sna hamharcealaíona.

Léiríonn an chéad tacar de cheithre eiseamláir conas is féidir téama a iniúchtar i dtosach tríd an líníocht a fhorbairt trí roinnt snáitheanna.
Cuimsíonn sé
- aonad oibre do na ranganna naíonán a fhorbraíonn an téama 'Is féidir liom cuidiú' trí líníocht, trí phéint agus trí dhath, trí chré agus trí thógáil

  • aonad oibre do ranganna 1 agus 2 a fhorbraíonn téama 'an tsúgartha' trí líníocht, trí phéint agus trí dhath, trí chré agus trí thógáil
  • aonad oibre do ranganna 3 agus 4 a fhorbraíonn téama 'na haimsire' trí líníocht, trí phéint agus trí dhath, trí thógáil agus trí fhabraic agus trí shnáithín
  • aonad oibre do ranganna 5 agus 6 afhorbraíonn téama 'na sráide' trí líníocht, trí phéint agus trí dhath, trí phriontáil agus trí thógáil.

Léiríonn Eiseamláir 5 conas a d'fhéadfaí coincheap ar nós feasacht datha a fhorbairt. Léiríonn Eiseamláir 6 mar a d'fhéadfaí forbairt níos mó a dhéanamh ar théama an tsúgartha, a fhorbraítear do ranganna 1 agus 2 in Eiseamláir 2, trí chomhtháthú le hachair eile sa churaclam.

Is féidir go dtabharfaidh taithí na bpáistí agus a leibhéal forbartha san ealaín le fios gur chóir aonaid oibre a phleanáil ag leibhéal atá níos airde nó níos ísle ná an ceann a thugtar do leibhéal a ranga.

PDFEiseamláir 1 - Aonad oibre do ranganna naíonán
PDFEiseamláir 2 - Aonad oibre do ranganna 1 agus 2
PDFEiseamláir 3 - Aonad oibre do ranganna 3 agus 4
PDFEiseamláir 4 - Aonad oibre do ranganna 5 agus 6
PDFEiseamláir 5 - Ag iniúchadh an datha ó naíonáin go rang 6
PDFEiseamláir 6 - Téama comhtháite do ranganna 1 agus 2
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie