Primary Schools

Eagrú an tseomra ranga

Baineann sé seo le heagar a chur orthu seo a leanas:

Eagrú na n-ábhar agus na n-uirlisí ealaíne

Moltar liosta a dhéanamh de riachtanais an cheachta agus a dhearbhú roimh ré go bhfuil go leor soláthairtí ann agus iad tarraingteach le húsáid. Ba chóir go n-eagrófaí iad seo roimh thús an ranga. Glacfaidh na páistí a bpáirt i gcaomhnú na soláthairtí a luaithe a thuigfidh siad conas agus cén fáth ar ghá aire a thabhairt dóibh. Ba chóir go bpleanáilfí bealaí oibre glantóireachta roimh ré freisin.

An spás oibre a eagrú

An spás oibre
Chomh fada agus is féidir ba chóir go leor spáis a bheith ag na páistí chun oibriú go compordach. Ba chóir go gcóireofaí an troscán chun gluaiseacht a dhéanamh níos éasca agus le cur ar chumas na bpáistí féachaint ar a n-obair ó chearnaí éagsúla, agus le
dromchlaí atá mór go leor a sholáthar don tasc atá idir lámha acu. Ba chóir go mbeadh fáil fhurasta ar uisce ann. Ó am go chéile b'fhéidir gur féidir na páistí a chur ag obair amuigh faoin

spéir: leathnaíonn gníomhaíochtaí don scoil iomlán a bhaineann úsáid as timpeallacht na scoile agus a aithníonn cion gach páiste (mar shampla múrmhaisiú a phéinteáil), taithí an pháiste ar an ealaín lasmuigh de bhallaí an tseomra ranga.

Socruithe cosanta
Ba chóir páistí a spreagadh chun éadach cosanta a chaitheamh, agus ba chóir páipéar súite a chur ar fáil dóibh le déileáil le doirteadh trí thimpiste.

Socruithe slándála
Ba chóir aire a thabhairt lena chinntiú go n-úsáidtear ábhair neamhnimhiúla agus go bhfuil gach ábhar gearrtha oiriúnach le húsáid ag na páistí. B'fheidir go mbeadh gá le maoirseacht ghrinn ar roinnt gníomhaíochtaí. Ba chóir go leor solais a bheith ann agus an seomra a bheith aeraithe go maith a fhad is atá an obair á triomú.

Eagrú thimpeallacht na foghlama

Is féidir go mbeadh timpeallacht an tseomra ranga ar cheann de na háiseanna múinteoireachta is cumhachtaí sa cheacht ealaíne. Ba chóir di bheith spreagúil don tsúil agus bríomhar agus ba chóir di foghlaim na bpáistí san ealaín a fhorbairt. Ba chóir do thaispeántais a thosaíonn an múinteoir a bheith spreagúil agus samhlaíoch. Ba chóir dó/di rudaí atá corraitheach agus aisteach don tsúil a chuimsiú, ina measc seo, b'fhéidir, rudaí atá sean nó briste, nó rudaí ón domhan nádúrtha. Ba chóir dóibh samhlaíocht an pháiste a ghabháil agus deiseanna luachmhara a chur ar fáil ar ghrinnfhéachaint, ar chomparáidí a dhéanamh, ar mheastóireacht chriticiúil agus ar ghaolta a aithint.

Ba chóir na páistí a spreagadh chun féachaint go grinn agus chun nithe taispeántais a láimhsiú, de réir mar is cuí, chun faisnéis agus tuiscint ar nádúr rudaí a thógáil, nithe nach féidir a dhéanamh ar aon bhealach eile. Ba chóir, a bhfeasacht ar fheiniméin nádúrtha ina dtimpeallacht, agus a n-ábaltacht ar fhreagairt dóibh, a spreagadh freisin. D'fhéadfaí gloine formhéadúcháin a úsáid ó am go chéile le cur ar a gcumas gréasán agus struchtúr sa domhan nádúrtha a fheiceáil ar scála beag, agus threiseodhsé seo foghlaim san eolaíocht, mar shampla.

Ba chóir go gcuirfí priontaí de shaothar ealaíne ar taispeáint agus foinse phlé bhríomhair a dhéanamh díobh. Ba chóir leabhair le léaráidí den chéad scoth, chomh maith le roinn ealaíontóirí agus foirmeacha ealaíne éagsúla, a chur sa rang nó sa leabharlann scoile. Is féidir blociasachtaí de leabhair ealaíne do pháistí a eagrú le cuid de na leabharlanna poiblí níos mó.

Achair thaispeántais a eagrú

Ba chóir don seomra ranga a bheith ina ionad oibre spreagúil agus timpeallacht na scoile iomláine ina tionchar dearfa ar chéadfacht nabpáistí a thabhairt chun míneadais.
Feidhmíonn prionsabail an deathaispeántais go cothrom céanna ar fud fhoirgneamh na scoile dála taispeántas ealaíne laistigh den seomra ranga agus ar fud an churaclaim.
Cuidíonn taispeántas maith le timpeallacht aeistéitiúil thaitneamhach a chruthú. Soláthraíonn sé pointe comhtheagmhála d'fhoghlaim trí fhiosracht a mhúscailt, trí phlé a chur chun cinn agus trí smaointe aspreagadh. Chomh maith leis sin spreagann sé rannpháirtíocht: is ionann saothar a chur ar taispeáint agus iarracht a mholadh agus a chúiteamh.

Trí shaothar a chur ar taispeáint cuidítear leis an bpáiste agus leis anmúinteoir meastóireacht a dhéanamh agus a fheiceáil mar a sháraítear fadhbanna léirithe i bpíosaí aonair d'obair. Tá sé tábhachtach pictiúir a thaispeáint ina n-iomlán seachas na codanna 'críochnaithe' amháin. Ba chóir rogha a thabhairt do na páistí faoi cad a chuirfí ar taispeáint, mar shampla ag lá oscailte.

Eagrú ama

Tá eagrú éifeachtach ama barrthábhachtach do ghníomhaíochtaí ealaíne atá taitneamhach agus a bhfuil aidhmeanna leo. B'fhéidir go n-oirfeadh sé am geallta a roinnt ina aonaid níos lú, ó am go chéile, chun fuinneamh giniúnach píosa oibre atá an-dúshlánach ach go háirithe a chothú, agus chun seichimh fhorbartha a thaispeáint. Ba chóir don mhúinteoir obair aonair agus chomhoibritheach araon a cheadú ionas go bhféadfadh páistí a smaointe a roinnt ar a chéile. Uaireanta is féidir le hobair ar théama, mar shampla fríos balla nó múnlú ar scála mór, bheith níos inláimhsithe agus níos rathúla mar thionscadal don rang iomlán. Ba chóir an t-am atá le tabhairt d'obair ar shnáitheanna aonair, ar théamaí a fhorbraítear in éagsúlacht de mheáin agus ar thionscadail chomhtháite a phleanáil roimh ré. B'fhéidir go rachaidh baill na foirne i gcomhairle lena chéile agus cinntí á ndéanamh acu lena chinntiú go mbeidh curaclam leathan cothrom á mhúineadh ag gach leibhéal, agus laistigh díobh.

Nascadh agus comhtháthú a eagrú

Tugtar deiseanna ar nascadh (comhtháthú laistigh de churaclam na n-amharcealaíon) agus ar chomhtháthú (comhtháthú traschuraclaim) ag deireadh gach snáithe.

Tarlaíonn nascadh sna hamharcealaíona laistigh de na snáitheanna agus idir na snáitheanna araon agus leagann sé béim ar nádúr comhghaolmhar na ngníomhaíochtaí ealaíne. Tarlaíonn sé

  • sa tslí ina soláthraíonn an snáithaonad gníomhaíochtaí comhlántacha i ndéanamh agus i bhféachaint agus i bhfreagairt
  • i gcur chuige píosa oibre a fhorbairt trí mheáin mheasctha a bhaineann úsáid as an-éagsúlacht d'ábhair, mar shampla trí phrionta, trí chuimilteáin agus trí dhromchlaí péinteáilte a chumasc i gcolláis nó trí ghreamanna maisiúcháin, trí choirníní nó trí phéint fhabraice a chur le hobair appliqué
  • i dtéama a iniúchadh trí roinnt de na snáitheanna, mar atá leagtha amach in 'Pleanáil aonaid oibre'.

Tairgeann an-chuid achar de churaclam na bunscoile spreagadh iontach amhairc agus samhlaíochta, a mbíonn an múinteoir in ann úsáid a bhaint astu le haghaidh an cheacht ealaíne. Deiseanna soiléire ar chomhtháthú is ea léirmhínithe a dhéanamh ar scéalta, ar dhánta, ar amhráin, ar dhrámaíocht, ar scéalta as an mBíobla agus ar eachtraí stairiúla, i líníocht, i bpéinteáil nó i meán tríthoiseach. Ba chóir béim a leagan ar chur chuige samhlaíoch in ionad bheith ag iarraidh clár an ábhair eile a mhúineadh. Níor chóir nach mbeadh sa chomhtháthú le healaín ach déanamh frapaí chun ábhar eile a mhúineadh, ós rud é gur dóichí nach bhféachfaí ar ghné na fionnachtana samhlaíche mar chuid inmhianaithe sa chás seo, seachas é bheith inmhianaithe go mór, mar ba chóir.

Is é an buntáiste atá ag an gcur chuige múinteoireachta agus foghlama atá comhtháite ná gur féidir na cuspóirí atá ag níos mó ná achar amháin sa churaclam a bhaint amach i ngníomhaíocht nó i dtopaic amháin. D'fhéadfadh sé seo bheith an-chuí ag leibhéal na naíonán, mar a mbíonn an fhoghlaim ina gníomhaíocht ilchéadfaíoch den chuid is mó de. Ba chóir, áfach, pleanáil a dhéanamh do chothromaíocht idir múinteoireacht chomhtháite agus múinteoireacht ábhair amháin, go háirithe ag na leibhéil níos airde sa bhunscoil. Ba chóir a bheith aireach chomh maith lena chinntiú go gcoimeádtar fócas soiléir ar na cuspóirí don ealaín i gcomhtháthú traschuraclaim. Mura mbíonn cuspóirí cuí don cheacht ealaíne i bhfeidhm ní bheidh aon cheacht ealaíne ann i ndáiríre agus dá dheasca sin ní bheidh comhtháthú lán de bhrí ann.

Oideachas sna healaíona
Tá comhchiall ag achair den oideachas sna healaíona a chruthaíonn naisc eatarthu. D'fhéadfaí ábhar téama a roinnt le ceol, mar shampla. Is trí rince a dhéantar amharc-choincheapa crutha agus spáis 'nithiúil', agus is féidir go ndéanfar tuilleadh forbartha ar théamaí a iniúchtar tríd an rince trí éagsúlacht de mheáin amharcealaíon.

D'fhéadfadh go mbeadh obair le drámaíocht an-torthúil ar fad. Is féidirle páistí a gcuid láithreán, culaithirtí agus masc a dhearadh, mar shampla. Is féidir léiriú trí dhath, trí fhoirm agus trí thógáil a chur chun cinn ar an mbealach seo agus d'fhéadfaí na tascanna a cheaptar a chur in oiriúint do chumas agus d'aois an pháiste: mar shampla, is féidir go mbeidh déanamh culaithirtí chomh simplí le sean T-léine agus bríste a chlaochlú ina bhfeisteas an-samhlaíoch go deo ach fuíollghearrthóga, fuílligh agus fabraic agus ceirteacha éagsúla eile a roghnaítear go haireach a chur orthu le bioráin. Ba chóir gurb é a bheidh i gcion an mhúinteora féin ná teacht ar bhealaí indéanta chun airgtheacht na bpáistí a spreagadh, agus gan a bheith ag dearadh an ruda iomláin é(í) féin.

An corpoideachas
D'fhéadfadh gur spreagthaí den chéad scoth iad samhlaoidí agus rudaí ealaíne don rince, agus is féidir le rince agus le cluichí feidhmiú mar ábhair spreagúla d'ealaín na bpáistí.

An teanga
Soláthraíonn gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona an-chuid deiseanna ar fhorbairt theagmhasach teanga. Spreagtar páistí le labhairt ar an obair atá idir lámha acu, ar na dúshláin a dtagann siad orthu, ar na cinntí a dhéanann siad maidir lena rogha ábhair agus ar conas a úsáideann siad ábhair agus uirlisí. De réir mar athéann siad ar aghaidh cuidítear leo labhairt le muinín mhéadaitheach ar abhfuil siad ag iarraidh a dhéanamh
agus ar na cáilíochtaí a fheiceann siad ina gcuid oibre féin agus in obair daoine eile.

An mhatamaitic
Gné is ea an cruth a 'chomhtháthaítear' go minic le matamaitic, agus moltar é seo thar barr. Níor chóir, áfach, go mothódh an múinteoir go bhfuil sé/sí teoranta maidir le cearnóga, ciorcail nó dronuilleoga, mar shampla, a úsáid sa cheacht ealaíne. Ba chóir go músclódh an cruth san ealaín rudaí ar nós scáth ruda ar bith; cruthanna casta ar nós scáth duine; cruthanna imlíneacha d'aon rud nó de ghrúpa rudaí; cruth an spáis idir dhá rud; nó cruth rudaí réidhe ar nós duilleog, ar nós peiteal nó coslorg. Cuireann taithí na bpáistí ar an gcruth sa domhan amhairc lena dtuiscint ar choincheapa an chrutha, baineadh sé le matamaitic nó ná baineadh, ag leibhéal atá i bhfad níos doimhne ná dá gcuirfeadh an múinteoir iad ag plé le gníomhaíochtaí 'ealaíne' amhrasacha a d'úsáidfeadh ciorcail, cearnóga nó dronuilleoga, mar shampla.

Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE)
Achar cuí don fhoghlaim chomhtháite is ea iniúchadh ar dhath mar sholas i gcuraclam na heolaíochta agus ar dhath mar ghné amhairc i gcuraclam na n-amharcealaíon. Déanann forbairt ar an bhfeasacht timpeallachta, ar scileanna breathnóireachta (féach an tíreolaíocht chomh maith) agus ar scileanna i ndearadh agus i ndéanamh a fhorbraítear trí fhiosrúchán eolaíoch, comhlánú ar na coincheapa agus na scileanna (an phleanáil agus an sceitseáil san áireamh) a fhorbraítear i gcuraclam na n-amharcealaíon.

Téama buan in oideachas sna healaíona is ea an bhreathnóireacht ghrinn ar rudaí ón dúlra, agus is léir gur féidir é seo a chomhtháthú leis na snáithaonaid 'Plandaí agus ainmhithe' agus 'Feasacht ar an timpeallacht agus aire a thabhairt di' atá i gcuraclam na heolaíochta (féach an tíreolaíocht chomh maith). Bíonn níos mó tábhachta ag baint le líníochtaí agus le staidéar ar dhathanna a dhéanamh bunaithe ar rudaí nádúrtha a thógtar isteach sa seomra ranga nuair a shroicheann na páistí na ranganna sinseareacha sa bhunscoil. D'fhéadfadh go dtabharfadh struchtúr rudaí nádúrtha spreagadh i ngníomhaíochtaí tógála.

Achar eile le haghaidh comhtháthaithe leis na hamharcealaíona is ea staidéar ar Tréithe agus cáilíochtaí ábhar i gcuraclam na heolaíochta: fabraicí agus snáthíní; ábhair sholúbtha ar nós cré; dolúbthacht ábhar tógála; na huigeachtaí; meáchain agus ionsúiteacht páipéar (moltar ceacht áirithe in úsáid an pháipéir mar ábhar tógála). D'fhéadfaí staidéar ar chumhacht gaoithe agus uisce sa snáithaonad Fuinneamh agus fórsaí a úsáid le gluaiseacht a sholáthar i mionsamhlacha atá deartha ag na páistí. B'fheidir go mbeadh draíocht sa bhreis ag baint le ciorcad leictreach a dhéanamh, mar shampla, dá n-úsáidfí é chun ollfhoirgneamh mionsamhlach atá deartha agus déanta ag na páistí a shoilsiú.

D'fhéadfaí an-chuid de ghnéithe na teicneolaíochta a chomhtháthú go háisiúil leis an ealaín. B'fhéidir go n-úsáidfí an phriontáil mar shampla den phróiseas déantúsaíochta, cuir i gcás cártaí a dhearadh agus a chlóbhualadh d'ócáid ar leith. Próiseas déantúsaíochta eile is ea an fhíodóireacht nó cruthú éadaigh.

Is féidir go spreagfaidh gnéithe de churaclam na staire, a iniúchann an teaghlach agus domhan an scéil, gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona a tharraingíonn ar shamhlaíocht agus ar thaithí saoil an pháiste. B'fhéidir gogcuideodh iniúchadh ar chultúir
daoine éagsúla agus ar réanna éagsúla i rith na staire le bealaí na bpáistí chun dearcadh ar an ealaín agus ar lámhdhéantúsáin agus chun freagairt dóibh a fhorbairt.

Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS)
Is féidir tuilleadh iniúchta a dhéanamh trí mheán na n-amharcealaíon ar théamaí agus ar ábhair a iniúchtar tríd an OSPS. Chuimseodh siadsan feasacht fhorbarthach na bpáistí orthu féin, a ngaol éabhlóideach le daoine eile, a dtuiscint fhorásach ar an bhfreagracht
agus conas mar a mhothaíonn siad faoi na ceisteanna seo.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie