Primary Schools

Pleanáil curaclaim

Is féidir go mbeidh gá leis na hábhair seo a leanas a phlé mar chuid den phleanáil do na hamharcealaíona ag leibhéal na scoile:

Tábhacht oideachais sna hamharcealaíona i gcuraclam na bunscoile

Tosaíonn pleanáil curaclaim le haitheantas a thabhairt do pháirt lárnach an oideachais sna hamharcealaíona i bhforbairt iomlánaíoch an pháiste. I measc na n-ábhar a phléifear ba chóir go mbeadh an próiseas cruthaitheach trína dtéann páistí agus iad ag déanamh ealaíne, na céimeanna nó na patrúin fhorbartha ina gcuid ealaíne agus tábhacht an oideachais sna hamharcealaíona mar mhodh eolais a chuireann le hachair eile fhoghlama.

An bhéim ar an bpróiseas cruthaitheach

Leagtar béim ar an bpróiseas cruthaitheach trína dtéann páistí agus iad ag déanamh ealaíne mar go dtarlaíonn cuid thábhachtach den fhoghlaim san ealaín ina gcur chuige i leith an taisc atá idir lámha acu, agus is féidir nach mbeidh sé seo soiléir sa toradh.

Curaclam leathan cothrom

Dhearfaí gníomhaíochtaí a bheadh bunaithe ar théama agus a chuimseodh cuid de na meáin d'fhonn na cuspóirí atá ag roinnt de na snáitheanna a chomhlíonadh. Ba chóir don phleanáil a chinntiú go mbeidh clár leathan forásach ag gach páiste sa líníocht, sa phéint agus sa dath agus i meán tríthoiseach ar nós cré, chomh maith le priontaí a dhéanamh, tógáil agus obair i bhfabraic agus i snáithín. Is féidir meáin chuí eile a chur in ionad na dtrí cinn dheireanacha go pointe áirithe, agus is féidir go mbeidh grianghrafadóireacht, nó staidéar scannán nó grafaicí ríomhaire ina measc seo. Dhearfaí gníomhaíochtaí a bheadh bunaithe ar théama agus a chuimseodh cuid de na meáin (mar shampla an líníocht, an phéint agus an dath, an tógáil) d'fhonn na cuspóirí atá ag roinnt snáitheanna sa ghníomhaíocht chéanna a chomhlíonadh, de réir mar is cuí, agus dheimhneodh an plean scoile go leanfaí ar aghaidh den chothromaíocht riachtanach in obair dhéthoiseach agus thríthoiseach. Ba chóir go soláthródh pleanáil scoile na deiseanna ar fhoirmeacha ealaíne ónár gcultúr féin agus ó chultúir eile a fheiceáil, ar mhachnamh a dhéanamh orthu agus ar thuiscint dóibh agus iad ina mbunchóipeanna nó ina macasamhlacha. Déanann curaclam leathan cothrom deimhin de go mbíonn an taithí atá ag teastáil ó na páistí acu chun forbairt a dhéanamh ar na coincheapa agus ar na scileanna atá mar bhunús leis an amharcléiriú.

Beidh tionchar ag coinníollacha agus ag timpeallacht na scoile, ag na traidisiúin áitiúla sna hamharcealaíona agus ag raon spéiseanna agus éirimí na bpáistí ar roghnú na ngníomhaíochtaí agus na n-ábhar. Beidh tábhacht chomh maith ag na spéiseanna agus ag na leibhéil saineolais atá ag baill na foirne sna hamharcealaíona ar chur i bhfeidhm an chláir agus ba chóir iad seo a aithint.

Páistí le riachtanais éagsúla

Ba chóir go mbeadh fáil chothrom ag gach páiste ar oideachas sna hamharcealaíona. Ba chóir go dtabharfadh an plean scoile gealltanas faoi dheiseanna ar pháirteanna a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhfuil aidhm leo a tharraingíonn ar a gcumas cruthaitheach aeistéitiúil. Le linn pleanála do chomhdheiseanna, a chuirfeadh fáil chothrom do bhuachaillí agus do chailíní san áireamh, d'fhéadfadh baill na foirne tuairimí ar an ealaín agus ar na luachanna atá aici dóibh a phlé.

Cuireann an curaclam deiseanna ar fáil do pháistí le riachtanais oideachais ar leith ar chumas agus ar ghnóthachtáil neamhspleách a thaispeáint. Ní mór aitheantas a thabhairt dá gcéim fhorbartha san ealaín, gan bacadh le haois; slí chun a dtuiscint ar an domhan a léiriú is ea a samhlaoidí amhairc agus is gá ligean dóibh forbairt a dhéanamh tríothu. Ba chóir, dá bharr, gníomhaíochtaí agus treoirlínte a chur in oiriúint do riachtanais an duine aonair agus ba chóir dóibh a bheith oiriúnach do chumas agus d'aois an pháiste. De réir mar is cuí, ba chóir gníomhaíochtaí a phleanáil ina n-aonaid inláimhsithe sheicheamhacha agus ba chóir go leor ama a thabhairt do na páistí gach aonad a chríochnú. B'fhéidir go mbeadh gníomhaíochtaí ealaíne d'aon aonad amháin atá gearr níos oiriúnaí do pháistí a bhfuil réise aire gearr acu, agus ó am go chéile b'fhéidir go n-oirfeadh gníomhaíochtaí ilchéadfaíocha cinaeistéiseacha. Freagróidh páistí go fonnmhar do thacaíocht, do spéis agus do mholadh as a gcuid iarrachtaí.

In aon rang is féidir go mbeidh páistí ag obair i dtreo cuspóra laistigh de raon de leibhéil. Le haghaidh páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu b'fhéidir go mbeidh gá le roinnt achar foghlama a bhriseadh síos ina n-aonaid níos lú ná mar a mholtar dá leibhéal. B'fhéidir go mbeidh dúshláin níos mó ag teastáil ó pháistí eile ag an leibhéal gníomhaíochta céanna. Ba chóir dóibh a ndúshlán a thabhairt ar a fháil amach cad é an méid is mó is féidir a dhéanamh i ngníomhaíocht ealaíne, agus is féidir go mbeidh iniúchadh leanúnach ar achar amháin níos sásúla ná iniúchadh éadrom ar a lán díobh.

Pleanáil do nascadh agus do chomhtháthú

Ba chóir pleanáil do ghníomhaíochtaí amharcealaíon a bhaineann le nascadh agus le comhtháthú chun tuilleadh deiseanna a thabhairt do pháistí ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht agus chun cur ar a gcumas buanna agus spéiseanna a thaispeáint a d'fhéadfadh fanacht neamhshaothraithe murach é. Ba chóir gníomhaíochtaí a chomhtháthaíonn na hamharcealaíona le hábhair eile a phleanáil chun cuidiú le tuiscint na bpáistí ar an ealaín agus ar na hábhair eile a fhorleathnú agus ní hamháin le haghaidh cuspóirí léirithe. Ba chóir gníomhaíochtaí comhtháite amharcealaíon a phleanáil go comhthreomhar agus ba chóir go n-idirghníomhóidís le hábhair eile in ionad a bheith á gcur iontu.

Am

Ba chóir lárnachas oideachais sna hamharcealaíona in oideachas iomlán na bpáistí a mheas agus clár amharcealaíon á phleanáil. Ba chóir fairsinge an ábhair agus a nádúr praiticiúil a mheas chomh maith agus an t-am á dháileadh. Uaireanta is modh cumasach é am blocáilte chun an t-am a riar le hobair thionscadail, le staidéar comhtháite nó le gné áirithe an chláir a iniúchadh go domhain.

Taispeántas

Ba chóir go mbeadh polasaí scoile ar thaispeántas ann. Chomh maith lena bheith ag úsáid gach spáis laistigh d'fhoirgneamh na scoile ba chóir, ó am go chéile, dul chuig gníomhaireachtaí lasmuigh den scoil ar nós leabharlanna, ospidéil, stáisiúin an Gharda, bainc, siopaí, séipéil agus lárionaid phobail, ag iarraidh spás taispeántais. Níor chóir, áfach, go gcuirfeadh a leithéid de pholasaí brú ar an múinteoir nó ar na páistí saothar a sholáthar a bheadh inghlactha ag daoine fásta mar go bhféadfadh siadsan an tslat tomhais mhícheart a imirt ar obair na bpáistí. Is féidir nach mbeidh taispeántas poiblí i gcónaí oiriúnach mar bíonn spás síceolaíoch ag teastáil ó pháistí chomh maith le spás fisiceach chun forbairt a dhéanamh.

Forbairt pholasaí measúnaithe

Is cuid dhílis de phróiseas na múinteoireachta agus na foghlama é an measúnú in oideachas sna hamharcealaíona; bíonn foghlaim na bpáistí agus a straitéisí múinteoireachta féin á measúnú i gcónaí go neamhfhoirmiúil ag na múinteoirí fad a bhíonn siad ag breathnú, ag plé agus ag breithniú ar an obair atá idir lámha acu agus ar an obair atá críochnaithe acu. Mar mhodh féachana ar fheidhmiú an mhúinteora agus an dalta cuireann an méasúnú go mór le meastóireacht fhoriomlán ar éifeacht an chláir ealaíne. Tá sé tábhachtach do phleanáil scoile iomláine agus d'fhorbairt chur chuige aontaithe ealaíne sa bhunscoil.

Uirlisí measúnaithe

Tá sé tábhachtach go gcuireann múinteoirí chuig an measúnú san ealaín le muinín agus le tuiscint choiteann ar cad tá i gceist. Ba chóir go gcuimseodh measúnú iad seo a leanas:

  • breathnú an mhúinteora
  • tascanna a dhear an múinteoir
  • samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscnaimh
  • próifílí curaclaim.

Breathnóireacht an mhúinteora

I bpróiseas déanta ealaíne agus na freagartha di b'fhéidir go dtaispeánfadh an páiste cáilíochtaí samhlaíochta, cumadóireachta agus rannpháirtíochta a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara san am ach nach mbeadh sé le feiceáil i bpíosa oibre atá críochnaithe, nó nach bhféadfaí cuimhneamh orthu ach le dua. Bheadh na hachair seo a leanas san áireamh:

  • ábaltacht an pháiste ar ábhair, uirlisí agus meáin a roghnú agus a úsáid go héifeachtach agus go húrnua le haghaidh taisc nó tionscadail áirithe
  • úsáid léiritheach an pháiste as na meáin amhairc i gcumadóireachtaí agus i bhfoirm fhorbarthach
  • cáilíocht fhreagairt an pháiste do shaothair ealaíne agus a (h)ábaltacht ar cheangail a dhéanamh idir a s(h)aothar féin agus saothar daoine eile
  • cur chuige an pháiste i leith taisc agus méid a rannpháirtíochta ann - cion an pháiste den ghrúpghníomhaíocht.

Tascanna a dhear an múinteoir

D'fhéadfadh an múinteoir gníomhaíochtaí áirithe sna hamharcealaíona a cheapadh ó am go chéile chun gnéithe áirithe forbartha san ealaín a mheas. Chuimseoidís raon na ngníomhaíochtaí i meáin dhéthoiseacha agus thríthoiseacha a bhíonn ar siúl ag na páistí ag céimeanna éagsúla forbartha.

Samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail

Is é an rud a bheadh i mbailiúchán ná sampla ionadaíochta d'obair a rinneadh i raon an mheáin dhéthoisigh ar feadh tréimhse agus a roghnaíodh i gcomhairle leis an bpáiste. D'fhéadfaí grianghraif nó físeáin d'obair a rinneadh i meán tríthoiseach, agus obair thionscadail san áireamh, a chur isteach ann freisin mar thaifeadadh gnóthachtála. Ba chóir bailiúchán a choimeád mar thaifead ar fhorbairt chruthaitheach agus aeistéitiúil an pháiste síos trína b(h)lianta bunscoile.

Próifílí curaclaim

Thabharfadh an cineál measúnaithe seo faisnéis áirithe don mhúinteoir, don pháiste agus do na tuismitheoirí ar riachtanais agus ar ghnóthachtáil an pháiste aonair sna hamharcealaíona. Is taifid gnóthachtála iad atá bunaithe ar chuspóirí an churaclaim, agus bheidís mar chuid den phleanáil scoile.

Tuiscint choiteann ar mheasúnú a thógáil

Taispeántas ealaíne i seomra rangaBa chóir go dtaispeánfadh measúnú san ealaín an chaoi a bhfoghlaimíonn páistí conas a ndomhan a shonrú agus a iniúchadh, conas freagairt dó agus é a léiriú trí shnáitheanna an churaclaim. Ba chóir go dtuigfí na critéir le haghaidh measúnaithe atá bunaithe ar luachanna ealaíne agus go mbeadh baill na foirne ar aon intinn fúthu agus ba chóir dóibh a bheith chomh hoibiachtúil agus is féidir. Ba chóir dóibh aitheantas a thabhairt do na nithe atá tábhachtach agus luachmhar in amharcleiriú an pháiste agus ina f(h)reagairt do shaothair ealaíne, agus aon fhadhb atá aige/aici a aithint. Ba chóir na critéir a dhearadh le haghaidh measúnaithe chun fadhbanna agus cumas araon a aithint.

Inláimhsitheacht an mheasúnaithe

Mar go bhfuil bealaí oibre measúnaithe ceaptha chun faisnéis áisiúil a thabhairt don mhúinteoir ar dhul chun cinn na ndaltaí ba chóir méid inláimhsitheach a choimeád iontu. Ba chóir gearrliosta seiceála de na rudaí ar chóir faire amach dóibh a chur i dtoll a chéile le linn bheith ag breathnú ar pháistí ag obair agus ba chóir do na nótaí scríofa a bheith gearr agus na cnuasaigh a bheith furasta le cur i dtaisce. Ba chóir an t-am atá tugtha don mheasúnú a phleanáil mar chuid dhílis den cheacht agus ba chóir go mbeadh obair riaracháin an mhúinteora inláimhsithe.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie