Primary Schools

Oideachas sna hamharcealaíona i gcuraclam na bunscoile

Lárnachas oideachais sna hamharcealaíona

Oideachas sna hamharcealaíona i gcuraclam na bunscoileIs slí uathúil í an ealaín le faisnéis agus tuiscint ar an domhan a fháil.
Leathnaíonn gníomhaíochtaí a bhfuil aidhmeanna leo sna hamharcealaíona modhanna na bpáistí ar an domhan ina bhfuil siad ag maireachtáil a iniúchadh, ar é a chur in iúl agus ar theacht chun réitigh leis ar shlí atá struchtúrtha agus taitneamhach.

Is trí mhothú, trí bhlaiseadh, trí fhuaimeanna agus trí bholadh a chéadfhoghlaimíonn páistí conas freagairt go haeistéitiúil dá dtimpeallacht, agus tugann a bhfiosracht nádúrtha le fios go bhfuil gá le taithí chéadfaíoch. Cuidíonn oideachas sna hamharcealaíona leis an bhfeasacht chéadfaíoch a fhorbairt, le céadfaíochtaí a mhéadú agus le treise a chur ar mhodhanna áirithe iniúchta, tástála agus fionnachtana.

Soláthraíonn curaclam na n-amharcealaíon raon mór gníomhaíochtaí a chuireann ar chumas an pháiste smaointe a fhorbairt trí shamhlaoidí agus, dá bharr, soláthraítear cothromaíocht atá riachtanach don churaclam níos leithne. Is féidir le foghlaim san ealaín agus tríd an ealaín cur go dearfa le mothú na bpáistí ar a bhféiniúlacht phearsanta agus chultúrtha agus ar a bhforbairt iomlán.

Na hamharcealaíona i gcuraclam páistelárnach

Tá raon éirimí ag gach páiste agus teastaíonn éagsúlachOideachas sna hamharcealaíona i gcuraclam na bunscoilet de thaithí fhoghlama uaidh/uaithi chun iad a fhorbairt go huile is go hiomlán. Cuireann gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona ar chumas na bpáistí ciall a bhaint as a ndomhan agus é a léiriú i bhfoirm infheicthe inbhraite. Is féidir leo bheith ina bhfórsaí comhaontaithe freisin i bhfoghlaim agus i bhforbairt an pháiste. Tugann líníocht, péinteáil, fionnachtain agus tógáil na gnéithe éagsúla de thaithí an pháiste le chéile ar féidir le taithí nua eile ar fad fás astu. Osclaíonn tuiscint ar shamhlaoidí amhairc bealaí eile foghlama do pháistí agus cuireann sé ar a gcumas smaointe agus mothúcháin, idir fhíor agus shamhlaithe, a thaifeadadh. Is cabhair dóibh deiseanna a bheith acu ar iniúchadh agus ar fhiosrúchán a dhéanamh ar na hamharcghnéithe atá ina dtimpeallacht chun nádúr rudaí a mheas agus lena bhfiosracht nádúrtha a dhíriú ar son aidhmeanna oideachasúla. Is féidir go mbeidh éifeacht dhearfa ar fhoghlaim an pháiste in achair eile an churaclaim mar thoradh ar an muinín agus ar an taitneamh a eascraíonn as na gníomhaíochtaí amhairc a bhfuil aidhmeanna leo sna hamharcealaíona.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie