Primary Schools

Cur chuige agus modhanna teagaisc

Éagsúlacht sa chur chuige

Cuimsíonn na snáitheanna bealaí ar shaothrú de thaithí, de shamhlaíocht agus de bhreathnóireacht a thógann ar fhiosracht nádúrtha na bpáistí. I gcuraclam páistelárnach ní mór don ábhar eascairt as taithí saol na bpáistí agus as a samhlaíocht. Cuidíonn oibriú de bhreathnóireacht le forbairt a dhéanamh ar an bhfeasacht amhairc agus ar an gcumas ar an ealaín a dhéanamh agus ar fhreagairt do shaothar ealaíne ar shlí atá lán de bhrí phearsanta. Tá taithí ar raon leathan d'ábhair sna hamharcealaíona riachtanach chun na cuspóirí seo a bhaint amach. Fothaíonn na prionsabail seo cur chuige i leith na snáitheanna, a mholtar thíos, a mhúineadh agus ba chóir dóibh ullmhúchán an mhúinteora a threorú.

Is é an fhionnachtain threoraithe an modh múinteoireachta is oiriúnaí le haghaidh na n-amharcealaíon. Ó am go ham is féidir go mbeidh modh níos dírí ag teastáil ó roinnt scileanna praiticiúla, mar shampla siosúr agus greamacháin a úsáid. Spreagann modhanna fionnachtana na páistí lena fháil amach cad is féidir a léiriú le raon leathan d'ábhair agus d'uirlisí a oireann do thasc áirithe agus lena bheith ag tástáil leo; chun dath, dearadh agus struchtúr sa timpeallacht a thabhairt faoi deara agus chun taitneamh a bhaint as a bhfeiceann siad ar bhealach pearsanta; chun gnéithe tábhachtacha dá saol a léiriú i bhfoirm amhairc agus chun saothar ealaín a mheas go criticiúil. San fhionnachtain threoraithe soláthraíonn an múinteoir timpeallacht oibre spreagúil, gríosaíonn sé/sí na páistí agus breathnaíonn sé/sí ar a ndul chun cinn, pléann sé/sí a gcuid oibre leo, de réir mar is gá, a fhad is a bhíonn siad ag obair agus tar éis dóibh críochnú, agus tairgeann sé/sí moltaí de réir mar is cuí.

Pointí tosaigh

Braitheann múinteoireacht ealaíne den chéad scoth ag an mbunleibhéal níos mó ar thuiscint an mhúinteora agus ar a m(h)eas ar chion gach páiste ná ar a c(h)umas nádúrtha féin sna hamharcealaíona. Teastaíonn tuiscint ar an nádúr chomh maith le meas ar an bpróiseas cruthaitheach, agus freagra atá eolach agus ar an eolas faoi iarrachtaí na bpáistí ar dhéanamh ealaíne agus ar a bhfreagairt di, lena chinntiú go gcomhlíonfar na huaillmhianta atá leagtha amach sa churaclam. Is cosúla le hathraitheoir é/í ná le múinteoir teicníochtaí.

Tá sé tábhachtach chomh maith a bheith in ann cumais nádúrtha na bpáistí a mheas, a bheith eolach go bhfuil na 'céimeanna forbartha', mar a thugtar orthu, níos ginearálta ná saintagraí d'aoisghrúpaí agus do leibhéil ranganna, agus gur chóir a ndúshlán a thabhairt chun a n-acmhainn a bhaint amach. Tá an-tábhacht ag baint le feasacht an mhúinteora freisin agus lena g(h)lacadh le raon leathan de shamhlaoidí amhairc, in obair na bpáistí agus in obair ealaíontóirí. Ba chóir go rachadh taithí na bpáistí ar an ealaín thar thraidisiún clasaiceach an Iarthair a chuimsíonn foirmeacha ealaíne ó an-chuid cultúr agus réanna.
Is féidir na cuspóirí comhghaolmhara ar dhéanamh ealaíne agus ar fhreagairt di a bhaint amach trí phleanáil aireach agus trí mhachnamh toilteanach ar chur chuige reatha, agus más gá trí athsmaoineamh a dhéanamh air.

Péinteáil páiste atá lán de bheocht, de ghus agus de phearsantachtBraithfidh forbairt na bpáistí san ealaín ar na deiseanna atá acu ar thaitneamh a bhaint as iniúchadh agus as tástáil ábhar agus uirlisí, ar a bheith ag éirí íogair don amharcthimpeallacht agus do shaothar ealaíne, agus ar a dtuairim phearsanta den domhan a chur in iúl. Taithí dhomhain is ea iad seo agus is gá iad a phleanáil go smaointeach. Is dóichí go bhfágfaidh toradh réamh-shainmhínithe, a fhorbraíodh trí phróiseas réamhordaithe ('gearr anseo', 'gliúáil anseo'), cruthaitheacht as an áireamh agus gur beag an luach oideachasúil a bheidh air. Is dóichí gurb iad na gníomhaíochtaí ealaíne a chothaíonn cruthaitheacht a ghinfidh freagraí atá lán de bheocht, de ghus agus de phearsantacht agus atá, b'fhéidir, ciotach agus in abar, agus iad go léir san aon phíosa oibre amháin. Tá cion pearsanta na bpáistí barrthábhachtach mar ba chóir gurb iad a gcuid íogaireachtaí agus a gcumhachtaí breathnóireachta, a dtaithí agus a samhlaíocht agus a gcuimhne amhairc a threoróidh a gcuid oibre, agus ní mór cuidiú leo iad a thabhairt go glinn chun cuimhne.

Ba chóir go mbeadh gníomhaíochtaí sna hamharcealaíona struchtúrtha chun seicheamh agus fás i gcastacht a thaispeáint agus ba chóir dóibh tógáil ar thaithí agus ar scileanna a insealbhaíodh níos luaithe. Ba chóir ceachtanna a dhíriú a ndóthain chun cuidiú le páistí fíorthuiscint a fhorbairt ar an bhfoclóir amhairc atá ag teastáil chun freagairt don domhan amhairc atá timpeall orthu agus chun é a léirmhíniú, agus dhéanfadh cuspóirí cinnte deimhin de go bhfaighidís fócas dá n-obair go tapa. Ach de bharr raon na taithí agus na gcumas in aon rang is féidir gur gá clár ranga a cheapadh ó am go chéile, clár a chuimsíonn gníomhaíochtaí ó leibhéil éagsúla ranga.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie