Obair páistí
Ba chóir go gcuirfí san áireamh sraith iomlán de ghníomhaíochtaí fionnachtana agus foghlama ar féidir nó nach féidir go mbeidh toradh críochnaithe uirthi dá bharr agus méasúnú á dhéanamh ar fhorbairt na bpáistí san ealaín. Teastaíonn raon d'uirlisí measúnachta, ina measc breathnú an mhúinteora agus tascanna a dhear an múinteoir, chomh maith le samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail. I dteannta a chéile soláthraíonn siad léargas ginearálta cuimsitheach don mhúinteoir ar fhorbairt na bpáistí san ealaín agus taispeánann siad éifeacht chlár na múinteoireachta.
Breathnú an mhúinteora
Soláthraíonn gníomhaíochtaí ealaíne comhthéacs tábhachtach chun dul chun cinn a mheasúnú. Is féidir monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas iomlán de dhéanamh ealaíne agus de fhreagairt di trí bhreathnú ar na páistí agus iad ag obair agus, de réir mar is cuí, é a phlé leo nó idirghabháil dhearfa a thairiscint. Ní gá, agus níorbh fhéidir, gach gné d'obair na bpáistí a mheasúnú. D'fhéadfadh an múinteoir díriú ó am go chéile ar ghnéithe áirithe de thasc, ar dhaoine aonair nó ar bhuíonta páistí chun chríoch na measúnachta. Trí chuspóirí soiléire i gcomhair na gníomhaíochta a chur ar bun, is féidir leis/léi breathnú mar a fhreagraíonn na páistí do spreagadh, mar a chuireann siad chuig an tasc agus mar a mheasúnaíonn siad a gcuid oibre féin agus obair dhaoine eile.
D'fhéadfadh go gcuimseodh an spreagadh taithí phearsanta, scéal, meán ar nós péinte nó cré, rud ón domhan nádúrtha nó saothar ealaíne. Trí bhreathnóireacht agus trí phlé, tugann an múinteoir faoi deara na féidearthachtaí amharcléirithe is féidir leis na páistí a fheiceáil sa spreagadh, a bhfonnmhaire ar bhealaí a iniúchadh chun na smaointe a mhúsclaíonn sé a chur in iúl, agus aon fhadhb a bhíonn acu. D'fhéadfadh go bhfiafródh an múinteoir
- ar ghin an spreagadh freagra amhairc nó pearsanta?
- an bhfuil fonn ar na páistí labhairt ar a rogha ábhar agus uirlisí agus mar a úsáidfidh siad iad?
- an bhfuil páistí ann nach bhfuil ag glacadh páirte?
Agus é/í ag breathnú mar atá na páistí ag tabhairt faoi thasc, thabharfadh an múinteoir faoi deara cé chomh bainteach agus atá siad leis an iliomad breitheanna is gá dóibh a dhéanamh agus iad ag streachailt lena gcuid smaointe a chur in iúl i bhfoirm amhairc. I measc na rudaí a mbeifí ag faire amach dóibh bheadh an cumas ar ábhair agus ar uirlisí a láimhsiú agus ar iad a úsáid le muinín agus le híogaireacht, mar shampla an cumas ar phéinteanna a mheascadh, ar chré a fhoirmiú, agus ar éagsúlacht a thaispeáint i ndéanamh na rianta. Ba chóir go dtabharfaí faoi deara na ceangail a dhéanann siad idir a mbreathnaíonn siad go grinn agus a gcuid oibre féin. I measc na bhforbairtí eile a mbeifí ag faire amach dóibh bheadh an cumas ar rud a dhéanamh as a stuaim féin agus ar oibriú go neamhspleách; fonn ar threoracha a leanúint; agus na hidirghníomhaíochtaí a tharlaíonn laistigh de bhuíonta, agus leis an múinteoir, de réir mar a fhorbraítear coincheapa agus scileanna.
D'fhéadfadh go gcuimseodh na ceisteanna a bheadh le cur:
- An bhfuil na páistí gafa ag an ngníomhaíocht?
- An dtaispeánann a gcuid oibre foclóir amhairc atá oiriúnach dá gcéimeanna aonair forbartha san ealaín?
- An úsáidtear ábhair agus uirlisí go muiníneach agus go hidirdhealaitheach?
- An mbíonn an fonn agus an cumas ar na páistí plé a dhéanamh ar a gcuid smaointe agus mar a d'fhéadfaidís iad a chur in oiriúint do na dúshláin a thugtar?
Agus measúnú á dhéanamh ar mheastóireacht na bpáistí ar a n-obair féin agus ar obair daoine eile agus ar a bhfreagairt di, d'fhéadfadh go dtabharfadh an múinteoir faoi deara a gcumas ar chur síos a dhéanamh ar rud nó ar shamhlaoid agus ar a phríomhthréithe a aithint. D'fhéadfaí a gcumas ar é a fheiceáil le hoscailteacht, ar bhreithiúnais ghéarchúiseacha a thabhairt air agus conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu a thabhairt faoi deara freisin. D'fhéadfadh go bhfiafródh an múinteoir:
- An bhfuil meas ag na páistí ar a n-obair féin agus ar obair daoine eile?
- An bhfreagraíonn siad go fonnmhar do shaothar ealaíne?
- An féidir leo foclóir iomchuí a úsáid agus iad ag freagairt do shaothar ealaíne?
Tascanna deartha ag an múinteoir
Ó am go chéile is féidir go gceapfaidh an múinteoir tascanna agus cuspóirí an-sainiúila i gceist aige/aici. Is féidir le tascanna mar sin cuidiú le béim a chur ar bhuanna agus spéiseanna na bpáistí, agus tá siad áisiúil le haghaidh pleanála. Tá sé tábhachtach, áfach, go dtuigfidh na páistí na cuspóirí go soiléir agus go mbeidh siad laistigh de
raon a gcumais. D'fhéadfadh go gcuimseoidh na tascanna
- staidéar ar an dath a dhéanamh
- éagsúlacht fhairsing uigeachtaí a léirmhíniú i meáin dhifriúla
- sceitsí tapa a dhéanamh de rudaí nó de radharc
- plean a dhéanamh do struchtúr simplí
- struchtúr a dhéanamh de réir sonraíochtaí áirithe
- féachaint ar shaothar ealaíne ar son cuspóra shainiúil.
Samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail
Uirlis an-tábhachtach is ea bailiúcháin i measúnú fhorbairt na bpáistí san ealaín. Tugann siad taifead fadtéarmach cuimsitheach don mhúinteoir ar an bhforbairt sin agus tarraingíonn siad aird ar bhuanna áirithe páistí aonair. Ba chóir samplaí d'obair atá idir lámha acu a chur san áireamh, mar shampla a gcuid tástálacha le rianta a dhéanamh agus dathanna a mheascadh, sceitsí a rinneadh as breathnóireacht, teicníochtaí éagsúla prionta agus pleananna agus dearaí bunúsacha do struchtúir thríthoiseacha. Ba chóir samplaí macasamhlacha d'obair chríochnaithe a choinneáil freisin. Bheidís sin, i dteannta le grianghraif nó le taifid ar aon dul leo ar obair thríthoiseach agus ar rannpháirtíocht na bpáistí i dtionscadail ar scála mór, agus lena dtaifid ar a gcuid éachtaí féin san áireamh, sa bhailiúchán.