Struchtúr agus leagan amach
Tá curaclam na n-amharcealaíon struchtúrtha le clár bunleathan cothrom a sholáthar do gach ceann de cheithre leibhéal: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6. Tá sé shnáithe ag gach leibhéal agus iad eagraithe le deimhin a dhéanamh de chothromaíocht a bheith ann idir ealaín a dhéanamh agus bheith ag féachaint uirthi agus ag freagairt di. Is iad na snáitheanna ná:
- Líníocht
- Péint agus dath
- Priontáil
- Cré
- Tógáil
- Fabraic agus snáithín.
Tá na gníomhaíochtaí i ngach snáithe comhghaolmhar agus tugann siad ar na páistí bheith gafa le sonrú agus le hiniúchadh an domhain amhairc, agus le healaín a dhéanamh, agus le féachaint ar shaothair ealaíne agus ar an domhan amhairc agus le freagairt dóibh. Cuidíonn na gníomhaíochtaí seo le híogaireacht do ghnéithe den domhan amhairc a fhorbairt agus le cumas an pháiste ar amharcléiriú a fhorbairt. Ina measc seo tá feasacht ar líne, ar chruth, ar fhoirm, ar dhath agus ar thon, ar ghréasán agus ar rithim, ar uigeacht agus ar eagrú spásúil. Cuidíonn forbairt na feasachta aireachtála le páistí an domhan atá timpeall orthu a fheiceáil agus a thuiscint agus lena gcuid smaointe, mothúchán agus taithí a léiriú i bhfoirm amhairc. Cuidíonn féachaint aireach leo chun ceangail a dhéanamh idir a gcuid oibre féin agus obair dhaoine eile. Chomh maith leis sin cuidíonn sé leo a gcumas dírithe ar thasc agus a gcumas ar aire a thabhairt go ginearálta a fhorbairt. Is cuid riachtanach de gach ceacht ealaíne an taithí seo.
Moltar struchtúr tríchodach le téama nó ábhar ruda a roghnú atá bunaithe orthu seo a leanas:
- taithí
- samhlaíocht
- breathnú agus fiosracht an pháiste.
Cuireann an struchtúr seo deiseanna ar fáil do pháistí ar chásmhaireachtaí inmheánacha nach féidir a chur i bhfocail go furasta a amharcléiriú, ar dhomhan iontach na samhlaíochta a chur in iúl agus ar leanúint dá bhfiosracht ar cháilíochtaí fisiceacha an domhain. Is an-mhinic a tharraingítear ar dhá cheann nó ar thrí cinn díobh seo i ngníomhaíocht nó i dtionscadal amháin ealaíne ag leibhéil éagsúla de bhéim.
Na snáitheanna
Líníocht
Tagann páistí ar an líníocht go luath mar mhodh nádúrtha ar thaithí a chur in iúl. Is tríd an líníocht a chruthaíonn siad domhain shamhlaithe agus cuireann siad in iúl iad agus tugann siad saorléiriú dá gcuid cumhachtaí samhlaíochta. Úsáideann páistí níos sine an líníocht le pleananna a shoiléiriú, a fhorbairt agus a chur in iúl. De réir mar a théann siad chun cinn taispeánann siad ina gcuid líníochtaí feasacht amhairc atá ag forbairt, agus íogaireacht do na cumhachtaí lánléiritheacha atá ag líníochtaí ealaíontóirí eile.
Péint agus dath
Forbraíonn páistí tuiscint don dath agus meas air ó bheith ag breathnú ar an dath atá le feiceáil sa dúlra agus i rudaí monaraithe, agus ó bheith ag baint aoibhnis astu, agus úsáideann siad dath lena gcuid taithí, spéiseanna agus smaointe samhlaithe a léiriú. De réir mar a théann siad chun cinn taispeánann siad forbairt feasachta ar an dath ina gcuid saothair féin agus fás íogaireachta don úsáid lánléiritheach datha atá ag ealaíontóirí eile agus dá thionchar ar rudaí ceardúla agus deartha.
Priontáil
Is trí thaithí ar phriontaí a dhéanamh a fhoghlaimíonn na páistí conas a n-aire a dhíriú ar an bpróiseas grafach agus conas a dtuiscint air a neartú. Bíonn deiseanna acu ar theicníochtaí déanta priontaí a thástáil, ar iad a úsáid go hairgtheach agus ar phriontaí a sholáthar d'úsáid fheidhmiúil agus ar a son féin chomh maith. De réir mar a théann siad chun cinn foghlaimíonn siad conas cur chuig cruth, imill, leagan amach agus cumadóireacht i bpriontaí a dhéanamh ar bhealach atá níos smaointí, agus conas íogaireacht do cháilíochtaí lánléiritheacha i saothar ealaíontóirí grafacha a fhorbairt.
Cré
Is breá le páistí an tsaoirse chun cré a mhúnlú agus a athrú agus chun í a úsáid go samhlaíoch. Is trí thaithí ar chré agus ón ngá atá acu le cur in iúl a fhoghlaimíonn siad na scileanna ar í a mhúnlú agus a athrú ar bhealaí a mbíonn aidhmeanna níos fearr leo.Chomh maith le cur in iúl trí dhealbha, bíonn deiseanna acu ar rudaí a dhearadh agus a dhéanamh le hiad a úsáid agus a chaitheamh (beidh úsáid theoranta ag an gceann deireanach de dhíth tornóige), agus a gcumhachtaí cumtha agus cur in iúl á n-úsáid acu. Cuireann forbairt íogaireachta d'fhoirm bhunaidh na timpeallachta agus do shaothair ealaíne ar a gcumas taitneamh a bhaint as dealbhóireacht mhór agus tuiscint di, agus tuiscint go criticiúil do rudaí ceardaíochta.
Tógáil
Cuireann gníomhaíochtaí tógála deiseanna ar fáil ar dhomhain shamhlaíocha a iniúchadh i meán tríthoiseach. Spreagtar páistí chun úsáid shamhlaíoch lánléiritheach a bhaint as ábhair dheartha agus fhionnachtana agus chun mionsamhlacha a dhéanamh de réir a ndeartha féin. Baineann sé seo le hiniúchadh a dhéanamh ar cad is féidir a dhéanamh leis na hábhair, le bealaí nua a thástáil chun iad a chothromú agus a chomhcheangal, agus le tuiscint ar bhuanna agus féidearthachtaí struchtúrtha a fhorbairt. Cuidíonn taithí ar thógáil le páistí féachaint ar struchtúir sa dúlra le fiosracht agus le taitneamh, agus chun íogaireacht agus tuiscint do struchtúir ailtirí, dealbhóirí agus ceardaithe a fhorbairt.
Fabraic agus snáithín
Cuidíonn obair i bhfabraic agus i snáithín le páistí bheith fiosrach faoi conas a dhéantar fabraic choitianta agus forbraíonn sí íogaireacht níos mó do dhath agus do thon, d'uigeacht, do líne agus do chruth. Spreagtar iad chun fabraic agus snáithín a úsáid mar ábhair le haghaidh cumadóireachta samhlaí in dhá thoise agus i dtrí thoise, mar shampla; le saorfhuáil a úsáid mar mhodh chun dromchla fabraice a athrú nó a fhorbairt; lena bhfabraic féin a chruthú, ag úsáid snáithín go samhlaíoch le raon forbarthach de theicníochtaí; le fabraic agus snáithín a úsáid le fíoracha nádúrtha tríthoiseacha a léiriú; agus le súgradh samhlaíoch a léiriú trí phuipéid agus trí chulaithirtí a dhéanamh.
Is trí obair i bhfabraic agus i snáithín a chuireann páistí tús lena dtuiscint ar roinnt de na bealaí oibre agus de na scileanna ceardaíochta agus ar roinnt de na próisis dearaí cruthaitheacha atá san fhíodóireacht cheardaíochta, sa chniotáil agus sa dearadh faisin, mar shampla. De réir mar a théann siad chun cinn forbraíonn siad an ábaltacht ar ábhair cheardaíochta a mheas go grinn le haghaidh oiriúnachta do thasc áirithe, chomh maith leis na lámhdhéantúsáin agus saothair ealaíne sna meáin seo.
Na hamharcghnéithe
Tá tuiscint bhunúsach ar na hamharcghnéithe riachtanach don teagasc a bhfuil aidhm léi sna hamharcealaíona. Is iad líne, cruth, foirm, dath agus ton, gréasán agus rithim, uigeacht agus eagrú spásúil na bunghnéithe sa chumadóireacht dhéthoiseach agus thríthoiseach. Ba chóir go mbeadh a fhios ag an múinteoir faoi na hamharcghnéithe agus ba chóir aire a tharraingt orthu go neamhfhoirmiúil de réir mar a tharlaíonn siad in obair na bpáistí, in obair ealaíontóirí eile agus sa timpeallacht atá á tabhairt faoi deara acu. Tá feasacht ar na gnéithe agus ar a n-imoibriú ar a chéile riachtanach le haghaidh deartha den chéad scoth in obair dhéthoiseach agus tríthoiseach, an cheardaíocht san áireamh. Cuidíonn foclóir forbarthach amhairc agus cumas ar smaoineamh go spásúil agus le hamharc, agus an cumas sin ag fás, le páistí a dhíriú agus iad ag dréim le hamharcléiriú.
Líne
Is í líne an bhunchuid i luathlíníochtaí páistí. I saothar ealaíne is féidir le líne cruth, gréasán, gluaiseacht agus aontacht a chruthú i gcumadóireacht. Is féidir le líne a bheith tiubh, tanaí, uigeach, mín, deimhneach, cuarach, díreach, leanúnach nó briste. Is go luath a fhaigheann páistí amach gur féidir le línte cruthanna a dhéanamh agus úsáideann siad iad chun a gcuid siombailí féin a chumadh.
Cruth
Cruthaítear cruth trí línte a chumasc le chéile, iad a bhualadh ar a chéile agusiad a chur trasna ar a chéile. Is féidir é a shonrú chomh maith trí dhath agus trí thon agus trí uigeacht. Tá scáthchruth ag gach rud chomh maith le cruthanna inmheánacha eile. Tugtar claonchruthanna ar chruthanna a nochtar idir chruthanna eile. Is féidir le cruthanna bheith rialta nó neamhrialta, iata nó oscailte.
Foirm
Is í foirm an t-ainm a thugtar ar chruth tríthoiseach. Tá sé tathagach. Is féidir foirmeacha a mhúnlú i gcré, i marla nó i bpapier mâché. Iniúchtar trí líníocht agus trí phéinteáil cad iad na modhanna chun foirm thríthoiseach ar phlána cothrom (dromchla) a chur in iúl.
Dath agus ton
Úsáidtear na téarmaí lí, ton, déine agus teocht nuair atáthar ag tagairt don dath san ealaín. Tugtar lí ar bhuntréith an fhíordhatha, mar shampla buí, dearg, gorm. Is é atá sa ton ná éadroime nó duibhe na lí. Tagraíonn an déine don neart nó don laige choibhneasta atá ag an lí. I dtéarmaí ealaíne (ach ní i dtéarmaí cruinne eolaíochta) tagraíonn teocht don leath fhuar agus don leath the de speictream na ndathanna. Tá sé riachtanach feasacht ar dhath agus ar an tionchar atá aige ar an ngnáthshaol a fhorbairt chun go bhforbrófar feasacht amhairc na bpáistí agus a bhfeasacht ar na torthaí is féidir leo a chruthú le dath laistigh dá saothar féin.
Gréasán agus rithim
Síoraithris, le héagsúlacht, is ea an gréasán a fhaightear i ngach rud, ón ngréasán atá ar shliogáin mhara go foirmeacha cnoc agus néalta. Tarraingíonn an múinteoir aird ar an ngréasán agus ar an rithim sa dúlra, san ealaín agus in obair na bpáistí de réir mar a tharlaíonn sé. Is féidir le páistí gréasán agus rithim a úsáid mar ghné dheartha i gcumadóireacht dhéthoiseach agus thríthoiseach chun aontacht, éagsúlacht, gluaiseacht agus fórsa treo-aimsitheach a chur i gcrích.
Uigeacht
Gairbhe nó míne dromchla is ea uigeacht. Tá uigeacht ag gach rud. Is féidir le dromchla a bheith síodúil, lonrach, gruagach nó cnapánach, mar shampla. Is gné thábhachtach í an uigeacht, ní hamháin den domhan tadhlach ach den domhan amhairc freisin. Teastaíonn deiseanna oibre ar dhromchlaí le huigeachtaí éagsúla ó pháistí chomh maith le deiseanna chun teacht ar a mbealaí féin le huigeachtaí a fheictear sa dúlra a chur in iúl.
Eagrú spásúil
Baineann eagrú spásúil in obair dhéthoiseach le seachmall spáis agus doimhneachta a chruthú ar dhromchla réidh agus le plána pictiúir réidh a eagrú chomh maith. Baineann obair thríthoiseach (tógáil, mar shampla) le teacht ar bhealaí oibre chun struchtúir a chruthú le spásanna éagsúla atá iata nó oscailte nó le ranna: baineann sé seo le struchtúir neamhmhacasamhlacha chomh maith le cinn mhacasamhlacha nó le cinn shamhlaíocha.
Na hamharcghnéithe i gcomhthéacs
Tá foghlaim san ealaín forásach agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí, agus tógann sí ar haithí na bpáistí roimhe seo ar mheáin éagsúla. Forbraíonn páistí feasacht ar na hamharcghnéithe agus ar a dtionchar ar a chéile tríd an ealaín a dhéanamh agus trí fhéachaint ar shaothair ealaíne agus trí fhreagairt dóibh. A fhad is atá baint acu leis na sé shnáithe go léir ba chóir aird a tharraingt orthu go neamhfhoirmiúil, i gcomhthéacs, agus gan béim thar cuimse a bheith orthu ag an mbunleibhéal. Foghlaimíonn páistí conas líne, cruth, dath agus ton, gréas agus rithim agus uigeacht a úsáid go lánléiritheach agus le haghaidh cuspóirí deartha trí dheiseanna a bheith acu ar fhéachaint go grinn ar an timpeallacht amhairc, agus ar théamaí a bhfuil ciall phearsanta acu dóibh a líniú agus a phéinteáil. Is cabhair é déanamh priontaí simplí agus obair chruthaitheach i bhfabraic agus i snáithín chun an fhorbairt seo a chur chun cinn. Faigheann páistí mothú láithreach bonn ar fhoirm trí bheith ag obair le cré. Is príomhchúram é an gaol spásúil a bhíonn ag daoine, rudaí nó gnéithe teibí lena chéile in ealaín na bpáistí, agus in obair ealaíontóirí eile
freisin. Téann páistí óga i ngleic go hanchruthaitheach leis seo agus cumann siad a mbealaí féin chun spás a leiriú. Beidh suim ag páistí níos sine, ar mian leo de ghnáth go mbeidh cuma 'cheart' ar rudaí, a fheiceáil mar a réitíonn ealaíontóirí eile fadhbanna spáis in obair, idir neamh-mhacasamhlach agus mhacasamhlach. Déanann pleanáil aireach deimhin de go mbíonn deiseanna ar fheasacht amhairc a fhorbairt ina mbunchuid de gach ceacht ealaíne.
Na béimeanna sa churaclam
Is iad na béimeanna atá sa churaclam seo ná:
- tuiscint ar an bpróiseas cruthaitheach trína dtéann páistí agus iad ag déanamh ealaíne
- tuiscint ar na céimeanna forbartha in ealaín an pháiste agus a mbaint leis an líníocht ach go háirithe
- curaclam leathan de shé shnáithe a sholáthar a mbíonn áit lárnach ag an líníocht ann agus a chuimsíonn gníomhaíochtaí san ealaín, sa cheardaíocht agus sa dearadh i gcothromaíocht de mheáin dhéthoiseacha agus thríthoiseacha
- deiseanna ar dhéanamh na healaíne a chothromú le deiseanna dearctha ar an ealaín agus ar fhreagairt phearsanta di.
An próiseas cruthaitheach
Agus an ealaín á déanamh tá próiseas an déanta chomh luachmhar leis an toradh deiridh. Leagtar an bhéim ar iniúchadh agus ar thástáil cad é is féidir a léiriú le hábhair, le huirlisí agus le meáin éagsúla, agus ar na roghanna a chuireann siad ar fáil le haghaidh tascanna éagsúla. Is cuid lárnach é den phróiseas seo comhrá a dhéanamh ar a saothar agus na páistí ag obair, de réir mar is cuí. Ní mór don atmaisféar i rith an ranga ealaíne a bheith dúshlánach, spreagúil agus tacúil i gcónaí agus ní mór dó a ligean do na páistí a dtuiscint ar a ndomhan a léiriú ar shlí phearsanta. Ní mór don mhúinteoir bheith i gcónaí san airdeall ar a riachtanais agus ar a n-éiríonn leo chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn baint acu leis ar shlí atá cruthaitheach seachas slí atá fulangach nó aithriseach.
Chun aird a dhíriú agus chun iarrachtaí a spreagadh a fhad is atá na páistí ag obair, téann an múinteoir ina measc, ag plé, ag ceistiú agus, más gá, ag díriú breathnóireachta agus ag cuidiú le suim atá imithe in éag nó le misneach a bhfuil teipthe air a athnuachan. Ba chóir don mhúinteoir bheith tuisceanach faoi cathain a mbeadh a leithéid de chur isteach cabhrach agus cathain nach mbeadh. Nuair a bhíonn díomá ar na páistí de bharr a gcuid iarrachtaí pléitear a ndeacrachtaí chun cuidiú leo croí na faidhbe a aimsiú. Ba chóir gnéithe dearfa a phlé chomh maith, mar shampla cé chomh maith agus a chonaic siad agus a thuig siad cuar, cruth, dath nó meon áirithe. Ba chóir ceisteanna a chumadh chun freagra amhairc, agus uaireanta ceann cinaeistéitseach, a bhaint amach agus chun na páistí a spreagadh chun a n-intinn a dhíriú a thuilleadh fós agus chun rannpháirtíochta níos mó:
- Is maith liom an dath sin: conas a rinne tú é?
- Arbh é sin an geansaí/an gúna ab fhearr leat? An raibh dearadh ann?
- An cuimhin leat mar a bhí do chosa ag gluaiseacht agus tú ag rith?
- An féidir leat a thaispeáint dom mar a bhog béal an mhadra nuair a dhrann sé leat?
- An féidir leat gluaiseacht mhór a dhéanamh le do lámh lena thaispeáint dom an tslí ina gcuarann an chraobhóg sin/ina slaodann gruaig fhada do charad/ina dtéann uisce síos an doirteal?
Ní hé tasc an mhúinteora teicníochtaí cliste a mhúineadh ná modhanna a thaispeáint chun samhlaoidí agus foirmeacha a chruthú a cheapann seisean/sise a bheith inghlactha, ach chun tógáil ar spéiseanna agus ar bhuanna trí na páistí a spreagadh agus trí mholtaí a dhéanamh de réir mar is cuí. Níor chóir a mhúineadh do pháistí treoracha a leanúint gan cheist, mar is cosúil go gcuirfidh sé seo bac ar chruthaitheacht agus ar spontáineacht. Ba chóir cuidiú leo tuiscint a bheith acu ar cé chomh fiúntach agus atá sé saothrú go neamhspleách agus as a stuaim féin, agus ba chóir tástáil agus tuiscint a spreagadh go cothrom in obair dhéthoiseach agus thríthoiseach. Ba chóir go bhfanfadh na páistí mar dhearthóirí sa cheacht ealaíne; níor chóir an ról seo a bhaint díobh. Ba chóir a bheith níos airí agus an próiseas cruthaitheach á mheas agus é á chomhtháthú le hachair eile sa churaclam: is féidir tacair éagsúla de chuspóirí a chumasc gan iomláine aon cheann acu a chailleadh.
Na céimeanna forbartha in ealaín na bpáistí
Bíonn patrúin fhorbartha le feiceáil in ealaín páistí go deireadh na bunscolaíochta. Is soiléire iad i samhlaoidí na bpáistí agus tugann siad léargas leathan ar ghnáthdhul chun cinn. Tosaíonn siad le rianta a dhéanamh agus 'pictiúir scrábála', mar a thugtar orthu, agus b'fhéidir go bhforbrófar iad go dtí gurb é léiriú réalaíoch an príomhchúram. De ghnáth fásann tacar pearsanta siombailí (na léirmhínithe amhairc acu féin) le haghaidh rudaí agus le haghaidh fíoracha inaitheanta, mar shampla duine, crann, nó teach. Is féidir gurb é forbairt 'scéimre' (schema) chun smaointe a chur in iúl an toradh a bheidh air seo agus is féidir go n-úsáidfear é seo ina gcuid scéalaíochta. De réir mar a théann siad chun cinn tá sé tábhachtach cuidiú leo dul ar aghaidh thar úsáid bheagathraitheach na siombailí céanna. Ba chóir iad a spreagadh freisin chun líníocht a úsáid lena gcuid gníomhaíochtaí ealaíne a phleanáil, mar shampla má tá an téama le cur i gcrích i meán eile. Tá tuiscint ar na céimeanna forbartha nó ar an bpatrún forbartha in ealaín na bpáistí fíorthábhachtach do mheasúnú oibiachtúil ar a gcuid amharcléirithe agus le haghaidh pleanála. An curaclam sé-shnáitheach Soláthraíonn an curaclam deiseanna ar ghníomhaíochtaí a chuimsíonn an ealaín, an cheardaíocht agus an dearadh i meáin dhéthoiseacha agus thríthoiseacha. Is iad an líníocht, an phéinteáil agus an phriontáil (cuirtear an cholláis san áireamh) na meáin dhéthoiseacha. Is iad an chré, an tógáil agus an obair i bhfabraic agus i snáithín na meáin thríthoiseacha a dtagraítí dóibh go traidisiúnta mar ghníomhaíochtaí ceardaíochta agus atá anois á bhforbairt mar phróiseas cruthaitheach ceardaíochta. Tá sé tábhachtach cothromaíocht a choimeád idir ghníomhaíochtaí i meán déthoiseach agus tríthoiseach chun fíormhothú a thabhairt do pháistí ar nádúr tríthoiseach an domhain ina bhfuil siad ag maireachtáil chomh maith le cumas samhlaíochta ar é a léiriú ar dhromchla réidh.
Is ag an líníocht atá an phríomhthábhacht sa churaclam seo. Is tríd an líníocht a éiríonn forbairt na bpáistí rí-shoiléir. Ós rud is ea é a dhéanann formhór na bpáistí óga go nádúrtha tá tábhacht ar leith ag baint lena bhfeasacht amhairc a chur chun cinn agus lena gcumas ar a bhfuil feicthe, braite nó samhlaithe acu a thaifeadadh. Cuidíonn gníomhaíochtaí líníochta le húsáid mhuiníneach lánléiritheach ábhar agus uirlisí a fhorbairt freisin.
Ag déanamh na healaíne agus ag freagairt di
Leagann an curaclam an-chuid béime ar fhéachaint go haireach, ar ealaín a dhéanamh agus ar fhreagairt di araon. Tá gníomhaíochtaí ealaíne struchtúrtha d'fhonn cuidiú le páistí íogaireacht dá dtimpeallacht amhairc agus do shaothair ealaíne a fhorbairt agus chun ceangail a dhéanamh idir a mbreathnaíonn siad agus a n-obair féin. Is é bunús an léirithe agus an deartha ná ábaltacht fhorbarthach na bpáistí ar rudaí a bhreathnú go grinn agus ar a bhfeiceann siad a léirmhíniú. Tá gá acu le deiseanna ar bhreathnú go grinn ar an timpeallacht nádúrtha bheo chomh maith le deiseanna ar a fheiceáil conas a léirmhíníonn ealaíontóirí, ceardaithe agus dearthóirí í. Ba chóir go mbeadh fáil acu ar éagsúlacht de stíleanna ealaíne ó réanna agus ó chultúir éagsúla mar spreagadh dá gcuid gníomhaíochtaí ealaíne, mar shlí chun codarsnacht a dhéanamh idir leirmhínithe éagsúla ar smaoineamh nó ar théama, nó go simplí ar son an aoibhnis a thugann siad. Ba chóir an bhéim a leagan i gcónaí ar an ealaín mar spreagadh seachas le haghaidh a cóipeála.
Bíonn páistí i gcónaí faoi ionsaí ag samhlaoidí bagracha fógraíochta atá ceaptha lena dteachtaireacht a thabhairt a mhire agus is féidir. Tógann na luachanna níos doimhne, níos caolchúisí agus níos suntasaí atá le meas san ealaín níos mó ama, áfach. Is é tasc an mhúinteora ná cuidiú leo féachaint ar shaothair ealaíne ar feadh tréimhse níos faide agus féachaint orthu le dearcadh níos oscailte seachas mar a dhéanfaidís de ghnáth. Cuireann oscailteacht don ealaín ar chumas na bpáistí saothair ealaíne a mheas ar bhealach atá criticiúil agus lán de bhrí phearsanta. Leathnaítear fad a n-aire agus a gcumhachtaí dianmhachnaimh agus géaraítear iadsan de bharr a bheith go leanúnach i láthair éagsúlachta leithne de shaothair ealaíne.
D'fhéadfadh go gcuimseodh ullmhúchán cinnteoireacht ar
- an méad faisnéise a thabharfaí ar shaol agus ar mhodhanna an ealaíontóra
- cén uair go díreach sa rang a thabharfaí an fhaisnéis seo
- liosta de cheisteanna bunaithe ar an saothar ealaíne a chur i dtoll a chéile agus iad ceaptha chun cumas amhairc na bpáistí a spreagadh
- cé acu a leanfadh nó nach leanfadh gníomhaíocht phraiticiúil é.
Tá sé tábhachtach go gcuirtear ar chumas na bpáistí ceangail a dhéanamh idir saothar ealaíontóirí agus a saothar féin. Ba chóir iad a spreagadh chun teacht ar éagsúlacht in amharcléirithe ó réanna agus ó chultúir éagsúla, chun labhairt fúithi agus faoina bpáirt sna cultúir seo agus faoin tslí ina bhfuil sí éagsúil le hamharcléirithe an lae inniu. De réir mar a théann siad chun cinn ba chóir go mbeadh deiseanna acu ar anailís agus ar phlé a dhéanamh ar na samhlaoidí amhairc a bhfuil a leithéid de thionchar láidir acu ar an mbealach ina bhféachann siad ar an domhan, mar shampla samhlaoidí a thugann an teilifís, póstaeir, fógraíocht, irisí agus faisean sráide. B'fheidir gur chabhair é seo chun mothú ar ghrafaic agus ar dhearadh a fhorbairt.
Ceardaíocht
Tá sé tábhachtach go dtugtar raon mór de phróisis cheardaíochta do pháistí chun cuidiú leo íogaireacht agus tuiscint don áilleacht, do dheabhreithiúnas agus do cheardaíochtmhaith a fhorbairt. Chomh maith lena bheith an-taitneamhach, is cabhair é taithí ar fhéachaint agus ar láimhsiú rudaí ceardaíochta atá deartha go maith chun idirdhealú agus cumas criticiúlachta a fhorbairt. Ba chóir go n-éireodh na páistí eolach ar cheirdeanna traidisiúnta na hÉireann, go háirithe ar cheirdeanna áitiúla atá fós in úsáid: is féidir go mbeidh cuairteanna ar cheardlanna áitiúla ar an taithí fhoghlama is suntasaí a bheidh acu. Ba chóir modhanna turgnamhacha ar shaothrú le hábhair cheardaíochta a thástáil.
Dearadh
Tá páirt an-tábhachtach ag an dearadh sa churaclam bunscoile, agus is féidir é a shainmhíniú mar phleanáil ghníomhach agus mar chodanna a chumadh agus a dhéanamh agus iad a chur ag freagairt dá chéile i meán déthoiseach nó tríthoiseach. Ní disciplín aonaránach é seo ach tá sémar bhunús le gach gníomhaíocht ealaíne agus cheardaíochta, pé acu cumarsáid léiritheach nó cruthú ruda áisiúil an aidhm atá i gceist. Cuireann grinnbhreathnú an domhain máguaird le feasacht amhairc na bpáistí agus leis an stór focal a mbaintear feidhm as le haghaidh léirithe agus deartha. Is cabhair dóibh é aird a tharraingt ar rudaí agus ar fhoirgnimh atá deadheartha chun forbairt a dhéanamh ar íogaireacht don dea-dhearadh agus ar an ábaltacht ar a ndomhan a mhúnlú agus a dhearadh. Soláthraíonn a lán saghsanna gníomhaíochtaí dearaidh taithí luachmhar ag gach céim bunscolaíochta nuair a chothaíonn siad breathnú, ceapadóireacht, cur in iúl agus cruthaitheacht.
Déanann páistí cinnteoireacht a bhaineann le dearadh nuair a dhéanann siad iad seo a leanas:
- cinneadh a dhéanamh ar leagan amach a gcuid oibre
- dromchla a shaibhriú le gréasán agus le sonraí
- blúire fabraice a athrú agus aidhm leis trí chur leis nó trí bhaint de, fiú i ranganna naíonán
- ceirt éadaigh nó pháipéir a roghnú do cholláis agus cinneadh a dhéanamh ar cá gcuirfidh siad iad
- sceitse a athoibriú le húsáid mar dhearadh i meán eile, mar shampla trí phictiúr ón dúlra a athrú le húsáid mar phrionta
- pleanáil chun rud éigin a dhéanamh de réir a ndeartha féin: ag iarraidh é a shamhlú; ag smaoineamh ar na hábhair a d'fhéadfaí a úsáid agus conas a úsáidfí iad, mar shampla culaithirt le húsáid i ndráma, nó mionsamhail thríthoiseach a fheidhmíonn
- pleanáil chun rud feidhmiúil a dhéanamh i gcré, mar shampla, agus cinneadh a dhéanamh ar conas a chuid riachtanas feidhmiúil a shásamh.
Is sna comhthéacsanna seo atá páirt thábhachtach ag feasacht ar an dearadh in ealaín sa bhunscoil.