Primary Schools

Réamhrá

Oideachas ealaíon

Is é atá sna healaíona ná léiriú eagraithe in íomhánna, i gceol, i dteanga, i ngothaí agus i ngluaiseacht d'idéanna, de mhothúcháin agus d'eispéiris. Déanann siad soláthar do shaibhriú céadfaíoch mothúchánach intleachtach agus cruthaitheach an pháiste agus cuireann siad lena f(h)orbairt iomlánaíoch. Forbraítear an-chuid de na rudaí is mó a bhfuil meas orthu sa tsochaí trí fhoirmeacha éagsúla ealaíne a oibríonn chun spiorad cultúrtha agus mothú dea-bhaile a chothú.

Cuireann oideachas ealaíon ar chumas an pháiste bealaí eile caidrimh le daoine a iniúchadh. Spreagann sé idéanna atá pearsanta agus airgtheach agus cuidíonn sé go mór chun raon de chumais intleachta a fhorbairt. Saibhríonn oideachas ealaíon a bhfuil cuspóir leis saol an pháiste bhunscoile go mór agus is fíorluachmhar é chun cumas machnaimh chruthaithigh a spreagadh ann/inti agus chun a (h)acmhainn agus a c(h)umas chun oiriúnaithe a fhorbairt. Cuirtear béim ar an bpróiseas cruthaitheach agus sa chaoi sin déantar deimhin de go mbíonn obair an pháiste pearsanta agus ar chaighdeán ard. Bíonn meas ar a (h)iarrachtaí é/í féin a chur in iúl trí mheán na healaíne, forbraítear féinmhuinín, spreagtar spontáineacht agus fonn fiontraíochta agus cuirtear fáilte roimh éagsúlacht. Is í an ghné thacúil seo den ealaín chruthaitheach a dhéanann eispéireas chomh dearfach sin don pháiste dá p(h)áirtíocht inti. Is cuid dhílis den oideachas bunscoile é an t-oideachas ealaíon i bhforbairt cumais mhachnaimh, samhlaíochta agus íogaireachta agus is féidir na gníomhaíochtaí ealaíne a bheith ina bhfócas d'fhorbairt shóisialta agus chultúrtha agus do thaitneamh i scoil.

Cuimsíonn oideachas ealaíon raon de ghníomhaíochtaí sna hamharcealaíona, i gceol, i ndrámaíocht, i ndamhsa agus sa litríocht. Cuidíonn na gníomhaíochtaí agus na heispéiris seo leis an bpáiste chun an saol a thuiscint, chun ceisteanna a chur, chun tuairimíochta agus chun fadhbanna a réiteach, agus chun déileáil lena m(h)othúcháin agus freagairt d'eispéireas cruthaitheach.

Curaclam oideachas na n-ealaíon

Soláthraíonn curaclam oideachas na n-ealaíon ar chothromaíocht a aimsiú idir léiriú agus riachtanas an pháiste taithí a fháil ar na hamharcealaíona, ar cheol agus ar dhrámaíocht, agus freagairt dóibh. Déantar cur síos ar dhamhsa sa churaclam corpoideachais agus léirítear mar a chuidíonn an litríocht le forbairt mhothúchánach agus forbairt shamhlaíocht an pháiste sna curaclaim teanga. Is é atá sa churaclam amharcealaíon ná gníomhaíochtaí comhghaolmhara in ealaín a dhéanamh agus i mbreathnú ar ealaín agus freagairt di.

Soláthraítear raon de ghníomhaíochtaí trína ndéantar an amharcthimpeallacht a bhreathnú, a iniúchadh agus a léirthuiscint agus trína ndéantar freagairt di. Is é atá i gceist le breathnú ná dearcadh go feasach agus go tuisceanach ar na hamharcghnéithe agus mar a imríonn siad ar a chéile sa timpeallacht agus i saothar ealaíne. Cuid dhílis í an fheasacht seo d'fhorbairt amharcléirithe agus de fhreagairt phearsanta an pháiste ar eispéireas cruthaitheach. Bíonn obair le raon de mheáin, idir obair dhéthoiseach agus obair thríthoiseach, i gceist le healaín a dhéanamh. Bíonn forbairt tuisceana ar thréithe intreacha na healaíne chomh maith le forbairt taitnimh aeistéitiúil uirthi i gceist sa léirthuiscint. Agus an clár á fhorbairt, lorgaítear cothromaíocht idir gníomhaíochtaí léirithe nó déanta agus deiseanna breathnaithe agus freagartha ar amharcfhoirmeacha ealaíne a bhaineann le stíleanna, tréimhsí agus cultúir dhifriúla. Tá an oidhreacht náisiúnta, ina n-áirítear traidisiúin áitiúla cheardaíochta agus a bhforbairtí nua-aimseartha, ar na foirmeacha ealaíne sin.

Is é atá sa churaclam ceoil ná gníomhaíochtaí éisteachta agus freagartha, léirithe agus cumadóireachta. Leagtar béim ar ghéaréisteacht ní hamháin i ngeall ar an taitneamh a ghabhann léi ach, chomh maith, i ngeall ar a feidhm lárnach sa chumadóireacht agus sa léiriú. Déantar an páiste a ghríosadh chun géaréisteacht a dhéanamh le fuaimeanna sa timpeallacht agus, de réir a chéile, chun feasacht a fhorbairt ar an gcaoi a n-eagraítear fuaim i gceol. Bíonn cothromaíocht idir amhránaíocht agus seinm a s(h)aothair féin agus saothair daoine eile ar uirlis cheoil i gceist sa léiriú. Déantar slite chun ceol a úsáid a iniúchadh trí chumadóireacht ina mbaintear feidhm as an nguth agus as cumadóireacht le raon forásach d'uirlisí ceoil. I bhforbairt an chláir déantar léiriú a chothromú le deiseanna chun raon ceoil a chloisteáil agus freagairt phearsanta a dhéanamh dó. Sa raon ceoil sin cuimsítear ceol a bhaineann le stíleanna, tréimhsí agus cultúir dhifriúla agus an stór ceoil náisiúnta ina fhoirmeacha náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh. Moltar gníomhaíochtaí comhghaolmhara éisteachta, léirithe agus cumadóireachta sa churaclam.

Cuimsíonn an curaclam drámaíochta raon de ghníomhaíochtaí comhghaolmhara ina ndéantar mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú. Déantar téamaí agus saincheisteanna a iniúchadh, cruthaítear comhthéacsanna sábháilte chuige sin agus cuirtear deiseanna ar fáil chun machnamh a dhéanamh ar na léargais a eascraíonn as an bpróiseas. Baintear lánúsáid as eolas, spéiseanna agus díocas an pháiste. Sa drámaíocht déanann an páiste ceannfháthanna daoine agus na gaolta a bhíonn idir daoine i ndearbhchomhthéacs, i gcomhthéacs samhailteach nó i gcomhthéacs stairiúil a iniúchadh mar chabhair dó/di an saol ina maireann sé/sí a thuiscint. Laistigh de chomhthéacs sábháilte na drámaíochta spreagtar an páiste chun cinnteoireachta agus chun freagracht a ghlacadh as a gcinneann sé/sí. Cuireann damhsa deiseanna ar fáil don pháiste a t(h)aitneamh nádúrtha ar ghluaiseacht lánléiritheach a eagrú agus a fhorbairt i bhfoirm dhamhsa. Spreagtar é/í chun raon de ghluaiseachtaí coirp a iniúchadh agus a thástáil trí dhamhsa agus chun raon de mhothúcháin agus de bhraistintí a chur in iúl. Cuimsíonn an clár damhsa gníomhaíochtaí dírithe ar dhamhsa a iniúchadh, a chruthú agus a léiriú agus ar thuiscint ar fhoirmeacha an damhsa a fhorbairt.

Sa litríocht treoraítear an páiste chun saol na samhlaíochta a iniúchadh agus chun a fhionnachtain mar a bheotar é trí theanga. Cothaítear teanga lánléiritheach, idir labhartha agus scríofa, i ngeall ar an taitneamh a bhaineann léi agus mar chabhair d'fhorbairt feasachta aeistéitiúla.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna oideachas na n-ealaíon ná

  • a chur ar chumas an pháiste idéanna, mothúcháin agus eispéiris a iniúchadh, a shoiléiriú agus a chur in iúl trí raon de ghníomhaíochtaí ealaíne
  • eispéiris aeistéitiúla a chur ar fáil agus feasacht aeistéitiúil a fhorbairt ar na hamharcealaíona, ar an gceol, ar dhrámaíocht, ar dhamhsa agus ar litríocht
  • feasacht, íogaireacht agus taitneamh a fhorbairt sa pháiste i leith cáilíochtaí amhairc, cloiste, tadhaill agus spásúlachta ina t(h)impeallacht
  • a chur ar chumas an pháiste a b(h)uanna agus a (h)achmhainní dúchasacha a fhorbairt, teicníochtaí a shealbhú, agus na scileanna atá riachtanach chun léiriú cruthaitheach a dhéanamh agus chun taitneamh a bhaint as rannpháirtíocht i bhfoirmeacha éagsúla ealaíne a chleachtadh
  • a chur ar chumas an pháiste fadhbanna a aithint agus a réiteach go cruthaitheach trí mhachnamh samhlaíoch a dhéanamh agus sa tslí sin leithlí agus fiontraíocht a chothú
  • féinmhuinín agus féinmheas an pháiste a mhórluacháil trí mheas ar fhéinléiriú a chothú
  • feasacht ar fheabhas na healaíne mar aon le léirthuiscint uirthi a chothú, pé acu ealaín i gcomhthéacs áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó domhanda, nó ealaín i gcomhthéacs comhaimseartha nó i gcomhthéacs san am atá thart a bhíonn i gceist
  • léirthuiscint chriticiúil ar ealaín a chothú ar mhaithe le sásamh agus taitneamh pearsanta.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie