Foramharc
Tá sé shnáithe sa Churaclam Amharcealaíon. Seasann gach snáithe do mhodh chun cumas léirithe an pháiste a fhorbairt. Seo a leanas na snáitheanna sin:
- Líníocht
- Péint agus dath
- Prionta
- Cré
- Tógáil
- Fabraic agus snáithín
Trí na sé shnáithe seo, féachann leanaí ar na seacht n-eilimint físiúla nuair a tá siad ag déanamh ealaíne, nuair a tá siad ag féachaint ar ealaín agus ag freagairt di, agus nuair a spreagann ealaín iad: líne, cruth, foirm, dath agus ton, gréas agus rithim, uigeacht agus feasacht ar spás. Leagann an Curaclam Amharcealaíon béim ar thrí phointe tosaigh do ghníomhaíochtaí ealaíne an pháiste:
- taithí an phaiste féin
- samhlaíocht an pháiste
- breathnóireachtaí an pháiste
Sa Churaclam Amharcealaíon, spreagtar an leanbh chun féachaint ar raon leathan saothar ealaíne.Is trí chaint faoi na saothair ealaíne seo a fhorbraíonn an leanbh íogaireacht i leith na n-eilimintí físiúla agus tósaíonn sé/sí á n-úsáid ina c(h)uid ealaíne féin. I measc na n-amharcealaíon, tá tábhacht faoi leith ag an líníocht sa churaclam, agus is trí líníocht is mó a léirítear forbairt an pháiste san ealaín. Agus ealaín á cruthú tá an próiseas féin chomh tábhachtach leis an táirge deiridh.
Stádas reatha
Reáchtáladh inseirbhís náisiúnta do na hAmharcealaíona sa scoilbhliain 2000/2001. Cuireadh tús le cur i bhfeidhm an churaclaim ag múinteoirí sna bunscoileanna sa scoilbhliain 2001/2002. Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar
Oideachas Ealaíon: An Curaclam Amharcealaíon 1999
Oideachas Ealaíon: Treoirlínte do Mhúinteoirí 1999
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh sa tSraith Shóisearach
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna
Measúnú sa Bhunscoil