Primary Schools

Pleanáil seomra rangale haghaidh drámaíochta

Ina c(h)ur chuige do phleanáil drámaíochta sa seomra ranga, is gá don mhúinteoir roinnt ceisteanna a chur san áireamh:

  • an comhthéacs ginearálta pleanála le haghaidh drámaíochta sa seomra ranga
  • ábhar na drámaíochta sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse
  • comhtháthú drámaíochta le hachair eile churaclaim
  • múineadh drámaíochta do ghrúpaí ilranga.

Comhthéacs ginearálta pleanála le haghaidh drámaíochta sa seomra ranga

Cuireann drámaíocht sa seomra ranga eispéireas ar fáil do pháistí a

  • fhorbróidh a scileanna drámaíochta
  • fhorbróidh a gcumas chun drámaíocht a úsáid chun cur lena n-eispéireas foghlama in achair eile curaclaim
  • chuideoidh lena bhforbairt fhoriomlán.

Ag comhtháthú amharcealaíona agus drámaíocht—cruthaíonn leanaí a sráidbhaile ficseanachBeidh gá le pleanáil fhadtéarmach agus ghearrthéarmach chuige seo a chomhshnaidhmfidh páirtíocht rialta le gach ceann de na cuspóirí ábhair sa churaclam drámaíochta agus a chinnteoidh go mbainfear úsáid chomhsheasmhach shamhlaíoch as na trí réamhriachtanas i bpróiseas na drámaíochta:

  • ábhar
  • an lionsa ficseanach
  • cruthú timpeallachta sábháilte.

D'fhonn soláthar le haghaidh an leanúnachais a dheimhniú tá sé tábhachtach go gcuirfidh an múinteoir eispéireas na bpáistí sa drámaíocht roimhe seo san áireamh. Chuige seo beidh gá le dul i gcomhairle le múinteoir a mhúin na daltaí roimhe sin, mar aon le meá ar aon mheasúnú a rinneadh ar dhul chun cinn na bpáistí agus ar a n-eispéireas sa drámaíocht chun a leibhéal cumais agus a n-eispéireas in úsáid drámaíochta le haghaidh foghlama a dhéanamh amach.

Mar sin ba chóir go bpleanálfadh an múinteoir

  • eispéireas chomh leathan agus chomh saibhir agus ab fhéidir a thabhairt do pháistí i ndrámaíocht ach é ag teacht lena gcéim forbartha
  • an méid seo a shuíomh sna comhthéacsanna éagsúla d'obair na bliana, de thréimhsí roinnt seachtainí agus d'obair gach seachtaine
  • cothroime a aimsiú idir gníomhaíocht bunaithe ar eispéireas, cúraimí agus ábhair mhachnaimh ghinearálta na bpáistí agus drámaíocht a éiríonn as agus atá comhtháite le hachair eile churaclaim.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie