Primary Schools

Pleanáil eagair

Nuair a bhíonn machnamh déanta ar riachtanais na scoile maidir leis an gcuraclam drámaíochta, ní foláir smaoineamh ar na gnéithe in eagrú scoile is fearr a éascóidh a gcur i ngníomh. Ar bhonn cleachtais, is minice ná a mhalairt a phléifear iad mar aonad le chéile, agus tarraingeoidh siad ar phróiseas comhoibritheach agus comhairleach ina mbeidh an príomhoide, na múinteoirí agus, de réir mar a oireann, tuismitheoirí agus an bordbainisteoireachta compháirteach.

Ba chóir go gcuideodh pleanáil don drámaíocht leis an bplean scoile ina iomláine, plean a ndéanfaidh an bord bainisteoireachta athbhreithniú air. Laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dó, cuirfidh an bord tacaíocht ar fáil le haghaidh chur i bhfeidhm na drámaíochta mar a dhéanann le hábhair léinn eile.

Ag éirí as agus in éineacht le pleanáil curaclaim, caithfidh an príomhoide agus an fhoireann roinnt saincheisteanna eagair a phlé chun cur i bhfeidhm torthúil an churaclaim a éascú. Ina measc seo tá:

  • gealltanas i leith díograise don drámaíocht sa scoil i measc bhaill na foirne
  • an fhéidearthacht go nglacfaidh ball den fhoireann le freagarthacht as eagrú na drámaíochta sa scoil
  • comhordú ar dháileadh ama le haghaidh drámaíochta
  • pleanáil le haghaidh na leibhéal difriúil fuaime atá i gceist i ndrámaíocht
  • teagmháil idir tuismitheoirí agus múinteoirí i dtaca le drámaíocht a eagrú.

Forbairt ar chomhpháirtíocht na foirne i ndrámaíocht

Mar atá pléite faoi 'Pleanáil curaclaim', ba chóir go mbreathnódh an príomhoide agus an fhoireann ar dhrámaíocht mar ghné thábhachtach den churaclam agus mar dhóigh shainiúil foghlama. Maidir le pleanáil scoile, ciallaíonn sí gan breathnú ar dhrámaíocht mar ghníomhaíocht fhorimeallach nó 'bhreise' ach í bheith lárnach d'eispéireas foghlama an pháiste.

Páistí ag féachaint ar staidéar carachtair ar bhalla an tseomra ranga.Ba chóir baill na foirne a spreagadh chun dul i gcomhairle lena chéile maidir le comhtháthú na drámaíochta sa churaclam agus eagrú gníomhaíochtaí comhoibritheacha drámaíochta. Tá sé tábhachtach freisin go mbainfidh múinteoirí leas as oideachas inseirbhíse dóibh féin chun go gcuirfidís lena scileanna i múineadh drámaíochta. Cuideoidh seo lena dheimhniú go gcuirfear an curaclam i bhfeidhm go rathúil. Tá forbairt inghairme scoile uile go fíoréifeachtach agus ábhartha chun an t-uasmhéid rannpháirtíochta foirne a éascú sa phleanáil agus i bhfeidhmiú chlár drámaíochta na scoile araon.

Tá sé tábhachtach freisin, má thaispeánann ball foirne spéis ar leith nó cumas i ndrámaíocht sa scoil, go gcothóidh an príomhoide agus an bord bainisteoireachta é seo, agus ba chóir deis a chur ar fáil do na múinteoirí seo pé oiliúint bhreise a bheadh de dhíth orthu a bhaint amach.

Sa phróiseas pleanála agus forbartha curaclaim ba mhór an tairbhe é comhordaitheoir i ndrámaíocht do chlár drámaíochta na scoile.
D'fhéadfadh sé/sí an curaclam a éascú ar bhealaí mar

  • glacadh le freagracht as eagrú drámaíochta sa scoil
  • eagrú oideachais inseirbhíse sa scoil i ndrámaíocht
  • misneach a thabhairt do bhaill eile foirne i múineadh na drámaíochta agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Comhordú ar dháileadh an ama don drámaíocht

Beidh impleachtaí ag breitheanna a thabharfar sa phróiseas pleanála curaclaim maidir le heagrú drámaíochta sa scoil. Níos minice ná a mhalairt beidh baint acu seo le húsáid na n-áiseanna difriúla atá ar fáil don scoil. Is iad na láithreacha is dóchúla don drámaíocht ná an seomra ranga agus halla na scoile nó an seomra ilfhóinteach, cé nach bhfuil aon bhac ar ghníomhaíochtaí éifeachtacha drámaíochta a dhéanamh lasmuigh faoin aer le linn soininne.

Is féidir le múinteoirí drámaíocht antorthúil a dhéanamh sa seomra ranga, ach chomh maith leis sin éilíonn nádúr ilchineálach na gníomhaíochta drámaíochta an éascaíocht a thagann leis an spás níos mó a bhíonn ar fáil i halla scoile nó i seomra ilfhóinteach. D'fhéadfadh dáileadh ama don áis seo a bheith ina ghné thábhachtach i bpleanáil eagair don drámaíocht sa scoil.

Cé gur cheart riar seachtainiúil ama a bheith ag gach rang le haghaidh drámaíochta i halla na scoile nó sa seomra ilfhóinteach, éileoidh nádúr na drámaíochta agus an éagsúlacht sna gníomhaíochtaí drámaíochta solúbthacht ar gach ball den fhoireann. Mar shampla, nuair nach gá an spás mór a úsáid le linn seachtaine áirithe don saghas gníomhaíochta drámaíochta ina bhfuil an rang páirteach, d'fhéadfaí é a dháileadh ar rang eile ar bhonnquid pro quo. Chuige seo bheadh gá le comhoibriú agus le comhchomhairle rialta araon i measc baill foirne. Ba mhór an chabhair múinteoir a bheith ar fáil a d'eagródh drámaíocht sa scoil ina leithéid de chás.

Leibhéil fuaime

Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh drámaíocht an oiread saoirse agus rogha do pháistí agus a luíonn le hábhar, le carachtair, le gníomh agus le suíomh sa ghníomhaíocht áirithe drámaíochta ina bhfuil siad gafa. Beidh leibhéil fuaime atá sách ard mar thoradh air seo amanna.

Mar sin féin, ba chóir go n-aithneodh gach ball den fhoireann nach de dheasca easpa smachta a bhíonn dealramh ar an leibhéal fothraim sa seomra ranga go bhfuil sé as cuimse.Ar an taobh eile de, is amhlaidh a d'fhéadfadh fothram bheith mar chuid riachtanach i gceacht rathúil drámaíochta.

Comhpháirtíocht do thuismitheoirí

Caidrimh fhicseanachaTá sé tábhachtach i gcomhthéacs teagmhála rialta idir tuismitheoirí agus an scoil go gcuirfí tuismitheoirí ar an eolas faoin gcabhair atá le tabhairt ag drámaíocht d'fhoghlaim is d'fhorbairt an pháiste. Sa chur chuige i leith na drámaíochta sa scoil ba chóir go mbeadh tuismitheoirí páirteach ibpleanáil chun tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm churaclam na drámaíochta. Is féidir leo freisin, de réir mar a oireann ar ócáidí, cuidiú le heagrú na gníomhaíochta drámaíochta. Thar aon ní eile ba chóir tuismitheoirí a spreagadh chun eispéiris drámaíochta páistí a phlé leo. Tabharfaidh seo ról luachmhar dóibh chun léirsmaoineamh na bpáistí ar dhrámaíocht a éascú.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie