Tá rud ar leith le bronnadh ag an drámaiocht, mar a léirítear i Roinn 1 í, ar fhorbairt an pháiste. Chun go mbeidh an cuidiú seo éifeachtach, áfach, ní foláir don phríomhoide agus don fhoireann pleanáil chúramach a dhéanamh le haghaidh chur i bhfeidhm churaclam na drámaíochta. Agus é sin á dhéanamh acu, ní mór dóibh líon áirithe tosca a chur san áireamh:
- a dheimhniú go n-aithnítear tábhacht na drámaíochta mar chuid den churaclam agus go nglacann an fhoireann go hiomlán chucu é seo
- go n-aithnítear tábhacht iomláine na drámaíochta mar chuid den eispéireas foghlama
- dul i mbannaí ar leanúnachas na drámaíochta in eispéireas scoile an pháiste
- soláthar a dhéanamh chun dráma a chomhtháthú le hachair eile den churaclam
- am a chur ar fáil le haghaidh drámaíochta.
Tábhacht na drámaíochta sa churaclam
Is i nádúr an eispéiris fhoghlama a sholáthraíonn sí don pháiste atá fíorthábhacht na drámaíochta. Trí pháirtíocht shamhlaíoch chumais intleachtúla, mhothúchánacha agus fhisiceacha an pháiste is féidir é/í a spreagadh chun aireachtáil agus tuiscint úr a bhaint amach. Déantar an méid seo tríd an eispéireas a bhaineann le téacs drámaíochta a chruthú. Lonnaíonn cumhacht oideachasúil fuascailteach an dráma sa ghníomh seo chun scéal a chumadh. Tugann féidearthachtaí gan teorainn an fhicsin deis le haghaidh iniúchta ar an raon éiguimseach den eispéireas daonna. Ina theannta sin tugann nádúr spontáineach an iniúchta scaoileadh ar imfhios an pháiste mar aon le comhthéacs a chuireann ar a c(h)umas iad a shoiléiriú agus a chur in iúl. Tríd an léiriú mar aon le machnamh air -- trí charachtar a roghnú agus ionbhá a dhéanamh leis agus trí idirghníomhú le carachtair eile sa dráma -- faigheann an páiste bealach chuig eispéireas, eolas agus tuiscint nua nach gcuireann eispéireas foghlama ar bith eile ar fáil dó/di.
Tábhacht iomláine na drámaíochta in eispéireas foghlama an pháiste
Cé go bhfoghlaimíonn an páiste ar bhealach difriúil trí dhrámaíocht seachas trí aon ábhar léinn eile, braitheann an t-eispéireas sainiúil foghlama sin go hiomlán ar fheabhas an dráma féin. Is é caighdeán an dráma a chinnteoidh an saghas foghlama a tharlóidh. Tá sé seo fíor pé acu an ndéantar an dráma ar a shon féin amháin nó mar chuid chomhtháite d'ábhar léinn eile. Le linn pleanála níor mhiste don phríomhoide is don fhoireann machnamh a dhéanamh ar nádúr an eispéiris fhoghlama a chuireann drámaíocht ar fáil. Má bhreathnaítear ar dhrámaíocht mar mhodh múinte amháin tá baol ann go laghdófar idir phróiseas na drámaíochta agus an t-eispéireas sainiúil foghlama a chuireann sé ar fáil. Caithfear, taobh amuigh de na tosca ina dtarlaíonn sé, iomláine an dráma féin a thabhairt slán. Mar shampla, ní sholáthróidh dráma, mar chuid de cheacht staire nó OSPS, a chuid buntáistí foghlama go hiomlán don pháiste mura mbíonn an rath is mó is féidir ar an eispéireas drámaíochta, is cuma cén t-ábhar atá sa dráma. Dá fheabhas é an dráma is ea is fearr caighdeán na foghlama.
Leanúnachas na drámaíochta in eispéireas scoile an pháiste
Tá áit lárnach ag eispéireas leanúnach comhsheasmhach i ndrámaíocht do chomhlíonadh rathúil churaclam na drámaíochta, agus ba chóir go gcuirfí san áireamh go mór é sa phróiseas pleanála ag leibhéal na scoile. Tá cothú leanúnachais ó shúgradh cur i gcéill go dráma mar bhunchloch le cur chuige torthúil chun drámaíocht a phróiseálú ar scoil. Ag leibhéal na naíonán beidh an claonadh spontáineach le cur i gcéill beo fós sna páistí, agus ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir seo agus drámaíocht sa seomra ranga. Beidh sé furasta don mhúinteoir ag an gcéim seo an claonadh seo a úsáid chun tús a chur le páistí a threorú chuig drámaíocht. De réir mar a théann an claonadh i léig le haibiú fhorásach na bpáistí, tá sé riachtanach go bhfaighidh siad eispéireas ar dhrámaíocht a chuirfidh ar a gcumas tréithe bunúsacha an tsúgartha cur i gcéill a úsáid ar bhealach atá nádúrtha agus ábhartha dóibh. Ní féidir an méid seo a bhaint amach go hiomlán mura mbíonn eispéireas comhsheasmhach sa drámaíocht ag páistí ó bhliain go bliain i rith a dtréimhse ar scoil.
Sa tslí seo is féidir le drámaíocht bheith ina gnáthchuid inghlactha dá n-eispéireas scoile, inar féidir leo páirt a imirt gan chorrabhuais. Tiocfaidh siad ar léirthuiscint faoi thábhacht na drámaíochta seachas breathnú uirthi mar rud amaideach nó deoranta, nó b'fhéidir fós mar rud nach bhfuil ann ach sos ó cheachtanna. Ina theannta sin is trí eispéireas leanúnach ar dhrámaíocht, agus mar sin amháin, a fhorbróidh páistí scileanna drámaíochta agus a bhainfidh siad éascaíocht amach iontu. Braithfidh mianach an eispéiris drámaíochta agus gan amhras an fhoghlaim a eascraíonn uaidh go mór ar mhéid na máistreachta atá bainte amach ar scileanna drámaíochta agus ar 'rialacha drámaíochta' atá foghlamtha.
Comhtháthú na drámaíochta le gnéithe eile den churaclam
Is ionann ábhar na drámaíochta agus eispéireas ar an saol féin. Éiríonn sé seo as eispéireas ginearálta pearsanta na bpáistí, nó as an ábhar in aon cheann eile de na hachair churaclaim. Cuireann drámaíocht modh sainiúil cumhachtach foghlama ar fáil don pháiste gan beann ar an ábhar féin. Beidh éifeacht an eispéiris fhoghlama mar ghné, áfach, i bhfeabhas an eispéiris drámaíochta féin. Cé go n-úsáidtear ábhar as achar eile curaclaim mar ábhar don drámaíocht, ciallaíonn seo gur chóir go nglacfaí leis mar bhunphrionsabal go gcoinneoidh an ghníomhaíocht a leanann í iomláine na drámaíochta féin.
Níor cheart drámaíocht a úsáid mar mhodh níos tarraingtí chun píosa éigin eolais a chur i láthair ach mar mhodh trína mbeidh an t-eolas sin (nó gné áirithe de) ar fáil don pháiste ar bhealach nach féidir é a dhéanamh in aon chomhthéacs foghlama eile. Sa tslí seo is féidir le drámaíocht bheith ina heispéireas riachtanach foghlama in aon achar den churaclam, agus ag an am céanna beidh mianach an eispéiris ina chuid den toradh a bheidh ar an dráma féin.
Is féidir drámaíocht a chomhtháthú le gnéithe eile den churaclam ach an drámaíocht féin a úsáid mar thúsphointe. Mar shampla, d'fhéadfadh an cur chuige ar fhoghlaim faoin nGorta Mór tosú le dráma faoi theaghlach in aimsir an ghorta. Sa tslí seo d'fhéadfadh an páiste ní hamháin 'maireachtáil lena linn' agus teacht ar thuiscint ar conas mar a bhí an saol an t-am sin, ach freisin de réir mar a fhorbraíonn sraith de ghníomhaíochtaí drámaíochta, tabharfar spreagadh dó/di taighde a dhéanamh ar bhunábhar fíorasach, agus é a inmheánú trí chomhshnaidhmeadh sa saol drámaíochta a dhéanamh air agus é a athraonadh tríd an eispéireas drámaíochta. Cibé cén túsphointe a roghnaítear, ní hamháin go bhfaighidh an páiste tairbhe as an dóigh shainiúil foghlama a chuireann drámaíocht ar fáil san achar ar leith curaclaim ach gnóthóidh sé/sí dul chun cinn ina f(h)orbairt ghinearálta chomh maith.
An Ghaeilge agus drámaíocht
Is í an teanga a úsáidfear mar mheán teagaisc sa scoil a shocróidh teanga na cumarsáide sa drámaíocht den chuid is mó, agus tagróidh na múinteoirí don leagan de na cáipéisí sa teanga chuí. Tabharfar faoi deara go bhfuil roinnt cuspóirí ábhair i nGaeilge istigh sa leagan Béarla. Tá sé tábhachtach freisin, áfach, an gaol idir drámaíocht agus teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chur san áireamh i scoileanna arb é an Béarla an gnáthmheán teagaisc iontu.
Is é an tairbhe is mó a bhaineann le drámaíocht i nGaeilge ná gur féidir léi líofacht sa teanga a bhrostú go luas na beatha. Níor cheart mar sin gníomhaíocht drámaíochta i nGaeilge a bhac trí chur isteach leanúnach ón múinteoir ar mhaithe le cruinneas. Is féidir tagairt a dhéanamh do bhotúin choitianta níos déanaí agus iad a cheartú. Thar aon ní eile, cuireann easpa stór focal bac ar dhea-thoradh na drámaíochta. Chun cúiteamh a dhéanamh air seo ba chóir an páiste a spreagadh chun úsáid a bhaint as pé teanga is éifeachtaí agus is oiriúnaí d'fhonn spontáineacht na drámaíochta a choinneáil. Mar shampla, úsáideann múinteoirí drámaíochta agus traenálaithe aisteoirí cumadh gliogairnéise go minic chun riachtanas a chruthú don ábhar aisteora idéanna a chur in iúl go fisiceach, agus sa tslí sin leathnú a dhéanamh ar raon teanga fhisiceach. Mar an gcéanna, is féidir easpa focail oiriúnaigh ag an bpáiste a úsáid chun iachall a chur air/uirthi idé a chur in iúl go fisiceach. Mar a bhí cheana, is féidir an focal a chur ar fáil níos déanaí, nó d'fhéadfaí cluiche 'Cad tá sí ag iarraidh a rá' a chumadh don ócáid.
I ndráma Béarla is furasta carachtar a chur in aithne nach bhfuil aige/aici ach Gaeilge, agus tá spreagadh anseo chun an teanga a úsáid. Mar shampla, ní labhraíonn an bádóir ach Gaeilge, agus ní féidir leo dul go dtí an t-oileán gan an chúis atá acu leis an turas a nochtadh. Mar an gcéanna i suíomh ina n-éiríonn difríochtaí teanga, mar shampla idir eachtrannach agus fear ón domhan seo, is cuma an é Gaeilge nó Béarla a úsáidtear chun easpa cumarsáide a chur in iúl. Is féidir leis an múinteoir glacadh le ról sa dráma
chun úsáid na Gaeilge a ghríosú agus a leathnú. D'fhéadfadh sé seo titim amach go spontáineach sa cheacht Gaeilge nó mar chuid de cheacht drámaíochta. Le cleachtadh bheadh an dá chur chuige ann mar chodanna úsáideacha i straitéisí an mhúinteora.
Uaireanta, caitheann an t-ábhar drámaíochta i nGaeilge a bheith níos simplí ná an t-ábhar a úsáidtear sa drámaíocht i mBéarla, agus is minic a chúngaítear é beagán chun deis a thabhairt don pháiste cumadh saoráideach a dhéanamh laistigh de raon teanga ina bhfuil sé/sí go réasúnta compordach. Is cluiche taitneamhach drámaíochta é, iarraidh ar na páistí miondrámaí a chumadh timpeall ar ghrúpaí focal a chuireann an múinteoir ar fáil. D'fhéadfadh sé seo bheith mar thréimhse réamhchumarsáide, agus d'fhéadfadh múineadh an stór focal a theacht as.
Is straitéis úsáideach eile é tobchumaidh ghairide dhifriúla i nGaeilge a úsáid chun lá i saol carachtair faoi leith a dhéanamh amach. Is féidir ceithre cinn de scripteanna sé líne a chuireann na daltaí nó an múinteoir ar fáil a bheith mar réamhthéacs don ghníomhaíocht seo. Cuirfidh comhtháthú na Gaeilge agus na drámaíochta sna slite seo le hoideachas drámaíochta an pháiste, agus ag an am céanna cabhróidh sé leis/léi chun líofacht agus bríomhaireacht bhreise a bhaint amach sa Ghaeilge.
Dáileadh ama don drámaíocht
Tá a bhfuil le bronnadh ag an drámaíocht ar fhorbairt is ar fhoghlaim an pháiste ar scoil mar bhunús le tábhacht na pleanála ina comhair nuair a bhíonn am á dháileadh ar na hachair dhifriúla curaclaim agus ar na hábhair laistigh díobh. Beidh dhá fhoinse ann do dháileadh ama don drámaíocht:
- an dáileadh ginearálta ama a thugtar d'oideachas sna healaíona
- trí chomhtháthú le hábhair eile agus le hachair eile curaclaim.
Mar atá pléite i roinn roimhe seo, 'Comhtháthú drámaíochta le hachair eile den churaclam', tá an dá fhoinse seo gaolmhar lena chéile. Beidh siad comhlántach, agus forluífidh siad ar a chéile go minic.
Páistí le riachtanais speisialta
I ngeall ar nádúr na drámaíochta agus ar an eispéireas sainiúil atá le bronnadh aici tá áit ar leith aici in oideachas páistí le riachtanais speisialta. Is féidir tairbhe ollmhór a theacht aisti chomh fada is a bhaineann le forbairt mhothaitheach agus chogneolaíoch. Ní féidir le treoirlínte ginearálta do mhúinteoirí, áfach, ach tuairim an-ghinearálta a thabhairt den mhéid is féidir leis an drámaíocht a bhronnadh san achar seo.
Cuireann an t-eispéireas drámaíochta i gcoitinne, agus na gníomhaíochtaí sa snáithaonad 'Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta,' deiseanna foghlama ar fáil atá ríthábhachtach do pháistí le riachtanais speisialta. Is féidir leis cuidiú go mór mór le forbairt teanga an pháiste trí leathnú a dhéanamh ar stór focal is ar chumas cur i láthair. Cabhróidh gné fhisiceach na drámaíochta freisin le léiriú neambhriathartha.
Le linn forbairt a dhéanamh ar choincheapa an pháiste faoi ghnéithe na drámaíochta mar shuíomh agus am, cothaítear aireachtáil spásúil agus tuiscint níos cruinne ar choibhneas amanna le chéile.
Ina theannta sin cabhróidh an scéal atá mar bhun le próiseas na drámaíochta agus le forbairt ar chumas an pháiste chun nádúr seicheamhach imeachtaí a thuiscint agus a chur in iúl, agus cothófar cumhachtaí dianmhachnaimh tríd an tábhacht a bhaineann le fócas a chur ar ghnéithe difriúla de ghníomhaíocht drámaíochta.
Toisc gur gníomhaíocht chomhoibritheach í drámaíocht, cuireann sí eispéireas luachmhar ar fáil i nglacadh le huainíocht agus in oibriú i gcomhar le daoine eile, i dtreo is go n-aimseofar spriocanna faoi leith. Ceann de na buntáistí riachtanacha foghlama i ndrámaíocht is ea go soláthraíonn sí deis chun déileáil le ceisteanna bunaithe ar rogha is ar choimhlint trí sheasamh siar uathu sa chomhthéacs ficseanach agus sa tslí sin cuidiú le timpeallacht shábháilte a sholáthar ina bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh orthu. Thar aon ní eile, toisc go dtugann sí scóip d'fhéinchur in iúl agus fhéinléargas, tá an cúnamh is féidir le drámaíocht a thabhairt d'fhéinmheas an pháiste thar áireamh.