Primary Schools

Drámaíocht sa churaclam bunscoile

Cad is drámaíocht ann?

Is é bunbhrí na drámaíochta ná cruthú scéil trí aisteoireacht. Treoróidh freagra ar an gceist 'cad é an scéal?' sinn i gcónaí i ndéanamh plota (sraith de ghníomhartha agus imeachtaí) le téama (fócas machnaimh). Freastalóidh drámaíocht rathúil ar an saol ar
bhealach réalaíoch nó meafarach, soiléireoidh sí dúinn gnéithe den saol réalaíoch, agus cuirfidh sí béim ar na patrúin faoina bhun. Mar sin is ionann ábhar na drámaíochta, agus an saol réalaíoch ina fhoilsiú iomlán agus is trí scéalaíocht a dhéantar scrúdú air. Déantar cumadh na scéalaíochta seo trí léiriú móimintí nó radharc roghnaithe sonrach a chur i láthair; is é atá i dtéacs an cheachta drámaíochta ná roghnú, cur i láthair agus nascadh na radharc seo.

I gcomhthéacs na bunscoile níor cheart drámaíocht oideachasúil a mheascadh leis an ngníomhaíocht ar a dtugar 'drámaíocht léirithe'. Mar chuid den ghníomhaíocht seo, faoina bhfuil go leor múinteoirí eolach, áirítear roghnú scripte agus riaradh páirteanna, cleachtadh, dearadh agus tógáil feistis stáitse, eagrú soilse, fuaime agus gnéithe teicniúla eile agus léiriú a chur ar stáitse do lucht éisteachta.

Is féidir le rannpháirtíocht in éispéireas den saghas seo, má thugtar faoi le heolas ar phrionsabail agus chleachtais atá imlínithe sa churaclam, tairbhe a dhéanamh do pháistí chun féinmhuinín a chothú iontu, chun deis a thabhairt dóibh gníomhú ar stáitse agus ligean dóibh iad féin a chur in iúl go poiblí. Mar sin féin, agus é/í ag tabhairt faoina leithéid seo de thionscadal níor mhiste don mhúinteoir a mheabhrú gur minic a chuireann tosca luach rómhór ar an toradh agus luach róbheag ar an bpróiseas.

Is próiseas cruthaitheach í drámaíocht oideachasúil mar a thuigtear sa churaclam é, a thugann deis do pháisti lánacmhainn na drámaíochta mar eispéireas foghlama a thaiscéaladh. Tá sí gan ullmhú ó nádúr, agus tá mar aidhm aici eolas a lorg a chuimsíonn gach gné de phearsantacht an pháiste, idir spioradálta, mhorálta, mhothúchánach, intleachtúil agus fhisiceach. Agus an drámaíocht seo á déanamh téann an páiste isteach igcomhthéacs samhalta (an saoldrámaíochta), trí fhicsean faoi charachtair a chur i láthair i dtosca ar leith, ag am áirithe agus i suíomh éigin faoi leith, agus mar sin is féidir leis/léi ar bhealach uathúil coimhlintí, saincheisteanna, iarmhairtí, dearcthaí, móthúcháin, cúraimí agus ábhair bhuartha atá tábhachtach do thuiscint an fhíorshaoil a iniúchadh.

Is i nádúr ar leith an eispéiris dhrámatúil a luíonn a cumhacht mar eispéireas foghlama agus forbartha.

  • Trí ghéilleadh don fhicsean
  • trí é/í féin a theilgean go samhlaíoch isteach i suíomh
  • trí 'bheith feasach agus beo' maidir leis na tosca, saincheisteanna, roghanna agus gníomhartha a bhaineann le carachtar ficseanach mar aon lena n-iarmhairtí
  • tríd an méid seo uile a athraonadh trína p(h)earsantacht féin

is féidir leis an bpáiste teacht ar aireachtála nua.

Soláthraíonn an drámaíocht bealach sainiúil isteach chun na foghlama, agus cuireann sé diminsiún eolais ar fáil atá doshroichte in aon tslí eile.

An cúnamh a thugann drámaíocht d'fhorbairt an pháiste

Is féidir leis an drámaíocht cúnamh sainiúil a thabhairt d'fhorbairt an pháiste. Soláthraíonn na cuspóirí agus na tréithe ar leith a bhaineann lena cuid gníomhaíochta na slite trínar féidir leis an bpáiste féinfheasacht mhéadaithe a bhaint amach agus dul trí mhodh sainiúil foghlama leis an drámaíocht. Is féidir leis an drámaíocht

  • Breathnú á dhéanamh ag múinteoir ar ghníomhaíocht chomhuaineach drámaíochtaan deis a thabhairt do gach páiste eolas nua a bhaint amach trí dhiminsiún gníomhaíochta agus eispéireas atá samhailteach
  • an deis a thabhairt do gach páiste teacht chun eolais a bhaint amach ar na bealaí is fearr a oireann dó/di
  • an t-inspreagadh agus an spéis a chruthú a spreagfadh an páiste chun taighde a dhéanamh agus sa tslí sin dearcadh a chothú a bhreathnaíonn ar eolas mar riachtanas chun oiriúnú a dhéanamh ar a (h)aireachtáil ar an saol mór, na hacmhainní a sholáthar trínar féidir leis an bpáiste eolas a chomhcheangal ar mhodh speisialta le foghlaim agus le heispéireas roimhe seo
  • cuidiú leis an bpáiste patrún agus aontacht a thabhairt faoi deara i bpíosaí difriúla eolais a ndéantar teagmháil leo in ábhair dhifriúla
  • an ní atá gar a chur i bhfad ar shiúl, agus an méid atá i bhfad ar shiúl a thabhairt i ngar ag an leibhéal cognaíoch agus mothaitheach araon, i dtreo is gur féidir gnéithe den saol a iniúchadh dlúth go leor chun scrúdú éifeachtach a dhéanamh orthu, ach fada go leor ar shiúl chun go mbeidh an páiste sábháilte
  • eispéireas saibhir sa teanga labhartha a thabhairt don pháiste agus an deis a sholáthar chun réimsí difriúla teanga a thriail
  • taithí ar dhrámaíocht mar fhoirm ealaíne a thabhairt don pháiste
  • cuidiú leis an bpáiste eispéiris igcultúir eile a oiriúnú agus a chomhshamhlú dó/di féin
  • cuidiú leis an bpáiste timpeallacht athraitheach a chomhshamhlú trí theacht roimh fhorbairt shíceolaíoch agus trí scaoileadhleis/léi féin tarchéimniú a dhéanamh ar thaithí ar an toirt trí réimsí eilesaoil a thriail trí mheán na drámaíochta
  • forbairt shamhlaíoch, intleachtúil, mhothúchánach agus fhisiceach an pháiste a éascú ar bhealach comhaimseartha iomlánaíoch
  • cruthaitheacht, cumadóireacht, géarchúis, fionnachtain agus réiteach fadhbanna an pháiste a chothú trí iniúchadh gníomhach ar a bhfuil imfhiosach agus spontáineach
  • ligean don pháiste trí fhicsean drámatúil taithí, tuiscint agus cleachtadh a fháil ar na scileanna beatha atá riachtanach don saol mór
  • ionbhá le hidéanna, dearcadh agusmothúcháin daoine eile a chur chun cinn.

Is í an bheatha féin bunábhar na drámaíochta oideachasúla. Cuimsíonn sí an raon iomlán d'eispéireas an pháiste agus gach gné dá p(h)earsantacht; agus toisc gur bealach uathúil foghlama í ba chóir go mbeadh sí ina cuid riachtanach d'eispéireas an pháiste ar scoil.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie