Primary Schools

Gníomhaíocht drámaíochta 1

Ag tosú le hábhar
ranganna naíonán

Ábhar beatha:
Cognaíoch: Gnáthóga, teangacha ainmhíocha
Mothaitheach:
Ag déileáil le bulaithe agus le daoine nach ndéanann
idirghabháil; réiteach fadhbanna.
Ábhar drámaíochta:
Ag dul isteach i saol eile agus a chuid fadhbanna a
ghlacadh chugainn féin.
Buncharachtracht mar choiníní.
Ionad:Halla na scoile nó an seomra uilefhóinteach

Imir cluiche faoi 'phaicéid bheaga'. Seasann grúpaí de thriúr páistí i líne agus a n-aghaidh ar an lárphointe céanna, iad uile ar comhfhad uaidh. Is sealgaire agus an tseilg iad beirt pháistí nach bhfuil sa líne. Caithfidh an tseilg teitheadh ón sealgaire. Aon uair a bhíonn an chéad duine i mbaol a ghabhála is féidir leis/léi áit an duine ag barr nó ag bun na líne a thógáil. Má sheasann sé/sí ag barr na líne, déantar an tseilg den duine ag bun na líne sin agus ní mór dó/di éalú. Má théann sé/sí go bun na líne, déantar an tseilg den duine ag a barr agus caithfidh sé/sí éalú. Má bheireann an sealgaire ar an tseilg, malartaíonn siad rólanna láithreach agus imríonn leo ar aghaidh.

Deir an múinteoir, 'Imrímis an cluiche céanna ach anois samhlaímis gur coiníní sinn. Conas a dhéanann coiníní cumarsáid agus caint? Conas a ghluaiseann siad?'

Imríonn na páistí ar a gceithre boinn, agus glacann an múinteoir le pé leibhéal 'carachtrachta ar choiníní' a chuireann na páistí ar fáil. Níor cheart béim a chur ar 'léiriúcháin'.

Líníonn an múinteoir an spás samhailteach, ag roinnt an halla ina dhá leath. Tá féar gairid ar leath amháin agus tá sé seo sobhlasta le hithe. Sa leath eile, an t-achar taobh thiar de na 'poill' agus ar a mbarr, tá driseacha aimhréidhe, a shíneann suas cúig oiread airde coinín. Tá sceacha deilgneacha ann freisin agus tá an féar an-fhada. 'Cé na plandaí eile a bheadh ag fás ann? Toisc go bhfuil an oiread sin plandaí agus driseacha ann, conas a bheidh ar na coiníní gluaiseacht tríd?' (Tabhair an focal 'lúbarnaíl'). Molann an múinteoir tascanna éagsúla dóibh san achar seo (mar shampla, 'Faigh rud éigin a chaill tú. Téigh ar lorg cara coinín') go dtí go dtagann siad ar thuiscint chruinn ar an saghas gluaiseachta teoranta atá oiriúnach sa chás. Is féidir leis an múinteoir cabhrú leo trína mheabhrú dóibh, de réir mar a théann siad ar aghaidh, go bhféadfaidís dealga a fháil ina sróna, go ngreamófaí a bhfionnadh sna sceacha, srl. Ina dhiaidh seo go léir cuir ceisteanna ar na páistí faoin eispéireas: 'Ar sracadh thú? Conas a tharla?' srl.

Ar deireadh fiafraíonn an múinteoir: 'Cá n-imreodh na coiníní a gcuid cluichí, meas sibh?'

Imríonn na coiníní roinnt babhtaí de 'phaicéid bheaga' sa leath mhín denachar.

Deir an múinteoir: 'B'fhéidir go mbeadh na coiníní á imirt seo lena chinntiú go mbeidh siad ar a n-aire, má thagann fíorshealgaire. Cé hé an fíorshealgaire seo, meas sibh? Agus cá rachaidís dá dtiocfadh an sionnach?' Ansin aontaíonn an múinteoir agus na páistí le chéile, gurb é go deimhin an sionnach nuair a thugann sé ruaig isteach sa láthair, agus scaif, hata nó ball áirithe éadaigh á chaitheamh aige agus é ag bualadh ar thambóirín. Tá aon duine a dteagmhaíonn sé leis/léi marbh agus caithfidh sé/sí fanacht marbh. Ní mór do na coiníní fanacht ina bpoill go dtí go n-imíonn sé leis agus bualadh an druma níos moille aige anois. Imríonn siad cluiche nó dhó agus an sionnach ag filleadh, é á shrianadh ag an gcaschoill, agus ag imeacht leis go mall arís.

Cuireann an múinteoir iachall ar na 'mairbh' fanacht i gcúinne. Cuirfidh seo cosc lena mian go mbéarfaí orthu ar son spóirt, agus cuideoidh sé leo 'bás' a fheiceáil mar rud nach bhfuil inmhianaithe. Ansin filleann an sionnach, agus in áit imeacht leis suíonn sé agus fanann sé. Is ábhar iontais é seo do na páistí, mar anois beidh eispéireas acu ar chuid den fhrustrachas a leanann an réabadh ó chéile atá déanta ag an sionnach ar a saol is ar a súgradh. Ansin nuair atá na páistí ag éirí míshuaimneach, deir an múinteoir i ról an tsionnaigh, 'Mora dhaoibh, a choiníní. I ndáiríre is sionnach cairdiúil mé. Tagaigí amach as na driseacha sin. Ba mhaith liom labhairt libh.'

Caithfidh na páistí cinneadh a dhéanamh pé acu an gcuirfidh siad iontaoibh inti nó nach gcuirfidh. Mar shionnach déanann sí iarracht iad a mhealladh amach, ach ag an am céanna tugann sí noda go mb'fhéidir nach bhfuil sí iontaofa. 'B'fhéidir nach bhfuil iontaoibh agaibh asam, agus deir daoine go bhfuilim glic, ach an bhfuil dealramh orm go maróinn sibh?' Ansin ar deireadh, nuair a thriallann cuid díobh amach, meallann sí chuici féin iad agus 'maraíonn' sí go fealltach iad. Ansin luíonn sí síos mar a bheadh sí ag dul a chodladh.

Anois nuair atá an leamhsháinn bunaithe aici, baineann an múinteoir scaif an tsionnaigh di agus insíonn sí do na páistí gurb í an múinteoir athuair í. Fágann sí an scaif ina háit féin lena chur in iúl go bhfuil an sionnach fós ann. Anois deir sí gur mhaith léi bheith ina coinín. Cuireann sí uirthi ball éadaigh a sheasann don choinín agus, ag lámhacán go faichilleach isteach sa mhuine di, deir sí i gcogar, 'Á, seo áit inar féidir linn suí suas cuibheasach díreach, agus nach féidir leis an sionnach teacht orainn. Bailígí timpeall anseo, ach ná satailígí an iomad, mar ní fada go n-éireoidh leis an sionnach a shlí a dhéanamh trí na driseacha seo.' Filleann na 'mairbh'. Nuair atá siad go léir cruinnithe deir sí i gcogar 'Ná labhair os ard nó cloisfidh sé sinn, ach cad a dhéanfaimid faoin sionnach seo?'

Mar chomrádaí dá gcuid, cabhraíonn an múinteoir leis na coiníní a bhfrustrachas agus a bhfearg a chur i bhfocail agus roghanna gnímh a chur le chéile. Faoi dheireadh, is iad na roghanna atá ar fáil ná idirghabháil (dainséarach), cuir an sionnach chur báis (conas? fadhb mhór), nó teacht ar bhealach éigin chun déileáil leis. Ós rud é nach mbeidh a chur chun báis ina rogha (is dócha), b'fhéidir go gcinnfidh siad ar idirghabháil a dhéanamh leis ar dtús. 'Cad a déarfaimid leis?' a cheistíonn an múinteoir, ag tabhairt deise dóibh ar a gcuid argóna a chleachtadh. Ansin, 'Agus ní ghéillfimid dó go furasta,' a deir sí leo. Ansin ar deireadh deir sí, An ndúiseoimid é, agus an iarrfaimid air gan cur isteach orainn? Ceart go leor, ach bí cinnte de, is cuma cad a deir sé, nach bhfágfaidh sibh na driseacha. Ná déan béiceadh leis: dúisigh go mín é, nó beidh drochghiúmar air.'

Anois filleann an múinteoir ar a ról mar shionnach, a dhúisíonn nuair a ghlaonn na páistí air. Déanann siad iarracht ar idirghabháil a dhéanamh leis. Tá iarracht á déanamh ag an sionnach a bheith réasúnta, agus ba mhian leis go mbeadh na coiníní réasúnta agus scaoileadh leis dul sa tóir ar chuid díobh agus iad a ithe. Tar éis iarracht gan toradh ar idirghabháil, imíonn an sionnach leis, agus deir sé go bhfanfaidh sé go dtí go mbíonn siad ag súgradh uair éigin, agus ansin go mbéarfaidh sé orthu.

Caithfidh na coiníní breith a thabhairt anois maidir le dul amach arís. An bhfuil sé ródhainséarach? Má chinneann siad ar dhul amach arís ceadaigh é seo, agus ar an ócáid seo lig do na coiníní i ngrúpaí beartú ar chluiche éigin a imirt mar choiníní. Imríonn siad na cluichí seo san achar le féar gairid, sna poill nó sna driseacha, ag brath ar a n-oiriúnacht. Spreagann an múinteoir iad chun réalachas gach achair a chaomhnú agus, ón uair a bhunaítear an cluiche, cumarsáid a dhéanamh chomh fada agus is féidir i ngíoga agus i ngeáitsíocht choinín. Ansin, nuair a bhíonn siad socraithe isteach ina gcluiche, tagann an sionnach i láthair go glórach arís, agus arís tá sé ag smúrthacht mórthimpeall agus é ag iarraidh lúbarnaíl isteach san fhál, agus ansin imíonn sé leis go mall.

Anois cuidíonn an múinteoir, ina ról mar choinín arís, leis na coiníní a thuiscint nach mór dóibh córas éigin luath-rabhaidh a cheapadh

  • nach ndéanfaidh aire a dhíriú orthu féin -- agus dá bhrí sin caithfidh siad a bheith cuibheasach tostach
  • a thabharfaidh tuairim ar cé chomh cóngarach dóibh atá an dainséar
  • a cheadóidh dóibh súgradh agus ithe a dhéanamh go saoráideach go dtí go dtagann an dainséar i ngar dóibh
  • a thabharfaidh sábháilteacht d'fhairtheoirí
  • a oibreoidh go maith sa ghnáthóg áirithe seo
  • a chuirfidh san áireamh nach féidir le coiníní caint a dhéanamh i ndáiríre.

Tar éis triail a bhaint as na réitigh a chur i gcrích, déanann na páistí léirmheas orthu arís, lena fháil amach an féidir feabhas a chur orthu. Ansin ceiliúrann na coiníní trí amhráin a chasadh i nguthanna coinín agus iad á dtionlacan le rince mar a dhéanfadh coiníní é, dar leo.

Tabhair deis dóibh ar mhachnamh ar an méid a thit amach agus labhairt faoi, mar aon leis na braistintí a bhí ag na páistí ar uaireanta éagsúla. Ansin insíonn an múinteoir dóibh faoi fhíorghnáthóga coiníní agus faoi fhíorchórais rabhaidh ag coiníní, agus déanann sí iontas faoi chomh cliste is a bhí coiníní, ar a shon is gur éirigh leo na rudaí seo a oibriú amach.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie