Primary Schools

Cur chuige agus modhanna múinte

Is é aidhm na roinne seo de na treoirlínte cur chuige praiticiúil do theagasc drámaíochta sa seomra ranga a sholáthar do mhúinteoirí. Beidh plé maidir leis na comhpháirteanna riachtanacha sa phroiseas-dráma ann mar aon leis na slite trínar féidir iad seo a ionchorprú i ngníomhaíochtaí praiticiúla drámaíochta.

Tosaíonn an roinn le creat an phrionsabail ar chóir gach gníomhaíocht phróiseas-drámaíochta a bhunú air ar fud na scoile; cothú an chlaonta spontáinigh sa pháiste le haghaidh súgartha cur i gcéill, agus a chaomhnadh mar eispéireas comhlíonta de ghníomhaíocht drámaíochta tríd an mbunscoil ar fad.

Déantar machnamh ar chomhpháirteanna riachtanacha an phróisis-drámaíochta ansin. Is iad seo:

  • snáithaonaid an churaclaim (a gcreat leagtha amach cheana i Roinn 2, lch. 9-13)
  • na trí réamhriachtanas chun próiseas-drámaíocht a chumadh
  • ocht ngné na drámaíochta.

Pléitear go mion conas mar a chuidíonn gach ceann díobh seo le struchtúr agus dinimic na drámaíochta praiticiúla agus conas mar a léiritear le samplaí iad

  • i gcur chuige praiticiúil bunúsach i leith drámaíochta sa seomra ranga
  • i gcur síos ar chúig ghníomhaíocht drámaíochta a raibh dea-thoradh orthu le grúpaí difriúla páistí.

Ceaptar go mbeidh an cur síos seo ar ghníomhaíochtaí drámaíochta fíorúsáideach do mhúinteoirí. Ní hamháin go dtugtar mionchuntas orthu le tráchtaireacht faoina struchtúr, spriocanna foghlama agus modhanna teagaisc ach déantar anailís orthu maidir lena mbainteacht leis na cuspóirí ábhair sa churaclam. Mar sin bunaítear an roinn iomlán seo de na treoirlínte do mhúinteoirí ar an struchtúr seo a leanas:

Cur chuige agus modhanna múinte

Ó shúgradh cur i gcéill go próiseas-drámaíocht

Bíonn an téacs drámaíochta is simplí le haithint i súgradh cur i gcéill an pháiste, agus is féidir an gaol idir é agus oideachas a thabhairt faoi deara sa sampla seo a leanas.

Tá súgradh tí ar siúl ag beirt pháistí. I gcomhar lena chéile tá an t-imshaol iompaithe ina achar siombalach acu: tá an timpeallacht athraithe sa mhéid go seasann sí do rud éigin eile. Soláthraíonn sí comhthéacs siombalach dóibh chun gníomhartha siombalacha a thriail agus chun teacht ar thátail maidir le réaltacht agus leis an gciall atá léi.

Réaltacht -- an comhthéacs réalaíoch, na fíordhaoine inti, agus a gcuid gníomhartha realaíocha: níl tuiscint iomlán acu orthu seo agus níl smacht acu orthu, mar sin cruthaíonn siad saol cur i gcéill ina bhfuil na tosca, na daoine agus na heachtraí ann faoi réir ag a gcumas bainisteoireachta fein. Sa tslí seo, tríd an saol siombalach, is féidir leo iniúchadh a dhéanamh ar an saol réadach, agus iarracht a dhéanamh ar é a thuiscint. Is í seo an tslí atá ag an bpáiste réamhscoile chun tuiscint a aimsiú agus ciall a bhaint as eispéireas, as an timpeallacht agus an saol.

Ní chuirtear an téacs drámaíochta seo 'i láthair' d'aon lucht éisteachta seachtrach, agus ní bhraitheann an fhoghlaim a ghnóthaítear as ar a chur i láthair. Is í freagairt phearsanta na bpáistí ar an méid atá ag titim amach sa drámaíocht, fiú de réir mar a fhorbraíonn sé, an ghníomhaíocht foghlama inti féin, agus is céim ar aghaidh í go torthaí eile foghlama. Is iad na tréithe is soiléire den súgradh cur i gcéill ná:

  • bheith toilteanach a chreidiúint go bhfuil an tsiombail 'réalaíoch'
  • dáiríreacht i nglacadh le rólanna agus in imirt carachtar
  • glacadh le hiarmhairtí ficseanacha an dráma
  • flosc chun iniúchadh a dhéanamh. Imreoidh páistí óga gan amhras, agus iad dall ar na gnéithe seo, ach tá na gnéithe sin ar chuid díobh siúd riachtanach d'fhoghlaim trí dhrámaíocht.

Tá an cumas chun súgartha ar an mbealach seo ina lán-neart sa pháiste réamhscoile, agus d'fhéadfadh go rachadh sé i léig de réir a chéile ag tuairim is cúig bliana d'aois, cé gur féidir an claonadh seo a thabhairt faoi deara go furasta i bpáistí níos sine sa chlós agus ar an tsráid, mar shampla nuair a dhéanann siad aithris ar phíosaí ficsin bunaithe ar charachtair sna scannáin nó ar an teilifís. Is foirm níos comhfhiosaí agus níos sofaisticiúla de shúgradh cur i gcéill í drámaíocht oideachasúil. Tá a buntréithe mar an gcéanna leo sin thuasluaite. Tá mar chúram ag an gcéad aidhm ábhair i ngach snáithe den churaclam contanam a bhunú ó shúgradh cur i gcéill go dtí drámaíocht agus tréithe is buntáistí foghlama an tsúgartha cur i gcéill maidir le heispéireas an pháiste ar dhrámaíocht oideachasúil ar fud na bunscoile a chaomhnú.

Toisc go dtosaíonn an claonadh nádúrtha chun súgartha cur i gcéill ag dul i léig, tá sé riachtanach go gcuirfidh cur chuige comhsheasmhach i leith na drámaíochta sa churaclam deis ar fáil do pháistí ar na saintréithe inti a úsáid chun leas a bhaint as na buntáistí oideachasúla a chuireann sí ar fáil. Sa chruth is simplí, is é a bheadh i gceist anseo ná an múinteoir ag moladh suímh agus carachtar áirithe do na páistí, agus á spreagadh
trí rólghlacadh a dhéanamh ar na carachtair chun iniúchadh a dhéanamh ar cad a thitfeadh amach. D'fhéadfadh an múinteoir a rá, 'Tá an banphrionsa á coinneáil sa chaisleán, agus is mian leatsa í a tharrtháil. Bain triail as slite difriúla trína bhféadfá a áiteamh ar an bhfairtheoir tú a scaoileadh isteach'. Bheadh mar bhunbhrí leis an ngníomhaíocht go nglacfadh na páistí leis an bhficsean agus go leanfadh siad iarmhairtí na drámaíochta pé treo a ghlacann an dráma féin. Tá an coincheap seo, glacadh leis na hiarmhairtí san fhicsean, mar aon le gníomhartha agus freagairt na gcarachtar, antábhachtach, mar a fheicfear níos déanaí. Is iad príomhghnéithe na gníomhaíochta, mar sin, ná:

  • suíomh ina mbunaítear carachtair ar leith
  • dráma a chruthú, trí theanga agus aicsean, ina ndéanann páistí iniúchadh ar réitigh agus iarmhairtí féideartha atá nádúrtha sa suíomh sin.

Is gné den drámaíocht í gníomhaíocht fhisiceachSin a bhfuil sa bhunaonad, an bloc tógála san eispéireas drámaíochta, agus braitheann a éifeacht ar spéis is ar dhíograis na bpáistí. Má ghlacann na páistí leis an bhficsean, agus má tá siad sásta na hiarmhairtí ar ghníomhartha is ar fhreagairt na gcarachtar a leanúint, is féidir leis ní hamháin bheith taitneamhach ach bheith luachmhar mar eispéireas foghlama. Mar sin féin ní féidir a acmhainn le haghaidh foghlama a chur i gcrích go hiomlán murar eol don mhúinteoir conas radharc a thógáil ar radharc ar mhaithe le torthaí inmhianaithe foghlama a ghnóthú. Chun an méid seo a bhaint amach, ní mór don mhúinteoir bheith igcónaí aireach go bhfuil gach dráma, pé acu sa seomra ranga é nó san
amharclann, bunaithe ar iniúchadh ar an saol (cad a tharlódh dá ...?). Mar atá i ngach gníomhaíocht chruthaitheach treoraíonn fiosracht, imfhios nó loighic roghnú na dtaiscéalta atá le déanamh, agus braitear go minic go mbíonn an fhírinne nó oiriúnacht na dtátal i gceart, ar bhonn aeistéitiúil, fiú amháin sular féidir í a chomhshamhlú go loighciúil.

Ar fud speictream iomláin na drámaíochta, is féidir raon a bheith sna téacsanna, ó thaobh scála agus castachta ábhair, ag síneadh ó thobchumadh simplí sa seomra ranga go dráma de chuid Shakespeare, agus tá an luach siamsa i dtéacs ina ghné thábhachtach i spreagadh agus i gcumadh na freagartha. Sa phróiseasdráma nó dráma sa seomra ranga cruthaítear 'dráma' ar mhaithe leo siúd atá páirteach ann, agus eascraíonn gné an tsiamsa as an sult a thagann le páirtíocht -- an sult céanna a fhaigheann an páiste as a d(h)ráma cur i gcéill.

Na réamhriachtanais chun drámaíocht a dhéanamh

Comhshnaidhmeann an cuntas thuas ar an mbunaonad, an bloc tógála, in eispéireas na drámaíochta, na trí réamhriachtanas chun próiseasdrámaíochta a dhéanamh sa seomra ranga. Is iad sin:

  • ábhar
  • an lionsa ficseanach
  • timpeallacht shábháilte a chruthú sa seomra ranga.

Soláthraíonn an chéad dá cheann, ábhar agus an lionsa ficseanach, an cur chuige, an tslí isteach i ngníomhaíocht drámaíochta sa seomra ranga. Tá an tríú ceann, timpeallacht shábháilte, riachtanach amach is amach má tá rath i ndán don drámaíocht.

Ábhar

Bíonn ábhar na drámaíochta bunaithe i gcónaí ar ghné éigin den saol. Tá a bhunábhar mar theaglaim

  • d'ábhar a raibh taithí air, a samhlaíodh nó ar léadh faoi
  • de ghnéithe den saol ón am atá thart, ón am i láthair nó sa todhchaí fhéideartha a spreagfaidh fiosracht na bpáistí
  • de riachtanais, cúraimí agus ábhair bhuartha na bpáistí
  • de shaincheisteanna, mar chaidrimh ba mhian leis an múinteoir a iniúchadh trí dhrámaíocht
  • d'ábhar curaclaim, ar féidir le drámaíocht a léirmhíniú, agus ar gá an ghné dhaonna de a iniúchadh go gníomhach, b'fhéidir.

Seolfaidh an múinteoir na páistí i dtreo an ábhair, a thabharfaidh treoir chuig saincheisteanna, téamaí agus eolas a cheaptar a bheith tábhachtach do na daltaí ag a leibhéal ar leith forbartha. Ag an tús ba chóir go gcuideodh an t-ábhar seo le páistí óga
teacht ar chomhréiteach agus ar thuiscint faoina bhfaitíos, a n-imní agus a gcorraitheacht i saol nua atá mór, dainséarach agus iontach. Beidh sé i gceist ann cabhrú leis an bpáiste déileáil leis an ngarshaol sa bhaile agus ar scoil agus caidrimh a fhorbairt laistigh de. Ba chóir freisin go gcuideodh an t-ábhar i leathnú eolas an pháiste d'fhonn tuiscint a fháil ar an bpobal go forleathan agus ar an saol mór, agus na scileanna a bheidh de dhíth air/uirthi a fhorbairt chun dul in oiriúint don saol sin agus é a chomhshamhlú.

De réir mar a fhásann an páiste beidh an múinteoir eolach ar na riachtanais phearsanta agus shóisialta ar leith atá ag forbairt ann/inti. Ba chóir go bhfreastalódh téamaí drámaíochta, gníomhaíochtaí agus saincheisteanna atá le hiniúchadh ar an méid seo, agus cabhair a thabhairt don pháiste déileáil le deacrachtaí pearsanta agus sóisialta trí sheasamh siar uathu sula n-éiríonn sé/sí cleachtach iontu. Úsáidfear ábhar na drámaíochta freisin chun cuidiú le agus spreagadh a thabhairt i bhfoghlaim ábhair churaclaim atá oiriúnach.

De réir mar a aibíonn an páiste forbraíonn sé/sí coincheap éigin faoin tionchar a bhí ag am ar an domhan seo. Is féidir le hábhar na drámaíochta cuidiú leis/léi chun breathnú ar stair mar chontanam de ghníomhaíocht dhaonna ar mhair daoine tríd, agus imeachtaí an ama i láthair a fheiceáil mar fhórsa ag brú ar aghaidh go dtí todhchaí ar féidir fós dul i gcion uirthi. Is féidir leis an bpáiste éirí feasach faoi ghné dhaonna an eolais ina iomláine, agus is féidir drámaíocht a úsáid chun comhcheangal a dhéanamh idir eispéireas an pháiste agus an t-eolas nua seo, agus sa tslí sin taighde a spreagadh ar achair ábhartha eolais. Is féidir freisin déileáil le fadhbanna pearsanta agus sóisialta mar bhulaíocht agus fhulangacht atá ag tosú ar iad féin a léiriú.

Faoin am a sroicheann an páiste na ranganna sinsearacha is féidir drámaíocht a úsáid chun fíricí a mheabhrú agus, trí úsáid scripte, cur i gcéill maidir le fíorimeachtaí a bhunú. Níor cheart script a úsáid ach go tíosach, agus fiú ansin i gcomhcheangal le dea chleachtas drámaíochta amháin. Is féidir leis an drámaíocht dul i gcion go láidir ar leathnú stór focal na bpáistí freisin agus ar mhúineadh scileanna sainiúla teanga. Mar sin féin níor mhiste a mheabhrú, pé acu an bpléann sé le hábhar as achair eile an churaclaim nó le hábhar a bhfuil ábharthacht ar leith aige le grúpa áirithe páistí, gur chóir go dtabharfadh drámaíocht daoine i dtreo na tuisceana agus chuig foilsiú patrúin agus brí i gcónaí

Roghnú ábhair

Agus ábhar á roghnú, ba chóir don mhúinteoir roinnt cúinsí a ghlacadh mar stiúir, agus baint acu go léir le mianach ar leith an eispéiris foghlama a chuireann sí ar fáil. Ba chóir go gcuideodh ábhar drámaíochta chun

  • fiosracht faoi eolas a chothú sna páistí
  • scileanna taighde a spreagadh agus cuidiú leo, agus ionad an fhiosrúcháin phearsanta thaispeáint go gníomhach maidir le sealbhú eolais
  • an gaol idir dúil chun rud éigin a fháil amach agus an cumas chun an t-eolas sin a shealbhú a thaispeáint don pháiste
  • an páiste a chur ar an eolas faoin ngné dhaonna atá ina cuid dhílis den eolas ina iomláine
  • tuiscint an pháiste ar thopaicí is ar théamaí na beatha a mhéadú
  • imfhios a thabhairt don pháiste i ngnéithe den saol atá ríthábhachtach dá f(h)orbairt
  • eolas a chur i gcomparáid le heispéireas
  • cuidiú leis an bpáiste trí na céadfaí go léir a tharraingt isteach, agus trí eispéireas iomlán coirp, an chuimhne a fhorbairt, agus go mór mór an fhadchuimhne maidir le fíricí agus sonraí.

An lionsa ficseanach

Nuair a bhíonn an t-ábhar roghnaithe, scrúdaítear é trí mheán an lionsa fhicseanaigh. Is é seo an bealach ina n-aistrítear an t-ábhar ina scéal. Tá ciall dhúbailte leis an gceist 'Cad é an scéal?' agus is é sin 'Cad é an fíorshuíomh?' agus 'Cad é an ficsean?' Breathnaíodh riamh ar chumadh plota (sraith d'imeachtaí) agus ar théama (fócas ar mhachnamh ar eisint is ar phatrún), ó mhiotas go finscéal go Shakespeare go sraithscéal teilifíse, mar shlí dhlistineach chun réaltacht a thuiscint. Mar shampla, d'fhéadfaí saincheist na bulaíochta a scrúdú trí fhicsean a chumadh faoi bhuachaill agus a mhadra, a chairde, a thuismitheoirí, a gcineáltacht agus a gcruálacht. Tabharfaidh scéalaíocht den saghas seo deis don pháiste a bhfuil claonadh chun bulaíochta ann/inti, chomh maith leis na páistí úd a bhfuil bulaíocht fulaingthe acu, ar ionannú a dhéanamh leis an mbuachaill ficseanach atá ag fulaingt bulaíochta, agus na saincheisteanna atá i gceist a scrúdú, gan an chosaint phearsanta a dhéanamh a bheadh riachtanach dá dtabharfaí go díreach faoin ábhar. Coinníonn lionsa an fhicsin an tsaincheist fada go leor amach chun gur féidir leis na rannpháirtithe í a láimhseáil le braistint sábháilteachta, ach ag an am céanna í a chur i láthair ar chaoi a mbíonn na gnéithe riachtanacha intí soiléir. Mura mbeadh anseo ach scéal a léadh, d'fhéadfadh duine éigin, a raibh bulaíocht déanta aige/aici rogha a dhéanamh éirí as an díospóireacht, agus dá thoradh sin as plé gníomhach ar na saincheisteanna. Tá an modh gníomhach spraíúil dearfach ina gcruthaíonn drámaíocht scéalta ina bhaoite a tharraingíonn an uile dhuine isteach i rannpháirtíocht.

Sna ranganna naíonán agus sna ranganna sóisearacha, is iad na scéalta agus na himeachtaí ficseanacha an lionsa ficseanach trína ndéantar idirghabháil leis an ábhar, na scéalta faoi ainmhithe, bhréagáin, aithreacha, mháithreacha, thurais simplí, stopanna bus agus claochlaithe eile ficseanacha go léir a thugann deis don pháiste triail a bhaint, go sábháilte, as suímh a dtagtar trasna orthu san fhíorshaol. Níos déanaí, nuair nach mbeidh faitíos a thuilleadh ar an bpáiste roimh fhantaisíocht ná fhinscéalaíocht, is féidir iad seo a chur leis an bhficsean atá in úsáid. Ó na meánranganna ar aghaidh, bainfear úsáid níos leithne fós as fíorscéalta ón stair nó ó chúrsaí reatha (a bhíodh in úsáid i gcónaí ón tús). Ag an gcéim seo tá sé tábhachtach go dtugann cumadóireacht ar leith an eachtra dhrámatúil deis don pháiste, ar pháirt a ghabháil sa drámaíocht gan bheith teoranta do léiriú lom ar na fíorais.

Faoin am a sroicheann siad rang 6, ba chóir go mbeadh tús tuisceana curtha ag na páistí ar an ngaol riachtanach atá ag drámaíocht leis an saol, agus ba cheart go mbeadh an bonn leagtha síos le haghaidh roghnú dea-eolach ar ghníomhaíocht shuntasach. Ba cheart freisin go mbraithfeadh páistí conas mar a ghníomhódh genres difriúla (tragóideach, coiméideach, áiféiseach) mar lionsaí idirdhealaithe ar an réaltacht. Tabharfaidh sé seo treoir dóibh chun léirthuiscint bharántúil a fháil ar litríocht dhrámatúil mar mhacasamhail le haghaidh gníomhaíochta drámatúla. Is féidir, go mór mór sna ranganna sinsearacha, ficsin atá ann cheana, mar scéalta, dánta, scripteanna nó físeáin léirithe, a úsáid mar réamhthéacsanna, agus mar sin ábhair a sholáthar a bhfuil idirghabháil déanta ina leith tríd an lionsa ficseanach ag an scríbhneoir nó ag an stiúrthóir.

Ní mór a thuiscint áfach, go bhfuil cumadh scéalaíochta i gceist i bpróiseas na drámaíochta agus gur mó ná léiriú ar scéalta bunaithe é. Cé gur féidir le scéalta, drámaí srl. atá ann cuidiú leis an múinteoir chun teacht ar an lionsa ficseanach atá in oiriúint dá rang, ba cheart athchumadh a dhéanamh ar ábhar atá ann i gcónaí chun riachtanais grúpa ar leith páistí agus cuspóirí oideachasúla an mhúinteora a chur le chéile. Tógfaidh na páistí na carachtair isteach i suímh nua, aimseoidh siad aincheisteanna nua, triailfidh siad réitigh eile, agus tabharfaidh siad focail agus beatha nua dóibh de réir mar a leanann siad ábharthacht na gcarachtar i leith riachtanais agus cúraimí a n-óige féin.

Is féidir le heispéireas an chur chuige i leith drámaíochta, trí raon leathan de lionsaí ficseanacha, cabhrú le forbairt ar aireachtáil na bpáistí maidir leis an ngaol atá ag drámaíocht, ina cruthanna uile, leis an saol. Agus lionsa oiriúnach ficseanach á roghnú ba cheart go bhféachfadh an múinteoir chuige go gcuirfeadh sé ar chumas na bpáistí

  • bun-nádúr ficsin a thuiscint trí rannpháirtíocht ghníomhach, mar aon leis an ngaol idir plota agus teáma
  • an gaol faoi leith atá ag drámaíocht leis an saol a thuiscint, agus sa tslí sin bunús a chruthú le haghaidh dearcaidh dhea-eolaigh, chriticiúil sa staidéar ar gach téacs drámatúil ar stáitse na drámaíochta, san amharclann, sa phictiúrlann nó ar an teilifís
  • nádúr na litríochta drámatúla a thuiscint agus mar a iarrann sí ar an rannpháirtí téacsanna drámatúla a chruthú a shoiléiríonn an aois inar scríobhadh an dráma agus ag an am céanna a aimsíonn gaol leis na cúraimí uilíocha a bheadh bainteach leis an am i láthair
  • ionad miotais, finscéalaíochta agus drámaíochta i bhforbairt mhorálta, chultúrtha, aeistéitiúla agus spioradálta daoine a thuiscint
  • ionad siombaile agus comhartha in iniúchadh na réaltachta a thuiscint.

Cruthú timpeallachta sábháilte

Braitheann cumadh drámaíochta ar ghabháil isteach i saol na drámaíochta leis an oiread dáiríreachta, údarachta agus spontáineachta agus is féidir. Beidh méid na spontáineachta i gcomhréir díreach leis an tsábháilteacht mhothúchánach agus fhisiceach a mhothaíonn an páiste. D'fhéadfadh neamhdhaingne éirí as meon an pháiste, as a c(h)úlra teaghlaigh, as caidrimh shóisialta sa rang, nó as cé chomh sábháilte ina m(h)othúcháin a bhraitheann sé/sí i gcomhluadar an mhúinteora. Is féidir leis an múinteoir tabhairt faoi na fadhbanna seo go díreach sa rang drámaíochta trí fhicsin a chruthú a dhéanfaidh iniúchadh ar shaincheisteanna mar chothroime idir fir agus mná, féinmheas, luach a chur ar dhifríochtaí, agus glacadh le freagracht nó dearcadh dearfa a fhorbairt i leith réiteach fadhbanna. Mar sin féin ní aimseoidh sé/sí obair fhíorspontáineach agus machnamh úrnua ón rang mura gcothaítear an dearcadh seo de shíor ag leibhéal praiticiúil sa cheacht drámaíochta.

Beidh leibhéal na spontáineachta i gcomhréir leis an tsábháilteacht mhothúchánach agus fhisiceach a mhothaíonn an páisteÓs rud é go bhfuil riachtanais dhifriúla mhothúchánacha agus fhisiceacha ag páistí, beidh béimeanna difriúla sa phróiseas i ranganna difriúla agus le grúpaí difriúla páistí. Ós rud é go mbíonn páistí óga an-fhisiceach agus gan srian de ghnáth ina gcuid súgartha, is féidir a rá go mbíonn cuid mhaith de na scileanna sóisialta atá agteastáil le haghaidh oibre i ngrúpaí beaga gan fhorbairt i gcoitinne. D'fhéadfadh an páiste mar sin a mhothú go bhfuil sé/sí faoi bhagairt ag na suímh shóisialta i ndrámaíocht le grúpaí beaga. Ina theannta sin, ós rud é go mbíonn roinnt dearcrachta fós ag an bpáiste idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus réaltacht, agus os rud é go dtrasnaíonn drámaíocht an teorainn seo go nádúrtha, tharlódh gombeadh ar an múinteoir cuidiú leis an bpáiste an difríocht seo a thuiscint uaireanta.

In am agus i dtráth cuirfidh scileanna sóisialta atá ag forbairt, ar chumas an pháiste páirt a ghlacadh go suaimhneach i ngrúpaí beaga ag obair go comhuaineach gan mothú bagartha. Mar sin féin ba cheart go gcuirfí abhaile ar pháistí nár chóir d'aon pháiste, san fhíorchomhthéacs sóisialta, duine eile a ghortú go fisiceach, go mothúchánach nó go hintleachtúil.

Ag pleanáil cad a dhéanfaimidRachaidh an mhian láidir nádúrtha sa chur i gcéill i léig de réir mar a ghluaiseann an páiste ar aghaidh trí na ranganna naíonán agus na ranganna sóisearacha. Tá sé tábhachtach go gcruthóidh an múinteoir comhthéacsanna beo gríosaitheacha a choimeádfaidh an claonadh le cur i gcéill beo i rith na tréimhse seo d'fhorbairt an pháiste. Muna ndéanann sé/sí é sin sroichfidh an páiste an chéim ina m(h)achnamh nach bhfuil sa chur i gcéill agus drámaíocht ach amaidí agus as seo eascróidh eagla roimh 'amadán a dhéanamh díom féin' 'nó 'staicín áiféise a dhéanamh díom féin' trí bheith páirteach sa dráma. Is féidir leis an múinteoir é/í féin, mar rannpháirtí sa dráma (múinteoir sa ról), an-chabhair a thabhairt chun an dearcadh seo a dhíbirt.

Ag an gcéim seo freisin, is féidir go dtosóidh páistí ar scileanna drámaíochta a mheascadh le taispeántas. Cuireann sé seo lagmhisneach ar na páistí is mó atá indírithe iontu féin agus ag an amcéanna stiúrann sé na heisdíritheoirí ar strae ó rannpháirtíocht dháiríre sa drámaíocht agus aon mhachnamh úsáideach uirthi araon. Ag an tráth seo tosóidh páistí freisin ar shábháilteacht a lorg i gcoiméide. Níor chóir beaguchtacht a chothú ina leith seo. A mhalairt ar fad: ba chóir go gcuirfeadh sé an múinteoir ar a (h)aire faoin ngá atá le breis sábháilteachta fós má táthar chun mothúcháin a iniúchadh leis an bhfírinne atá tuillte acu agus leis an doimhne atá de dhíth ar na páistí. Ba chóir freisin go gcuirfeadh sé ar a s(h)úile don mhúinteoir gur féidir genre na coiméide a úsáid go héifeachtach chun topaicí agus ábhair thábhachtacha a iniúchadh.

Líníocht pháistí ar an gcoimhlint ag éirí as an drámaíochtDe réir mar a aibíonn páistí is féidir obair i ngrúpaí beaga a úsáid go héifeachtach chun buachaillí agus cailíní a chur i dtaithí ar chomhoibriú agus ar idéanna is moltaí a roinnt ar a chéile. Tá an malartú seo ríthábhachtach san fhorbairt chun ógántachta. Tharlódh go mbeadh brú ó phiaraí agus bulaíocht mar chuid d'eispéireas na bpáistí freisin ag an
gcéim seo. Feicfidh an múinteoir géarchúiseach léiriú ar an gclaonadh seo sa rang drámaíochta, agus is féidir leis déileáil leis ar bhealach neambhreithiúnach. Ba chóir go bhfásfadh atmaisféar sláintiúil as seo inar féidir leis an bpáiste taithí a fháil
ar chaidreamh oscailte le breis is an beagán tofa sa rang, agus feabhsóidh sé seo ann féin mianach na drámaíochta.

Tá cruthú timpeallacht drámaíochta sábháilte bainteach go speisialta le forbairt idirphearsanta agus inphearsanta, agus is fiú a aithint cad é atá le bronnadh ag drámaíocht ar gach achar díobh seo.

Forbairt inphearsanta

Is féidir le drámaíocht cabhrú leis an bpáiste

  • a c(h)uid iompraíochta a thuiscint agus a mhaolú
  • éirí níos spontáiní agus níos féinmhuiníní ina c(h)uid teagmhála le daoine eile
  • mothú maidir lena (h)uathúlacht féin a chothú ar bhealach praiticiúil agus, mar thoradh treallús dearfa a fhorbairt mar bhonn chun coimhlintagus réiteach ar fhadhbanna a lámhseáil
  • luach a chur ar a c(h)uid cumais agus infheidhmeachta féin
  • tuiscint a ghnóthú agus teacht chun réitigh, ag leibhéal an-phraiticiúil, le haon mhíbhuntáiste a fhásann as timpeallacht an pháiste
  • gnéithe dearfa is diúltacha sna mothúcháin a aithint mar aon lena dtábhacht ina s(h aol
  • teacht chun réitigh le gnéithe oiriúnacha dá c(h)uid fáis agus forbartha.

Forbairt idirphearsanta agus sóisialta

Is féidir le drámaíocht cabhrú leis an bpáiste

  • iontaoibh, meas agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile sa ghrúpa, i dtreo is go leagfar síos bonn le haghaidh comhoibrithe i gcumadh drámaíochta
  • oscailteacht a mhothú le daoine eile agus féin-nochtadh agus féin-chur in iúl a chleachtadh gan eagla
  • meas agus fonn caomhnaithe a bheith aige/aici i leith na ndifríochtaí idir dhaoine
  • a bheith compordach agus in ann ciall a chur in iúl le teanga labhartha agus neamhlabhartha araon
  • atmaisféar a mhothú agus a chruthú inar féidir idéanna, agus mothúcháin a chur in iúl, coimhlint a láimhseáil go dearfa agus suímh na beatha a iniúchadh go hoscailte is go macánta
  • caidreamh oscailte sláintiúil a mhothú le baill uile an ranga seachas leis an mbeagán atá tofa nó leithleasach.

Gnéithe na drámaíochta

Tá roinnt tréithe sainiúla ag an drámaíocht. Is iad seo gnéithe na drámaíochta. Is iad a leagann síos struchtúr an chrutha dhrámatúil, agus tugann siad a modh sainiúil léirithe
don drámaíocht. Tá siad gach pioc chomh hábhartha do phróiseasdrámaíocht sa seomra ranga is mar atá do chorpas na hamharclainne domhanda. Is iad seo a leanas gnéithe na drámaíochta:

  • creideamh
  • ról agus carachtar
  • aicsean
  • am
  • suíomh
  • teannas
  • suntas
  • genre

Is léiriú ar a dtábhacht sa churaclam go ndéantar freastal dlúth orthu sna cuspóirí indibhidiúla ábhair sa snáithaonad 'Iniúchadh agus déanamh drámaíochta'. Tá dlúthghaol ag an gcéad dá réamhriachtanas i ndéanamh próiseas-drámaíochta -- ábhar agus an lionsa ficseanach -- leis na gnéithe, agus ag an am céanna tá cruthú timpeallachta sábháilte ina tháthchuid riachtanach i ndrámaíocht uile an tseomra ranga.

An gaol idir ghnéithe na drámaíochta

An gaol idir ghnéithe na drámaíochta

Creideamh

Tá gné an chreidimh i ndrámaíocht, mar atá sa litríocht ar fad, fréamhaithe san fhírinne shamhlaíoch. Freastalaíonn saol na samhlaíochta ar líon do-áirimh na bhféidearthachtaí daonna a luíonn thar acmhainn an ghnátheispéiris laethúil, agus fiú thar eispéireas saoil. Is féidir linn na féidearthachtaí seo a iniúchadh trí thuairimíocht a dhéanamh fúthu agus ár ndearcadh ar an saol mór a leathnú. Chuige seo ní mór dúinn glacadh le bailíocht na fírinne atá á tairiscint ag an tsamhlaíocht agus leis an muinín atá againn ina chumas chun an t-eispéireas daonna a shaibhriú.

Is í an scéalaíocht bunchloch na drámaíochta, cruthú domhain fhicseanaigh, ina maireann carachtair áirithe trí iarmhairtí suímh ar leith. San amharclann forbraítear na carachtair agus an suíomh, mar is dual i script dráma ina gcuireann an stiúrthóir agus na haisteoirí 'beocht' ar an stáitse i rith taispeántais i láthair lucht éisteachta. Is ficsean é téacs an dráma atá curtha le chéile ag an údar, agus luíonn gné an chreidimh sa chéad áit i dtuairim láidir an údair gur tógáil dhrámatúil é, a léiríonn, nó a labhraíonn faoi, nó a thugann brí do ghné éigin den bheatha dhaonna pé acu an an ndéantar go réalaíoch nó go meafarach é. Tá creideamh riachtanach freisin nuair a ghlacann an stiúrthóir agus na haisteoirí le hinsint an údair ar an saol ficseanach, agus nuair a dhéanann siad iarracht beatha a chur ann ar an stáitse. I rith an taispeántais aontaíonn an lucht éisteachta, trí ghlacadh le coinníollacha agus loighic an dráma, leis an bhficsean, agus comhlánann siad an ciorcal creidimh. Tá lárnacht gné an chreidimh sa dráma chomh hábhartha céanna i sraithscéal teilifíse is atá i dtraigéide Ghréagach.

Maidir le drámaíocht ar scoil, is in iontaoibh an pháiste agus ina c(h)ompord le súgradh cur i gcéill is mó atá creideamh an pháiste le tabhairt faoi deara. Is é mianach an chreidimh seo ar mian leis an gcuraclam drámaíochta a chothú agus a chaomhnú i rith réim an pháiste ar scoil. Beidh tionchar nach beag ag a c(h)umas chun dul isteach i saol na samhlaíochta trí ghlacadh le ficsean an dráma ar fheabhas a (h)eispéiris drámaíochta agus ar an eispéireas foghlama a bheidh mar thoradh air.

Sa ghnáthdhrámaíocht tá sé mar nós go nglacann daoine páirt i bpróiseas chun téacsanna léirithe a dhéanamh leis an gcuspóir go gcomhlíonfaí ceann de na trí fheidhm seo a leanas:

  • an t-aisteoir: ag déanamh aithrise ar iompraíocht bheatha go dtí go n-éiríonn leis/léi géilleadh don fhicsean agus é/í féin a iompar amhail is dá mbeadh sé/sí ag maireachtáil sa nóiméad eiseach ficseanach
  • an stiúrthóir: ag cinntiú go bhfuil léiriú na beatha go cruinn agus go ndéanann sé ciall don chluas agus don tsúil
  • an t-údar: ag tochailt le haghaidh brí agus ag cur tús le nóiméid drámaíochta a d'fhéadfadh dul i dtreo tuisceana a d'fhéadfadh bheith suntasach.

Sa phróiseas-drámaíocht tugtar faoi na trí fheidhm go léir le chéile chun go mbeadh an múinteoir ag imirt i ról agus go bhféadfadh na páistí léirmhíniú a dhéanamh ar an méid a thagann as pictiúr neamhbheo nó radharc nó a mholadh cár cheart don dráma dul sa chéad chéim eile. Méadaítear ar chreideamh sa saol drámaíochta tríd an rannpháirtíocht éasca seo agus forbraíonn drámaíocht saol dá cuid féin as ar féidir linn hipitéisiú faoin saol réadach a bhunú dúinn féin.

Ról agus carachtar

Sna céimeanna tosaigh i nglacadh le carachtair sa dráma ní dhéanfaidh an páiste aon rud thar ról a ghlacadh chuige féin. I nGníomhaíocht drámaíochta 2 (lch 70), glacann an páiste le ról an aoire gan eolas ar bith aige/aici ar an dóigh ina ngníomhaíonn an t-aoire aonair. Trí ghlacadh leis an ról tá sé/sí ag rá, dáiríre, 'Dá mba aoire mé is mar seo a iompróinn mé féin sa suíomh seo'. Is leor seo lena chur ar chumas an pháiste bheith páirteach sa dráma. De réir mar a théann sé/sí ar aghaidh, áfach, tiocfaidh sé/sí ar thuiscint faoi mar a smaoiníonn an t-aoire, faoin aoire san am atá thart, faoina uaillmhianta, faoina dhearcadh ar an saol. De réir mar a théann an páiste ar aghaidh chun eolas a ghiniúint agus a chnuasach faoin aoire, bíonn sé/sí gafa i gcarachtracht, ar próiseas é chun glacadh chuige/chuici féin chomhdhéanamh fisiceach, mothúchánach agus intleachtúil an charachtair fhicseanaigh. Tá mar bhuntáiste le carachtracht go bhfoghlaimíonn an páiste conas breathnú ar shaol na drámaíochta ó dhearcadh duine éigin eile seachas uaidh/uaithi féin. Cothaíonn sé seo tuiscint agus ionbhá, agus mar thoradh air cuirfidh an t ionbhá seo le cumas an pháiste tuiscint a aimsiú ar charachtair atá i gcónaí is de shíor i bhfad amach óna p(h)earsantacht féin.

Déanann páistí forbairt ar thuiscint agus ar chomhbhá de réir mar a bhogann siad ó ról a ghlacadh go carachtrachtTá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir ról a imirt agus an rud ar a dtugtar go minic rólghlacadh. Is é is rólghlacadh ann ná aithriseoireacht ar ghníomhaíocht theoranta d'fhonn nósanna agus dearcadh a chruthú agus a léiriú, mar shampla druil ar shábháilteacht bóthair nó cleachtadh a thabhairt le haghaidh eachtra atá le tarlú mar bhréag agallamh. D'fhéadfaí é a úsáid freisin chun meabhrú fíoras atá sealbhaithe cheana a dhaingniú. D'fhéadfaí rólghlacadh ar an gcomhrá idir Diarmaid Mac Murchú agus Strongbó a úsáid chuige seo. Is é atá i gceist le ról a ghlacadh i ndrámaíocht, ar an taobh eile, ná páirt a thógáil sa saol ficseanach agus cuidiú lena dhéanamh amach cad a tharlaíonn sa saol sin, chun go dtuigfear patrúin iompraíochta daonna atá taobh thiar d'eachtra ar leith.

B'fhéidir go mbeadh carachtracht -- iarracht ar thréithe, mhianta, phróisis, smaoinimh nó cháilíochtaí fisiceacha duine eile a ghabháil chugat féin -- i gceist anseo.

I súgradh cur i gcéill cruthaíonn páistí carachtair ar bhealach anspontáineach agus gan machnamh orthu. De réir mar a aibíonn siad, áfach, forbraíonn mothú níos géire indibhidiúlachta iontu mar aon le tuiscint níos grinne ar an difríocht i ndaoine eile. Is féidir le carachtracht níos comhfhiosaí tarlú ag an gcéim seo. Cuidíonn sé seo go mór le hiniúchadh ar chaidreamh, i bhforbairt an chumais chun sainréimeanna difriúla teanga a úsáid agus in úsáid modhanna neamhlabhartha chun ciall a chur in iúl.

Trí rannpháirtíocht chomhsheasmhach le héagsúlacht leathan rólanna agus charachtrachta i raon suíomh, atá spreagúil agus dúshlánach, is féidir le páistí forbairt a dhéanamh

  • ar an gcumas gabháil isteach sa chomhthéacs ficseanach go fisiceach, go hintinneach agus go mothúchánach agus comhoibriú le daoine eile in 'imirt timpeall ar' an suíomh ficseanach chun go n-aimseoidh siad na féidearthachtaí ar leith atá á gcur ar fáil aige
  • ar an ionbhá le daoine eile agus an tuiscint fúthu atá riachtanach chun ról nó carachtar a ghlacadh chucu féin
  • ar thoilteanas glacadh le freagracht.

Is féidir leis seo na tréithe pearsanta a chothú is gá chun a dheimhniú go bhfuil téacs an dráma úr agus ina léiriú fírinneach ar an mbeatha: spontáineachas, solúbthacht, scileanna briathartha agus neamhbhriathartha, scileanna comhoibrithe, tionscnamh, samhlaíocht agus cumais chruthaitheacha.

Aicsean

Eascraíonn aicsean as an idirghníomhaíocht idir carachtar agus suíomh. Sa dráma, roghnaítear carachtair agus suímh i dtreo is go dtiocfaidh coimhlintí áirithe, teannas, ceisteanna nó roghanna nár réitíodh astu. Is sa réiteach, nó iarracht ar réiteach, a dhéantar orthu seo a luíonn an t-aicsean sa dráma. Gníomhaíonn agus idirghníomhaíonn na carachtair lena chéile agus dúil acu an suíomhinar fágadh iad a réiteach. I rith an
aicsin tagann athrú agus forbairt ar an suíomh tosaigh, ficseanach, agus ag éirí as seo, tiocfaidh forbairt ar na carachtair dhifriúla. Is é bunús na drámaíochta mar sin ná, na mionathruithe a tharlaíonn i dtosca agus i ndearcadh grúpa carachtar i suíomh ar leith, agus is tríd an aicsean i rith na drámaíochta a tharlaíonn an mionathrú seo.

Eascraíonn aicsean as carachtar agus suíomhMar sin féin, tar éis dóibh páirt a ghlacadh san aicsean ní foláir do pháistí glacadh leis na hiarmhairtí drámatúla a bhaineann leis nó caillfear bailíocht agus éifeacht an dráma. B'fhéidir go mbeidh seo ag teacht trasna ar an toradh a mbeadh súil acu féin leis; ach caithfear iad a spreagadh chun 'cloí leis' an gcarachtar agus an loighic dhrámatúil a dhearbhú chun go ndeimhneofaí iomláine an dráma. Nuair a tharlaíonn sé seo, nuair a bhíonn siad gafa go hiomlán le carachtar is le haicsean sa drámaíocht, is féidir le páistí teacht ar imfhios úrnua, eolas nua a ghnóthú agustuiscint bhreise a bhaint amach. Tá gaol dílis ag aicsean sa drámaíocht le coincheap an téacs. Sa saol atá inniu ann tá forleathnú mór tagtha ar shainmhíniú ar théacs, a bhí bunaithe roimhe seo ar an bhfocal scríofa amháin, ach úsáidtear anois é chun cuntas a thabhairt ar dhráma a léirítear, ar scannán nó ar fhíseán, pé acu ficseanach nó fáisnéiseach é. Tá gaol ag úsáid an fhocail 'téacs' sa churaclam drámaíochta leis an mbrí seo. Ní chiallaíonn sé script ach ficsean léirithe, a thiteann amach ar urlár na drámaíochta. Chun téacs na drámaíochta a dhéanamh, cruthaíonn páistí saol drámaíochta agus tógann siad páirt ann, agus cruthaíonn siad gníomh ficseanach sa saol sin. Ní ghnóthaítear comhtháthú an aicsin trí aithris líneach ach trí léiriú a dhéanamh ar nóiméid roghnaithe suntasacha (radhairc), a shoiléiríonn, i gcomhar lena chéile, ábhar na drámaíochta.

Is féidir leis an múinteoir tús a chur leis an bpróiseas-drámaíochta trí réamhthéacs a thabhairt isteach -- rud, dán, scéilín, píosa scripte srl. -- a bheidh mar thúsphointe chun saol drámatúil a láinseáil ar bhealach go mbeidh ar chumas na rannpháirtithe a rólanna agus a bhfreagrachtaí a aithint agus tosú ar chomhthéacs drámatúil a thógáil le chéile a luaithe agus is féidir, ag úsáid an réamhthéacs mar chomhthéacs agus mar phreabchlár araon. Ní bheidh ról na bpáistí teorannaithe, áfach, le léiriú ar an méid atá molta ag an múinteoir:glacfaidh siad páirt freisin i gcomhar leis an múinteoir mar mhúnlaitheoirí, daoine a thugann cabhair, mar chruthaitheoirí, roghnóirí agus mar mheastóirí sa phróiseas drámaíochta.

Athróidh nádúr rannpháirtíocht an pháiste sa drámaíocht ar aon chéim lena c(h)éim forbartha. Ach, trí phleanáil agus mhachnamh cúramach ar na gnéithe eile -- creideamh, carachtar, aicsean, suíomh, am, teannas, suntas agus genre -- is féidir leis an múinteoir an t-uasmhéid páirtíochta a thabhairt don pháiste sa léiriú (i gcumadh an téacs dhrámatúil, ag aon chéim nó ag aois ar bith ina f(h)orbairt.

Am

Tarlaíonn gach aicsean drámatúil, ar nós na beatha daonna ar fad, i ndiminsiún ama. Cuireann cuspóir ábhair an churaclaim, 'Breathnaigh conas a théann an t-am ficseanach atá thart agus an todhchaí inmhianaithe fhicseanach i gcion ar ghníomhdrámatúil an ama i láthair', scáthán ar ghné an ama.

Tosaíonn dráma stáitse le carachtair áirithe i suíomh ar leith, agus bíonn sé i gceist ann go dtiocfaidh mionathrú ar na carachtair sin, agus ar an suíomh ina bhfuil siad. Is gné é an t-am go príomha sa mhéid go dtosaíonn gach ceann de na carachtair le cúlra áirithe agus gur féidir leo forbairt a ghnóthúamach anseo trí ghníomh na drámaíochta. Caomhnaítear an méid a tharlaíonn roimh an aicsean i gcuimhne fhicseanach na gcarachtar.

Tá an múinteoir agus é i ról tar éis teacht ar chuspaí mistéireachaTá siad seo ar fad sa chuimhne fhicseanach:

  • a ndearna na carachtair roimhe seo, b'fhéidir
  • na smaointe agus na mothúcháin a bhí ag na carachtair, b'fhéidir
  • gaoil a bhí idir na carachtair roimhe seo, b'fhéidir
  • áit a raibh na carachtair, b'fhéidir
  • cad a tharla do charachtar áirithe,b'fhéidir
  • cad a tharla do na carachtair eile sa dráma, b'fhéidir.

Cuimsíonn an chuimhne fhicseanach síol na carachtrachta, an bonn ar ar féidir leis an aisteoir an carachtar a fhorbairt, chun beatha iomlán fhicseanach a thabhairt dó. Má thugann an méid atá tite amach san am ficseanach atá thart cruth don charachtar mar atá sé faoi láthair, tugann am atá thart cruth freisin don todhchaí a réamhtheilgeann an carachtar agus ina bhfuil dúil aige. Tugann sé cruth freisin don bhealach inar mian leis an gcarachtar a t(h)odhchaí féin a mhúnlú. Dá thoradh seo cuireann eolas faoin gcarachtar san am atá thart ar chumas an aisteora a thomhas conas a théann an carachtar ar thóir a t(h)odhchaí san am i láthair.

Cé go bhfuil sé seo chomh fíor i bpróiseas-drámaíocht agus atá san amharclann, tá dhá dhifríocht shuntasacha eartarthu:

  • Is saoráidí leis an bpáiste páirt a ghlacadh, trí thodhchaí a shamhlú don duine a bhfuil ról bunaithe air agus atá á imirt aige/aici
  • Ní furasta do pháiste glacadh le heispéireas carachtair san am atá thart gan eispéireas mar é a bheith aige/aici féin.

I ngeall air seo is gnách i bpróiseasdrámaíocht an páiste a éascú isteach i ról trí thnúth le toradh amach anseo, agus deis a thabhairt dó/di ar theacht ar thaithí ar shaol an charachtair, de réir mar a théann an dráma ar aghaidh. Is féidir an tslí a n-oibríonn sé seo go feidhmiúil a thabhairt faoi deara in 'Cuntais ar ghníomhaíochtaí rathúla drámaíochta' (lch 64-91). I nGníomhaíocht drámaíochta 2 (lch 70) mar shampla iarrtar ar na carachtair ag an tús rogha a dhéanamh maidir lena ngar-thodhchaí: a dhul go Beithil nó gan dul. Tagann méadú ar líon na n-imeachtaí i rith an turais, agus cruthaítear am atá thart i dtreo is nuair a shroicheann siad an t-am ar deireadh chun breith a thabhairt maidir le cabhair a thabhairt do Mhuire is do Iósaef, go ndéanann siad an cinneadh sin i riocht na gcarachta atá san am atá thart agus ní ina riocht pearsanta féin.

Cuidíonn am freisin le heagar a chur ar an aicsean agus is féidir leis teorainn a chur leis an aicsean (go mór, minic go leor). Is amhlaidh a bheidh má bhraitheann nádúr an aicsin ar ghné an ama:

  • Conas is féidir linn an abhainn a thrasnú sula dtagann an namhaid i láthair?
  • Cá fhad a bheidh orainn feitheamh sula dtagann cabhair chugainn?
  • Mura sroichfimid an caisleán in am an mbeidh an banphrionsa tógtha ar shiúl?

Sa chomhthéacs seo, gan amhras, cuireann am le gné an teannais freisin.

Cé go mbíonn deacracht ag páistí uaireanta tobchumadh aonarach a choimeád ar siúl, is féidir cur ar a gcumas trí fheidhm a bhaint as sraith de léirithe, eispéireas níos faide drámaíochta a chur le chéile a thabharfaidh isteach réim níos faide ama. Nuair a thógtar céim ar chéim arna radhairc cuirtear soiléireacht ar fáil agus cuidítear le díograis do dhrámaíocht agus creideamh inti a mhéadú. Léirítear an méid seo i nGníomhaíocht drámaíochta 3, maidir le tógáil dolmain. Sa chomhthéacs seocnuasaítear líon de léirithe gairide, comhdhlúite, gaolmhara chun téacs drámaíochta a chruthú, a thiteann amach thar thréimhse leathnaithe. Ar dtús is féidir leis na radhairc a bheith fada nó gairid, ach de réir mar a fhásann siad as a chéile, cruthaítear scéal leathnaithe, agus sa tslí sin tugtar gléineacht agus ábharthacht don eispéireas ina iomláine. Cabhraíonn sé seo freisin le léirthuiscint an pháiste ar ghnéithe eile ama:

  • Athraíonn daoine thar am.
  • Athraíonn tosca agus riachtanais thar am.
  • D'fhéadfadh rud atá inmhianaithe ag am áirithe gan a bheith inmhianaithe níos déanaí.
  • Is comhpháirt dhosheachanta den saol is den stair é an t-athrú.
  • Bíonn sé riachtanach uaireanta ligean d'am imeacht chun athrú a bhaint amach.
  • Sa dráma tá an rud anaithnid mar chuid de ghné ama, agus is aisteoir trí am é eispéireas an dráma, le linn an dráma agus isteach sa suíomh anaithnid.

Suíomh

Is iad carachtar, aicsean agus am a sholáthraíonn an 'cé hé', 'cad é' agus 'cathain' i ndrámaíocht. Áiríonn gné an tsuímh an 'cén áit'. Cé go dtarlaíonn drámaíocht i ndiminsiún ama, tá láthair aici freisin: tarlaíonn sí in áit éigin. Tá dhá thréith shainiúla ag an ngné seo, suíomh, i ndrámaíocht:

  • an suíomh ina dtarlaíonn an t-aicsean ficseanach
  • an úsáid a bhaintear as fíorshuíomh nó as an spás atá ar fáil, chun an méid seo a léiriú.

Bealach amháin le machnamh ar an drámaTá comhbheith agus idirghaol an tsuímh réalaigh agus an tsuímh fhicseanaigh idir chasta agus sholúbtha araon.

Sa chiall nach maireann carachtar i bhfolús, go bhfuil am thart agus am i láthair ag carachtair, tugann a mbeith fhicseanach tagairt spásúil le tuiscint. Cár chónaigh an carachtar? Cá bhfuil an carachtar anois? Cad iad mionsonraí agus tosca na háite inar mhair agus ina maireann an carachtar?

I script do dhráma cuirfidh an t-údar an méid seo in iúl trí threoracha stáitse a chruthóidh an fhoireann agus an stiúrthóir i mbunú an dráma ar stáitse. Ní bheidh an léiriú stáitsiúil ar shuíomh ar fáil do na haisteoirí le linn cleachtaidh. B'fhéidir nach mbeidh acu ach spás folamh, a shamhlaíonn siad mar an áit ina dtarlaíonn an t-aicsean.

Is anseo a thugaimid an chosúlacht idir drámaíocht agus gné an ionaid i bpróiseas-drámaíocht faoi deara sa seomra ranga. Ar an gcaoi chéanna, nuair a mholann an múinteoir lionsa ficseanach an aicsin, is féidir go gcuirfidh sé/sí in iúl cá dtarlóidh an t-aicsean, agus bainfidh na páistí úsáid as pé spás atá ar fáil dóibh chun go samhlóidh siad mionphointí faoi spás an aicsin. Ar an taobh eile, is féidir lionsa ficseanach a chur i láthair gan aon chur in iúl oscailte ar shuíomh, agus caithfear tátal a bhaint as an suíomh ina bhfuil na carachtair caite.

Chomh maith le páistí a spreagadh chun eolas ar am thart na gcarachtar a chnuasach, de réir mar a dhéanann siad teagmháil leo sa ghníomh ba chóir freisin iad a spreagadh chun gné an ionaid ina gcónaíonn agus inar chónaigh na carachtair a shamhlú dóibh féin: conas a mhair agus a mhaireann na carachtair, agus cén áit? Cabhróidh sé seo leo doimhne agus creideamh ficseanach a thabhairt do charachtar is d'aicsean araon. Ba chóir iad a spreagadh chun pé gnéithe atá ar fáil dóibh sa spás atá in úsáid don drámaíocht a úsáid leis an oiread samhlaíochta agus is féidir.

  • Páistí ag leagan amach spáis le haghaidh drámaCé mhéad den spás ar chóir a úsáid?
  • Conas is féidir gnéithe ar leith a úsáid mar léiriú ar mhionphointí spásúla san fhicsean?
  • Conas is féidir troscán nó tacaí eile a úsáid mar léiriú ar mhionphointí ar an suíomh ficseanach?
  • Conas is féidir fuaim a úsáid chun cur le hatmaisféar is le timpeallacht an tsuímh fhicseanaigh?

Mar shampla, nuair a mholann an múinteoir, 'Caithfimid an abhainn seo a thrasnú sula dtagann saighdiúirí an rí,' d'fhéadfadh sé/sí a fhiafraí freisin

  • Cé chomh leathan is atá an abhainn?
  • Cén doimhne atá inti?
  • Cé chomh hard is atá na bruacha?
  • An bhfuil ábhair ar fáil chun rafta a thógáil?
  • Cé chomh héifeachtach is chomh fada ar féidir linn fanacht i bhfolach?

Sa tslí seo hí hamháin go rachaidh gné an ionaid i gcion ar an léiriú, ach spreagfaidh sí páistí chun gléineacht agus práinn bhreise a thabhairt di.

Teannas

Tá teannas riachtanach don drámaíocht, toisc gurb é an teannas a thiomáineann gníomh na drámaíochta ar aghaidh. Eascraíonn sé nuair a thugann carachtair aghaidh ar riachtanais, roghanna agus mianta contrártha, agus eascraíonn éiginnteacht as seo. Beidh foinse an teannais mar chuid nádúrtha de shuíomh an dráma agus i bhfreagairt na gcarachtar ina leith. Ag eascairt as an gcoimhlint maidir le riachtanais, roghanna agus mianta, is mian le carachtar amháin nó breis, nó tá ceangal air/uirthi, mian a chur in iúl, chun an aincheist a réiteach agus éalú ó na ceangail san éiginnteacht fhicseanach atá ann anois. Tiomáinfidh sé seo an t-aicsean ar aghaidh agus forbróidh sé na carachtair i dtreo na todhchaí ficseanaí.

Gan amhras, gineann sé seo ann féin breis teannais, toisc nach eol toradh an réitigh a trialadh, ná a iarmhairtí féideartha, nó ar a laghad ní féidir iad a thuar go hiomlán. Is féidir éifeacht an teannais a fheiceáil sa sampla seo a leanas.

De réir mar atá na páistí ag rámhaíocht ina mbáid phollta i dtreo an oileáin, eachtraíonn an múinteoir mar seo a leanas:

'An féidir libh an ciúnas sa bhád a mhothú? Táimid ag fanacht toisc go bhféadfadh lapadaíl maide rámha nó cogar ró-ard a chur in iúl do pé duine atá ar an gcladach go bhfuilimid anseo. Rámhaígí go ciúin, smaoinígí go ciúin, análaígí chomh ciúin agus is féidir libh. Cad é sin! Cad é! Cad as ar tháinig an tsaighead sin?'

Teannas

Bhain an múinteoir úsáid as an aicsean chun an suíomh tinneallach seo a chruthú. Ba í an fhreagairt nádúrtha i ndrámaíocht nó sa saol réadach sa chás seo ná go mbeadh anbhá orthu go léir agus go dtosóidís uile ag béiceadh, ach tá ceangal orthu sa mhéid nach mian leo a sceitheadh go bhfuil siad ann. Eascraíonn an ceangal seo agus a bhfaitíos roimh an todhchaí fhicseanach as ionramháil ar an suíomh ficseanach. Chun cur leis an teannas, tá gné an ama ann freisin. Níl moilliú mar rogha acu, mar tá a mbád pollta. Is ionramháil ama é freisin teacht na saighde, mar go dtugann sé a dtodhchaí fhéideartha isteach san am i láthair. Is ionramháil ar spás í an tsaighead chomh maith, toisc go dtugann sí réaltacht na fírinne do na páistí go bhfuil siad cóngarach don oileán, agus go gcaithfear mionathrú éigin spásúil a dhéanamh má tá siad chun éalú ó aire na muintire ar an gcladach. Eascraíonn teannas freisin as gné an charachtair, toisc go dteastóidh ó charachtair dhifriúla sa drámaíocht beartais dhifriúla gnímh nó seachanta a leanúint. Is as teaglaim de ghnéithe an aicsin, ról agus carachtar, am agus suíomh a dhíorthaíonn teannas, agus tiomáineann sé seo an t-aicsean ar aghaidh. Socróidh nádúr chomhpháirtíocht na bpáistí sa phróiseas seo an méid a chuimsítear creideamh mar chuid den chomhthéacs.

Suntas

Sainmhíniú ab fhéidir a thabhairt ar shuntas ná an ábharthacht bhunúsachatá ag píosa drámaíochta le gné éigin den saol. Chomh maith le gach iarracht ealaíonta eile, lorgaíonn drámaíocht soiléiriú, soilsiú, míniú nó athshainmhíniú a dhéanamh ar eispéireas daonna. Beidh éagsúlacht ollmhór ar mhéid is ar dhea-thoradh na hiarrachta seo, agus braithfidh siad, i measc rudaí eile, ar chuspóir an léirithe dhrámatúil áirithe. Mar sin féin, pé acu traigéide, an choiméide is éadroime nó próiseas gníomhaíochta dráma í an drámaíocht sa seomra ranga, tabharfar a ábharthacht, bíodh sí beag nó mór, don eispéireas daonna faoi deara fós.

Beidh an suntas nó an domhainbhrí seo i ndrámaíocht mar chuid den eispéireas iomlán drámatúil, ach is féidir é a chur i gcomparáid ar an mbealach is dírí le téama na drámaíochta agus an phlota, trína ndéantar athraonadh air. D'fhéadfaí cur síos ar an téama mar achoimre theibí ar cad tá ar siúl sa drámaíocht, ach ní féidir le drámaíocht suntas a aimsiú ach amháin nuair a dhéantar léiriú coincréiteach drámatúil ar an téama sin, trí charachtar, aicsean, am, suíomh agus na gnéithe eile i ndrámaíocht nuair, i bhfocail eile, a 'thagann beocht' ann i bhficsean drámatúil faoi leith.

D'fhéadfaí a rá i dtéarmaí ginearálta go bpléann an dá dhráma de chuid Shakespeare Macbeth agus Richard III le téama na huaillmhéine mar aon leis na hurchóidí a d'fhéadfadh bheith mar thoradh uirthi. Mar sin féin, tugann an dá dhráma acu míniú an-difriúil ar an mbunús, ar an gcumhacht, is ar thorthaí na huaillmhéine. Ar thaobh amháin géilleann Macbeth, fear ionraic ar an iomlán, do chathú na huaillmhéine mar thoradh ar idirghabháil osnádúrtha agus thionchar duine cheannasaigh láidir eile, ach cuirtear a mhí-éifeacht agus a loitiméireacht abhaile air. Sa chás eile, déanann Richard, fear atá go dearguaillmhianach ón tús, urchóid ar aon chéim le Macbeth, ar a dtagann an saghas céanna anró daonna dá bharr, ach ag deireadh an dráma níl dada foghlamtha aige.

Life's but a walking shadow, a poor player
That struts and frets his hour upon the
stage,
And then is heard no more. It is a tale
Told by an idiot, full of sound and fury
Signifying nothing

Tá na focail éadóchasacha sin de chuid Macbeth i gcodarsnacht le gáir thruamhéalach dhúshlánach Richard:

A horse! A horse! My kingdom for a horse!

Tá suntas gach cáis díobh ag brath, ceaptar, ar cé chomh domhain nó éadomhain is atá an nádúr daonna uaireanta, agus conas a oiriúnaíonn daoine difriúla, i dtosca difriúla, iad féin d'eispéireas, agus conas ar deireadh a fhoghlaimíonn siad uaidh. Níl sa mhéid sin, gan amhras, ach léamh teoranta ar na drámaí, ach is féidir go léireoidh sé feidhm ghné an tsuntais sa dráma.

Tá an gaol idir plota, téama agus suntas chomh tábhachtach céanna i bpróiseas-drámaíocht sa seomra ranga. Go hiondúil is é/í an múinteoir a roghnóidh an téama, ar chúiseanna éagsúla. B'fhéidir go mba mhaith leis/léi:

  • gné thábhachtach éigin d'eispéireas an tsaoil a scrúdú
  • saincheist ábhartha éigin a iniúchadh
  • cur le heispéireas foghlama in achar éigin eile curaclaim.

Seolfaidh an múinteoir an ghníomhaíocht trí roghnú a dhéanamh ar an ábhar is ar an lionsa ficseanach, nó trí réamhthéacs a sholáthar, agus is as an méid sin a fhorbróidh an plota. De réir mar a bhíonn na páistí gafa sa léiriú, i gcumadh théacs na drámaíochta, beidh siad páirteach i machnamh leanúnach ar an drámaíocht de réir mar a tharlaíonn sí, agus rachaidh sé seo i gcion ann féin ar chúrsa a forbartha. Níos déanaí, nuair a bheidh an dráma críochnaithe, is féidir na páistí a threorú trí mhachnamh breise staidéar a dhéanamh ar an dráma atá déanta acu, conas mar a d'éirigh leis an bplota, conas a d'fhreastail sé seo ar théama, agus cén tábhacht is féidir a tharraingt as an léiriú áirithe sin den téama.

Ní bheidh sé oiriúnach iarmhachnamh drámaíochta chomh fairsing sin a dhéanamh i gcónaí, agus b'fhéidir gurb amhlaidh a thiocfaidh sé salach ar a chuspóir féin. Is fiú freisin a thabhairt faoi deara nach mbíonn an suntas i bpíosa drámaíochta i gcónaí oiriúnach lena athinsint. Go minic ní bhíonn ach mothú an tsuntais ag na páistí, gan aon chur in iúl air. Is é eispéireas an chuid is tábhachtaí de phróiseasdrámaíocht do na páistí, mar atá i ngach gníomhaíocht ealaíonta eile.

Sa dráma faoin tuama ursanach i nGníomhaíocht drámaíochta 3 (lch 74) is follasach go mbaineann an plota le treibh ar mian leo leacht a thógáil do thaoiseach marbh, leacht a sháróidh na leachtanna atá ag treibheanna atá in iomaíocht leo. Eascraíonn seo as an téama ómós a thabhairt do na mairbh, agus go háirithe ómós do dhaoine mór le rá nuair a fhaigheann siad bás. Threoraigh an cleachtadh an-fhairsing drámaíochta seo na páistí chun a fháil amach nach mbaineann cuid, ar a laghad, dá shuntas leis an tábhacht atá le hómós a thabhairt do na mairbh amháin ach pé acu an bhfuil sé seo oiriúnach ar chor ar bith nó nach bhfuil, agus má tá, cén cruth ba chóir a chur ar an gceiliúradh sin.

Genre

Is í an drámaíocht nádúraíoch an genre a dhéanann an aithris is cruinne ar mhionsonraí an tsaoil. Is éasca an genre seo do pháistí ná aon cheann eile. Tá sé seo an-soiléir sa luí atá ag páistí óga le súgradh cur i gcéill. I súgradh cur i gcéill cruthaíonn siad réalachas siombalach, trínar féidir leo iniúchadh a dhéanamh ar an bhfíorshaol agus teacht chun réitigh lena choimhthíos, ach ag fanacht i gcónaí laistigh den tsábháilteacht ina saol ficseanach féin. I gcothú agus i gcaomhnú an dúchais le haghaidh súgartha cur i gcéill trí ghníomhaíocht chomhsheasmhach drámaíochta, tar éis don chlaonadh spontáineach ina leith a bheith imithe i léig, cuireann an genre nádúraíoch deis den saghas céanna ar fáil do pháistí ar nuaíocht an eispéiris a iniúchadh, mar aon leis na saincheisteanna a tharraingíonn sé anuas.

Tá sé tábhachtach mar sin féin go gcuirfear lánacmhainn na drámaíochta ar fáil don pháiste, agus chuige seo, ba chóir go mbeadh leathnú diaidh ar ndiaidh ar a c(h)uid eispéiris drámaíochta, ag cur san áireamh genres seachas an genre nádúraíoch. Is í an traigéide an genre is cóngaraí dó. Fásfaidh sé seo as an genre náduraíoch de réir mar a ghlactar mar ábhar le téamaí níos tromchúisí, agus de réir mar a shocraítear gné na traigéide laistigh den lionsa ficseanach. Ba chóir go mbeadh céim na gcarachtar traigéideach, na bplotaí agus na dtéamaí ó thaobh doimhne is nádúir de ag leibhéal ar féidir le haibíocht mhothúchánach agus intleachtúil an pháiste cuimsiú a dhéanamh air. I bhfocail eile, ba chóir go mbeadh teagmháil ar bhealach suntasach ag iarmhairtí ficseanacha na traigéide le machnamh is le mothúcháin an pháiste, ach i gcomhthéacs inar féidir leis/léi dul i gcomhpháirt leo go sábháilte. Ceann de bhuanna na drámaíochta, gan amhras, is ea go dtugann sí deis don pháiste ar dhruidim cóngarach go leor don ábhar chun scrúdú staidéartha a dhéanamh air, ach ag an am céanna á choimeád fad sábháilte ar shiúl trí fhicsean.

Tá saol na fantaisíochta ar fáil freisin do na páistí, ar dtús trí fhinscéalaíocht agus mhiotas agus níos déanaí trína n-eispéireas le scannáin agus an teilifís. Cuireann sé seo ar fáil dóibh freisin bealach chun eispéireas a fháil ar chuid de scanradh cianaoiseach agus d'aonsmaoineamh an chine dhaonna trí shaol atá ar shiúl óna saol féin. Tá an diúltú ag an leasmháthair, an bhagairt ón saol ainmhíoch, scáthíomhánna áille agus gráinneachta, cumhacht leighiste an ghrá ar fáil go huile do pháistí i genre na fantaisíochta. Tugann sábháilteacht shaol na fantaisíochta, a chuireann anchuid de na ceangail san fhíorshaol ar
fionraí, rud a thugann deis dóibh breathnú isteach trí ghloine an iontais ar chuid d'fhorimill an eispéiris dhaonna. Cé gur chóir cúram a chleachtadh chun an sult is féidir le páistí a bhaint as fantaisíocht agus as eispéireas ar genre na fantaisíochta i ndrámaíocht a chaomhnú, tá sé tábhachtach chomh maith go dtarbharfaidh gné an mhachnaimh, atá bunaithe go tuisceanach, imfhios éigin dóibh ar a fhoinsí níos doimhne.

Faoi na meánranganna bíonn luí ag páistí le coiméide a úsáid mar ghléas sábháilteachta, agus go minic bíonn claonadh iontu i dtreo suíomh agus carachtar áiféiseach. Freastalóidh sé seo ar pháistí chun saol ar a mian a thriail; mar shampla, cuirtear ansmacht ar mhúinteoirí, bíonn tuismitheoirí dallintinneach, agus bíonn páistí gaoiseach.

Níor cheart drámaíocht dá leithéid a chur ó bhailíocht toisc nach bhfuil sí 'fíor sa ghnáthshaol'. A mhalairt ar fad: is amhlaidh gur chóir don mhúinteoir í a úsáid chun tús a chur le forbairt ar an idirdhealú idir genres na coiméide, na drámaíochta áiféisí agus na nádúraíochta.

Cur chuige na gníomhaíochta drámaíochta

Go dtí seo pléadh

  • an contanam ó shúgradh cur i gcéill go drámaíocht. Tá sé seo lárnach d'fhorbairt chumas is éascaíocht an pháiste i ndrámaíocht, agus tá sé mar fhócas ar an gcéad chuspóir ábhair ag gach leibhéal
  • na trí réamhriachtanas i ndéanamh próiseas-drámaíochta. Beidh siad seo, faoi mar a chuireann a n-ainmneacha in iúl, ina ngné de gach gníomhaíocht drámaíochta
  • feidhmeanna ocht ngné na drámaíochta. Soláthróidh na gnéithe seo struchtúr agus cumhacht beogachta do ghníomhaíocht drámaíochta
  • an garghaol atá idir na gnéithe agus na cuspóirí ábhair sa churaclam. Cuirtear an t-ábhar i láthair ar bhealach a chinntíonn lárnacht na ngnéithe i bpróiseas na drámaíochta.

Bheadh sé úsáideach a mheá conas a d'fhéadfaí freastal orthu seo uile i ngníomhaíocht drámaíochta sa seomra ranga.

Is féidir le gníomhaíocht drámaíochta an-chuid túsphointí a bheith aici. Mar a chuirtear in iúl go soiléir sna cúig shampla a leanas (lch 66-91), agus tá sé tábhachtach go dtuigfí gur cheart don mhúinteoir túsphointí difriúla a úsáid go rialta don ghníomhaíocht drámaíochta. Mar sin féin is í an tslí ab fhearr a bhféadfaí míniú a thabhairt ar an gcur chuige ná cúrsa cuibheasach soiléir a d'fhéadfaí a leanúint le gníomhaíocht drámaíochta a thaispeáint ag tosú le hábhar.

Tá an moladh seo a leanas bunaithe ar cheann de na heiseamláirí a thugtar sa churaclam do ranganna 1 agus 2. Níor mhiste a threisiú mar sin féin go bhféadfaí é a úsáid leis an éifeacht chéanna ag aon cheann den dá leibhéal is airde.

San eiseamláir léitear:

déan léiriú ar an radharc ina n-áitíonn an mangaire ar Sheán gur cheart dó an bhó a dtugann sé grá di a dhíol ar mhála pónairí, agus déan iniúchadh ar an saghas duine é an mangaire agus ar an saghas duine é Seán.

Anseo is ionann an t-ábhar lenar thosaigh an múinteoir agus an t-imfhios féideartha sa chaidreamh idir tuismitheoirí agus páistí, déileáil chluanach agus idirghaol cumhachta atá mar chuid den scéal. Ós rud é go bhfuil idirghabháil déanta cheana ar an ábhar seo trí lionsa ficseanach an scéil, ceadaítear do na páistí agus don mhúinteoir araon, struchtúr an scéil mar atá a leanúint go dtí gur mian leo imeacht uaidh agus athrú a dhéanamh air chun freastal ar an méid atá ag titim amach.

Má leagtar síos rialacha sóisialta soiléire don drámaíocht, agus meas a léiriú ar idéanna agus ar a bhfuil le rá ag na páistí, agus má thugtar go leor deiseanna dóibh ar pháirt a ghlacadh sa dráma gan aon duine ag faire orthu, beidh timpeallacht shábháilte ann don obair.

Agus treo nua á ghlacadh seachas cloí leis an mbunscéal, b'fhéidir go molfaidh dalta go bhfuil Seán ceanúil ar an mbó seo agus go dteithfidh sé léi. Mar fhreagairt air sin, b'fhéidir go molfaidh an múinteoir go roinnfear na páistí ina dtriúir agus an radharc seo a shocrú.

Tá Seán ar a bhealach chun an aonaigh chun an bhó a dhíol ach tá sé chomh ceanúil sin uirthi go bhfuil sé beartaithe aige teitheadh ó bhaile seachas í a dhíol. Tá sé ina shuí anois ar thaobh an bhóthair (suíomh), agus tá sé ag insint di cad tá faoi a dhéanamh agus cén fáth. Fad atá sé seo ar siúl tagann comharsa an treo agus fiafraíonn sé de cad tá á dhéanamh aige agus cén fáth a bhfuil sé chomh huaigneach. Déanfaidh an chomharsa iarracht a áiteamh air gan teitheadh.

Tugtar frámáil ar an leagan amach seo ar radharc an dráma.

Déanann an múinteoir frámáil ar an ngníomhaíocht ar bhealach go mbeidh sí cóngarach go leor don pháiste chun gaolú léi agus fada go leor uaithi chundul i ngleic go sábháilte léi.

Is féidir leis an ngníomhaíocht forbairt ón lionsa ficseanach seo. D'fhéadfadh a leithéid seo a bheith ann: insíonn an chomharsa do mháthair Sheáin faoina iarracht ar theitheadh. agus téann sí á chuardach. Chun ceangal go díreach le téama na macántachta agus na mímhacántachta, d'fhéadfadh go rachadh Seán trí log an mhargaidh agus é ag teitheadh (forbairt eile ar ghné an tsuímh), mar a bhfuil mangairí agus cleasaithe agus iad ag tairiscint 'margaí speisialta' don lucht díolta. Sna léirithe seo ba chóir go spreagfaí na páistí chun gabháil go samhlaíoch isteach sna carachtair.

Nó d'fhéadfaí an dráma a leathnú amach trí charachtar eile a thabhairt isteach. Gan na páistí i ról Sheáin agus an mhangaire a chur ar an eolas, d'fhéadfadh an múinteoir beirteanna a fháil i log an mhargaidh agus treoir mar seo a chur orthu: 'Tuigeann sibh cad tá ar bun ag an mangaire. Rinne sé an rud céannna cheana, ach ní heol dó go bhfuil a fhios agaibhse faoi. Seasaigí agus éistigí leo, agus féach an féidir libh Seán a chosc ar a bheith amaideach.' Seo sampla de threoir a chur ar dhaoine.

Dá mba mhian leis an múinteoir an dráma a thabhairt ar ais níos cóngaraí don bhunscéal, d'fhéadfadh sé/sí, mar shampla 'seasamh ar bhalla' agus a fhógairt go raibh daoine áirithe ag díol pónairí neamhchoitianta ina raibh cumhachtaí ar leith agus go raibh daoine eile ag díol gnáthphónairí agus ag ligean orthu go raibh cumhachtaí neamhghnácha acu. Seo sampla den mhúinteoir ag gníomhú i ról.

D'fhéadfaí gné an ama a úsaid chun breis teannais a chur ar fáil má thugann an múinteoir an leid do Sheán: 'D'inis an chomharsa sin do do mháthair faoi do phlean chun teitheadh agus tá sí ag teacht ar do lorg. B'fhearr duit an bhó a dhíol chomh pras agus is féidir.'

Thiocfadh suntas an dráma do na páistí ón méid a d'fhoghlaimeoidís faoi spreagthaí agus dearcthaí daoine tríd an eispéireas a bheadh acu as dráma a chur i ngníomh. De réir mar ba chuí, d'fhéadfaí é seo a chíoradh a thuilleadh i machnamh iardhrámaíochta trí dhíospóireacht ghrúpa nó ranga a chur ar siúl.

Cé go bhfuil an dráma sa sampla seo bunaithe ar shíscéal aithnidiúil genre is féidir le stíl na haisteoireachta a bheith nádúraíoch amach is amach. Beidh tionchar ag éifeacht an dráma ar chomh réalaíoch is a dhéanfaidh na páistí na carachtair agus an ghníomhaíocht.

Cuntais ar ghníomhaíochtaí rathúla drámaíochta

Leanann cúig chuntas ar ghníomhaíochtaí rathúla drámaíochta anseo, ag taispeáint conas a thionscnaíonn drámaíocht as pointí difriúla tosaithe.

Ag pleanáil an turais drámaíochtaTá mar chuspóir acu mionchuntas ar an méid atá indéanta i gceachtanna drámaíochta a thabhairt don mhúinteoir. Níor mhiste a rá áfach, nach bhfuil siad ag iarraidh an méid ba chóir don mhúinteoir a dhéanamh a ordú dó sa cheacht drámaíochta, ina
mbíonn tionchar ag na páistí ar roghanna agus treonna trína moltaí féin agus tríd an ngá atá le riachtanais faoi leith agus a gcumas a chur san áireamh. Déanann siad cur sío chomh mion agus is féidir ar chúig ghníomhaíocht drámaíochta a tharla go fíor. Soláthraíonn na nótaí a ghabhann leis seo tráchtaireacht ar an struchtúr, an fhorbairt, na straitéisí teagaisc agus na spriocanna teagaisc i ngach cás dóibh.

Ní mór a rá nach ceachtanna eiseamláireacha iad seo ar a ndéanfaidh an múinteoir athris. Níl iontu ach soláthar ar shamplaí de ghníomhaíochtaí rathúla drámaíochta a raibh cleachtadh ag múinteoirí áirithe orthu agus iad ag idirghníomhú le grúpaí ar leith de pháistí i staideanna faoi leith. Ní hionann is a rá nach bhféadfadh múinteoir eile aon cheann de na túsphointí a roghnú agus deis a thabhairt do na páistí ar é a fhorbairt mar ghníomhaíocht
éifeachtach drámaíochta. Bheadh a rathúlacht ag brath go mór, áfach, ar phearsantacht agus ar oilteacht an mhúinteora, i gcomhcheangal le heolas, leibhéal aibíochta agus taithí drámaíochta na bpáistí.

Mar aon leis na treoirlínte faoi chur chuige i ngníomhaíocht drámaíochta (lch 62-64), taispeánann na cuntais seo ar ghníomhaíochtaí drámaíochta go samplach na gnéithe i bpróiseasdrámaíocht a sheasann amach, agus cur chuige an mhúinteora ina leith sa seomra ranga.

Na páistí ag caitheamh éadaí difriúla a thugann leid dá gcarachtairIs féidir bun-chomhphatrúin na drámaíochta -- na gnéithe a chuireann struchtúr agus treoir ar dhrámaíocht, na réamhriachtanais le haghaidh dráma a dhéanamh agus na snáitheanna agus na snáithaonaid -- agus an gaol atá eatarthu, is féidir rud a fheiceáil ag oibriú i ngach ceann de na cúig Ghníomhaíocht drámaíochta. De bhreis air sin d'fhonn an tsolúbthacht a léiriú atá ina tréith den chur chuige i leith na drámaíochta tosaíonn gach ceann de na gníomhaíochtaí ó phointe tosaithe éagsúil. Is iad seo a leanas iad in ord:

  • an t-ábhar (bulaíocht agus gnáthóga)
  • an léiriú (an múinteoir ag rólghlacadh, ag tosú láithreach ar théacs drámaíochta a dhéanamh i gcomhar leis na páistí)
  • cuardach ar lionsa ficseanach as a n-eascraíonn breathnú ar thógáil tuama ursanaigh trí lionsa ficseanach scéil faoi threibh
  • machnamh (dán)
  • riachtanas na bpáistí comhoibriú a dhéanamh le chéile chun réamhthéacs scripte a athrú i gcló ina théacs drámaíochta.

Gníomhaíocht drámaíochta 1
Gníomhaíocht drámaíochta 2
Gníomhaíocht drámaíochta 3

Gníomhaíocht drámaíochta 4
Gníomhaíocht drámaíochta 5

Samplaí ar conas a léiríonn cuspóirí ábhair sna snáithaonaid iad féin sna cuntais ar ghníomhaíochtaí rathúla i ndrámaíocht

Tarraingítear cuid de na heiseamláirí sna cuspóirí ábhair sa churaclam do na ranganna éagsúla as na cuntais ar ghníomhaíochtaí rathúla drámaíochta. Cuireann go leor eile díobh, áfach, cur chuige eile i leith gníomhaíochtaí drámaíochta in iúl. Taispeántar thíos an tslí ina léiríonn cuspóirí ábhair an churaclaim iad féin sna cúig chuntas ar ghníomhaíochtaí drámaíochta ag na leibhéil dhifriúla. Toisc go léiríonn na cuspóirí ábhair dul chun cinn ó leibhéal go leibhéal, agus toisc nach dtagann cuspóirí ábhair atá, mar shampla, oiriúnach do ranganna sinsearacha chun cinn níos luaithe, freastalaíonn na ceithre cheannteideal déag seo a leanas mar achoimre ar na cuspóirí ábhair uile trí na ceithre leibhéal ar fud an churaclaim.

Déan iniúchadh agus forbairt ar na instinn súgartha cur i gcéill, agus as sin isteach i ndrámaíocht d'fhonn spontáineacht agus saoirse a bhaint amach

Gníomhaíocht drámaíochta 1: D'fhorbair na páistí ón gcluiche 'paicéid bheaga' chun bheith ina gcoiníní, a imríonn an cluiche céanna, agus as sin isteach i ndrámaíocht faoin sionnach.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Déanann na páistí léiriú ar fhadhbanna an aistir leis an bhfuinneamh agus díograis chéanna a chleacht siad mar chaoirigh atá á dtóraíocht.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: D'aimsigh grúpa gan mórán taithí ar dhrámaíocht méid áirithe spontáineachta trí rannpháirtíocht ar comhuain, ar radhairc leathnóiméid gan aon duine ag breathnú orthu.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Maidir leis na fir chríonna, caithfidh an saol ina mbíonn siad rannpháirteach ina gcuardach ar an ngealach a bheith chomh réalaíoch céanna leis an saol a mbíonn an páiste mar chuid de i súgradh cur i gcéill.

Gníomhaíocht ag éirí ón script: Sníonn mothú súgartha agus spraoi trí na ceachtanna seo go léir.

Tuiscint ag leibhéal praiticiúil ar ról is ar charachtar, agus forbairt a dhéanamh ar an gcumas chun cloí le ceachtar díobh a fhad is a éilíonn an ghníomhaíocht drámaíochta é

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Tá na páistí go hinghníomhach ag glacadh le rólanna na gcoiníní.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Cé go dtosaíonn na páistí i ról na n-aoirí, cruinneoidh siad, de réir mar a théann siad ar aghaidh sa drámaíocht, eispéireas pearsanta atá mar bhunús le carachtracht.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Glacann na páistí le rólanna mar bhaill na treibhe, agus sa radharc mar bheirteanna glacann siad le mionteagasc le haghaidh carachtrachta bunúsaí.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Is é atá sa phróiseas chun aithne a chur ar an triúr 'fear' ná an próiseas chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcarachtair.

Gníomhaíocht ón script: Anseo déantar amach na rólanna agus na carachtair as an script. De réir mar a chruthaítear carachtar Abie, aithnímid go bhfuil aithne againn go léir ar Abie éigin.

Déan iniúchadh agus fionnachtain ar conas a ghníomhaíonn úsáid spáis agus nithe eile mar chomharthaí i dtógáil téacs agus in iniúchadh ar théamaí drámatúla

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Leagann na páistí amach a bpaiste sceiche agus a n-achair itheacháin.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Leagtar amach achair chodlata an óstáin sa spás.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Cruthaítear an chloch dhín agus na saileanna trí úsáid an spáis sa ghnáthshlí.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Cinneann na rannpháirtithe cá mbeidh an t-uisce agus an bád, agus marcálann siad ar an urlár iad.

Gníomhaíocht ón script: I gcás Abie, cuireann suíomh na n-éan, an bhinse agus na fuinneoige leis an eispéireas ar an dráma.

Déan iniúchadh ar conas a théann an t-am ficseanach atá thart agus an todhchaí fhicseanach lena bhfuiltear ag dúil i gcion ar an aicsean drámatúil san am i láthair

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Cuireann eispéireas na gcoiníní roimhe seo leis an sionnach agus a ndúil i dtodhchaí níos sábháilte brú orthu freagraí a lorg ar an aincheist atá ann anois.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Toisc gur tugadh rabhadh do na haoirí faoi na hóstóirí, agus toisc go dteastaíonn lóistín saor uathu, bíonn siad drochamhrasach is airdeallach faoin óstóir.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Tá an teagmháil san am atá thart le treibh na Mari ag cur isteach ar bhaint amach an chuspóra chun an tuama ursanach a thógáil. Caithfear é sin a chur i gceart san am i láthair.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Cé nach bhfaca siad riamh roimhe sin an ghealach san uisce, ach fós go raibh dúil acu inti, teilgeann siad a líon chun í a ghabháil.

Gníomhaíocht ón script: I ngeall ar an seaneolas atá ag a chairde ar mharbhántacht Abie, d'fhéadfadh go spreagfaí iad chun é a tharraingt leo chun féachaint ar na héín.

Éirigh feasach faoi na rialacha a chuidíonn le fócas a choinneáil ar an drámaíocht in obair le grúpaí beaga agus móra

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Faigheann na páistí eispéireas ar fhócas, den chuid is mó ón múinteoir ina ról á choinneáil beo. Tá fócas láidir sna cluichí a imríonn na coiníní.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: San obair i dtriúir díríonn gach grúpa aire ar an asal a thabhairt suas i gcoinne an aird.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Cuireann na páistí fócas ar an méid ba mhian leo a dhéanfadh a gcara sa radharc a léirítear i mbeirteanna idir an t-oibrí agus an cuairteoir óna áit dhúchais.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Díríonn na carachtair a n-aigne air, gan eolas a thabhairt dá chéile faoina misean, ach ag an am céanna tá siad ag lorg cabhrach.

Gníomhaíocht ón script: Ní foláir do na 'hiascairí' béim a chur ar an ngreim atá á fháil acu, má tá rath le bheith ar an radharc.

Aimsigh eispéireas, agus bí feasach faoi theannas agus faoi thinneall sa drámaíocht, agus conas mar a dheimhníonn sé suim na rannpháirtithe

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Tá teannas ann nuair a dhiúltaíonn an sionnach imeacht leis. Níl a fhios ag aon duine cad tá le déanamh.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Tá an fear a fhiafraíonn ar saolaíodh rí ag cruthú saghas teannais nach bhfuasclófar ach ag an deireadh.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Tá teannas idir an teachtaire atá ag moladh na hoibre agus baill na treibhe ar mhian leo filleadh abhaile.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Tá teannas á chruthú ag an riachtanas chun breith ar an ngealach agus a n-easpa cumais chun déanamh amhlaidh.

Gníomhaíocht ón script: Tá teannas ann idir cuspóirí Abie agus cuspóirí a charad. Tá teannas ann nuair a thagann na páistí díreach in éadan an tairbh.

Úsáid scripte mar réamhthéacs

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Ní bhaineann.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Ní bhaineann.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Gan sampla sa cheacht áirithe. D'fhéadfaí, áfach, an script a úsáid mar réamhthéacs don radharc ina mbrúnn siad an t-asal suas i gcoinne an aird.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Gan sampla sa cheacht, ach d'fhéadfaí cúpla líne scripte a úsáid mar réamhthéacs le haghaidh cuid mhaith de na radhairc más mian leo a leithéid a dhéanamh.

Gníomhaíocht ón script: Tarlaíonn sé seo sna ceachtanna seo go léir.

Bain úsáid as machnamh agus meastóireacht ar aicsean drámatúil ar leith chun cúrsaí malartacha féideartha don aicsean a chruthú

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Mar thoradh ar an méid atá déanta ag an sionnach, ní foláir do na páistí a chinneadh an maróidh siad é nó an ndéanfaidh siad idirbheartaíocht leis.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: B'fhéidir go gcinnfidh na haoirí pé acu an ligfidh siad Iósaef agus Muire isteach nó nach ligfidh. Tiocfaidh a gcinneadh as machnamh ar an dóchúlacht, bunaithe ar eispéireas an óstóra, go mb'fhéidir go gcuirfear amach iad, agus ina theannta sin ar mhachnamh ar an riachtanas atá le cineáltas nuair is féidir é.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Is mar thoradh ar a n-eispéireas ar an bportach a chinneann baill na treibhe go bhfuil an cruatan ródhoiligh.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Is as machnamh ar an gcúis a gcuirtear na carachtair chun siúil go dtuigeann na páistí conas teagmháil a dhéanamh le chéile mar charachtair.

Gníomhaíocht ón script: Mar thoradh ar mhachnamh ar an aicsean atá cruthaithe acu cinneann na páistí ar na caidrimh atá idir na carachtair.

Déan iniúchadh agus foghlaim faoina caidrimh idir scéalta, téama agus an saol

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Tagann an mothúchán nach foláir cur i gcoinne an tsionnaigh as eispéireas ar bhulaithe san fhíorshaol, agus eascraíonn cuid de na straitéisí chun an méid seo a chur i gcrích as a bhfuil foghlamtha ag an bpáiste trí thaithí.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Glacann na páistí leis, má choscann siad, mar aoirí, ar Mhuire is ar Iósaef a theacht isteach, gurb é an bunús atá lena gcinneadh ná na luachanna a thaithíonn daoine san fhíorshaol.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Tá na páistí ag tarraingt ar a n-eispéireas agus eolas ar éad maidir lena gcinneadh i ndéileáil le treibheanna iomaíocha. Tá siad ag tarraingt ar eispéireas nuair a chinneann siad go gcaithfear fánáin a thógáil chun an chloch dhín a ardú.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Má tá dúil ag na daoine ó na domhain éagsúla sa ghealach, agus nach mian eis an 'laoch' tabhairt faoi, ní mór don chinneadh faoin aicsean atá le déanamh a bheith ag teacht leis an aicsean a thógfaidís i bhfíorshuíomh cosúil leis seo.

Gníomhaíocht ón script: Chun bruach na habhann a chruthú ní foláir dúinn bheith eolach faoi bhruacha abhann. Ag tarraingt ar a n-eolas ar chontúirt, tarraingíonn na páistí pictiúr de tharbh samhlaíoch sa pháirc.

Roinnt amach ar léargais a úsáid ag éirí as aicsean drámatúil d'fhonn an cumas a fhorbairt chun tátáil a bhaint agus chun hipitéisiú a dhéanamh faoi dhaoine agus faoin saol

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Is ábhar iontais do na páistí chomh cliste is a bhí coiníní san fhíorshaol maidir leis na saghsanna gnáthóg a dhéanann siad.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Tá an t-eispéireas sa cheacht seo machnamhach go leor, agus ní gá é a luchtú le tuilleadh machnaimh.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Cuirtear ar a súile do na páistí iontas a dhéanamh den chaoi a dtugaimid ómós dár mairbh agus más féidir leis seo, i gcásanna áirithe, ár saol a chur ó mhaith.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Is ionann cuntas scríofa an laoich ag an deireadh agus machnamh na bpáistí ar an eispéireas.

Gníomhaíocht ón script: Déanfaidh na páistí ionadh den chúis a bhfuil an oiread sin daoine chomh meallta sin le tairbh agus le rudaí a scanraíonn iad.

Forbairt, lasmuigh de ról, an cumas chun comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile d'fhonn cuidiú le cruth a thabhairt don drámaíocht

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Cuireann na páistí idéanna ar fáil maidir le cén áit sa spás atá ar fáil, ar cheart dóibh gach poll sa choinicéir a chur, cén áit ar chóir an t-achar féir a bheith, agus cén áit ar chóir dúinn cosáin trí na driseacha a leagan síos.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Oibríonn na páistí le chéile i ngrúpaí difriúla le haghaidh gníomhaíochtaí mionghrúpa an tseisiúin.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Ní mór do na páistí comhoibriú le chéile i ndéanamh na bpictiúr neamhbheo de bhaill na treibhe ag aistriú na cloiche.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Ní mór do na páistí comhoibriú le chéile i ndéanamh na radharc a léiríonn an saol atá fágtha ina dhiaidh ag gach duine den triúr fear.

Gníomhaíocht ón script: Agus an chéad cheithre líne de script a bheith léirithe acu, ní mór do na páistí comhoibriú le chéile chun leanúnachas ar aghaidh ó na línte sin a aimsiú.

Forbairt, i ról, an cumas chun comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile, d'fhonn cruth a thabhairt don drámaíocht.

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Cinneann na páistí ina ról mar choiníní ar chórais luath-rabhaidh, agus tástálann siad a n-éifeacht.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Cinneann na páistí cé acu ar chóir dóibh dul nó gan dul go Beithil agus cé acu an bhfuil mórán de rogha acu sa chás nó nach bhfuil.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Cinneann baill na treibhe gur cheart tuama ursanach a thógáil in onóir an taoisigh, Odhrán.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Comhoibríonn na páistí le chéile chun píosa ceoil a chumadh a oirfidh don dráma.

Gníomhaíocht ón script: Cuidíonn gach gníomh a dhéanann rannpháirtí ar bhealach éigin chun sainmhíniú a thabhairt do chúrsa is do chiall na drámaíochta.

Déan forbairt ar chaidrimh fhicseanacha trí idirghníomhú leis na carachtair fhicseanacha eile i radhairc i ngrúpaí beaga nó lánranga de réir mar a chumtar téacs an dráma.

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Déanann na páistí, mar choiníní, súgradh le chéile, agus forbraíonn siad caidrimh choiníneacha.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Déanann na páistí, mar aoirí, argóint faoin áit ar chóir do gach duine codladh a dhéanamh.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Forbraíonn na páistí, mar bhaill sa treibh, caidrimh le chéile nuair a dhéanann siad cleachtadh ar a n-argóintí chun áiteamh a dhéanamh ar na Mari.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Forbraíonn an triúr fear gaoiseach sa dráma caidrimh agus idirghníomhaíocht de réir mar a fhoghlaimíonn siad conas saol coiteann a roinnt lena chéile.

Gníomhaíocht ón script: Éiríonn gaol pearsanta idir na páistí agus iad ag féachaint ar an tarbh agus ag iarraidh a shocrú cad a dhéanfaidh siad.

Déan léiriú spontáineach do dhaoine eile sa ghrúpa ar radharc as an dráma, nó roinn leis an gcuid eile den rang radharc atá déanta cheana féin in obair le grúpaí beaga ar comhuain

Gníomhaíocht drámaíochta 1: Níl aon sampla ar fáil sa ghníomhaíocht drámaíochta ag an leibhéal seo. Tharlódh áfach, go léireodh cuid de na coiníní cluichí don chuid eile.

Gníomhaíocht drámaíochta 2: Taispeánann cuid acu na radhairc ina gcabhraíonn siad leis an asal dul suas i gcoinne an aird.

Gníomhaíocht drámaíochta 3: Léiríonn baill na treibhe dá chéile roinnt de na teicníochtaí ar chóir dóibh a úsáid leis na Dari d'fhonn socrú a dhéanamh leo.

Gníomhaíocht drámaíochta 4: Déanann grúpa gan aird de thriúr léiriú gan cleachtadh ar an radharc ina bhfeiceann siad an ghealach san uisce den chéad uair.

Gníomhaíocht ón script: I gcuid den obair le grúpaí beaga ar script, breathnaíonn an múinteoir agus na daltaí ar ghrúpa gan aird lena fháil amach cén dul chun cinn atá déanta sa phróiseas chun téacs an dráma a dhéanamh.

Straitéisí agus coinbhinsiúin drámaíochta

Is féidir go leor straitéisí a úsáid sa drámaíocht. Tá cuid de na cinn is coitianta liostaithe thíos, le tuairimí faoina dtairbhe don mhúinteoir.

Cluichí drámaíochta

Tá an-chuid cluichí drámaíochta tairbheach chun cuidiú le hiontaoibh, le muinín agus le mothú spraoi a bhunú, agus úsáidtear cuid díobh chun cuidiú leis na páistí eispéireas a mhothú ar ghné éigin den drámaíocht (mar shampla cluiche an phúicín, rud arb ionann é agus cuardach do charadi gcathair mhór).

Is féidir le cluichí comhtháthú sóisialta an ranga a chur chun cinn, ach má úsáidtear gan idirdhealú iad tharlódh go bhforghabhálfadh siad ionad na drámaíochta féin.

Íomhá neamhbheo agus cóiriú

Cruthaíonn grúpaí pictiúr neamhbheo chun idé a léiriú nó nóiméad a ghabháil. I gcóiriú cuirtear íomhá den saghas seo i gcomparáid le híomhá chontrártha nó le fuaimrian chontrártha i dtreo is go ndéanfaí plé ar ábhar an phictiúir neamhbheo (mar shampla, pictiúir neamhbheo d'eisimircigh le fuaimrian d'fhuaimeanna óna n-áit dhúchais).

Cabhróidh an straitéis seo go mór le machnamh agus chun an drámaíocht a mhoilliú, ach má bhaintear ró-úsáid aisti is é a éireoidh as b'fhéidir ná caint faoin drámaíocht seachas aicsean.

Teo-ionad

Suíonn carachtar i lár baill a fhad is a chuireann an chuid eile ceisteanna air faoina s(h)aol, agus freagraíonn seisean/sise i ról an charachtair. Ar son éagsúlachta, d'fhéadfadh an chuid eile na ceisteanna a chur ina rólanna féin mar charachtair uaireanta.

Is féidir leis an teo-ionad cuidiú le gnéithe carachtair a shoiléiriú armhaithe le gach aon duine, ach tá a fheidhm teoranta ag leibhéal na bunscoile.

Smaoineamh-lorg

Déanann cuid den rang gníomhartha go tostach nó déanann siad íomhánna neamhbheo a fhad is a labhraíonn an chuid eile a n-idéanna fúthu os ard ar comhuain nó ina nduine is ina nduine.

Is féidir leis seo bheith úsáideach chun machnamh a dhéanamh ar chiall nóiméad suntasacha ar leith, ach níor cheart é a úsáid mar mhalairt ar pháirt a ghlacadh sa dráma.

Fuaim-lorg

Déanann cuid den rang gníomhartha go tostach, nó déanann siad íomhánna neamhbheo a fhad is a chruthaíonn an chuid eile fuaim-lorg a bheidh in oiriúint dóibh. Feictear an méid seo i nGníomhaíocht Drámaíochta 4 (lch. 80), ina ndéanann leath an ranga an fhuaim-lorg don leath eile.

Tá an straitéis seo úsáideach i suímh ina saothraíonn an múinteoir ar son bogadh ar smacht ach é/í a bheith éiginnte faoi scóip an bhogtha sin. Is malairt úsáideach é freisin chun rannóg áirithe oibre i ngrúpaí beaga a 'thaispeáint'. Mar sin féin, má bhaintear ró-úsáid as d'fhéadfadh

drámaíocht intleachtúil seachas drámaíocht fhisiceach a eascairt as, agus d'fhanfadh sí lasmuigh den drámaíocht seachas bheith páirteach go spraíúil inti.

Guthanna san inchinn

Ag nóiméad de rogha i gcás carachtair faoi leith, cuireann daoine eile sa ghrúpa na guthanna contrártha a chloiseann an carachtar ina c(h)eann i bhfocail.

D'fhéadfadh seo an carachtar a chur ag machnamh ar bhrí an nóiméid. Níor cheart é a úsáid mar mhalairt ar na carachtair a chur i suímh ina gcuirtear cúrsaí dá leithéid seo in iúl go soiléir is go spontáineach mar chuid den aicsean.

Tá an-chuid straitéisí agus coinbhinsiún eile ann a úsáidtear sa drámaíocht. Buntáiste atá acu go léir ná go gceadaíonn siad cruthaitheacht laistigh de shuíomh atá faoi smacht. Mar sin féin, ba chóir iad a úsáid le roghnaíocht is le discréid. Má théitear thar fóir leo d'fhéadfadh an múinteoir iomad smachta a choinneáil aige/aiciféin ar thallanna cruthaitheacha na bpáistí, agus sa tslí sin laghdófaí próiseas-drámaíocht mar shraith de straitéisí drámaíochta seachas mar bhorradh agus trá ar aicsean torthúil drámatúil.

Ag breathnú go dlúth ar obair páistí

Mar atá i ngach achar eile den churaclam, tá measúnú ina gné riachtanach sa phróiseas foghlama is teagaisc. Is trí mhonatóireacht leanúnach ar rannpháirtíocht na bpáistí i ndrámaíocht is féidir leis an múinteoir na heispéiris drámaíochta a phleanáil a dhéanfaidh forbairt ar a scileanna agus a gcoincheapa drámaíochta ar an mbealach is éifeachtaí, agus a dhéanfaidh an chuid is fearr dá bhfoghlaim trí mheán na drámaíochta.

Is cuid lárnach é an contanam ó shúgradh cur i gcéill go próiseasdrámaíocht den churaclam drámaíochta. Taispeánfaidh an méid is féidir leis an bpáiste tréithe an tsúgartha cur i gcéill i ngníomhaíocht drámaíochta a chaomhnú rath nó easpa ratha go pointe sonrach ar a (h)eispéireas drámaíochta. Is iad na cinn is sofheicthe díobh seo ná - toilteanas a chreidiúint go bhfuil an tsiombail fíor

  • dáiríreacht i léiriú a gcuid carachtar
  • glacadh le hiarmhairtí ficseanacha na drámaíochta
  • claonadh le hiniúchadh a dhéanamh.

Mar achoimre, i gceartlár eispéiris rathúil drámaíochta, beidh cumas an pháiste páirt a ghlacadh go hiomlán sa drámaíocht agus bheith rannpháirteach leis an oiread doimhne agus creidimh agus is féidir sna carachtair, agus glacadh leis an loighic dhrámatúil maidir lena n-ionad sa drámaíocht.

Léiríonn cuspóirí ábhair an churaclaim go soiléir na scileanna drámaíochta nach foláir don pháiste a shealbhú, agus comhshnaidhmeann siad chomh maith na coincheapa atá bunaithe ar na gnéithe drámaíochta ar a ndéanfaidh sé/sí forbairt. Dá bhrí sin trí bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí éagsúla drámaíochta is féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an pháiste maidir le máistreacht a ghnóthú ar na scileanna agus na coincheapa seo.

Luíonn tábhacht na drámaíochta sa chúnamh ar leith ar féidir léi a thabhairt d'eispéireas agus d'fhorbairt fhoghlaim níos leithne an pháiste. Tarraingeofar an rogha ábhair don churaclam drámaíochta as

  • eispéireas laethúil an pháiste
  • saincheisteanna ar leith mar fhreagracht ar mhian leis an múinteoir a iniúchadh trí dhrámaíocht
  • gnéithe den saol san am atá thart, san am i láthair nó sa todhchaí féideartha a mhúsclóidh fiosracht an pháiste
  • riachtanais, cúraimí agus ábhair bhuartha an pháiste
  • ábhar agus saincheisteanna ó achair eile curaclaim.

Múnlóidh an méid a chuirfear foghlaim an pháiste chun cinn ag rannpháirtíocht trí dhrámaíocht, le gnéithe ar leith d'ábhar a tharraingítear as na foinsí seo, an dara fócas is mó de mhonatóireacht ar obair páistí.

Ós rud é go ndíorthaíonn buntáistí foghlama na drámaíochta ó phróiseas na drámaíochta féin den chuid is mó, níl ach líon teoranta d'uirlisí measúnaithe ann atá oiriúnach dó.

Is iad seo

  • breathnóireacht an mhúinteora
  • tascanna agus teisteanna a dhearann an múinteoir
  • samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail
  • próifílí curaclaim.

Breathnóireacht an mhúinteora

Is é seo an cineál measúnaithe is mó a úsáideann múinteoirí, agus an ceann is tairbhí chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpáistí i ndrámaíocht. Trí bhreathnú dlúth a dhéanamh ar pháirtíocht na bpáistí sna gníomhaíochtaí éagsúla drámaíochta go laethúil, is féidir monatóireacht a dhéanamh ar an méid a bhfuil siad ag déanamh forbartha ar an gcumas chun scileanna agus coincheapa drámaíochta a úsáid, d'fhonn a gcuid eispéireas foghlama a uasmhéadú. Cuirfidh breathnóireacht den saghas seo ar chumas an mhúinteora

  • na heispéiris drámaíochta is oiriúnaí do riachtanais fhoghlama agus drámaíochta na bpáistí a aithint
  • an t-ábhar ar leith sin arb í an drámaíocht an idirghabháil is fearr agus is rathúla ina leith a aithint.

Toisc go n-eascraíonn ábhar na drámaíochta as raon foinsí, agus achair eile den churaclam san áireamh, déanfar comhlánú ar chuid de mheasúnú an mhúinteora ar dhul chun cinn an pháiste trí mheasúnú ar ghnéithe eile den churaclam. Beidh tionchar ag eispéireas i ndrámaíocht, mar shampla, ar fhorbairt is ar úsáid teanga ag an bpáiste, agus dá bhrí sin beidh monatóireacht ar a d(h)ul chun cinn sa ghné áirithe seo ina chuid de mheasúnú an mhúinteora i dteanga is i ndrámaíocht araon.

Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir

Tagann siad seo chun cinn go leanúnach le linn gníomhaíochta i ndrámaíocht, mar shampla nuair a iarrtar ar bheirt pháistí dhá charachtar a léiriú chun saincheist ar leith ainiúchadh, nó go n-iarrtar ar ghrúpa páistí saothrú i gcomhar le chéile chun fadhb éigin a réiteach, nó chun teacht ar chinneadh faoin gcúrsa nó faoin treo ar cheart a ghabháil sa drámaíocht. Beidh breathnóireacht an mhúinteora i gceist chun measúnú a dhéanamh ar chumas páistí i ndéanamh tascanna faoi leith mar iad seo, ar bhealach a leagann fócas ar ghné áirithe de rannpháirtíocht na bpáistí i ndrámaíocht.

Samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail

I ndrámaíocht cuimsítear ina measc seo scríbhneoireacht, obair ealaíne agus samplaí eile d'fhreagairt na bpáistí ar a n-eispéiris drámaíochta, dá machnamh fúthu agus dá leathnú orthu. Cinnfidh an múinteoir, nó an páiste, nó an múinteoir agus an páiste i gcomhairle lena chéile ar uairibh, ar cad is féidir a chur san áireamh ann. Sa tslí seo cuirfear diminsiú luachmhar féinmheasúnaithe leis an measúnú ar dhul chun cinn an pháiste i ndrámaíocht agus i bhfoghlaim trí dhrámaíocht. Is féidir le samplaí oibre, le bailiúcháin agus le tionscadail cuidiú freisin le radharc fadtéarmach suimitheach ar fhoghlaim an pháiste trí mheán na drámaíochta.

Próifílí curaclaim i ndrámaíocht

I gceist iontu seo tá ráitis ghairide thuairisciúla ar éachtaí, ar iompraíocht is ar dhearcadh na ndaltaí i dtaca le drámaíocht, agus le foghlaim trí dhrámaíocht. D'fhéadfaidís a bheith caighdeánaithe le haghaidh leibhéal dhifriúil ábaltachta, agus d'fhéadfaí iad a úsáid chun dearbhú a dhéanamh ar chumais indibhidiúla na bpáistí maidir le gach ceann de na ráitis. I gcás na drámaíochta dhéanfaidís freastal ar dhul chun cinn an pháiste i dtaca le gnéithe sna trí shnáithaonad, chuirfidis ar chumas an mhúinteora próifíl fhoghlama a chur le chéile i gcás gach páiste aonair, agus chruthóidís cuntas tagartha ar a d(h)ul chun cinn.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie