Bunstruchtúr agus leagan amach an churaclaim
Leibhéil
Tá ábhar an churaclaim drámaíochta leagtha amach ar cheithre leibhéal: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6.
Snáithe ábhair
Cuirtear an t-ábhar i láthair i snáithe amháin ag gach leibhéal:
Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú.
Tugann teideal an tsnáithe sainmhíniú ar nádúr na drámaíochta. Cuimsíonn an t-eispéireas foghlama idir chumais chognaíocha agus chumais mhothaitheacha an pháiste, agus tugann sé isteach iniúchadh a threoraíonn é/í i dtreo tuiscint níos fearr a fháil air/uirthi féin agus ar an saol mór.
Snáithaonaid
Laistigh den snáithe cuirtear mionghnéithe an ábhair i láthair i dtrí shnáithaonad a dhéanann cur síos ar ghnéithe d'iniúchadh na drámaíochta, d'eispéireas agus de ghníomhaíocht. iad na snáithaonaid ná:
- Iniúchadh agus déanamh drámaíochta
- Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht
- Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta.
Le gach cuspóir ábhair tugtar eiseamláirí a thaispeánann na saghsanna iniúchta, eispéireas agus gníomhaíochtaí atá i gceist ann. Níl siad seo leagtha síos ná cuimsitheach. Níl iontu ach moltaí a chabhróidh leis an múinteoir, b'fhéidir, chun clár éifeachtach foghlama trí dhrámaíocht a phleanáil.
Gnéithe na drámaíochta
Tá gnéithe ar leith mar shaintréithe den drámaíocht, a thugann cumhacht shainiúil di. Is féidir gnéithe na drámaíochta a thabhairt orthu seo. Is iad seo ná:
- creideamh
- ról agus carachtar
- aicsean
- suíomh
- am
- teannas
- suntas
- genre.
Déanfar cur síos ar na gnéithe seo go mion i Roinn 5, 'Cur chuige agus modhanna múinte', lch 35-101
Na réamhriachtanais le haghaidh drámaíocht a dhéanamh
Is féidir an téarma próiseas-drámaíocht a thabhairt ar an gcur chuige don drámaíocht sa churaclam. Tarraingíonn sé na páistí isteach i bpróiseas tobchumtha agus iniúchta a threoraíonn i dtreo torthaí insonraithe drámaíochta agus torthaí foghlama iad. Chun éifeacht a thabhairt don phróiseas tá gá le trí réamhriachtanas:
- ábhar
- an lionsa ficseanach
- timpeallacht shábháilte.
Is as an ábhar a gheofar an mianach atá sa drámaíocht. Bunófar é seo ar ghné éigin den saol, ar thaithí an pháiste nó ar an ábhar i ngné éigin eile den churaclam.
Is féidir leis an múinteoir, trí úsáid a bhaint as an lionsa ficseanach, breathnú ar an ábhar trí mheán scéil agus cruth na drámaíochta ficseanaí a chur air. Ansin is féidir leis/léi a mholadh go gcumfadh na páistí achtachán ina nglacann siad páirt le carachtair atá ceangailte le haincheist ar leith, nó le háit nó suíomh ag éirí as an ngníomhaíocht.
Chun muinín na bpáistí a mhéadú, a bhfaitíos a mhaolú agus a n-urchoilleadh a scaipeadh ní foláir ligean dóibh an dráma a chumadh i dtimpeallacht shábháilte, ina gcuirtear luach ar an méid a dhéanann siad agus ina ndaingníonn páistí eile agus an múinteoir é.
Déanfar cur síos níos mine ar na trí réamhriachtanas seo chun drámaíocht a dhéanamh i Roinn 5, 'Cur chuige agus modhanna múinte'.
Na snáithaonaid
Tá comhchoibhneas dlúth idir cuspóirí ábhair an churaclaim agus gné na drámaíochta. Trí na cuspóirí éireoidh na páistí eolach ar na gnéithe agus ar conas mar a sholáthraíonn siad an struchtúr le haghaidh drámaíochta, agus foghlaimeoidh siad conas iad a úsáid chun féidearthachtaí na ngníomhaíochtaí drámaíochta a iniúchadh.
D'fhonn freastal ar fhorbairt chéimseach an pháiste is féidir dul chun cinn sna cuspóirí ábhair ó leibhéal go leibhéal a thabhairt faoi deara. Mar shampla, i ranganna naíonán ní dhéanfaidh an páiste ach iniúchadh agus forbairt ar shúgradh cur i gcéill atá fós go láidir ann/inti ón nádúr, ach i ranganna 1 agus 2 bainfidh sé/sí úsáid as an gcumas súgartha cur i gcéill chun páirt iomlán a ghlacadh i ndrámaíocht. Mar an gcéanna i ranganna naíonán déanfaidh páistí iniúchadh agus forbairt ar an gcumas chun ról a imirt; ach i ranganna 3 agus 4 tosóidh siad ar an ngaol idir ról agus carachtar a thuiscint. Ní théitear i mbun cuspóirí eile ábhair, mar shampla iad siúd a bhaineann le húsáid scripte mar cheann de na réamhthéacsanna drámaíochta, ná iad siúd a dhéanann idirdhealú idir genres, mar shampla greann agus seafóid, go dtí na ranganna sinsearacha. Tugtar anseo thíos gearrchuntas ar gach ceann de na cuspóirí ábhair de réir mar a thagtar orthu i snáithaonaid an churaclaim.
Ag iniúchadh agus ag déanamh drámaíochta
Contanam an tsúgartha chur i gcéill agus na drámaíochta
Tá súgradh cur i gcéill mar bhonn le drámaíocht oideachasúil de gach saghas. Tá claonadh sa pháiste óg le cur i gcéill go spontáineach agus nuair a thosaíonn sé seo ag dul i léig, tá sé tábhachtach go gcothódh agus go spreagfadh an múinteoir a thréithe bunúsacha i ngníomhaíocht drámaíochta.
Ról agus carachtar
Is trí bheith 'comhpháirteach' leis na carachtair dhifriúla sa dráma agus na carachtair a imirt i rólanna éagsúla i gcomhthéacs na drámaíochta a fhaigheann na páistí taithí ar phróiseas na drámaíochta. Is féidir cur síos ar rólghlacadh mar ligean ort gur rud nó
duine eile thú, ach tagraíonn carachtar don chomhdhéanamh iomlán intleachtúil, mothúchánach agus fisiceach a bhaineann le fíorphearsa nó le pearsa fhicseanach. Déanfar míniú níos mine ar nádúr agus feidhm an dá ghné seo mar aon leis an ngaol eatarthu i Roinn 5, 'Cur chuige agus modhanna múinte'.
Ag úsáid spáis agus rudaí chun comhthéacs na drámaíochta a dhoimhniú agus cur lena réalachas
Feidhmeoidh an spás ina dtarlaíonn an dráma de réir mar a chumtar téacs an scéil nó na drámaíochta, mar shuíomh na drámaíochta féin. Tá sí tábhachtach go spreagtar páistí an tsolúbthacht shamhlaíoch a fhorbairt chun sochar a bhaint as an spás drámatúil agus as na nithe atá ann, i dtreo is go leathnófar agus go ndoimhneofar ar réaltacht na drámaíochta féin.
Ag iniúchadh thionchar an ama fhicseanaigh atá thart agus an am atá le teacht inmhianaithe ar an ngníomhaíocht dhrámatúil
Baineann an cuspóir ábhair seo le gné an ama. Tarlaíonn an drámaíocht i gcónaí sa nóiméad atá ann anois ach bíonn iarsmaí den am atá thart agus síolta an am atá le teacht i láthair sa nóiméad láithreach seo. Trí ghlacadh le ról an charachtair, ba chóir an páiste a spreagadh chun an carachtar san am atá thart a shamhlú mar aon leis an méid a tharla, b'fhéidir, roimh am an dráma. Beidh tionchar aige seo ar leathnú na gníomhaíochta drámatúla. Mar an gcéanna, trí iarracht a dhéanamh ar thodhchaí ar leith a aimsiú, rachaidh an carachtar i gcion ar an ngníomhaíocht.
Fócas a choiméad ar an ngníomhaíocht dhrámatúil
Tríd an gclaonadh le cur i gcéill a chothú, is féidir leis an múinteoir na páistí a spreagadh chun an pháirt is mó atá ar a gcumas a ghlacadh san fhicsean atá á chruthú acu, agus glacadh le hiarmhairtí ficseanacha a gcuid gníomhartha sa suíom drámaíochta. Sa tslí seo foghlaimeoidh siad conas fócas an scéil a choinneáil de réir mar a fhorbraíonn sé sa dráma.
Feidhm agus éifeacht teannais sa drámaíocht
Sa drámaíocht, fearacht an tsaoil féin, is í gné an roghnaithe faoi deara dinimic an athraithe agus na forbartha. Éiríonn sé as na héilimh chontrártha in dhá (nó breis) mhian, idé nó riachtanas agus gineann sé an gá le cinneadh. Is foinse teannais é seo sa drámaíocht, agus tá a fhréamhacha dédhualach; an spreagadh chun breitheanna a thabhairt agus an choimhlint ar cuid dhílis den roghnú í.
Ag úsáid scripte mar cheann de na réamhthéacsanna sa drámaíocht
Tá an réamhthéacs mar phreabchlár a lainseálann an dráma, agus gabhann sé líon de chruthanna chuige féin. Sna ranganna sinsearacha is féidir iad seo a leathnú chun script scríofa a chuimsiú. Ní gá go mbeadh léiriú scripte i gceist anseo: ar bhonn praiticiúil cuirfidh sé deis ar fáil do pháistí na carachtair agus suíomh na scripte a ghlacadh chucu féin agus a bhforbairt a athléirmhíniú trína ngníomhaíocht drámaíochta shamhlaíoch féin. I suímh ina bhforbraítear script ghairid mar théacs dráma atá le léiriú don chuid eile den rang, ba chóir do na páistí féin gníomhú mar 'stiúrthóirí', ag baint úsáide as a gcuid eolais chun an téacs drámaíochta a chumadh.
Ag idirdhealú idir genres éagsúla, mar ghreann, thragóid, thantaisíocht, fhilíocht, sheafóid
Is iomaí genre sa drámaíocht, agus cuireann gach ceann díobh dearcadh agus soiléiriú ar leith ar ghnéithe den staid dhaonna ar fáil. Sna bunranganna agus sna meánranganna beidh páistí teoranta maidir lena dtuiscint agus a léirthuiscint ar genre, agus mar sin, cé go n-úsáideann siad genres éagsúla chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh, is cosúil nach féidir leo idirdhealú soiléir a dhéanamh eatarthu. Faoin am a mbíonn siad sna ranganna sinsearacha agus eispéireas comhsheasmhach ar dhrámaíocht acu, tosóidh páistí ar léirthuiscint a fháil ar fhéidearthachtaí i gcuid de na genres is tábhachtaí: an choiméide, an tragóid, an fhantaisíocht, an fhilíocht, an tseafóid.
Ag léirsmaoineamh ar dhrámaíocht
Tá ábhar an dara snáithaonaid ina chuid dhílis de phróiseas na drámaíochta. Baineann sé le machnamh ar an drámaíocht, ceangal a dhéanamh idir plotaí agus téamaí agus gaolta idir drámaíocht agus eispéireas saoil a leagan síos.
Ag léirsmaoineamh ar ghníomhaíocht dhrámatúil áirithe d'fhonn cúrsaí malartacha féideartha a chruthú don ghníomhaíocht
De réir mar a bhíonn an ghníomhaíocht drámaíochta ag tarlú, beidh an páiste ag cuidiú leis an scéal a chruthú, agus beidh sé ag machnamh ar bhonn leanúnach, ar an tslí ina bhforbraíonn sé: cad tá tar éis tarlú, conas atá an suíomh ag forbairt, conas atá a c(h)arachtar féin agus carachtair eile ag forbairt mar aon le go leor ceisteanna eile. Ag éirí as an bhfreagairt mhachnamhach seo, déanfaidh an páiste roghanna agus cruthóidh sé/sí cúrsaí malartacha gníomhaíochta sa drámaíocht, agus sa tslí sin cuideoidh sé le forbairt na drámaíochta.
An gaol idir scéal, téama agus eispéireas saoil
Tá cruthú scéil nó ficsin mar chuid bhunúsach den phróiseas drámaíochta. Tarraingeofar na téamaí a ndéanann an scéal iniúchadh orthu as eispéireas ginearálta an pháiste, as coincheapa, eolas agus eispéiris a ndéantar teagmháil leo sna hachair éagsúla curaclaim agus as comhthéacsanna eile. Trí iniúchadh a dhéanamh orthu seo is féidir leis an bpáiste teacht ar thuiscint, ar léargais agus ar eolas nua faoin saol. Is eispéireas foghlama í drámaíocht sa tslí seo atá luachmhar agus ábhartha.
Ag úsáid léargas a éiríonn as gníomhaíocht dhrámatúil chun teacht ar thátail faoin saol is faoi dhaoine
Is féidir léirsmaoineamh a chur ar siúl freisin tar éis gníomhaíochta drámatúla áirithe. Is féidir le páistí ní hamháin an méid a tharla a phlé ach chomh maith leis sin na hidéanna agus na mothúcháin a ndéantar teagmháil leo, mar aon leis an eolas nua a gnóthaíodh. Thar aon ní eile is féidir leo scrúdú agus iniúchadh a dhéanamh ar na slite inar thug drámaíocht léargais nua dóibh ar dhearcadh is ar chúraimí daonna chomh maith le tuiscint níos géire ar dhaoine agus ar an saol.
Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta
Ag comhoibriú agus ag déanamh cumarsáide le daoine eile, lasmuigh den ról, chun cruth a chur ar dhrámaíocht
Ceann de na buntáistí tábhachtacha foghlama a bhaineann le drámaíocht ná an t-eispéireas a thugann sí do pháistí oibriú le chéile agus leis an múinteoir. Éiríonn deiseanna le haghaidh comhoibrithe i gcónaí i mbreitheanna a thabhairt faoi ábhar, i roghnú an lionsa fhicseanaigh (go mór mór de réir mar a aibíonn siad agus mar a bhaineann siad eispéireas amach i ndéanamh drámaíochta), in úsáid suímh agus spáis agus i roghnú treonna difriúla don drámaíocht. Fágfaidh sé seo go mbeidh siad comhpháirteach i ndíospóireacht agus i margaíocht lena chéile agus leis an múinteoir, agus sa tslí sin treoróidh sé iad chun forbairt a dhéanamh ar scileanna cumarsáide. Sa tslí seo glacann na páistí an príomhról i gcumadh an dráma agus mar sin cuirtear lena mothú gur leo féin é.
Ag comhoibriú agus ag cumarsáid laistigh de ról chun cruth a thabhairt don dráma
Tugann páistí a gcruth don dráma freisin nuair a bhíonn ról acu sa léiriú. Beidh tionchar cinntitheach ag an méid a théann siad isteach sa ról nó sa charachtar agus forbairt fhorásach á déanamh acu ann le breis doimhneachta agus creidiúna, ar threonna an léirithe féin. Trí fhreagairt mar charachtair i gcomhoibriú lena chéile bíonn siad i gcónaí ag tabhairt breitheanna a threoraíonn chuig torbairt bhreise iad ar charachtar agus ar an dráma. Tá an cumas chun idéanna agus mothúcháin an charachtair a chur in iúl mar áis a fhásfaidh agus a sholáthróidh dóibh eispéireas maireachtála sa charachtar agus tríd. Tugann sé seo seans dóibh imfhios a chur i láthair agus a shoiléiriú, taithí a fháil ar léargais nua agus iad a chur in iúl go héifeachtach.
Ag forbairt caidreamh ficseanach trí idirghníomhú leis na carachtair eile le linn an téacs drámaíochta a dhéanamh
Is féidir le cuid mhaith d'fhorbairt carachtair teacht trí idirghníomhaíocht le carachtair fhicseanacha eile sa dráma. Beidh a mhéid a dtarlaíonn sé seo mar fhachtóir sa chéad áit ar mhéid an chreidimh a bhíonn ag gach páiste sa dráma. Trí chreidiúint sa dráma, agus trí ghlacadh le hiarmhairtí ficseanacha an léirithe, pléifidh sé/sí go dáiríre le dearcadh, tuairimí agus mothúcháin na gcarachtar eile. Beidh tionchar freisin ag na sainréimeanna difriúla teanga ina gcuirtear iad seo in iúl agus ag an diminsiún a thugann an fothéacs dó trí gheáitse, trí ghothaí gnúise agus trí dhearcadh is mhothúcháin neamhlabhartha, ar chaighdeán na hidirghníomhaíochta, agus mar sin cuirfidh sé le héifeacht an dráma.
Radharc a cuireadh le chéile in obair mhionghrúpa a achtú do dhaoine eile
Is i ndéanamh an dráma agus i léirsmaoineamh air atá fiúntas an dráma sa seomra ranga, mar eispéireas foghlama agus forbartha araon. Is próiseas ar ala na huaire é seo ó nádúr. Déanann na páistí iniúchadh ar an ábhar tríd an lionsa ficseanach nuair a ghlacann siad le carachtair agus nuair a thugann siad deis dóibh féin forbairt tríd an achtachán. Braitheann an treo ina ngabhann sé seo go hiomlán ar idirghníomhaíocht spontáineach i measc na gcarachtar de réir mar a chumtar an dráma. D'fhéadfadh tairbhe a bheith ann, áfach, a iarraidh ar ghrúpa athachtú a dhéanamh ar radharc atá déanta cheana féin in obair le grúpaí beaga ar mhaithe le baill eile an ranga. Spreagfaidh sé seo
machnamh ar ghnéithe áirithe den ábhar agus ar an tslí ina bhfuil athraonadh déanta air ar fud an dráma, agus ar an mbealach sin cuirfidh sé le heispéireas foghlama an pháiste. Déanfar seo i gcónaí sa rang mar chuid de phróiseas na drámaíochta, agus ní gá go leagfaí aon bhéim ar 'léirfheidhmiú' nó ar 'chur i láthair'.