Primary Schools

Drámaíocht

Ceann de na tréithe is suntasaí a bhaineann le súgradh an pháiste is ea an cur i gcéill. Cuidíonn an cur i gcéill seo leis an bpáiste tástáil a dhéanamh ar na hipitéisí atá aige/aici i dtaobh an dóigh atá ar an saol agus i dtaobh mar a bhraithfeadh eispéiris áirithe. Is í an fhiosracht agus an fonn léirsmaoineamh a dhéanamh, trí mheán gníomh, ar choincheapa agus ar rudaí a d'fhéadfadh titim amach a spreagann an dúil seo sa chur i gcéill. Is mar a chéile an próiseas trína ndéantar é seo agus an próiseas trína gcumann daoine ar bith drámaí, is cuma cén leibhéal ag a bhfuil siad nó cén aois iad. Is é príomhchúram an mhúinteora drámaíochta, mar sin, an dúil seo sa chur i gcéill a chothú agus a spreagadh agus ag an am céanna í a leathadh isteach i réimsí eile eolais agus saoil. Ar an mbealach seo is féidir le drámaíocht cuidiú leis an bpáiste a riachtanais láithreacha chognaíocha agus mhothúchánacha a shásamh agus na tosca a chur ar fáil dá f(h)orbairt phearsanta, shóisialta, mhothúchánach agus intleachtúil sa todhchaí.

Tagaimid i dteagmháil le drámaíocht den chuid is mó san amharclann, ar an teilifís nó sa phictiúrlann, agus tá sé ceangailte inár n-aigne le cur i láthair, culaithirt, suíomh agus stáitsí. Sa chaoi chéanna, is minic a shamhlaítear drámaíocht ar scoil le scripteanna, cleachtadh, teilgean gutha agus léiriú fhéith na haisteoireachta. Leanann tairbhe áirithe ón saghas seo drámaíochta sa mhéid go neartaíonn sé féinmhuinín na bpáistí agus go dtugann sé deis dóibh teacht i láthair ar stáitse agus a smaointe a nochtadh os comhair pobail. Mar sin féin, níl ann ach cuid bheag den eispéireas saibhir foghlama agus forbartha atá ar fáil sa drámaíocht.

Sa churaclam seo ní ar ghné thaispeántach na drámaíochta a leagfar an bhéim ach ar an tairbhe atá le baint as an mbeatha mar phróiseas a iniúchadh, ag baint leasa as cruthú plota, as téama, as ceapadóireacht agus as cur i gcéill. Tugtar drámaíocht an tseomra ranga nó drámaíocht phróiseasach ar dhrámaíocht a úsáidtear ar an mbealach seo.

Tá an réimse ar féidir é a iniúchadh trí dhrámaíocht chomh fairsing leis an saol féin agus is féidir na téamaí le haghaidh iniúchta a bhaint as ábhar na réimsí eile curaclaim go léir nó as gné éigin eile den saol a bhfuil spéis ag páistí agus ag múinteoirí araon inti nó ar ábhair suime dóibh í. Ag scrúdú na dtopaicí seo dóibh tríd an drámaíocht beidh na páistí gafa le gníomhaíochtaí mar

  • radhairc dhrámata a chruthú go spontáineach (uaireanta tugtar tobchumadh air seo)
  • ligean orthu féin gur daoine eile ar fad iad nó go bhfuil siad i suímh eile
  • dul i ngleic le saincheisteanna na beatha, le heolas agus téamaí tríd an drámaíocht
  • radhairc dhrámata a shainiú agus a mhúnlú lena gcur in iúl do dhaoine eile
  • scéal a eispéiriú, é a chumadh ar ala na huaire, fadhbanna as an dearbhshaol agus as saoil shamhailteacha a réiteach, comhoibriú le daoine eile agus idéanna a roinnt leo
  • léirsmaoineamh agus plé a dhéanamh ar phatrúin na beatha chun go léireoidh torthaí a gcuid teagmhálacha agus a bplotaí a dtuiscint ar an saol mar atá sé nó mar a d'fhéadfadh sé bheith.

Féadfaidh sé seo go léir tarlú ag leibhéal a oirfidh d'aois an pháiste. Cuma chomh casta agus a dhealróidh an t-ábhar, bainfidh an páiste ag gach leibhéal a c(h)iall féin as agus tiocfaidh sé/sí ar bhealaí chun déileáil leis.

Toisc gur gníomhaíocht iomlánaíoch í an drámaíocht is deacair an fhoirm a dheighilt ón ábhar, an ghné mhothúchánach a dheighilt ón ngné chognaíoch, an fhorbairt shóisialta a dheighilt ón bhforbairt phearsanta. Ar a shon sin féin, is féidir a rá gur as dhá fhoinse a eascraíonn a hiarmhairtí oideachasúla:

  • na léargais agus an t-eolas a shealbhaíonn an páiste trí leas a bhaint as a c(h)uid eispéireas féin chun gné áirithe den saol a iniúchadh trí mheán na drámaíochta
  • na scileanna pearsanta, na scileanna sóisialta agus na scileanna drámaíochta nach foláir a chothú, má tá i ndán don rang saol na drámaíochta a eispéiriú go héifeachtach agus an saol sin a chruthú.

Is dual don pháiste óg na scileanna seo oiread agus is dual dó an súgradh agus ní gá ach iad a chaomhnú agus tacú leo go cúramach chun go bhféadfar leas a bhaint astu ar bhonn leantach ar mhaithe le hoideachas an pháiste. Sa chéad áit, beidh sé riachtanach go ngabhfaidh an múinteoir ról an éascaitheora air/uirthi féin agus go bhfeidhmeodh sé/sí mar a dhéanfadh treoraí maith i gcoill, ag cur ar a súile dá lucht leanúna na féidearthachtaí agus an t-aoibhneas a leanfadh as treo amháin nó treo eile a ghabháil ach go leor de fhreagracht an iniúchta, agus den aoibhneas a ghabhann léi, á fhágáil aige/aici ar an bpáiste féin.

Ábhar na drámaíochta

Baineann na cuspóirí foghlama go léir sa churaclam le drámaíocht. Mar sin féin, ní féidir drámaíocht bheith ann ar chor ar bith gan ábhar éigin a iniúchadh, bíodh sé simplí nó casta. Léiríonn na heiseamláirí a thugtar sna trí shnáithaonad an saghas ábhair nach mór a iniúchadh sa suíomh drámata. Is cuma an as réimsí eile curaclaim nó as an saol i gcoitinne d'ábhar na drámaíochta, léireoidh sé na riachtanais, na spéiseanna agus na hábhair suime is cuí do na páistí aonair in aon rang faoi leith ach a n-aois agus a gcumas a chur san áireamh.

An curaclam drámaíochta agus na treoirlínte do mhúinteoirí

Is ó phróiseas déanta drámaíochta na bpáistí a eascraíonn an tairbhe don fhoghlaim a thagann den drámaíocht sa seomra ranga. Is é an toradh a bhíonn ar an gceacht drámaíochta i ndáiríre ná an dreas foghlama a dhéanann an páiste tríd an bpróiseas, agus ina theannta sin an dráma féin a thagann mar thoradh air. Mar sin, tá tábhacht ar leith leis na treoirlínte do mhúinteoirí don drámaíocht. Ba chóir go mbreathnófaí orthu mar iomlánú ar an gcuraclam i gcoitinne agus mar áis ar chóir don mhúinteoir an leas is fearr a bhaint aisti mar acmhainn oideachasúil. Ar an ábhar sin, moltar do mhúinteoirí úsáid a bhaint as an gcuraclam agus as na treoirlínte i dteannta a chéile mar acmhainní comhspleácha teagaisc.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an churaclaim dhrámaíochta ná

  • a chur ar chumas an pháiste litearthacht sa drámaíocht a shealbhú
  • a chur ar chumas an pháiste naisc bhuana a chruthú idir súgradh trí chur i gcéill agus foirm ealaín na hamharclainne
  • a chur ar chumas an pháiste dul i dteagmháil le saol na drámaíochta go fisiceach, go mothúchánach agus go hintleachtúil chun scileanna iniúchta, cumasaithe agus ionbhá a chothú
  • a chur ar chumas an pháiste na scileanna sóisialta atá riachtanach chun caidreamh a dhéanamh go hoscailte, go macánta agus go sultmhar le daoine eile a fhorbairt
  • a chur ar chumas an pháiste comhoibriú le daoine eile agus cumarsáid a dhéanamh leo chun fadhbanna a réiteach sa drámaíocht féin agus trí mheán na drámaíochta
  • a chur ar chumas an pháiste struchtúir agus modhanna na drámaíochta agus mar a chruthaíonn siad naisc idir súgradh, smaointe agus an saol féin a thuiscint
  • a chur ar chumas an pháiste teacht ar an eolas seo i dtaobh drámaíochta trí iniúchadh gníomhach a dhéanamh ar théamaí bunaithe ar an saol (an saol atá thart agus an saol atá ann faoi láthair), cibé acu ar baineadh as réimsí eile den churaclam iad nó as réimsí coitianta de shaol an pháiste
  • a chur ar chumas an pháiste tosú ar a chuid eolais ar dhrámaíocht a chur i bhfeidhm agus téamaí beatha as litríocht na drámaíochta á n-iniúchadh go gníomhach aige/aici, próiseas a mbeadh de thoradh air ciall agus tuiscint a chothú don chultúr drámaíochta domhanda
  • critéir a cheapadh chun a chur ar a c(h)umas meastóireacht a dhéanamh ar na téacsanna drámaíochta, idir scríofa agus léirithe, a bhíonn á gcur ina láthair de shíor.

Cuspóirí leathana

Ach a c(h)umas dúchasach agus tosca athraitheacha a chur san áireamh, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam drámaíochta ar chumas an pháiste

  • dul i dteagmháil go fisiceach, go hintleachtúil agus go mothúchánach le comhthéacs na drámaíochta ficseanaí agus, trí chomhoibriú le daoine eile, eolas a chur ar a féidearthachtaí
  • ionbhá agus comhthuiscint le daoine eile agus, mar aon leis sin, an fhéinmhuinín is gá chun ról nó carachtar duine a ghlacadh air/uirthi féin a fhorbairt
  • atmaisféar inar féidir idéanna, mothúcháin agus eispéireas a chur in iúl, inar féidir plé le coimhlint go dearfach agus inar féidir cora an tsaoil a iniúchadh go hoscailte macánta
  • inoiriúnaitheacht phearsanta, spontáineacht, cumas comhoibrithe, scileanna briathartha agus neamhbhriathartha, samhlaíocht agus cruthaitheacht a fhorbairt d'fhonn a chinntiú go léireofaí an saol faoi mar atá sé agus ar bhealach bailíoch úr sa téacs drámata
  • an cumas socrú ar an mbealach ionramhála is dóichí a mbeadh gníomhaíocht dhrámata suntasach mar thoradh air a fhorbairt
  • cumas a fhorbairt drámaíocht a stiúrú i dtreo réimsí ar dócha go gcuirfidís léargais ar fáil ar an ábhar a bheifí á iniúchadh, cibé genre a roghnófaí
  • cumas a fhorbairt ar oibriú as ról agus i gcomhar le daoine eile, chun na fadhbanna a d'éireodh le linn déanamh drámaíochta a réiteach
  • cumas a fhorbairt ar oibriú i ról agus i gcomhar le daoine eile, chun an dráma a choinneáil ar siúl, chun comhthéacsanna a cheapadh agus chun na fadhbanna a gcastar orthu i ndéanamh na drámaíochta a réiteach
  • cumas a fhorbairt an drámaíocht a úsáid chun dearcadh áirithe a chur in iúl nó a chur chun cinn i dtaobh saincheiste éigin a dtarlódh tuairimí láidre nó meon íogair a bheith aige/aici ina taobh
  • cumas a fhorbairt an drámaíocht a úsáid chun ábhar neamhaithnid a scrúdú agus a iniúchadh ar mhaithe le tuiscint a fháil ar a phatrúin, a bhríonna agus a choincheapa
  • íogaireacht, fiosracht agus tuiscint a fhorbairt ar na patrúin dá bhfuil an drámaíocht comhdhéanta agus atá ag éirí níos casta agus ar na léargais a shníonn uathu sin agus atá ag dul i ngrinneas go seasta
  • feidhm a bhaint as drámaíocht chun gné dhaonna an uile shaghas foghlama a iniúchadh go gníomhach mar ghléas comhtháthaithe curaclaim
  • feasacht ar na fo-théacsanna a nochtar go héadoilteanach sa drámaíocht agus sa saol a fhorbairt
  • tosú ar thuiscint agus ciall do phlota agus do théama a fhorbairt trí bheith ag déanamh scéalta go gníomhach sa drámaíocht, le súil go bhfónfaidís seo mar bhonn do thuiscint ar litríocht dhrámata agus ar an mbaint atá aici le cumadóireacht téacsanna in áit agus ag am faoi leith
  • tosú ar bheith in ann teachtaireachtaí follasacha agus teachtaireachtaí folaithe a aithint i dtéacsanna drámata, ó fhógraíocht thráchtála go scríbhinní Shakespeare, trí fheasacht a fhorbairt ar an dóigh a fhítear luachanna agus dearcadh isteach sa drámaíocht
  • tosú ar acmhainn a fhorbairt chun meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar bhailíocht na mbríonna folaithe i dtéacsanna drámaíochta agus ar an teagasc a bhíonn le baint astu.

Nótaí mínithe

Níl sna heiseamláirí a thugtar sa churaclam ach moltaí a d'fhéadfadh cabhrú chun na cuspóirí ábhair sa churaclam a shoiléiriú. Tá roinnt comhthéacsanna difriúla acu. Baineadh úsáid as cuid acu cheana féin i ndearbhghníomhaíochtaí drámata agus d'fhéadfadh go mbeadh ar an múinteoir comhthéacs a cheapadh dóibh. I gcás roinnt eile díobh beidh an comhthéacs soiléir. Tá léiriú níos leitheadúla ar chuid eile acu sna treoirlínte do mhúinteoirí, áit a bhfuil cur síos ar ghníomhaíochtaí drámata a raibh an-rath orthu.

Roghnaíodh na heiseamláirí d'fhonn a thaispeáint go dtarraingíonn drámaíocht ar réimse iomlán an eispéiris dhaonna le haghaidh ábhair. Bunaíodh go leor de na heiseamláirí ar cheachtanna a múineadh cheana, ceachtanna a múnlaíodh ar dhóigh a d'fhág go raibh ceisteanna mar mhóráltacht, fhoréigean, bheatha agus bhás á n-iniúchadh ar bhealach gníomhach machnamhach. Cuireadh na heiseamláirí sin san áireamh anseo chun a chur i gcuimhne dúinn gur minic a tharraingíonn drámaíocht ar réimsí na miotaseolaíochta agus ar réimsí na n-aircitíopaí d'fhonn seasamh siar ó shaincheisteanna sóisialta agus pearsanta agus d'fhonn fócas spreagúil iniúchta a chur ar fáil do na páistí. Mar aon leis sin cuireann sé amharc luachmhar ar fáil do pháistí, amharc a chúitíonn ar an suarú a dhéantar ar an ábhar in a oiread sin de na scannáin agus de na cláir theilifíse a chuirtear ina láthair.

Baintear feidhm as an téarma 'drámaíocht' i dtrí chomhthéacs sa churaclam drámaíochta agus sna treoirlínte do mhúinteoirí, mar seo a leanas:

  • tagrann drámaíocht don chiall is coitianta agus is forleithne den fhocal
  • tagrann an drámaíocht do ghníomhaíocht shonrach dhrámata i bhfoirm nó genre ar bith
  • tagrann an drámaíocht do ghníomhaíocht dhrámata ar urlár an tseomra ranga.

Tugtar míniú ar roinnt de na téarmaí a úsáidtear agus de na coincheapa a ndéantar tagairt dóibh sa churaclam agus sna treoirlínte do mhúinteoirí sa ghluais.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie